European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5166

24.9.2025

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M. 11939 – FRIESLANDCAMPINA / MILCOBEL)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/5166)

1.   

An 17 Meán Fómhair 2025, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Zuivelcoöperatie FrieslandCampina U.A. (‘FrieslandCampina’, an Ísiltír)

Milcobel CV (‘Milcobel’, an Bheilg)

Déanfaidh FrieslandCampina agus Milcobel cumasc iomlán, de réir bhrí Airteagal 3(1)(a) den Rialachán um Chumaisc.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is comharchumann déiríochta Ísiltíreach í FrieslandCampina ina bhfuil thart ar 14 000 feirmeoir déiríochta san Ísiltír, sa Ghearmáin agus sa Bheilg. Soláthraíonn FrieslandCampina táirgí tomhaltais, amhail bainne, iógart, cáis, cothú naíonán agus milseoga, táirgí don mhargadh gairmiúil, amhail uachtar agus táirgí ime, comhábhair agus táirgí leathchríochnaithe do tháirgeoirí cothaithe naíonán, do thionscal an bhia agus don earnáil cógaisíochta.

Is cuideachta comharchumainn déiríochta Beilgeach é Milcobel ina bhfuil thart ar 1 400 feirmeoir déiríochta sa Bheilg, sa Fhrainc agus san Ísiltír. Is cuideachta ilnáisiúnta é Milcobel a fhorbraíonn, a tháirgeann agus a dhíolann réimse táirgí déiríochta do thomhaltóirí agus comhábhair do chustaiméirí gairmiúla agus tionsclaíocha ar fud an domhain.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11939 – FRIESLANDCAMPINA / MILCOBEL

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5166/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)