European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5205

6.10.2025

Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Dresden (an Ghearmáin) a taisceadh an 7 Iúil 2025 – Ersatz-Pilot GmbH v Ryanair DAC

(Cás C-444/25, Ersatz-Pilot)

(C/2025/5205)

Teanga an nós imeachta: an Ghearmáinis

An Chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Dresden

Páirtithe sna príomhimeachtaí:

Iarratasóir: Ersatz-Pilot GmbH

Cosantóir: Ryanair DAC

An cheist a tharchuirtear

[Déantar tarchur] chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun freagra a fháil ar an gceist:

an bhfuil an fhoirm éilimh, faoi Airteagal 4(4) de Rialachán An Bhruiséil I (1), líonta go cuí mura bhfuil aon ráiteas ar na cúiseanna chun treisiú leis an éileamh san fhoirm féin, ach mura ndéanann an t-éilitheoir ach amháin tagairt d’iarscríbhinn chun treisiú leis an éileamh?

an gá caingean a dhíbhe toisc í a bheith do-ghlactha, nuair nach ndéantar tagairt ach amháin d’iarscríbhinn chun treisiú leis?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga (IO 2007 L 199, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5205/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)