European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5149

28.10.2025

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Litearthacht airgeadais agus oideachas do mhuintir na hEorpa

(tústuairim arna hiarraidh ag an gCoimisiún Eorpach)

(C/2025/5149)

Rapóirtéir:

Giuseppe GUERINI

Comhairleoir

Samuel CORNELLA (thar ceann an rapóirtéara)

Comhairliúchán

Litir ó Maroš ŠEFČOVIČ, Coimisinéir an Choimisiúin Eorpaigh um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch, agus um an gCaidreamh agus an Trédhearcacht Idirinstitiúideach, 20.3.2025

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

4.7.2025

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

17.7.2025

Seisiún iomlánach Uimh.

598

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

131/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Cuireann Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i bhfáth go bhfuil an litearthacht airgeadais ina coinníoll bunriachtanach ionas gur féidir le daoine agus teaghlaigh airgead a choigilt agus infheistíocht a dhéanamh, óir is rud é a chinntíonn gur féidir le duine a bheith socair sa saol agus neamhspleách ó thaobh airgid de. Dá bhrí sin, ba cheart an ghné sin — an litearthacht airgeadais — a chur chun cinn go gníomhach mar réamhchoinníoll a theastaíonn le go mbeadh litearthacht airgeadais ag duine.

1.2.

Cuireann CESE i bhfáth go gcabhraíonn an litearthacht airgeadais le tuiscint rímhaith a bheith ag duine ar fhiachas, ar fheidhmiú na margaí airgeadais, ar impleachtaí cánach na hinfheistíochta agus ar an árachas mar uirlis bainistithe riosca. Tá an-tábhacht leis na gnéithe sin ionas gur féidir le duine déileáil le rioscaí airgeadais agus neamhairgeadais, sin agus deiseanna eacnamaíocha a thapú go lánfheasach agus na blianta scoir a phleanáil.

1.3.

Meabhraíonn CESE nach mór leas a bhaint as tionscnaimh spriocdhírithe, lena n-áirítear tionscnaimh ar an leibhéal Eorpach, chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí móra sna leibhéil litearthachta airgeadais ó Bhallstát go chéile agus idir grúpaí éagsúla den daonra. Ba cheart na gníomhaíochtaí atá déanta cheana ar an leibhéal náisiúnta a chur san áireamh sna tionscnaimh sin, agus na leibhéil éagsúla litearthachta atá ann i gcomhthéacsanna éagsúla a chur san áireamh freisin.

1.4.

Tugann CESE dá aire go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach freisin infheistíocht a dhéanamh sa litearthacht airgeadais chun gur féidir neamhionannais agus cásanna leochaileachta a laghdú agus na cearta sóisialta a neartú san Aontas Eorpach. Léiríonn staidéir agus suirbhéanna gurb iad na grúpaí is leochailí den daonra is mó a bheidh thíos leis má tharlaíonn easpa scileanna orthu i réimse an airgeadais.

1.5.

Creideann CESE gur uirlis chomhlántach í an litearthacht airgeadais — agus gur tábhachtaí a bheidh sí sna blianta atá le teacht — chun an tslándáil shóisialta agus an córas pinsean a phleanáil go héifeachtach, agus chun go mbeidh teacht ag daoine ar árachas sláinte nó ar scéimeanna árachais do chleithiúnaithe. Tá tábhacht ar leith leis sin de thoradh na dtreochtaí déimeagrafacha atá ann agus an bhrú mhéadaithigh ar na córais leasa shóisialta náisiúnta.

1.6.

Cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé cur leis an tuiscint atá ag saoránaigh de gach aois ar thrí phríomhchoincheap: (i) tábhacht an éagsúlaithe; (ii) ról an chomhghaoil agus an dí-chomhghaoil idir cineálacha sócmhainní, go háirithe toisc comhghaol ard idir cothromas agus bannaí a bheith ann le linn tréimhsí a raibh boilsciú ann (2022, 2025); (iii) tábhacht an ama, na foighne agus an dearcaidh fhadtéarmaigh chun leas iomlán a bhaint as na buntáistí a thugann ús iolraithe.

1.7.

Molann CESE do na hinstitiúidí tabhairt faoi thionscnaimh thábhachtacha i réimse na litearthachta airgeadais, ag tosú sna luathbhlianta den oideachas a chuirtear ar mhuintir na hEorpa, lena n-áirítear machnamh a dhéanamh ar an ábhar sin a thabhairt isteach sna curaclaim scoile. Ag an am céanna, is gá tacú leis an litearthacht airgeadais agus le scileanna fiontraíochta a bhíonn ag na daoine a thugann faoi ghnó nua a bhunú, agus aird ar leith ar fhiontraithe nua ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, agus is gá sin a dhéanamh lasmuigh den chóras traidisiúnta oideachais freisin. Molann CESE ról gníomhach a bheith ag an tsochaí shibhialta sa mhéid sin, agus meabhraíonn sé nach mór do na geallsealbhóirí sna heagraíochtaí neamhbhrabúsacha ceannasaíocht a ghlacadh ina leith sin chun a áirithiú go mbeidh cur chuige neamhchlaonta criticiúil in úsáid sna cláir oideachais i réimse an airgeadais. Agus an méid sin á chur san áireamh, b’fhiú, b’fhéidir, ‘Lá Eorpach um an Oideachas i réimse an airgeadais’ a chur ar bun, d’fhonn tionscnaimh bhuana múscailte feasachta a chur chun cinn.

