|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5171 |
23.9.2025 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Meán Fómhair 2025
lena ndéantar duine a chur in ionad lánchomhalta den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann na hÍsiltíre
(C/2025/5171)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (1), agus go háirithe Airteagal 3 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 5 Márta 2025 (2), cheap an Chomhairle lánchomhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse ón 6 Márta 2025 go dtí an 5 Márta 2028. |
|
(2) |
Tá suíochán lánchomhalta i gcatagóir ionadaithe eagraíochtaí na bhfostóirí tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Naomi COLVOORT a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag Rialtas na hÍsiltíre don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Pascal BOUGIE ina lánchomhalta den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair in ionad Naomi COLVOORT ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 5 Márta 2028.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO C 218, 13.9.2003, lch. 1.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 5 Márta 2025 lena gceaptar lánchomhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C, C/2025/1689, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1689/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5171/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)