European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4991

11.9.2025

TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’

(C/2025/4991)

1.   RÉAMHRÁ: AN TIONSCNAMH Ó NA SAORÁNAIGH

Leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES), faoi Airteagal 11(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), cuirtear ar a gcumas do shaoránaigh an Aontais a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a chur isteach d’fhonn Conarthaí an Aontais a chur chun feidhme. Chun é sin a dhéanamh, ní mór dóibh sínithe a bhailiú ó mhilliún saoránach den Aontas ar a laghad agus na híostairseacha is gá a bhaint amach i seacht mBallstát ar a laghad. Le Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (an ‘Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh’) leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Is é ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’ an t-aonú Tionscnamh Eorpach déag ó na Saoránaigh (2) a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin lena scrúdú, tar éis dó na tairseacha a cheanglaítear le CAE agus leis an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a bhaint amach. Chomh maith leis sin, is é an chéad tionscnamh rathúil é a scrúdaigh an Coimisiún faoina shainordú 2024-2029.

Déanann na heagraithe cur síos ar a gcuspóirí mar a leanas:

Le beartas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin sin a bhfuil a dtréithe náisiúnta, eitneacha, cultúrtha, creidimh nó teanga éagsúil le tréithe na réigiún máguaird.

I gcás na réigiún sin, lena n-áirítear ceantair gheografacha nach bhfuil inniúlachtaí riaracháin acu, ba cheart riaráiste eacnamaíoch a chosc, an fhorbairt a chothú, agus na dálaí le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chaomhnú, ar bhealach a gcinntíonn nach n-athraítear tréithe na réigiún sin. Chuige sin, ba cheart deis chomhionann a bheith ag na réigiúin sin cistí éagsúla an Aontais a rochtain agus ní mór a chinntiú go gcaomhnaítear a dtréithe agus go ndéantar an fhorbairt eacnamaíoch chuí iontu, ionas go bhféadfar forbairt an Aontais a chothú agus a éagsúlacht chultúrtha a choinneáil.

In Iarscríbhinn a cuireadh isteach in éineacht lena n-iarraidh ar chlárú, chuir na heagraithe roinnt tograí i láthair chun cuspóirí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhaint amach:

1.

An coincheap ‘réigiúin mionlaigh náisiúnta/eitnigh’, nó go simplí ‘réigiúin náisiúnta’, i.e. ‘réigiúin a bhfuil saintréithe náisiúnta, eitneacha, cultúrtha, reiligiúnacha nó teanga acu atá éagsúil le saintréithe na réigiún máguaird’ a shainiú i ngníomh dlí de chuid an Aontais.

2.

Chomh maith le coincheap na réigiún náisiúnta a shainiú, leis an ngníomh dlí atá le mionsaothrú ag an gCoimisiún ní mór na réigiúin sin a shainaithint go sainráite freisin, agus na critéir sna doiciméid idirnáisiúnta (3) liostaithe agus toil na bpobal dá ndéantar difear á gcur san áireamh.

3.

Liosta na réigiún is mídheisiúla a luaitear in Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a leathnú chun catagóirí nua a chur san áireamh, amhail réigiúin a bhfuil saintréithe náisiúnta, teanga agus cultúrtha ar leith acu, dá ngairtear réigiúin mionlaigh náisiúnta/eitnigh.

4.

A áirithiú nach n-úsáidfear Cistí an Aontais ar bhealaí a n-athródh comhdhéanamh eitneach, féiniúlacht réigiúnach nó oidhreacht chultúrtha na réigiún náisiúnta. Áirítear leis sin cosc a chur ar úsáid Chistí an Aontais chun tacú le beartais fostaíochta lena spreagtar lonnú lucht saothair a bhfuil cúlraí cultúrtha nó teanga éagsúla acu.

5.

Teorainneacha teanga, eitneacha agus cultúrtha a chur san áireamh agus Ainmníocht na nAonad Críche maidir le staidreamh (NUTS) á bunú. Molann an grúpa eagraithe gur cheart na teorainneacha sin a bheith ina léiriú ar thoil na bpobal uatheascarthach, rud a chuirfí in iúl trí reifreann áitiúil roimh theorannú na réigiún.

6.

A áirithiú go seasfaidh na Ballstáit lena ngealltanais idirnáisiúnta maidir le mionlaigh náisiúnta. Measann na heagraithe gur sárú ar na luachanna a liostaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bheadh i gceist i gcás nach ndéanfaí na gealltanais sin a chomhlíonadh, rud a d’fhéadfadh tús a chur le nós imeachta um shárú mar a leagtar amach in Airteagal 7.