1.8.

Cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé creat rialála a fhorbairt a luaithe is féidir a bheadh solúbtha go leor le go bhféadfaí na treochtaí atá ag teacht chun cinn sna margaí airgeadais a chur san áireamh ann, agus a áirithiú go mbeidh na bearta rialála tráthúil agus ábhartha a fhad a bhaineann sé leis an dul chun cinn atá á dhéanamh san fhíorshaol, mar shampla i gcás na meán sóisialta agus ‘tionchairí airgeadais’.

1.9.

Meabhraíonn CESE go gcaithfear a bheith san airdeall ar an gcontúirt mhéadaitheach a bhaineann le camscéimeanna airgeadais agus calaois ar líne. Léiríonn na feiniméin sin an tábhacht a bhaineann le heolas agus scileanna i réimse an airgeadais a bheith ag daoine, ach ní leor sin ós gá tuiscint níos fearr a bheith acu freisin ar an rud is iompraíocht chuí ann. Is measa an baol a bhíonn ann nuair a úsáidtear an intleacht shaorga chun dul i mbun calaoise agus sonraí íogaire a ghoid, agus is iad na daoine sin ar lú an tuiscint atá acu ar úsáid uirlisí digiteacha is túisce a mbeirtear amuigh orthu. Dá bhrí sin, tá práinn agus gá le gníomhaíochtaí comhordaithe ar an leibhéal Eorpach, mar aon le bearta náisiúnta rialála agus bearta infheistíochta sa chibearshlándáil.

2.   Cúlra an togra

2.1.

De réir suirbhé idirnáisiúnta ar an litearthacht airgeadais i measc daoine fásta (1), níl thart ar leath de na daoine fásta san Aontas in ann coincheapa bunúsacha airgeadais (2) a thuiscint i gceart. Is cúis mhór imní é gur do na grúpaí is leochailí den tsochaí seachas do ghrúpaí eile is minice a dhéanann an fhadhb sin dochar.

2.2.

Léiríonn torthaí an tsuirbhé Eorabharaiméadair ar an litearthacht airgeadais a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach i mí Iúil 2023 (3) nach bhfuil ardleibhéal litearthachta airgeadais ach ag 18 % de shaoránaigh an Aontais, gur meánleibhéal atá ag 64 % díobh agus gur leibhéal íseal atá ag an 18 % eile díobh. Tá an-difríocht ann ó Bhallstát go chéile freisin, óir níl ach ceithre thír ann (an Ísiltír, an tSualainn, an Danmhairg agus an tSlóivéin) ina bhfuil ardleibhéal litearthachta airgeadais ag níos mó ná 25 % den daonra.

2.3.

Léirigh torthaí an tsuirbhé Eorabharaiméadair ar an litearthacht airgeadais go bhfuil gá leis an oideachas i réimse an airgeadais a dhíriú go háirithe ar mhná, ar dhaoine óga, ar dhaoine ar ioncam íseal agus orthu siúd a bhfuil leibhéal oideachais níos ísle acu i gcoitinne, toisc go mbíonn leibhéal litearthachta airgeadais na ngrúpaí sin níos ísle de ghnáth ná mar a bhíonn i ngrúpaí eile. Ina theannta sin, thug CESE dá aire cheana go gcruthaíonn leibhéil ísle oideachais fhoirmiúil, mar aon le rátaí ísle scileanna digiteacha, deacrachtaí ó thaobh deiseanna saothair de agus ó thaobh chuimsiú sóisialta na ndaoine faoi mhíchumas (4).

2.4.

Le blianta beaga anuas, tá an Coimisiún ag déanamh a dhíchill chun an litearthacht airgeadais a chur chun cinn i measc na ndaoine fásta agus na ndaoine óga san Eoraip. Foilsíodh roinnt creataí tagartha i ndáil leis sin, agus tá an Coimisiún ag cabhrú leis na húdaráis náisiúnta, an tsochaí shibhialta agus na páirtithe leasmhara chun beartais, cláir agus ábhar teagaisc a fhorbairt i réimse na litearthachta airgeadais.

2.5.

Cuid suntais é an ‘Creat Inniúlachta Airgeadais’ do leanaí agus do dhaoine óga a d’fhorbair an Coimisiún agus ECFE le chéile, agus a foilsíodh an 27 Meán Fómhair 2023 (5), rud a chabhróidh leis na Ballstáit, le gníomhaithe agus le páirtithe leasmhara eile tionscnaimh agus cláir a chruthú a bheadh dírithe ar fheabhas a chur ar leibhéal litearthachta airgeadais na chéad ghlúine eile le go mbeidh siad in ann cinntí airgeadais pearsanta a dhéanamh go lánfheasach.

