|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5129 |
23.9.2025 |
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Meán Fómhair 2025
maidir le cur chuige comhordaithe i leith an aistrithe amach as cosaint shealadach do dhaoine easáitithe ón Úcráin
(C/2025/5129)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 i gcomhar le hAirteagail 78(1) agus 79(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An chosaint shealadach do dhaoine easáitithe ón Úcráin nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh mar gheall ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, mar a gníomhachtaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (1) agus ar cuireadh síneadh léi le Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 (2), (AE) 2024/1836 (3) agus (AE) 2025/1460 ón gComhairle (4), tá sí i bhfeidhm go dtí an 4 Márta 2027. Cé gur léiriú í i gcónaí ar dhlúthpháirtíocht an Aontais le muintir na hÚcráine, is de chineál sealadach í an chosaint shealadach. Is gá, dá bhrí sin, aistriú de réir a chéile, inbhuanaithe agus dea-chomhordaithe a ullmhú as an stádas sin, go dtí go mbeidh na dálaí san Úcráin fabhrach lenar féidir deireadh a chur leis an gcosaint shealadach, agus riachtanais acmhainneachta agus atógála na hÚcráine á gcur san áireamh ag an am céanna. |
|
(2) |
I gcomhthéacs an phlé maidir le todhchaí agus deireadh na cosanta sealadaí, d’iarr na Ballstáit go mbeadh cur chuige comhordaithe ann ar leibhéal an Aontais. Chun cur leis an taithí a fuair na Ballstáit tar éis na cosanta sealadaí dá bhforáiltear le Treoir 2001/55/CE (5) ón gComhairle a ghníomhachtú, tá sé ríthábhachtach freagracht chomhroinnte a ráthú i measc na mBallstát uile ar leibhéal an Aontais le linn an phróisis sin. |
|
(3) |
Ceann de na cuspóirí a bhain leis an gcosaint shealadach dá bhforáiltear le Treoir 2001/55/CE a ghníomhachtú i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin ba ea cliseadh chórais tearmainn na mBallstát a sheachaint agus go mbeidís in ann líon mór iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil gan éifeachtaí díobhálacha a bheith acu ar éifeachtúlacht a n-oibrithe, ar mhaithe leis na daoine a iarrann cosaint. Tá an cuspóir sin ríthábhachtach i gcónaí agus an t-aistriú amach as cosaint shealadach do na daoine sin á mhapáil. Thairis sin, fiú i gcás síochána, beidh am ag teastáil ón Úcráin chun a hacmhainneacht a atógáil chun go mbeidh na daoine sin uile a easáitíodh de dheasca an chogaidh in ann filleadh uirthi. Chun tacú leis an Úcráin ina hiarrachtaí na daoine easáitithe a ath-imeascadh, tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfar an próiseas aistrithe a bhainistiú ar bhealach solúbtha, de réir a chéile agus trí staideanna aonair na ndaoine lena mbaineann a chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart don phroiséas aistrithe sin freastal ar riachtanais na ndaoine sin a fhaigheann cosaint shealadach sa Aontas faoi láthair agus ar riachtanais na hÚcráine, agus sláine chórais tearmainn na mBallstát á caomhnú an tráth céanna. |
|
(4) |
Tá roinnt mhaith daoine ón Úcráin atá faoi chosaint shealadach san Aontas le roinnt blianta anuas, agus tá siad tar éis imeascadh ina sochaithe óstacha tríd an teanga a fhoghlaim, fostaíocht a aimsiú, agus clárú san oideachas. I gcás ina bhforáiltear dó cheana féin faoin dlí náisiúnta nó faoi chleachtas riaracháin, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as gach deis chun gur féidir leis na daoine sin aistriú chuig stádais dhlíthiúla náisiúnta lena léirítear ar bhealach níos fearr a staid reatha san Aontas, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha chun leanúint de chónaí dlíthiúil ar fhorais eile. D’fhéadfadh stádais dhlíthiúla náisiúnta den sórt sin baint a bheith acu, mar shampla, le ceadanna cónaithe bunaithe ar fhostaíocht, ar fhéinfhostaíocht, ar oiliúint ghairmiúil nó ar oideachas agus taighde, ar fhorais teaghlaigh nó forais eile, nó d’fhéadfaidís baint a bheith acu le cead cónaithe tiomnaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit an t-aistriú amach as an gcosaint shealadach a chur chun cinn agus a éascú trí fhaisnéis shoiléir a sholáthar chun cuidiú leis na daoine lena mbaineann na buntáistí agus cearta a thugtar leis na stádais dhlíthiúla náisiúnta eile sin a thuiscint, i gcomparáid le cosaint shealadach nó le cineálacha eile cosanta idirnáisiúnta. |
