|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5175 |
24.9.2025 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Meán Fómhair 2025
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú thar ceann na Beilge
(C/2025/5175)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027. |
|
(2) |
Tá suíochán comhalta i gcatagóir na n-ionadaithe rialtais tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Yves BOLSÉE a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag Rialtas na Beilge don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Lieve RAMS ina comhalta de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú in ionad Yves BOLSÉE, go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 31 Márta 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. AAGAARD
(1) IO L 30, 31.1.2019, lch. 74.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 23).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5175/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)