2.6.

Sna conclúidí maidir le litearthacht airgeadais a d’fhormheas an Chomhairle an 14 Bealtaine 2024: (i) mheabhraigh sí a phráinní atá sé bearta breise a dhéanamh chun an litearthacht airgeadais a chur chun cinn ar fud an Aontais; (ii) d’aithin sí go bhfuil tábhacht leis an litearthacht airgeadais chun dea-bhail airgeadais shaoránaigh an Aontais a fheabhsú, agus cur leis an gcuimsiú airgeadais; (iii) agus mheabhraigh sí nach le leas an duine aonair amháin an litearthacht airgeadais ach gur le leas na sochaí i gcoitinne í freisin, agus gur féidir le breis litearthachta airgeadais an mhuinín atá ag na saoránaigh agus ag na hinstitiúidí airgeadais as a chéile a mhéadú (6).

2.7.

Thug an Chomhairle dá haire freisin sna conclúidí uaithi go bhfágann digitiú na timpeallachta airgeadais gur riachtanaí agus gur práinní tuilleadh feabhais a chur ar leibhéal na litearthachta airgeadais agus na scileanna digiteacha san Aontas, agus gur féidir leis na saoránaigh tuiscint níos fearr a bheith acu ar chúrsaí airgeadais, rud a chabhróidh leo na deiseanna nua a thagann as an airgeadas digiteach a thapú.

2.8.

Tarraingíonn CESE aird ar an bhfeachtas litearthachta airgeadais agus cuimsithe airgeadais a reáchtáil an eagraíocht nuachta Financial Times le deireanas, trínar áitíodh ar lucht na cinnteoireachta eolas bunúsach faoi chúrsaí airgeadais a áireamh ar cheann de na príomhscileanna saoil, agus an scil sin a neartú tríd an matamaitic a theagasc ar shlí a leagann béim ar ról na matamaitice agus í curtha in oiriúint don saol (7). Léiríonn turgnaimh i staidéir thiomnaithe a rinne Annamaria Lusardi as Ollscoil Stanford go bhfuil easpa bunscileanna uimhríochta ann, agus nach bhfuil sé ar chumas a lán daoine an tionchar a bhíonn ag an mboilsciú ar a n-ioncam a thuiscint ná na táillí bliantúla a bheadh le híoc ar iasacht le ráta úis 2 % a ríomh (8).

2.9.

Sa tuairim seo, ba mhaith le CESE roinnt barúlacha a thabhairt maidir leis an litearthacht airgeadais san Aontas chun ionchur tábhachtach a chur leis an díospóireacht atá ar siúl agus é sin a dhéanamh thar ceann ghnólachtaí na hEorpa agus na sochaí sibhialta, agus i bhfoirm moltaí beartais. Tá CESE ar aon intinn leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle gur mórthosaíocht í an litearthacht airgeadais ionas gur féidir margadh inmheánach níos láidre agus níos éifeachtúla a bhaint amach.

2.10.

Aontaíonn CESE leis an méid a tugadh le fios sa teachtaireacht ‘Aontas na Scileanna’ (9) a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an 5 Márta 2025, is é sin go bhfuil an easpa scileanna airgeadais agus fiontraíochta i measc shaoránaigh na hEorpa ag cur bac ar acmhainneacht nuálaíochta agus fáis an Aontais. Dá bhrí sin, molann sé don Choimisiún bearta sonracha a dhéanamh chun an t-oideachas i réimse an airgeadais a chur chun cinn go forleathan.

3.   Barúlacha ginearálta agus sonracha

3.1.

Cuireann CESE i bhfáth gur féidir leis an litearthacht airgeadais cabhrú leis na saoránaigh airgead a choigilt, chomh maith le pleanáil agus buiséadú a dhéanamh, le go mbeidh siad socair sa saol agus neamhspleách ó thaobh airgid de. Dá bhrí sin, ba cheart tacú go gníomhach leis an litearthacht airgeadais agus í a chur chun cinn.

3.2.

Meabhraíonn CESE freisin go gcabhraíonn eolas bunúsach faoi chúrsaí airgeadais le daoine agus le teaghlaigh roghanna feasacha a dhéanamh, rud a neartaíonn an chobhsaíocht airgeadais agus a chuireann lena neamhspleáiche atá siad ó thaobh airgid de. Tá an-tábhacht leis an eolas bunúsach sin, mar atá, an cumas praiticiúil coincheapa bunúsacha airgeadais a thuiscint, e.g. coigilteas, buiséadú, ús agus freagracht i dtaobh caiteachais, chun prionsabail an airgeadais a chur i bhfeidhm go héifeachtach sa saol laethúil. Dá réir sin, ba cheart an t-eolas sin a chur chun cinn go gníomhach agus é a bheith ina dhlúthchuid de gach straitéis a bheadh ann maidir leis an litearthacht airgeadais.

3.3.

