![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2025/5201 |
6.10.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Audiencia Provincial de Alicante (an Spáinn) an 13 Meitheamh 2025 – Bodegas Sanviver, SL v Bodegas Vega Sicilia, SA
(Cás C-392/25, Bodegas Sanviver)
(C/2025/5201)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Audiencia Provincial de Alicante
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Bodegas Sanviver, SL
Cosantóir: Bodegas Vega Sicilia, SA
Na ceisteanna a tharchuirtear
1) |
A luaithe a chuirfear tús le himeachtaí um shárú trádmhairc, an féidir leis an gcosantóir iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta a chur faoi bhráid EUIPO, de bhun Airteagal 132(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh, (1) i gcás ina raibh deis aige frithéileamh a chomhdú maidir leis an ábhar céanna os comhair cúirt um thrádmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh, mar a cheadaítear le hAirteagail 58(1), 59(1), 60(1), 124(d) agus Airteagal 128 den Rialachán sin agus le hAirteagal 17(2) agus Airteagail 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh? |
2) |
I gcás nár chomhdaigh an cosantóir frithéileamh in imeachtaí um shárú trádmhairc, an féidir leis, ar bhonn Airteagal 132(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh, iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta a chur faoi bhráid EUIPO, le héifeacht fionraíochta ar na himeachtaí cúirte go dtí go dtagann an cinneadh a bhaineann leis an iarratas chun críochnaitheachta? |
3) |
Má tá freagra dearfach ar an gceist roimhe seo, go dtí cén pointe sna himeachtaí cúirte a d’fhéadfadh an cosantóir iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta a chur faoi bhráid EUIPO agus, ar an gcaoi sin, bac a chur ar na himeachtaí cúirte? |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5201/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)