|
(5) |
D’fhonn tacú le haistriú daoine atá faoi chosaint shealadach chuig stádais dhlíthiúla eile agus rogha mhalartach a thairiscint dóibh sna himthosca nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, agus chun leanúnachas a áirithiú agus chun cásanna fanachta neamhdhleathaigh a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt do dhaoine atá faoi chosaint shealadach, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé nach mbeadh rochtain ar stádais náisiúnta indéanta, agus a cháileodh murach sin do stádas eile bunaithe ar dhlí an Aontais, iarratas a dhéanamh ar údaruithe faoi Threoracha (AE) 2016/801 (6), (AE) 2021/1883 (7) agus (AE) 2024/1233 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is féidir údaraithe faoi na treoracha sin a dheonú ar choinníoll nach bhfuil na daoine lena mbaineann faoi chosaint shealadach san Aontas i gcomhthráth. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit daoine atá faoi chosaint shealadach a chur ar an eolas, a luaithe is féidir agus tráth an iarratais ar údarú ar a dhéanaí, faoin difríocht idir na cearta a thugtar leis an stádas cosanta sealadaí agus na cearta a thugtar faoi na Treoracha sin. Ba cheart do na Ballstáit iad a chur ar an eolas freisin, a luaithe agus is féidir agus tráth an iarratais ar a dhéanaí, nach féidir leo a bheith faoi chosaint shealadach agus údarú a bheith deonta dóibh faoi na Treoracha sin i gcomhthráth. |
|
(6) |
Chun go mbeidh na Ballstáit réidh chun deireadh a chur de réir a chéile leis an gcosaint shealadach a gníomhachtaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ar deireadh, tá sé fíor-riachtanach a áirithiú go ndéanfar filleadh abhaile ar an Úcráin, ar mhaithe le hath-imeascadh, ar bhealach ordúil daonnúil, agus go ndéantar imthosca éagsúla aonair na ndaoine easáitithe á gcur san áireamh, trí thacú leo siúd atá toilteanach agus in ann filleadh ar an Úcráin. Cé go bhféadfadh sé go mbeadh sé beartaithe ag cuid acu filleadh abhaile sa ghearrthéarma, d’fhéadfadh sé go mbeadh níos mó ama ag teastáil ó dhaoine eile, i bhfianaise a n-imthosca sonracha. Tá sé tábhachtach freisin machnamh a dhéanamh ar chumas na hÚcráine na daoine uile a easáitíodh mar gheall ar an gcogadh a ath-imeascadh ar bhealach inbhuanaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit bearta a ghlacadh lena réiteofar an bealach d’ath-imeascadh rianúil inbhuanaithe san Úcráin, agus na breithnithe sin uile á gcur san áireamh, trí leas iomlán a bhaint as na huirlisí dá bhforáiltear cheana in Airteagail 21 agus 23 de Threoir 2001/55/CE agus trí na huirlisí sin a leathnú. |
|
(7) |
Cuireann an tAontas, go háirithe tríd an tSaoráid don Úcráin, arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), tacaíocht chuimsitheach ar fáil don Úcráin chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil chogadh foghach na Rúise, ag rannchuidiú le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na tíre agus le téarnamh iarchogaidh shochaí na hÚcráine, lena n-áirítear trí dhálaí sóisialta agus eacnamaíocha a chruthú a éascaíonn do dhaoine atá easáitithe ina dtír féin agus do dhaoine atá faoi chosaint shealadach san Aontas filleadh abhaile, nuair is féidir nó nuair a roghnaíonn siad amhlaidh. |
|
(8) |