Cuireann CESE i bhfáth go bhfuil tuiscint rímhaith ar fhiachas, ar impleachtaí cánach na hinfheistíochta, ar dhliteanas dlíthiúil agus ar an árachas mar uirlis bainistithe riosca ina gcodanna tábhachtacha den litearthacht airgeadais chuimsitheach. Tá an-tábhacht leis na gnéithe sin ionas gur féidir le duine déileáil le rioscaí airgeadais agus neamhairgeadais, sin agus deiseanna eacnamaíocha a thapú. Nuair a bhíonn easpa eolais faoin ábhar sin ar dhaoine, tá an baol ann go mbeidh siad báite i bhfiacha agus nach mbeidh cosaint acu ar na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhíonn ag imeachtaí gan choinne.

3.4.

Tugann CESE dá aire go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach freisin infheistíocht a dhéanamh sa litearthacht airgeadais chun gur féidir neamhionannais agus deacrachtaí a laghdú agus na cearta sóisialta a neartú san Aontas Eorpach. Léiríonn staidéir agus suirbhéanna éagsúla (10) gurb iad na grúpaí is leochailí den daonra is mó a bheidh thíos leis má tharlaíonn easpa litearthachta orthu i réimse an airgeadais.

3.5.

Meabhraíonn CESE go háirithe go dteastaíonn oideachas i réimse an airgeadais atá dírithe ar na riachtanais a bhíonn ag mná, agus ina gcuirfí san áireamh: (i) na dúshláin shonracha a mbíonn ar mhná déileáil leo sa saol, e.g. go dtuilleann siad níos lú airgid ná na fir nó go mbíonn orthu sosanna gairme a ghlacadh; (ii) an ról atá ag na mná i gcinntí ceannaigh na dteaghlach; (iii) an tábhacht atá le neamhspleáchas airgeadais na mban chun an foréigean inscnebhunaithe a chosc, toisc go mbíonn baint ag an bhforéigean inscnebhunaithe, ina lán cásanna, le mná a bheith spleách ar fhear ó thaobh airgid de nó gur in olcas a théann sé dá thoradh sin.

3.6.

Meabhraíonn CESE nach mór leas a bhaint as tionscnaimh spriocdhírithe, lena n-áirítear tionscnaimh ar an leibhéal Eorpach, chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí móra sna leibhéil litearthachta airgeadais ó Bhallstát go chéile Ba cheart na gníomhaíochtaí atá déanta cheana ar an leibhéal náisiúnta a chur san áireamh go hiomchuí sna tionscnaimh sin, agus na leibhéil éagsúla litearthachta atá ann i gcomhthéacsanna éagsúla a chur san áireamh freisin. Chuideodh sé sin le heolas faoi chúrsaí airgeadais a scaipeadh go forleathan sa mhargadh inmheánach, agus is uirlis bhreise a bheadh ann a chabhródh leis an gcóineasú agus an rathúnas foriomlán a chur chun cinn laistigh den Aontas.

3.7.

Trí fheabhas a chur ar an litearthacht airgeadais, tá CESE den bharúil gur féidir cabhrú le muintir na hEorpa déileáil níos fearr le suaitheadh tobann ar a gcuid ioncaim, rud a d’fhéadfadh a bheith thar a bheith tábhachtach i gcomhthéacs an teannais atá ag dul i méid sa trádáil idirnáisiúnta agus sna slabhraí luacha domhanda. Tugadh le fios i suirbhé a rinneadh le déanaí nach mbeadh duine as gach ceathrar freagróirí (25 %) in acmhainn, i gcás ina gcaillfidís a bpríomhfhoinse ioncaim, íoc as a gcostais mhaireachtála ach ar feadh míosa, gan dul i muinín iasachtaí nó aistrithe airgid (11). Is cosúil go raibh na daoine sa chatagóir is ísle litearthacht airgeadais an-leochaileach ar fad, rud a mheabhraíonn arís eile a phráinní atá sé beart a dhéanamh sa réimse seo.

3.8.

Creideann CESE gur uirlis úsáideach chomhlántach í an litearthacht airgeadais — agus gur tábhachtaí a bheidh sí sna blianta atá le teacht — chun an tslándáil shóisialta a phleanáil go héifeachtach, ag glacadh leis gurb í an fhreagracht as córas slándála sóisialta iomchuí a áirithiú an rud is tábhachtaí ar a bhfuil córas pinsin phoiblí fothaithe. Mar sin féin, is cosúil go bhfuil pinsean forlíontach agus árachas sláinte, agus scéimeanna árachais do chleithiúnaithe agus don chúram fadtéarmach, ag éirí níos tábhachtaí mar chosaint shóisialta. Tá an-tábhacht leis sin nuair a chuirtear san áireamh an méadú atá ag teacht ar an mbrú déimeagrafach agus ar an mbrú leanúnach ar na córais slándála sóisialta náisiúnta. Tugadh le fios i bhfoilseacháin thábhachtacha go gcuireann easpa eolais faoi chúrsaí airgeadais bac ar dhaoine ullmhú don todhchaí. Na daoine sin atá ar bheagán eolais faoi chúrsaí airgeadais, is lú an seans go ndéanfaidh siad a bpinsean nó cumhdach árachais don chúram fadtéarmach a phleanáil, de réir na bhfoilseachán úd. Is fiú a lua go luaitear iontu freisin go bhfuil an cás sin amhlaidh sna tíortha éagsúla (12).

