European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5081

29.9.2025

Achomharc arna thabhairt an 13 Lúnasa 2025 ag Alfa-Bank JSC i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a fógraíodh an 4 Meitheamh 2025 i gCás T-271/23, Alfa-Bank v an Chomhairle

(Cás C-547/25 P)

(C/2025/5081)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Alfa-Bank JSC (ionadaithe: M. Campa, avvocato, D. Rovetta, avocat, M. Moretto, avvocato, V. Villante, avvocato, T. Bontinck, avocat, M. Brésart, avocate)

Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

(i) Cinneadh (CBES) 2023/432 (1) ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/429 (2) ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin a chur ar neamhní; (ii) Cinneadh (CBES) 2023/1767 (3) ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 (4) ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní sa mhéid a dhéantar leis na gníomhartha sin ainm an achomharcóra a choinneáil ar liosta na n-eintiteas a chuirtear faoi réir na mbeart sriantach; (iii) Cinneadh (CBES) 2024/847 (5) an 12 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/849 (6) an 12 Márta 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní sa mhéid a dhéantar leis na gníomhartha sin ainm an achomharcóra a choinneáil ar liosta na n-eintiteas a chuirtear faoi réir na mbeart sriantach;

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh costais an achomharcóra a bhaineann leis an gcéad chéim agus leis na himeachtaí achomhairc reatha araon a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráidí dlí agus saobhadh ar fhíorais agus ar fhianaise agus í ag diúltú don shaincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar chearta cosanta agus ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Measann an t-achomharcóir freisin nár léirigh an Chúirt Ghinearálta na prionsabail a bhaineann le cosaint na gceart chun cosanta agus le cosaint éifeachtach bhreithiúnach mar is ceart agus gur chuir sí na prionsabail sin i bhfeidhm go mícheart.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus na gníomhartha a chonspóidtear á nglacadh aici sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, a mhéid a bhaineann siad leis an achomharcóir. Tá an t-achomharcóir ag brath freisin ar easpa inniúlachta na gcomhlachtaí cinnteoireachta maidir le hábhar den sórt sin.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear míthuiscint ar chritéar liostaithe (g) faoi Chinneadh 2014/145/CBES (7) agus sárú ar phrionsabal na córa comhionainne mar a chumhdaítear in Airteagal 21(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha. Líomhnaíonn an t-achomharcóir freisin gur sáraíodh prionsabal na deimhneachta dlíthiúla.


(1)   IO 2023, L 59I, lch. 437.

(2)   IO 2023, L 59I, lch. 278.

(3)  IO 2023, L 226, lch. 104.

(4)  IO 2023, L 226, lch. 3.

(5)  IO L, 2024/847. 847.

(6)  IO L, 2024/849. 847.

(7)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014, L 78, lch. 16).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5081/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)