D’iarr na heagraithe ar an gCoimisiún an tionscnamh a chlárú an 18 Meitheamh 2013. Dhiúltaigh an Coimisiún ar dtús an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh atá beartaithe a chlárú (4), agus luaigh gur léir go bhfuil a ábhar lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a thíolacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme. Mar sin féin, tar éis rialú na Cúirte Breithiúnais i gcás C-420/16 P (5), chláraigh an Coimisiún an tionscnamh an 7 Bealtaine 2019, cé gur ar dhóigh cháilithe a chláraigh sé é. Luaitear in Airteagal 1(2) den chinneadh clárúcháin (6) nach bhféadfaí ráitis tacaíochta don tionscnamh a bhailiú ach amháin ‘bunaithe ar an tuiscint go bhfuil sé d’aidhm aige tograí ón gCoimisiún le haghaidh gníomhartha dlíthiúla ina leagtar amach cúraimí, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gCistí Struchtúracha agus ar choinníoll go neartófar comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais mar thoradh ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú’.

Ina theannta sin, luaitear in Aithris 5 den chinneadh maidir le clárú ‘gur féidir gníomhartha dlí an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme a ghlacadh agus cúraimí, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gCistí Struchtúracha á sainiú, a bhféadfadh grúpáil na gCistí a bheith i gceist leo, i gcomhréir le hAirteagal 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)’.

Dá réir sin, tá scrúdú an Choimisiúin ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh sin bunaithe go docht ar an ábhar mar a cláraíodh é, seachas ar ghinearáltacht chuspóirí an tionscnaimh mar atá leagtha amach ag an ngrúpa eagraithe. Deimhníodh clárú cáilithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh le rialuithe na Cúirte Ginearálta (7) agus na Cúirte Breithiúnais (8).

Tar éis d’údaráis na mBallstát na ráitis tacaíochta a fhíorú, ar cuireadh bailchríoch orthu in 2022, chuir na heagraithe an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh go foirmiúil faoi bhráid an Choimisiúin an 4 Márta 2025  (9). Ar an dáta céanna, d’fhoilsigh an Coimisiún an fógra ábhartha lena ndeimhnítear bailíocht an tionscnaimh i gclár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Rinne siad tuilleadh mionsaothraithe ar chuspóirí an tionscnaimh le linn cruinniú leis an gCoimisiún an 25 Márta 2025 agus in aighneacht i scríbhinn tar éis an chruinnithe sin, agus le linn éisteacht phoiblí a d’eagraigh Parlaimint na hEorpa an 25 Meitheamh 2025. Thairis sin, bhí díospóireacht iomlánach maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar siúl i bParlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2025.

Leagtar amach sa Teachtaireacht seo anailís agus conclúidí an Choimisiúin maidir leis an tionscnamh agus aon ghníomhaíocht atá beartaithe aige a dhéanamh mar fhreagairt ar an tionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

2.   COMHTHÉACS

2.1.   An creat dlíthiúil atá ann cheana

Beartas Comhtháthaithe an Aontais

Le buiséad iomlán EUR 392 bhilliún don chlárthréimhse 2021-2027, is é an beartas comhtháthaithe príomhbheartas infheistíochta an Aontais Eorpaigh chun cuspóir an Chonartha a chur chun feidhme, is é sin an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú.

Faoi Airteagal 174 CFAE, chun a chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú, tá an tAontas tiomanta do ‘éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú’, agus tá aird ar leith le tabhairt ar ‘limistéir thuaithe, ar limistéir a ndéanann an trasdul tionsclaíoch difear dóibh, agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus ar nós na réigiún oileánach, na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhteach’.

Téann an beartas comhtháthaithe chun tairbhe do réigiúin uile an Aontais,agus tá sé d’aidhm aige borradh a chur faoi chruthú post, iomaíochas gnó a fheabhsú, fás eacnamaíoch a chothú agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, agus cáilíocht saoil shaoránaigh an Aontais a fheabhsú.

Cuirtear chun feidhme é trí cheithre chiste thiomnaithe do chlárthréimhse 2021-2027: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), chun infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt shóisialta agus eacnamaíoch réigiúin uile an Aontais; an Ciste Comhtháthaithe, lena n-infheistítear sa chomhshaol agus san iompar i dtíortha an Aontais nach bhfuil chomh rathúil sin; Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), chun tacú le poist agus chun sochaí atá cothrom agus cuimsitheach go sóisialta a chruthú i dtíortha an Aontais; agus an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) chun tacú leis na réigiúin is mó atá thíos leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta.

Fócas críochach

Ceapadh an beartas comhtháthaithe le fócas láidir críochach. Tá an chuid is mó de chistiú an bheartais comhtháthaithe dírithe ar thíortha agus ar réigiúin bheagfhorbartha chun cabhrú leo fás agus breith suas ar réigiúin níos forbartha. Chun na héagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha atá fós ann a laghdú, cuidíonn an tAontas le gach saoránach, cibé áit a bhfuil cónaí orthu, agus ag an am céanna méadaíonn sé acmhainneacht fáis an Aontais.

Cuireann an beartas comhtháthaithe uirlisí speisialta cúraim nó infheistíochta ar fáil freisin do chríocha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha. Tá siadsan chun tairbhe an mhéid seo a leanas: réigiúin agus limistéir teorann a bhfuil baint acu le comhar trasteorann; limistéir uirbeacha; limistéir iargúlta, shléibhtiúla, oileánacha agus limistéir inar tearc an daonra; agus na réigiúin is forimeallaí.