3.9.

Tacaíonn CESE leis an modheolaíocht a ghlac an Coimisiún Eorpach le deireanas nuair a rinne sé suirbhé in 2023 chun measúnú a dhéanamh ar an eolas atá ag daoine faoi chúrsaí airgeadais san Aontas Eorpach (13). Dhírigh an suirbhé sin ar chúig thoisc thábhachtacha: (i) iarmhairtí an bhoilscithe a thuiscint; (ii) an t-ús iolraithe agus mar a fheidhmíonn sé; (iii) bunphraghas na sócmhainní a chinneadh; (iv) an gaol idir riosca agus toradh; (v) éagsúlú an riosca.

3.10.

A fhad a bhaineann sé le hinfheistíocht, tá CESE den tuairim gur gá go sonrach cur leis an tuiscint atá ag saoránaigh de gach aois ar thrí phríomhchoincheap: (i) tábhacht an éagsúlaithe trí bhíthin táirgí an-éagsúlaithe ar nós cistí arna dtrádáil ar an malartán nó cistí rianúcháin, ar táirgí iad lena seachnaítear de ghnáth, ainneoin an riosca atá leo, go ndéantar an riosca a cheangal an iomarca le scair amháin nó le banna amháin; (ii) ról an chomhghaoil agus an dí-chomhghaoil idir cineálacha éagsúla sócmhainní, go háirithe agus boilsciú ann le deireanas i dtréimhsí áirithe (2022, 2025), rud a d’fhág comhghaol níos airde idir cothromas agus bannaí; (iii) tábhacht an ama, na foighne agus an dearcaidh fhadtéarmaigh chun leas iomlán a bhaint as na buntáistí a thugann ús iolraithe.

3.11.

Tá CESE den tuairim freisin gurbh fhiú go straitéiseach díriú ar fheabhas a chur ar an tuiscint atá ag na saoránaigh ar fhiachas agus ar mhorgáistí, ionas gur féidir leo a morgáiste a chur in oiriúint dá ndálaí maireachtála féin, rud a chinnteoidh go mbeidh na huirlisí cuí acu chun an bhochtaineacht a sheachaint agus airgead a choigilt.

Ba cheart go mbeadh buneolas ag saoránaigh de gach aois ar na paraiméadair seo a leanas ar a laghad: (i) an cineál iasachta atá ar fáil (ráta seasta, ráta comhlúthach nó ráta inchoigeartaithe); (ii) tréimhse na hiasachta; (iii) an ráta úis; (iv) an phríomhshuim i ndáil leis an gcuspóir; (v) na táillí a ghearrtar; (vi) an ráta céatadánach bliantúil (APR); (vii) na deiseanna athmhaoinithe.

3.12.

Tá CESE ar aon intinn leis an gComhairle (14) faoi go mbíonn tionchar níos mó ná riamh ag na teicneolaíochtaí airgeadais ar na cinntí airgeadais a dhéantar, agus go bhfuil an chaoi a bhfaigheann daoine faisnéis agus an chaoi a ndéanann siad cinntí ag athrú ar luas nach bhfacthas riamh roimhe seo.

3.13.

Ag an am céanna, meabhraíonn CESE an chontúirt a bhaineann le bagairt mhéadaitheach na gcamscéimeanna airgeadais agus na calaoise ar líne, agus gur lú an chosaint a bhíonn ag daoine ar a leithéid. Léiríonn an claonadh sin an tábhacht a bhaineann le heolas agus scileanna i réimse an airgeadais a bheith ag daoine, ach ní leor sin ós gá tuiscint a bheith acu freisin ar iompraíocht chuí. Bíonn na rioscaí sin níos measa nuair a úsáidtear an intleacht shaorga chun dul i mbun calaoise agus sonraí a ghoid, agus is iad na daoine nach bhfuil inniúil go hiomlán ar úsáid agus ar bhainistiú gléasanna digiteacha is mó a mbeirtear amuigh orthu. Dá bhrí sin, bheadh fiúntas agus gá le bearta a chomhordófaí ar an leibhéal Eorpach a chuirfí chun feidhme sna Ballstáit ó thaobh rialála agus infheistíocht sa chibearshlándáil.

3.14.

Cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé creat rialála a fhorbairt a luaithe is féidir a bheadh solúbtha go leor le go bhféadfaí na treochtaí atá ag teacht chun cinn sna margaí airgeadais a chur san áireamh ann, rud a chinnteoidh go gcuirfear na bearta rialála i gcomhréir a luaithe is féidir leis an dul chun cinn san fhíorshaol. Is é a bhí le rá ag Carmine Di Noia, an Stiúrthóir um Ghnóthaí Airgeadais agus Fiontair in ECFE, go bhfuil an sprioc maidir leis na scileanna a theastaíonn chun litearthacht bhunúsach airgeadais a bhaint amach ag athrú de shíor. Réimsí nach ndearnadh a fhiosrú go fóill is cúis leis sin, dar léi. Chuir sí in iúl gur bheag caint, mar shampla, a bhí ann deich mbliana ó shin ar chriptea-airgeadraí, ar an intleacht shaorga nó ar thionchairí airgeadais (15).