Ba cheart dóibh siúd atá ag smaoineamh ar fhilleadh ar an Úcráin a bheith in ann cinntí eolasacha a dhéanamh, rud a thacódh freisin le hinbhuanaitheacht a bhfillte. I gcomhthéacs aistriú rianúil amach as cosaint shealadach do dhaoine ón Úcráin, ba cheart do na Ballstáit cur chuige níos struchtúrtha a chur ar bun chun cuairteanna taiscéalaíocha ar bhonn féinchistithe a chur chun cinn, dá bhforáiltear in Airteagal 21(1) de Threoir 2001/55/CE. D’fhéadfadh na cuairteanna sin a bheith ina mbeart forbartha muiníne do dhaoine atá faoi chosaint shealadach san Aontas toisc go mbeadh siad in ann a dteaghlach nó a réadmhaoin a sheiceáil, nó measúnú a dhéanamh ar an leibhéal scriosta ina bpobail, agus ar na dálaí foriomlána san Úcráin. Chun a n-éifeachtacht a mhéadú agus chun a mí-úsáid a chosc, ba cheart do na Ballstáit paraiméadair, coinníollacha agus ceanglais cuairteanna den sórt sin a chur ar bun. Ba cheart aon pharaiméadair, aon choinníollacha nó aon cheanglas den sórt sin a chomhordú le Ballstáit eile agus ba cheart iad a bhunú agus a chur in iúl ar bhealach trédhearcach. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit pointí teagmhála a chur ar bun. |
|
(9) |
Ceanglaítear ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh ionas gur féidir le daoine a bhfuil deireadh tagtha lena gcosaint shealadach filleadh go deonach dá dtagraítear in Airteagal 21(1) de Threoir 2001/55/CE. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cláir thiomnaithe um fhilleadh deonach, a bhféadfadh siad brath ar an tacaíocht arna soláthar ag eagraíochtaí idirnáisiúnta ina leith. Chun a n-éifeachtacht a áirithiú agus chun rioscaí i dtaobh mí-úsáid a sheachaint, ba cheart na cláir sin a dhearadh go cúramach agus a bheith cuimsitheach agus curtha in iúl go maith, agus riachtanais agus acmhainneacht na hÚcráine á gcur san áireamh, chomh maith le riachtanas daoine easáitithe ón Úcráin atá faoi chosaint shealadach laistigh den Aontas agus staid na ndaoine a d’fhan san Úcráin chun seasamh leis an gcomhtháthú sóisialta. Dá bhrí sin, ba cheart aon chlár den sórt sin tosaíocht a thabhairt do thacaíocht le haghaidh ath-imeascadh, a mbeidh cistiú ón Aontas ar fáil ina leith san Úcráin, seachas pacáistí aonair. Ba cheart na coinníollacha maidir le hincháilitheacht do chláir den sórt sin a bhunú go soiléir, agus ba cheart a cheangal ar na daoine a bhfuil sé beartaithe acu tairbhiú díobh clárú. D’fhéadfadh na Ballstáit machnamh a dhéanamh, mar chuid de na cláir sin, ar chúnamh a thabhairt chun imeachtaí a eagrú, mar shampla chuig an limistéar céanna san Úcráin. D’fhéadfadh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) arna bunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), cúnamh a thabhairt do na Ballstáit le tacaíocht lóistíochta laistigh de theorainneacha a shainordaithe. |
|
(10) |
Cé gur cheart go mbeadh fad teoranta agus seasta ag baint le cláir um fhilleadh deonach, ba cheart dóthain ama a thabhairt leo chun comhordú iomchuí le húdaráis na hÚcráine a áirithiú d’fhonn lánpháirtiú leordhóthanach de réir a chéile na ndaoine atá ag filleadh ina bpobail a éascú, i réimsí lena n-áirítear rochtain ar sheirbhísí agus saoráidí bunúsacha, mar shampla cóiríocht, tithíocht nó cúram leighis. Dá bhrí sin, lena n-áirítear chun a áirithiú go ndéanfar fad tosaigh an chláir um fhilleadh deonach a chomhordú leis na Ballstáit uile agus le húdaráis na hÚcráine, ba cheart foráil a dhéanamh i gcláir um fhilleadh deonach do thréimhse imeachta lenar féidir na cuspóirí sin a bhaint amach, is é sin tréimhse i bprionsabal suas le bliain amháin. Tá tacaíocht ar fáil do na Ballstáit faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais airgeadais a bhaineann le daoine easáitithe ón Úcráin a thairbhíonn de chosaint shealadach agus féadfaidh sé rannchuidiú freisin le cláir um fhilleadh deonach a chistiú. Le linn thréimhse an chláir um fhilleadh deonach daonnúil, ba cheart cead a bheith ag na daoine lena mbaineann leanúint de