Tairbhíonn na réigiúin is forimeallaí tairbhe de bhearta sonracha agus de chistiú breise chun a staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach a fhritháireamh mar aon leis na srianta buana a eascraíonn as na tosca dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE. Tairbhíonn na réigiúin ó thuaidh inar tearc an daonra de bhearta sonracha agus de mhaoiniú breise chun na míbhuntáistí móra nádúrtha nó déimeagrafacha dá dtagraítear in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994 a fhritháireamh.

Mar sin féin, ní le tacaíocht chríochach amháin a bhaineann an beartas comhtháthaithe. Tá tionchar láidir aige in go leor réimsí. Cuidíonn a chuid infheistíochtaí le go leor cuspóirí beartais de chuid an Aontais a bhaint amach agus comhlánaíonn siad beartais agus cistí eile de chuid an Aontais a bhaineann, mar shampla, le hoideachas, fostaíocht, fuinneamh, an comhshaol, an margadh aonair, taighde agus nuálaíocht.

Na prionsabail chothrománacha a urramú

Ní mór an beartas comhtháthaithe a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na prionsabail chothrománacha a leagtar amach i gConarthaí an Aontais, mar atá:

Airteagal 2 CAE – bunaítear leis na bunluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, lena n-áirítear meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine. Cuirtear i bhfios go láidir leis go bhfuil na luachanna sin i gcoiteann ag na Ballstáit uile agus go bhfuil siad mar bhonn agus mar thaca ag sochaí atá bunaithe ar iolrachas, neamh-idirdhealú, caoinfhulaingt, ceartas, dlúthpháirtíocht agus comhionannas inscne.

Airteagal 3 CAE – leagtar amach leis cuspóirí uileghabhálacha an Aontais, lena n-áirítear forbairt inbhuanaithe, comhtháthú sóisialta agus dlúthpháirtíocht.

Airteagal 5 CAE – leagtar amach leis prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, lena n-áirithítear go ndéantar cinntí chomh gar agus is féidir do shaoránaigh an Aontais.

Airteagal 10 CFAE – ceanglaítear ar an Aontas leis an t-idirdhealú a chomhrac agus an comhionannas a chur chun cinn ar fud a chuid beartas uile.

Leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt um Chearta Bunúsacha’) na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a threoraíonn beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Níl sé ina cheangal ar institiúidí an Aontais ná ar na Ballstáit ach amháin nuair atá dlí an Aontais á chur chun feidhme acu (10). Le hAirteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha, toirmisctear go sainráite idirdhealú ar aon fhoras, lena n-áirítear gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, chomh maith le hidirdhealú ar bhonn náisiúntachta laistigh de raon feidhme dhlí an Aontais.

Forbairtí i gcreat dlíthiúil an bheartais comhtháthaithe

Ón uair a tíolacadh an iarraidh ar chlárú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh atá beartaithe an 18 Meitheamh 2013, tá forbairtí suntasacha tagtha ar an gcreat dlíthiúil lena rialaítear an beartas comhtháthaithe. Mar thoradh ar na forbairtí sin, neartaíodh go suntasach na hoibleagáidí chun prionsabail chothrománacha a urramú, tá tiomantas méadaithe ann chun comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha a áirithiú, agus tháinig feabhas ar rannpháirtíocht na saoránach.

I measc na bpríomhfhorbairtí a tugadh isteach i gclárthréimhsí 2014-2020 agus 2021-2027 tá:

Urraim fheabhsaithe do phrionsabail chothrománacha, lena n-áirítear frith-idirdhealú: Tugadh isteach ceanglais shainráite ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit céimeanna iomchuí a ghlacadh chun idirdhealú a chosc agus cláir á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme (Airteagail 7, 9(9), 15(2)(iii), 96(4)(a), 96(7)(b) agus 125(3)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) chomh maith leis an gcoinníollacht ghinearálta ex ante maidir le frith-idirdhealú a áirítear i gCuid II d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán céanna; agus Airteagail 9(3), 22(3)(d)(iv) agus 73(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12)).

Coimircí níos láidre chun comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha a áirithiú: Saintréith de chlárthréimhse 2021-2027 is ea coimircí níos láidre maidir le cearta bunúsacha a urramú agus an Chairt um Chearta Bunúsacha a chomhlíonadh, mar is léir ó na coinníollacha cumasúcháin cothrománacha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060, lena n-áirítear an coinníoll cumasúcháin cothrománach ‘Cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme éifeachtach na Cairte um Chearta Bunúsacha’, mar aon le sásra chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na Cairte, mar a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán céanna.