3.15.

Cuireann CESE in iúl, i ndáil leis sin, gur thug 43 % de na freagróirí idir 18 mbliana agus 34 bliana d’aois a ghlac páirt i suirbhé a rinne Hargreaves ar mhargadh na Ríochta Aontaithe in 2021 le fios gur ó shuíomhanna gréasáin na gcuideachtaí airgeadais a fuair siad a gcuid eolais faoi chúrsaí airgeadais. Faoi mhí Iúil 2024, bhí an céatadán sin tite go 29 %. Mar sin féin, tháinig méadú ó 17 % go 26 % ar an líon daoine a úsáideann Reddit chun teacht ar smaointe infheistíochta, agus tháinig méadú ó 12 % go 20 % ar an líon a úsáideann TikTok chun na críche céanna (16).

3.16.

Tugann CESE dá aire go bhfuil méadú mór ag teacht ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíochtaí inbhuanaithe agus eiticiúla, agus le hinfheistíochtaí a mbíonn tionchar sóisialta acu, agus líon mór infheisteoirí ag díriú ar chritéir chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (ESG) agus a gcinntí airgeadais á ndéanamh acu. Dá bhrí sin, molann CESE go n-áireofaí mar chuid thábhachtach den litearthacht airgeadais sna blianta amach romhainn scileanna iomchuí chun táirgí a bhfuil lipéad ESG orthu a mheas ionas go mbeidh na saoránaigh in ann an chothromaíocht idir na luachanna eiticiúla agus na torthaí airgeadais sna táirgí sin a chur sa mheá go cuí agus go dtuigfidh siad mar a dhéantar sin.

3.17.

Molann CESE do na hinstitiúidí tabhairt faoi thionscnaimh i réimse na litearthachta airgeadais, ag tosú sna luathbhlianta den oideachas a chuirtear ar mhuintir na hEorpa, agus go bhféadfaí an t-ábhar a áireamh mar dhlúthchuid den churaclam le cabhair na múinteoirí agus oidí eile. Tá an iliomad buntáistí le daoine óga a bheith ag infheistiú, agus is é an ceann is tábhachtaí díobh go ndéantar an t-ús iolraithe a charnadh le himeacht ama. Sna luathbhlianta ar scoil, ba cheart díriú ar choincheapa tábhachtacha ar nós luach agus feidhm an airgid a theagasc. D’fhéadfaí ábhair ní ba chasta, e.g. coigilteas, buiséadú agus an infheistíocht, a thabhairt isteach diaidh ar ndiaidh de réir mar a théann an dalta in aois.

3.18.

Cuireann CESE i bhfáth go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach freisin cabhrú leis an gcéad ghlúin eile dul i dtaithí ar an luaineacht a bhaineann leis an mbainistiú infheistíochta agus iad óg, toisc gur méideanna ní ba lú a bheadh i gceist an uair sin agus nár ghá brath ar thoradh na hinfheistíochta le díol as costais mhaireachtála, murab ionann agus iad níos sine.

3.19.

Cuireann CESE chun suntais gur minic a bhíonn easpa scileanna airgeadais ar fhiontraithe nua, nach mbíonn cur amach acu ar shaol an airgeadais agus nach mbíonn teacht acu ar na huirlisí atá ar fáil a d’fhéadfadh cabhrú leo. Chun an bhearna sin a dhúnadh, d’fhéadfaí cláir oiliúna a fhorbairt d’fhiontraithe nua le tacaíocht ó fhiontraithe agus saineolaithe as FBManna. Molann CESE ról gníomhach a bheith ag an tsochaí shibhialta sa mhéid sin, agus meabhraíonn sé nach mór do na geallsealbhóirí sna heagraíochtaí neamhbhrabúsacha ceannasaíocht a ghlacadh ina leith sin chun a áirithiú go mbeidh cur chuige neamhchlaonta criticiúil in úsáid sna cláir oideachais i réimse an airgeadais. Agus an méid sin á chur san áireamh, b’fhiú, b’fhéidir, ‘Lá Eorpach um an Oideachas i réimse an airgeadais’ a chur ar bun, d’fhonn tionscnaimh bhuana múscailte feasachta a chur chun cinn.

3.20.

Creideann CESE gur cheart ábhar agus uirlisí na dtionscnamh oiliúna maidir leis an litearthacht i gcúrsaí airgid a spriocdhíriú chun freagairt do riachtanais shonracha na dtairbhithe, agus grúpaí leochaileacha a chuimsiú. Creideann CESE gur féidir le hoideachas i réimse an airgeadais a chuirfí ar mhic léinn agus ar dhaoine fásta óga cabhrú freisin le heolas faoi chúrsaí airgid a scaipeadh i measc daoine eile a bhfuil dlúthchaidreamh acu leo. Léiríonn sin go bhféadfadh éifeacht iolraitheora a bheith ag an oideachas faoi chúrsaí airgeadais a dhíreofaí ar dhaoine óga. Dar le hinstitiúid Bruegel, má chuirtear comhdhéanamh déimeagrafach na mac léinn agus na dtuismitheoirí san áireamh, gur daoine idir 40 agus 50 bliain d’aois is mó a bhainfidh tairbhe as na héifeachtaí iolraitheora sin, agus gurb iad na daoine a bhfuil na leibhéil litearthachta airgeadais is ísle acu is mó a rachfar i bhfeidhm orthu (17).