bheith ina gcónaí go dleathach sa Bhallstát ina bhfuil siad faoi chosaint shealadach. Ós rud é go bhféadfadh athrú teacht ar na himthosca ar an láthair idir dáta glactha an Mholta seo agus deireadh na cosanta sealadaí, agus d’fhéadfadh nach leordhóthanach an t-am dá bhforáiltear ar dtús i gcláir um fhilleadh deonach chun ath-imeascadh inbhuanaithe de réir a chéile san Úcráin a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit comhordú a dhéanamh eatarthu féin agus le húdaráis na hÚcráine chun tréimhse éagsúil nó shínithe a bhunú le haghaidh imeacht deonach faoi na cláir um fhilleadh deonach. Tá bearta a bhaineann le cláir um fhilleadh deonach gan dochar do Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). |
|
(11) |
Chun laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhaineann leis na ceadanna cónaithe a d’fhéadfaí a eisiúint dóibh siúd atá cláraithe i gcláir um fhilleadh deonach, ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as an deis dá bhforáiltear faoi Airteagal 21(3) de Threoir 2001/55/CE na cearta uile is infheidhme a ghabhann le cosaint shealadach a leagtar síos i gCaibidil III de Threoir 2001/55/CE a leathnú chuig daoine atá faoi chosaint shealadach faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 agus a thairbhíonn de chlár um fhilleadh deonachj thar fhad dáta éagtha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an dáta fillte duine easáitithe chuig an Úcráin nó go dtí deireadh na tréimhse le haghaidh imeachtaí deonacha faoin gclár um fhilleadh deonach ábhartha. Ina theannta sin, chun leanúnachas a áirithiú agus chun cásanna fanachta neamhdhleathaigh a sheachaint díreach tar éis dheireadh na cosanta sealadaí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le daoine a thairbhigh de chosaint shealadach cónaí go dleathach ar a gcríoch sa tréimhse idir dul in éag Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 agus dul in éag an ama inar féidir le daoine clárú le clár um fhilleadh deonach. |
|
(12) |
D’fhéadfadh sé nach mbeidh an Úcráin in ann, ar dháta éagtha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, freastal ar riachtanais daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu seachas iad siúd a bhaineann lena stádas sláinte. Chun filleadh inbhuanaithe ar an Úcráin a áirithiú ina gcuirtear san áireamh cumas na hÚcráine freastal ar riachtanais na ndaoine sin, ba cheart do na Ballstáit forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 23(1) de Threoir 2001/55/CE a chur i bhfeidhm freisin maidir le daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu seachas iad siúd a bhaineann lena stádas sláinte agus ba cheart dóibh na bearta is gá a dhéanamh maidir le coinníollacha chun leanúint dá gcónaí dlíthiúil san Aontas. I gcás inarb ábhartha, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear riachtanais speisialta na ndaoine lena mbaineann san áireamh i gcoinníollacha cónaithe. Ba cheart deireadh a theacht leis an gcónaí sin a luaithe a bheidh an Úcráin in ann foráil a dhéanamh maidir le riachtanais speisialta an duine lena mbaineann. |
|
(12) |
Ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as an deise dá bhforáiltear faoi Airteagal 23(2) de Threoir 2001/55/CE chun cead a thabhairt do dhaoine easáitithe ar mionaoisigh a fhreastalaíonn ar scoil i mBallstát iad páistí atá acu cónaí ar a gcríoch thar thréimhse na cosanta sealadaí dá bhforáiltear faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 chun gur féidir leis na páistí sin an tréimhse scoile, arb í an scoilbhliain í de ghnáth, a chríochnú, ar tréimhse scoile í atá ar siúl nuair a théann an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin in éag. |
|
(13) |