Rannpháirtíocht fheabhsaithe na saoránach: Tá deiseanna níos fearr ag saoránaigh anois idirghníomhú lena n-údaráis náisiúnta a bhuí le roinnt forbairtí, lena n-áirítear socruithe a thabhairt isteach chun scrúdú éifeachtach ar ghearáin a bhaineann leis na cistí (Airteagal 74(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Airteagal 69(7) de Rialachán (AE) 2021/1060), rannpháirtíocht comhpháirtithe (Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1060), agus méadú suntasach ar thrédhearcacht a áirithiú, ar nithe iad lena dtugtar rochtain níos fearr ar fhaisnéis do shaoránaigh (féach mar shampla Airteagal 5(3)(a), 14(2), 26(2), 34(3)(b), 48(1), 115 agus 125(3)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Airteagail 38(2), 38(4), 42(5), 43(4), 44(7), 45(3), 46-50, agus 73(1) de Rialachán (AE) 2021/1060).

Meas ar éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus neamh-idirdhealú

Tá urraim do chearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad ar cheann de luachanna bunaidh an Aontais Eorpaigh a luaitear go sainráite in Airteagal 2 CAE (13). Ar an gcaoi chéanna, tá comhrac an idirdhealaithe agus caomhnú na héagsúlachta cultúrtha agus teanga i measc phríomhchuspóirí an Aontais Eorpaigh a shainaithnítear in Airteagal 3(3) CAE (14). Ina theannta sin, tá toirmeasc sainráite ar aon idirdhealú bunaithe ar bhallraíocht i mionlach náisiúnta in Airteagal 21(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha.

Tá feidhm ag na prionsabail sin maidir le beartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais, gan beann ar an réimse gníomhaíochta, lena n-áirítear an beartas comhtháthaithe ar an gcaoi sin. Ar an gcaoi chéanna, tá na Ballstáit faoi cheangal a mhéid a bhaineann a ngníomhaíochtaí faoin mbeartas comhtháthaithe le cur chun feidhme dhlí an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 51(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha. I gcásanna nach gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, coinníonn na Ballstáit cumhachtaí ginearálta chun cinntí a dhéanamh faoi mhionlaigh, i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoina n-ord bunreachtúil agus lena ngealltanais a eascraíonn as comhaontuithe idirnáisiúnta. Ina thaobh sin, maidir le Cairt Eorpach Chomhairle na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus an Creat-Choinbhinsiún maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint,is iad creat dlíthiúil ábhartha an dlí idirnáisiúnta i gcónaí iad do na Ballstáit sin a shínigh agus a dhaingnigh na comhaontuithe sin.

Le linn chlárthréimhse 2021-2027, i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní mór do na Ballstáit agus don Choimisiún araon bearta iomchuí a dhéanamh chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc i ngach céim de thimthriall an chláir – ó ullmhú na gclár go dtí an mheastóireacht orthu. Áireoidh na Ballstáit, ina gcláir, gníomhaíochtaí lena ndéantar comhionannas, cuimsiú agus neamh-idirdhealú a choimirciú (15).

Thairis sin, níor cheart do na cistí tacú le haon ghníomhaíocht a rannchuidíonn le haon chineál idirdheighilte nó eisiaimh agus, i gcomhréir le hAirteagal 73(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní mór d’údaráis bhainistíochta critéir thrédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha agus nósanna imeachta trédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha a bhunú agus a chur i bhfeidhm chun oibríochtaí a roghnú, lena n-áiritheofar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, comhionannas inscne, agus ailíniú leis an gCairt um Chearta Bunúsacha.

Bainistíocht chomhroinnte

Déantar buiséad an Aontais a leithdháiltear ar chistí an bheartais comhtháthaithe a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(b) den Rialachán Airgeadais (16). Ciallaíonn sé sin go gcomhroinneann an Coimisiún agus na Ballstáit araon an fhreagracht as na cistí a chur chun feidhme agus as comhlíonadh rialacha agus phrionsabail an Aontais a áirithiú.

Faoi bhainistíocht chomhroinnte, tá na Ballstáit freagrach as cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal críochach iomchuí i gcomhréir lena gcreataí institiúideacha, dlíthiúla agus airgeadais.

Ag tús chlárthréimhse 2021-2027, tugadh Comhaontú Comhpháirtíochta i gcrích idir an Coimisiún agus gach Ballstát. Leagtar amach sa doiciméad straitéiseach sin an chaoi a leithdháilfear agus a n-úsáidfear cistiú an bheartais comhtháthaithe ar an leibhéal náisiúnta, rud a léiríonn tosaíochtaí agus dúshláin forbartha shonracha gach Ballstáit.

Ag tógáil ar na Comhaontuithe Comhpháirtíochta, d’fhormheas an Coimisiún cláir aonair arna gcur isteach ag na Ballstáit ina dhiaidh sin. Tá na cláir sin curtha in oiriúint do na riachtanais réigiúnacha agus forbraítear iad i ndlúthchomhar le húdaráis áitiúla agus le raon leathan páirtithe leasmhara, rud a chinntíonn go bhfuil siad oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha réigiúnacha agus earnála.

Tá cur chun feidhme na gclár sin faoi réir rialacha agus nósanna imeachta atá sainithe go soiléir, lena n-áirithítear trédhearcacht, cuntasacht agus cur i gcrích éifeachtach infheistíocht an Aontais ar an láthair.

Comhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil

Tá an chomhpháirtíocht ar cheann de cholúin bhunúsacha an bheartais comhtháthaithe. Ceanglaítear leis ar na Ballstáit dlúthchomhar a áirithiú idir údaráis phoiblí ar leibhéil éagsúla rialtais agus raon leathan páirtithe leasmhara. Mar a shonraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ba cheart na heintitis seo a leanas a áireamh sna comhpháirtithe: údaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile; comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta; eagraíochtaí taighde agus ollscoileanna, i gcás inarb iomchuí; agus comhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí shibhialta amhail comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus, níos tábhachtaí fós sa chás sin, comhlachtaí atá freagrach as cuimsiú sóisialta, cearta bunúsacha, cearta daoine faoi mhíchumas, comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn, inar féidir comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna mionlach a chur san áireamh freisin.

Is é is cuspóir do phrionsabal na comhpháirtíochta cabhrú le pobail trí shainaithint níos fearr ar a riachtanais faoi seach a éascú, as a dtiocfaidh tiomantas comhchoiteann níos láidre chun cuspóirí chláir an bheartais comhtháthaithe a chomhlíonadh agus braistint úinéireachta a chothú i measc na gcomhpháirtithe lena mbaineann. Is féidir é a bheith ina chuidiú freisin leis an tacaíocht do na comhluachanna Eorpacha a neartú trína chur in iúl conas a rannchuidíonn an beartas comhtháthaithe le fadhbanna áitiúla a thuiscint agus a réiteach, agus ar an gcaoi sin an tAontas a thabhairt níos gaire do na daoine (17).

Treisíodh ról ríthábhachtach na comhpháirtíochta leis an gCód Iompair Eorpach maidir le Comhpháirtíocht in 2014 (18), lenar tugadh treoir shoiléir do na Ballstáit maidir le conas rannpháirtíocht comhpháirtithe ábhartha a spreagadh ar bhealach tráthúil, fóinteach agus trédhearcach. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí a áireamh a bhféadfadh cláir difear a dhéanamh dóibh ach a mbíonn sé deacair orthu tionchar a imirt orthu, go háirithe na pobail is leochailí agus is imeallaithe, arb iad is mó atá i mbaol idirdhealaithe nó eisiaimh shóisialta (19). Is éard atá i gceist leis sin go n-aithnítear go sainráite go bhfuil rannpháirtíocht ionadaithe ó ghrúpaí imeallaithe ríthábhachtach chun bearta an bheartais comhtháthaithe atá dírithe ar iad a chuimsiú a chur chun feidhme go héifeachtach agus chun faireachán a dhéanamh orthu.

Thairis sin, faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) (‘Rialachán CSE+’), tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte a leithdháileadh i ngach clár ar fhothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. I gcás ina sainaithnítear fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta le moladh tírshonrach ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) CFAE, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann méid iomchuí de 0,25 % ar a laghad dá acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a leithdháileadh chun na críche sin. Féadfaidh ionadaithe ó mhionlaigh teanga agus chultúrtha a bheith san áireamh in eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus ar an gcaoi sin áirithítear go dtabharfar tacaíocht do na grúpaí sin trí oiliúint agus líonrú, trí idirphlé sóisialta a chur chun cinn, agus gníomhaíochtaí arna ndéanamh go comhpháirteach ag comhpháirtithe sóisialta.

Coinníollacha cumasúcháin

Ó cuireadh isteach an iarraidh ar chlárú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, tá coinníollacha cumasúcháin ina bpríomhchuid den bheartas comhtháthaithe anois, rud a chuidíonn lena áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais is gá chun úsáid éifeachtach éifeachtúil a bhaint as cistí. Ag tógáil ar choincheap 2014-2020 maidir le ‘coinníollachtaí ex ante ’, ní mór coinníollacha cumasúcháin a urramú le linn chlárthréimhse 2021-2027 ina hiomláine chun go mbeidh caiteachas incháilithe le haghaidh aisíocaíochta. Leagtar amach na critéir maidir le gach ceann de na coinníollacha cumasúcháin a chomhlíonadh in Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060.

Tá dhá chineál coinníollacha cumasúcháin ann:

Coinníollacha cumasúcháin cothrománacha, a bhfuil feidhm acu ar fud na gclár beartais comhtháthaithe uile agus a bhaineann le creataí rialála bunúsacha. Ceann díobh sin is ea an coinníoll cumasúcháin cothrománach maidir le ‘Cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme éifeachtach na Cairte um Chearta Bunúsacha’. Ceanglaítear leis ar na Ballstáit socruithe éifeachtacha a bheith i bhfeidhm acu chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na cláir an Chairt ag gach céim den chlársceidealú agus den chur chun feidhme.