3.21.

Molann CESE iarracht a dhéanamh oideachas a chur ar leanaí agus ar na glúnta óga freisin maidir le digitiú an airgid agus na n-íocaíochtaí, rud atá ag éirí níos coitianta agus as a leanann laghdú ar úsáid an airgid thirim agus méadú ar scaipeadh na gcártaí éadadhaill, na n-aipeanna airgeadais agus na seirbhísí airgeadais ar líne. Ba cheart an t-oideachas sin a thabhairt dóibh i dtimpeallacht rialaithe a chabhróidh leis na daoine óga tuiscint a fháil go hóg ar ‘chultúr an airgeadais dhigitigh’, lena n-áirítear na himpleachtaí a bhaineann le seirbhísí ar nós ‘ceannaigh anois, íoc níos déanaí’ agus na rioscaí a bhaineann le cluichíocht ar íocaíocht ar líne.

3.22.

Ar an gcuma chéanna, ba cheart deiseanna áisiúla a bheith ann do dhaoine scothaosta foghlaim conas teacht go sábháilte ar fhaisnéis dhigiteach ar líne maidir le táirgí airgeadais. Is féidir ról lárnach a bheith ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta i ndáil leis sin le háirithiú an leanúnachais agus le háirithiú na foghlama ar feadh an tsaoil i gcomhair grúpaí leochaileacha ar leith, ina measc sin daoine faoi mhíchumas, mná de bhunadh eitneach agus de chúlra sóisialta éagsúil, mar aon le daoine gan léamh gan scríobh, daoine nach raibh an deis acu go dtí seo buneolas faoi chúrsaí airgeadais a fhoghlaim.

3.23.

Ba cheart tionscnaimh oideachais i réimse an airgeadais a chur ar fáil freisin do dhaoine óga leochaileacha trí chur leis na cláir a théann i bhfeidhm ar dhaoine óga lasmuigh den chóras oideachais fhoirmiúil agus orthu siúd atá i riocht leochaileach (daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEET), daoine óga ó chúlraí ísealioncaim, imircigh óga nó daoine óga faoin tuath, etc.). I dteannta tacú le tionscnaimh a d’fhéadfadh an tsochaí sibhialta tabhairt fúthu, ba cheart do na Ballstáit, le tacaíocht ó chistí an Aontais (CSE+, Erasmus+), ceardlanna pobail, cláir mheantóireachta agus gníomhaíochtaí a reáchtáil in ionaid óige chun scileanna airgeadais a theagasc.

3.24.

Ar deireadh, molann CESE an clár agus na turgnaimh phraiticiúla a d’fhorbair an Fhionlainn trí bhíthin líonra náisiúnta de shráidbhailte fiontraíochta atá dírithe ar fheabhas a chur ar litearthacht airgeadais na ndaoine óga. De réir roinnt foinsí, glacann suas le 91 % de mhic léinn na Fionlainne páirt i gclár deich gceacht ina bhfoghlaimíonn siad, i measc rudaí eile, conas a oibríonn gnólachtaí, an geilleagar agus an tsochaí, agus conas iarratas a dhéanamh ar phost (18). Tá an clár ina chuid de sprioc níos leithne agus níos uaillmhianaí atá ag an bhFionlainn an leibhéal litearthachta airgeadais is airde ar domhan a bhaint amach faoi 2030.

3.25.

De réir na ndaoine atá i mbun an chláir, is é an cuspóir atá ag an bhFionlainn maidir leis an litearthacht airgeadais go ndéanfadh daoine cinntí airgid atá inbhuanaithe agus a chruthóidh luach dóibh. Déantar na cinntí sin i gcáileanna éagsúla, mar dhuine aonair nó mar theaghlach, mar ghnólacht nó i mbeagnach gach gníomhaíocht a dhéanann an tsochaí. Dá bhrí sin, tá níos mó i gceist ná díreach conas do dhea-bhail airgeadais féin agus do chaipiteal cothromais féin a bhainistiú (19).

An Bhruiséil, an 17 Iúil 2025.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  ECFE/INFE, International survey of adult financial literacy , 2023: https://www.oecd.org/en/publications/oecd-infe-2023-international-survey-of-adult-financial-literacy_56003a32-en.html.

(2)  Suirbhé Eorabharaiméadair, Monitoring the level of financial literacy in the EU , Iúil 2023: https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2953.

(3)  ECFE agus an Coimisiún Eorpach, Financial Competency Framework for Children and Youth in the European Union , Meán Fómhair 2023: https://finance.ec.europa.eu/system/files/2023-09/230927-financial-competence-framework-children-youth_en.pdf.

