European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4992

12.9.2025

Foilsiú iarrata ar chealú, de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1) i gcomhar le hAirteagal 25(4) den Rialachán sin.

(C/2025/4992)

Tar éis an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

IARRAIDH AR THÁSC GEOGRAFACH A CHEALÚ

(Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Colli Aprutini’

Uimh. AE: PGI-IT-A0884-CANCEL — 23.5.2025

1.   An t-ainm cláraithe atá beartaithe lena chealú

‘Colli Aprutini’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC ☐ TGFC ☒ TG ☐

3.   Earnáil

táirgí talmhaíochta

fíonta

deochanna biotáilleacha

4.   Ainm an Bhallstáit nó an tríú tír óna dtagann an tásc geografach

an Iodáil

5.   Ainm an Bhallstáit nó údarás an tríú tír a bhfuil an iarraidh ar chealú á cur faoi bhráid an Choimisiúin aige nó an léiriú go gcuireann táirgeoirí tríú tír an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe an iarraidh ar chlárú a chealú faoi bhráid an Choimisiúin go díreach agus ainm an ghníomhaire ar thug na táirgeoirí sainordú dó an iarraidh a sheoladh (níl feidhm ag an oibleagáid sainordú a thabhairt do ghníomhaire i gcás táirgeoir aonair)

AN IODÁIL — AN AIREACHT TALMHAÍOCHTA, BHIAFHLAITHIS AGUS FORAOISEACHTA

6.   I gcás iarraidh ó Bhallstát, sonraigh an iad táirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe nó an iad grúpa táirgeoirí aitheanta an táirge sin a rinne an iarraidh ar chealú ag an gcéim náisiúnta den nós imeachta. Sa chás sin, cuir isteach ainm an ghrúpa táirgeoirí aitheanta

Iarraidh arna déanamh ag na táirgeoirí

Iarraidh arna déanamh ag an ngrúpa táirgeoirí aitheanta:

7.   Aicmiú an táirge i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

22 — DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR

2204 — Fíonta ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

8.   Cineál an chealaithe

Déantar an iarraidh ar chealú i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2024/1143.

Iarraidh ar chealú sínithe agus dátaithe.


(1)   IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4992/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)