Tá coinníollacha cumasúcháin téamacha, a bhfuil feidhm acu maidir le CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe, nasctha go príomha le creataí beartais nó straitéiseacha sonracha. I measc na samplaí tá na coinníollacha cumasúcháin téamacha ‘Creat beartais straitéiseach náisiúnta maidir le cuimsiú náisiúnta na Romach’ agus ‘Creat beartais straitéiseach náisiúnta le haghaidh cuimsiú sóisialta agus laghdú bochtaineachta’.

Ní hamháin gur coinníollacha réamhriachtanais iad coinníollacha cumasúcháin chun infheistíochtaí a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil, is féidir leo a bheith ina spreagadh éifeachtach don athchóiriú laistigh de na Ballstáit, rud a spreagann forbairt struchtúr fónta rialachais agus straitéisí spriocdhírithe náisiúnta nó réigiúnacha lena bhfeabhsaítear tionchar foriomlán infheistíochtaí an bheartais comhtháthaithe agus lena n-áirithítear a n-ailíniú le bunluachanna, prionsabail agus cuspóirí an Aontais Eorpaigh.

Leithdháileadh na gcistí comhtháthaithe agus na réigiún incháilithe

Sonraítear an modh a úsáideadh i gclárthréimhse 2021-2027 chun cistiú bheartas comhtháthaithe an Aontais a leithdháileadh ar thíortha agus ar réigiúin in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060. Tá an leithdháileadh bunaithe ar tháscairí oibiachtúla inchomparáide ar leibhéal NUTS 2. Tá réigiúin uile na hEorpa incháilithe do thacaíocht ón mbeartas comhtháthaithe, agus léiríonn méid an mhaoinithe leibhéal forbartha agus dúshláin shóisialta na réigiún.

Is é príomhtháscaire an mhodha leibhéal forbartha na réigiún, agus roinnt éagsúlachtaí ann idir catagóirí de réigiúin bheagfhorbartha, réigiúin trasdula agus réigiúin níos forbartha. Bíonn OTI per capita níos lú ná 75 % de mheán an Aontais ag réigiúin bheagfhorbartha, bíonn OTI per capita ag réigiúin trasdula idir 75 % agus 100 % de mheán an Aontais, agus bíonn OTI per capita ag réigiúin níos forbartha os cionn 100 % de mheán an Aontais. Ríomhtar an bhearna rathúnais do gach réigiún trí úsáid a bhaint as OTI/an duine (i gCaighdeáin Cumhachta Ceannaigh (CCC)), agus an daonra agus rathúnas náisiúnta á gcur san áireamh. Úsáidtear roinnt táscairí breise ansin chun an leithdháileadh a mhionchoigeartú de réir staid na réigiún. Léiríonn na táscairí sin dúshláin shocheacnamaíocha, chomhshaoil agus dhéimeagrafacha: dífhostaíocht, dífhostaíocht i measc na hóige, leibhéal íseal oideachais, astaíochtaí gás ceaptha teasa, imirce sheachtrach. Is ionann leithdháileadh gach Ballstáit agus suim na leithdháiltí dá réigiúin incháilithe aonair. Is féidir uasteorainn a chur leis an leithdháileadh deiridh do Bhallstát chun céatadán réamhchinntithe dá OTI iomlán a urramú, chun a áirithiú gur féidir leis an mBallstát cistí leithdháilte an Aontais a ionsú go leordhóthanach. Tá sé sin idir 2,3 % de OTI i gcás réigiúin atá faoi bhun 55 % de mheán-OIN per capita an Aontais in CCC agus 1,5 % i gcás na réigiún sin atá os cionn 68 % de mheán-OIN per capita an Aontais in CCC.

Déantar leithdháiltí náisiúnta a chomhiomlánú de réir catagóir réigiúin (réigiún beagfhorbartha, réigiún trasdula, réigiún níos forbartha). Ní mór do na Ballstáit, le roinnt solúbthachta (21), an leithdháileadh ar gach ceann de na trí chatagóir réigiún a urramú. Déantar é sin chun a áirithiú go ndíreofar na hacmhainní ar na réigiúin is lú forbairt i gcomhréir le cuspóirí CFAE an bheartais comhtháthaithe chun neamhionannais eacnamaíocha, shóisialta agus chríochacha a laghdú.