Chun soláthar cuí faisnéise a ráthú agus chun cuidiú le daoine atá faoi chosaint shealadach roghanna eolasacha a dhéanamh agus láneolas acu ar na fíorais, tá sé tábhachtach úsáid na n-uirlisí agus na mbealaí atá ann cheana a uasmhéadú agus dúbláil iarrachtaí a sheachaint. Chun na críche sin, d’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as Moil Aontachta féideartha a bhí á gcur nó atá á gcur ar bun ina gcríoch chun cuidiú le nasc a choinneáil ar bun le hÚcránaigh atá ina gcónaí ar an gcoigríoch. Ba cheart Moil Aontachta a úsáid chun faisnéis a sholáthar maidir leis an aistriú chuig stádais dhlíthiúla eile, cuairteanna taiscéalaíocha agus cláir um fhilleadh deonach nó chun a léiriú cén áit ar féidir an fhaisnéis sin a fháil. Chun tacú leis na Moil Aontachta, is féidir leis na Ballstáit úsáid a bhaint as na cistí faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena n-áirítear na leithdháiltí breise a eascraíonn as an athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a leagtar síos le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (13) agus as an athbhreithniú meántéarma ar chláir na mBallstát faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht. D’fhéadfaí tacaíocht a fháil freisin ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó thríú tíortha chun na críche sin. Chun iarrachtaí a chuíchóiriú, moltar do na Ballstáit an t-eolas, na hacmhainneachtaí agus na líonraí a thairgeann eagraíochtaí idirnáisiúnta a ionchorprú ina bpleananna aonair chun na Moil Aontachta a chur ar bun. Ina theannta sin, d’fhéadfaí feachtais faisnéiseatá i gcomhréir le cumarsáid an Aontais a chur ar bun. |
|
(15) |
Chun cur chuige comhordaithe a áirithiú i measc na mBallstát agus le húdaráis na hÚcráine maidir le cur chun feidhme an Mholta seo, ba cheart do na Ballstáit leanúint de chomhordú, malartú faisnéise agus faireachán a dhéanamh ar an staid ar an láthair i bhfóraim ábhartha éagsúla, lena n-áirítear san Ardán Dlúthpháirtíochta dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, a bhféadfar cuireadh a thabhairt d’údaráis na hÚcráine chuige mar aon leis na comhlachtaí ullmhúcháin ábhartha na Comhairle laistigh de theorainn a sainorduithe agus a bhfreagrachtaí faoi seach. |
|
(16) |
Ós rud é go dtiocfaidh athruithe móra ar a stádas mar thoradh ar an aistriú amach as cosaint shealadach do dhaoine easáitithe, tá sé fíor-riachtanach léargas cruinn a fháil ar an staid atá ag teacht chun cinn. Agus breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-753/23 (14) agus go háirithe mír 30 de á chur san áireamh, inter alia, ba cheart do na Ballstáit, a n-iarrachtaí a threisiú chun a sonraí cosanta sealadaí a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus go pras ar an Ardán um Chlárú le haghaidh Cosaint Shealadach, lena n-áirítear figiúirí maidir le clárúcháin neamhghníomhacha, agus laistigh den sásra um ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce (Líonra an Aontais um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce). |
|
(17) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir an 22 Iúil 2025, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Mholta seo. |
|
(18) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Mholta seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
A. Bearta chun an t-aistriú chuig stádais dhlíthiúla eile a chur chun cinn cheana féin roimh dheireadh na cosanta sealadaí
|
1. |
Ba cheart do na Ballstáit rochtain ar stádais dhlíthiúla náisiúnta a chur chun cinn agus a éascú do dhaoine atá faoi chosaint shealadach faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382. D’fhéadfadh ceadanna cónaithe a eisítear chun na críche sin a bheith bunaithe, mar shampla, ar fhostaíocht, ar fhéinfhostaíocht, ar oiliúint ghairmiúil nó ar oideachas agus taighde, ar fhorais teaghlaigh nó ar fhorais eile, nó d’fhéadfadh siad a bheith ina gceadanna cónaithe tiomnaithe, ar choinníoll go gcomhlíonann na daoine sin na coinníollacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta. |
|
2. |
Ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt do dhaoine atá faoi chosaint shealadach faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, go háirithe i gcás nach féidir rochtain a fháil ar stádais dhlíthiúla náisiúnta, agus a cháilíonn murach sin do stádas eile arna bhunú i ndlí an Aontais, iarratas a dhéanamh ar údaruithe faoi Threoracha (AE) 2016/801, (AE) 2021/1883 agus (AE) 2024/1233, ar choinníoll nach mbeadh stádas cosanta sealadaí acu i gcomhthráth le húdarú arna dheonú faoi na Treoracha sin. Ba cheart do na Ballstáit daoine atá faoi chosaint shealadach faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382a chur ar an eolas, a luaithe is féidir agus tráth iarratais ar údarú den sórt sin ar a dhéanaí, faoin difríocht idir na cearta a thugtar faoin stádas cosanta sealadaí agus na cearta a thugtar faoi na Treoracha sin agus nach féidir leo tairbhe a bhaint as cosaint shealadach agus as údarú arna dheonú faoi na Treoracha sin i gcomhthráth. |
B. Bearta chun an bealach a réiteach d’ath-imeascadh rianúil inbhuanaithe san Úcráin
|
3. |
Ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt do dhaoine atá faoi chosaint shealadach faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 chun cuairteanna taiscéalaíocha féinmhaoinithe a thabhairt ar an Úcráin agus Airteagal 21(1) de Threoir 2001/55/CE á chur san áireamh go cuí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
|
4. |
Chun filleadh daoine ar an Úcráin a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cláir tiomnaithe um fhilleadh deonach i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Threoir 2001/55/CE a bheidh le húsáid a luaithe a bheidh deireadh leis an gcosaint shealadach faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
|
5. |
Agus urraim chuí á tabhairt do dhínit an duine, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh maidir le coinníollacha cónaithe daoine nach gcomhlíonann na ceanglais chun rochtain a fháil ar stádais eile a bhfuil riachtanais speisialta acu, seachas na cinn a chumhdaítear le hAirteagal 23(1) de Threoir 2001/55/CE, nach féidir leis an Úcráin freastal orthu ar dhul in éag na cosanta sealadaí faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382. I gcás inarb ábhartha, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear riachtanais speisialta daoine den sórt sin san áireamh i gcoinníollacha cónaithe. Ba cheart deireadh a theacht leis an gcónaí sin a luaithe a bheidh an Úcráin in ann foráil a dhéanamh maidir le riachtanais speisialta na daoine lena mbaineann. |
|
6. |
Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Threoir 2001/55/CE, cead a thabhairt do dhaoine ar mionaoisigh a fhreastalaíonn ar scoil i mBallstát iad páistí atá acu cónaí ar a gcríoch thar thréimhse na cosanta sealadaí dá bhforáiltear faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 chun gur féidir leis na páistí sin an tréimhse scoile atá ar siúl ar dhul in éag an Chinnidh Cur Chun Feidhme sin a chríochnú. Chun críocha na mbeart sin, is í an scoilbhliain de ghnáth a bheidh sa tréimhse scoile atá ar siúl. |
C. Bearta chun soláthar faisnéise do dhaoine easáitithe a áirithiú
|
7. |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear daoine atá faoi chosaint shealadach faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382ar an eolas mar is ceart maidir leis na deiseanna atá ar fáil chun aistriú chuig stádais dhlíthiúla eile, lena n-áirítear na buntáistí agus cearta a bhaineann leis an aistriú chuig na stádais sin, chomh maith leis an staid san Úcráin, na ceanglais maidir le cuairteanna taiscéalaíocha agus an tacaíocht atá ar fáil san Aontas agus san Úcráin chun filleadh abhaile, go háirithe i ndáil le cláir um fhilleadh deonach. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
D. Bearta chun comhordú, faireachán agus malartú faisnéise a áirithiú i measc na mBallstát agus le húdaráis na hÚcráine
