|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5079 |
29.9.2025 |
Achomharc arna thabhairt an 8 Lúnasa 2025 ag Aquind Ltd i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a tugadh an 11 Meitheamh 2025 i gCás T-342/23, Aquind v ACER
(Cás C-539/25 P)
(C/2025/5079)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Aquind Ltd (ionadaithe: S. Goldberg, Rechtsanwältin, E. White, J. Bille, Solicitors)
Páirtí eile sna himeachtaí: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
— |
scrúdú a dhéanamh ar na héilimh faoi earráid dlí a bheith sa bhreithiúnas faoi achomharc; |
|
— |
an breithiúnas faoi achomharc a chur ar ceal; |
|
— |
an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le hathscrúdú a dhéanamh air, agus |
|
— |
a ordú do ACER na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Déantar an t-achomharc seo i gcoinne bhreithiúnas an 11 Meitheamh 2025 ón gCúirt Ghinearálta i gCás T-342/23 (‘an breithiúnas’) lena ndiúltaítear don iarratas arna dhéanamh ag an achomharcóir (‘Aquind’) an 16 Meitheamh 2023 ar chúiteamh de bharr bearta mídhleathacha ag ACER ó thaobh a chinnidh ar an 19 Meitheamh 2018, lenar diúltaíodh eisceacht a thabhairt do Aquind Interconnector Project de réir Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009. (1)
Lena breithiúnas, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta d’iarratas Aquind toisc nach raibh aon cheann de bhearta ACER mídhleathach nó ‘mídhleathach a dhóthain’ le bunús a thabhairt le caingean le haghaidh dhamáistí. Measann Aquind go bhfuil lochtanna ar réasúnú na Cúirte Ginearálta leis an tátal sin a bhaint agus tá achomharc á dhéanamh aige leis na hearráidí sin a réiteach agus leis an mbreithiúnas a chur ar ceal ar na forais a leanas:
Níor cuireadh san áireamh go ndearnadh sárú ACER go toiliúil: Níor chur an Chúirt Ghinearálta san áireamh i gceart gur fhéach ACER le bac a chur d’aon turas ar Aquind Interconnector Project a cheadú trína chur ar a chumas féin diúltú don eisceacht mar gheall ar chúrsaí beartais, agus trí chlaonadh ó fhasach an Choimisiúin Eorpaigh ar dá réir a ceadaíodh a leithéid d’eisceachtaí. Is ionann seo agus earráid dlí.
Rinneadh earráid dlí ó thaobh ábharthacht an réasúnaithe i gCás T-735/18: Is ionann an tátal de chuid na Cúirte Ginearálta nach raibh res judicata ag réasúnú na Cúirte i gCás T-735/18 agus earráid dlí toisc nár chuir an Chúirt Bhreithiúnas an réasúnú san áireamh nó ar ceal i gCás C-46/21. Anuas air sin, níl bunús leis an gcinneadh nach féidir gur leordhóthanach sárú líomhainte ar dhlí an Aontais le cruthú go ndearnadh sárú ar an smacht reachta atá leordhóthanach a dhóthain toisc nach soláthraíonn an Chúirt Ghinearálta réasúnú le tacú leis an tátal sin.
Diúltú don éileamh de bhun ‘deimhneacht dlíthiúil’: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí chinneadh gur féidir le ACER neamhaird a thabhairt ar an bhfasach arna dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach tríd an mbreithiúnas i gCás C-168/23 a agairt, nach mbaineann leis an gcás idir lámha toisc go ndéanann ACER de réir údarás an Choimisiúin Eorpaigh agus nach féidir leis neamhaird a thabhairt dá chleachtas cinnteoireachta agus fasach.
Níor cuireadh prionsabal na córa comhionainne san áireamh i gceart: Chuir an Chúirt Ghinearálta ina choinne go hearráideach go sáraítear trí chinneadh ACER an 19 Meitheamh 2018 an ceart ar chóir chomhionann trí Aquind agus ElecLink Interconnector a chaitheamh go héagsúil le chéile chun críocha na heisceachta, trína tátal a bhunú ar bhfuil neamhábhartha agus trí neamhaird a thabhairt ar a bhfuil ábhartha ar mhaithe leis an gceart ar chóir chomhionann a bhunú.
Rinneadh léiriú atá sriantach go míchuí ar ‘riosca’ in Airteagal 17(1)(b) de Rialachán Uimh. 714/2009: Déanann an Chúirt Ghinearálta léiriú cruinn ar ‘riosca’ in Airteagal 17(1)(b) ar dá réir nach mbaineann sé le srianta de réir dhlí na Fraince ach le hoibleagáidí faoi Rialachán Uimh. 714/2009 amháin. Is earráideach an réasúnú sin toisc go gcuirtear srianta de réir dhlí na Fraince sa chás seo ar úinéireacht a bheith ar ioncam agus saorchead a bheith ag daoine leis – a thagann, de réir an léirithe de chuid na Cúirte Ginearálta í féin, faoi ‘riosca’ de réir Airteagal 17(1)(b) de Rialachán Uimh. 714/2009 toisc go mbaineann sé le hAirteagail 9, 32 agus 37 de Threoir 2009/72/CE. (2) Cuireann ACER san áireamh chomh maith rioscaí dlíthiúla, polaitiúla agus rioscaí eile i gcinneadh eisceachta eile.
Rinneadh earráid dlí trí chinneadh nach raibh sé d’oibleagáid ar ACER athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh maidir le diúltú: Tá breith na Cúirte Ginearálta an raibh sé d’oibleagáid ar ACER athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh ACER an 19 Meitheamh 2018 ó mhaith toisc gur tugadh neamhaird ar bhunriachtanas stádas ‘Tionscadal Leasa Choitinn’ do dhiúltú na heisceachta agus trína chinneadh nach raibh feidhm ag an gcumhacht cinntí a leasú ach le pointí dlí agus fíricí a bhí ann ar ghlacadh an bhirt, agus nár chuir sí san áireamh na cora a bhí sa scéal ina dhiaidh sin.
Rinneadh earráid dlí trí dhiúltú don éileamh gur sáraíodh Airteagal 266 CFAE: Níor cuireadh an Chúirt Ghinearálta san áireamh nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag breithiúnais na Cúirte Ginearálta agus rinne sí earráid trína chinneadh nach raibh sé d’oibleagáid faoi Airteagal 266 CFAE ar ACER ach ar an mBord Achomhairc amháin déanamh de réir an bhreithiúnais i gCás T-735/18.
(1) Regulation (EC) No 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 (IO 2009, L 211, lch. 15).
(2) Treoir 2009/72/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO 2009 L 211, lch. 55).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5079/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)