Chuige sin, tá sainaithint na réigiún ar leibhéal an Aontais bunaithe ar chóras coiteann aicmithe na réigiún a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), córas a athbhreithníodh le déanaí le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/674 ón gCoimisiún (23). Sainmhínítear aicmiú NUTS na n-aonad críche ar bhonn ‘aonaid riaracháin’, rud a chiallaíonn limistéar geografach a bhfuil údarás riaracháin aige a bhfuil sé de chumhacht aige cinntí riaracháin nó beartais a dhéanamh don limistéar sin laistigh de chreat dlíthiúil agus institiúideach an Bhallstáit, agus na tairseacha daonra dá bhforáiltear sa Tábla in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 (24) (‘critéir aicmithe’). I gcás nach ann d’aonaid riaracháin ar scála oiriúnach i mBallstát le haghaidh leibhéal áirithe NUTS, cruthófar an leibhéal sin trí líon iomchuí aonad riaracháin tadhlach níos lú a chomhiomlánú. Ní mór do na haonaid neamhriaracháin sin na tairseacha daonra a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 a chomhlíonadh go ginearálta. I gcásanna áirithe, áfach, féadfaidh siad imeacht ó na tairseacha sin i ngeall ar imthosca geografacha, socheacnamaíocha, stairiúla, cultúrtha nó comhshaoil ar leith, go háirithe sna hoileáin agus sna réigiúin is forimeallaí, i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003. Sna cásanna sin, cuirfidh na Ballstáit san áireamh cuspóir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, is é sin inchomparáideacht an staidrimh a bhaineann le leibhéal forbartha na n-aonad riaracháin éagsúil a áirithiú. Thairis sin, i gcás ina bhforáiltear leis an bhforáil sin go bhféadfaidh na haonaid neamhriaracháin imeacht ó na tairseacha sainithe mar gheall ar imthosca geografacha, socheacnamaíocha, stairiúla, cultúrtha nó comhshaoil, ní thagraíonn sé sin ach d’aonaid neamhriaracháin a chomhfhreagraíonn iad féin do chomhiomlánú aonad riaracháin atá sna Ballstáit atá i gceist chun críoch staidrimh amháin agus gan a bheith in ann modhnú a dhéanamh air sin, ar bhealach ar bith, ar an gcreat polaitiúil, riaracháin agus institiúideach atá ann sna Ballstáit atá i gceist.

I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, i bprionsabal, is féidir leasuithe a dhéanamh ar aicmiú NUTS gach 3 bliana ar a luaithe, mura ndéantar atheagrú substaintiúil ar struchtúr riaracháin ábhartha Ballstáit, agus sa chás sin féadfar leasuithe den sórt sin a ghlacadh ag eatraimh níos giorra. Déantar na leasuithe sin ar bhonn athruithe sna haonaid chríche a tugadh isteach ar thionscnamh na mBallstát. Ní thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7a chun aicmiú NUTS in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 a leasú, ach amháin tar éis don Bhallstát lena mbaineann na hathruithe sin a chur in iúl dó.

2.2.   An comhthéacs atá ann faoi láthair maidir leis an mbeartas

Deiseanna cistiúcháin faoi CFRE

Tá ról tábhachtach ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le tacaíocht a thabhairt do mhionlaigh agus do ghrúpaí imeallaithe, mar chuid de na hiarrachtaí chun cur le saol níos fearr do dhaoine agus do réigiúin ar fud na hEorpa. Don chlárthréimhse 2021-2027, leithdháileadh thart ar EUR 19 mbilliún ó CFRE ar limistéir fáis chuimsithigh, lena n-áirítear leithdháileadh chun grúpaí imeallaithe a chuimsiú.

Trí fhorbairt bonneagair, trealamh agus comhar trasteorann, treisíonn tacaíocht CFRE laistigh de chláir an bheartais comhtháthaithe iarrachtaí na mBallstát agus na réigiún cuimsiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe a chur chun cinn agus rochtain chomhionann ar sheirbhísí ardcháilíochta agus cuimsitheacha a áirithiú san fhostaíocht, san oideachas agus san oiliúint, sa tithíocht, sa chúram sláinte, sa chúram idir shóisialta agus fhadtéarmach, agus ó thaobh cultúir de (Airteagal 3(1)(d) de Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25)).

Tá sé d’aidhm ag na bearta freisin aghaidh a thabhairt ar na riachtanais áitiúla. Chuige sin, d’fhéadfadh na hinfheistíochtaí a bheithina gcuid de straitéisí réigiúnacha nó áitiúla freisin, lena n-áirítear straitéisí forbartha inbhuanaithe nó uirlisí críochacha eile.

Neartaíodh leis an mbeartas comhtháthaithe freisin an t-aitheantas a thugtar leis do chumhacht chlaochlaitheach an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha agus an ról atá aige maidir le cuimsiú sóisialta a chothú agus éagsúlacht na réigiún Eorpach a chosaint. I gclárthréimhse 2021-2027, leithdháileadh EUR 5,2 billiún san iomlán ó CFRE ar idirghabhálacha atá dírithe go díreach ar an gcultúr agus ar an oidhreacht.

Faoin tacaíocht sin, tugadh aird mhór ar rochtain chomhionann ar chultúr a áirithiú agus ar éagsúlacht chultúrtha, cuimsiú sóisialta agus deiseanna fostaíochta níos fearr a éascú. Áirítear ar bhearta sonracha caomhnú agus luachshocrú na hoidhreachta cultúrtha, forbairt seirbhísí agus trealaimh chultúrtha nua agus comhar cultúrtha trasteorann.