|
8. |
Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhaisnéis a chomhordú agus a mhalartú maidir le forbairtí ábhartha agus maidir le cur chun feidhme an Mholta seo, go háirithe i gcomhthéacs an Ardáin Dlúthpháirtíochta agus chomhlachtaí ullmhúcháin ábhartha na Comhairle laistigh de theorainn a sainorduithe agus a bhfreagrachtaí faoi seach. Chun na críche sin, déanann an Coimisiún idirchaidreamh leis na Ballstáit agus le húdaráis na hÚcráine, lena n-áirítear ar an leibhéal teicniúil san Ardán Dlúthpháirtíochta a bhféadfar cuireadh a thabhairt d’údaráis na hÚcráine chuige, agus ar an leibhéal polaitiúil tríd an Toscaire Speisialta d’Úcránaigh san Aontas. |
|
9. |
Ba cheart do na Ballstáit a n-iarrachtaí a threisiú chun faireachán a dhéanamh ar na forbairtí agus go tráthrialta agus go pras an fhaisnéis ábhartha maidir le stádas daoine easáitithe ón Úcráin sna bunachair sonraí ábhartha a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear san Ardán um Chlárú maidir le Cosaint Shealadach, go háirithe maidir le líon na dtairbhithe de chosaint shealadach nó de chosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta i gcríoch an Bhallstáit, líon na ndaoine a d’aistrigh chuig stádais eile agus nach dtairbhíonn a thuilleadh de chosaint shealadach ná de chosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta, agus líon na ndaoine a bhfuil a gcláruithe neamhghníomhach. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhroinnfidh siad sonraí tráthúla, iomlána agus cruinne maidir le gach gné ábhartha a bhaineann le tairbhithe de chosaint shealadach laistigh den sásra um ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce (Líonra an Aontais um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce). |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/382/oj).
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (IO L, 2023/2409, 24.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2409/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1836 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (IO L, 2024/1836, 3.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1836/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1460 ón gComhairle an 15 Iúil 2025 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (IO L, 2025/1460, 24.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1460/oj).
(5) Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann leis sin (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/55/oj).
(6) Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016, maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe i gcás náisiúnaigh tríú tír chun críoch taighde, staidéar, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí, tionscadal oideachais agus socrúchán au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2016/801/oj? locale=ga).
(7) Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíocht dár gá ardcháilíochtaí, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle (IO L 382, 28.10.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2021/1883/oj).
(8) Treoir (AE) 2024/1233 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibrithe tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát (IO L, 2024/1233, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1233/oj).
(9) Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).
(10) Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1896/oj).
(11) Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1147/oj).
(12) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/115/oj).
(13) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.
(14) Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 27 Feabhra 2025, Krasiliva, Cás C-753/23, ECLI:EU:C:2025:133.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5129/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)