(4)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Daoine faoi mhíchumas a chuimsiú i gcomhthéacs teicneolaíochtaí nua agus na hintleachta saorga — roghanna, dúshláin, rioscaí agus deiseanna (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Polainne) (IO C, C/2025/2959, 16.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2959/oj).

(5)  ECFE agus an Coimisiún Eorpach, Financial Competency Framework for Children and Youth in the European Union , Meán Fómhair 2023: https://finance.ec.europa.eu/system/files/2023-09/230927-financial-competence-framework-children-youth_en.pdf.

(6)  Comhairle an Aontais Eorpaigh, Conclúidí ón gComhairle maidir le litearthacht airgeadais, 14 Bealtaine 2024: https://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2024/05/14/capital-markets-union-council-approves-conclusions-on-financial-literacy/.

(7)  Financial Times, Financial Literacy : https://www.ft.com/financial-literacy.

(8)  Annamaria Lusardi agus Olivia S. Mitchell, Financial Literacy Around the World: an Overview , 2011: https://www.cambridge.org/core/journals/journal-of-pension-economics-and-finance/article/financial-literacy-around-the-world-an-overview/0488F901318E0FBC4C92DC6E964AB89C.

Annamaria Lusardi agus Olivia S. Mitchell, The Economic Importance of Financial Literacy: Theory and Evidence , 2014: https://www.aeaweb.org/articles?id=10.1257/jel.52.1.5.

(9)  An Coimisiún Eorpach, Aontas na Scileanna, 5 Márta 20255: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/ga/TXT/PDF/?uri=CELEX%3A52025DC0090.

(10)  ECFE (2005), Recommendation on Principles and Good Practices for Financial Education and Awareness, Recommendation of the council ; ECFE (2012): https://legalinstruments.oecd.org/en/instruments/OECD-LEGAL-0338, PISA 2012 Financial Literacy Assessment Framework , Páras, ECFE: https://www.oecd.org/en/publications/pisa-2012-assessment-and-analytical-framework_9789264190511-en.html; Willis L.E. (2022), Alternatives to financial education , in Nicolini G. e Cude B.J. (a cura di), The Routledge Handbook of Financial Literacy, Routledge; an Fóram Eacnamaíoch Domhanda (2016): https://www.taylorfrancis.com/chapters/edit/10.4324/9781003025221-23/alternatives-financial-education-lauren-willis?context=ubx&refId=25b658dd-07f9-4784-8c49-e7d71a16fec2, New Vision for Education. Unlocking the Potential of Technology , an Ghinéiv, an Fóram Eacnamaíoch Domhanda: https://widgets.weforum.org/nve-2015/index.html.

(11)  An Coimisiún Eorpach, European Financial Stability and Integration Review (EFSIR) , 18 Meitheamh 2024: https://finance.ec.europa.eu/document/download/513c318e-a9ba-46f2-8854-0d134aa9bf18_en?filename=european-financial-stability-and-integration-review-2024_en.pdf&prefLang=it.

(12)  Annamaria Lusardi agus Olivia S. Mitchell, Financial Literacy Around the World: an Overview , 2011: https://www.cambridge.org/core/journals/journal-of-pension-economics-and-finance/article/financial-literacy-around-the-world-an-overview/0488F901318E0FBC4C92DC6E964AB89C.

Annamaria Lusardi agus Olivia S. Mitchell, The Economic Importance of Financial Literacy: Theory and Evidence , 2014: https://www.aeaweb.org/articles?id=10.1257/jel.52.1.5.

(13)  Suirbhé Eorabharaiméadair, Monitoring the level of financial literacy in the EU , Iúil 2023: https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2953.

(14)  Comhairle an Aontais Eorpaigh, Conclúidí ón gComhairle maidir le litearthacht airgeadais, 14 Bealtaine 2024: https://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2024/05/14/capital-markets-union-council-approves-conclusions-on-financial-literacy/.

(15)  (ECFE), Torthaí PISA 2022 — Imleabhar IV — How Financially Smart Are Students? , 2024: https://www.oecd.org/en/publications/pisa-2022-results-volume-iv_5a849c2a-en.html.

(16)  Claer Barrett, Would you turn to Reddit for investment ideas? , Financial Times, 19 Iúil 2024: https://www.ft.com/content/ad8437e4-053e-4db4-bb46-4d17da2d30c3.

(17)  Bruegel, The ripple effect of financial education , 23 Márta 2023: https://www.bruegel.org/analysis/ripple-effect-financial-education.

(18)  The Interdisciplinary Learning Network, Yrityskylä: Young Finnish Learners Experience Life in the Workplace , 21 Samhain 2025: https://idlnetwork.substack.com/p/yrityskyla-young-finnish-learners.

(19)  Richard Milne, Finland fuels children's future with financial literacy and food: World-beating ambition drives real-life business practice and free lunches for kids , Financial Times, 6 Eanáir 2025: https://www.ft.com/content/26c56174-76ab-493b-9770-6d1ed4996505.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5149/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)