Sampla de thacaíocht don oidhreacht réigiúnach teanga agus chultúrtha is ea athchóiriú Henter Mansion (26) i gceantar Sântimbru, Contae Harghita, ina labhraítear an Ungáiris den chuid is mó. Maidir leis an tionscadal, arna mhaoiniú faoi Chlár Oibríochtúil Réigiúnach 2014-2020 na Rómáine, bhí sé d’aidhm aige féiniúlacht áitiúil a athbheochan agus turasóireacht a chur chun cinn trí cheardaíocht thraidisiúnta agus trí ghníomhaíochtaí cultúrtha cuimsitheacha. Tá taispeántais idirghníomhacha agus imeachtaí chun oidhreacht na hUngáire a cheiliúradh á n-óstáil ag an bhfoireann athchóirithe anois, lena n-áirítear taispeántais cheardaíochta agus léirithe traidisiúnta ó phobail eitneacha Ungáracha. Tugtar aird ar leith ar chuimsiú, agus cuirtear spás fáilteach ar fáil do leanaí faoi mhíbhuntáiste agus do dhaoine faoi mhíchumas chun dul i dteagmháil leis an oidhreacht. Bíonn ról gníomhach ag cónaitheoirí áitiúla chun scéalta pearsanta a bhailiú agus iad a úsáid chun feasacht a mhúscailt ó ghlúin go glúin. Tá an tionscadal seo ina shamhail anois do phobail faoi thromlach na hUngáire sa Rómáin, rud a léiríonn conas is féidir le hathchóiriú oidhreachta cruthú cultúrtha, cuimsiú agus forbairt tuaithe inbhuanaithe a chothú.

Deiseanna cistiúcháin i gcomhthéacs Interreg

I gclárthréimhse 2021-2027, tugann 86 chlár Interreg deis d’údaráis réigiúnacha, do pháirtithe leasmhara eacnamaíocha agus sóisialta agus d’ionadaithe sibhialta oibriú i gcomhar le chéile thar theorainneacha inmheánacha agus seachtracha an Aontais araon. Ar bhonn cur chuige áitbhunaithe, tugann Interreg tacaíocht do mhalartuithe cultúrtha agus teanga chun an oidhreacht áitiúil agus pobail áitiúla a chur chun cinn, chun Eoraip níos cuimsithí agus níos aontaithe a chothú agus chun deireadh a chur le bacainní a bhaineann an bonn den chumas comhair.

Is iad seo a leanas na leithdháiltí CFRE is ábhartha sa chomhthéacs sin: EUR 1,2 billiún geallta faoi chuspóir sonrach 4.6 don turasóireacht agus don chultúr; EUR 50 milliún faoi chuspóir sonrach 4.3 chun pobail imeallaithe a lánpháirtiú; EUR 300 milliún faoi chuspóir beartais 5 chun tacú le straitéisí críochacha comhtháite trasteorann. Ina theannta sin, leithdháileadh EUR 1,5 billiún chun rialachas an chomhair a fheabhsú, lena n-áirítear cothú muiníne, cineálacha cur chuige rannpháirteacha agus duine le duine, fothú acmhainneachta institiúidí agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní teorann.

Áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí de thionscadail atá dírithe ar mhionlaigh a chosaint agus ar shaintréithe réigiúnacha teanga agus cultúrtha a chaomhnú:

Clár Réigiún na Danóibe 2021-2027, faoin gcuspóir sonrach ‘Ról an chultúir agus na turasóireachta inbhuanaithe san fhorbairt eacnamaíoch, sa chuimsiú sóisialta agus sa nuálaíocht shóisialta a fheabhsú’. Maoinítear leis sin an tionscadal ‘ Culinary Trail of the Eitnic and Local Cuisine in the Danube Region ’  (27) [Conair Chócaireachta an Bhia idir Eitneach agus Áitiúil i Réigiún na Danóibe], lena dtugtar aghaidh ar 30 grúpa eitneach (lena n-áirítear oidhreacht na nGiúdach agus pobail Romacha atá an-imeallaithe), oidhreacht chócaireachta áitiúil (lena n-áirítear fíonsaothrú), agus oidhreacht i bpobail atá iargúlta agus tearcfhorbartha ó thaobh na geografaíochta de, rud a chuireann deiseanna suntasacha eacnamaíocha ar fáil do cheantair thuaithe agus do lonnaíochtaí beaga. Agus é sin á dhéanamh, cuirfidh an Chonair Chócaireachta ar a chumas do Réigiún na Danóibe leas a bhaint as a thírdhreach eitneach bríomhar éagsúil, a stair shaibhir chasta agus a thraidisiúin chultúrtha shaibhir chasta.

I gclárthréimhse 2014-2020, tá cuspóirí sonracha tiomnaithe ag clár Interreg Nord (SE-FI-NO) a bhaineann le caomhnú agus forbairt teangacha Sámacha lena n-áirítear teangacha Sámacha a chaomhnú agus a fhorbairt i measc an phobail Shámaigh, an pobal dúchasach a chuireann fúthu sa limistéar sin go traidisiúnta. Is fiú trí thionscadal a lua:

Giellagáldu (28): ba é aidhm an tionscadail úsáid teangacha Sámacha a neartú in earnálacha éagsúla san Fhionlainn, sa tSualainn agus san Iorua tríd an téarmaíocht agus an stór focal riachtanach, caighdeáin nua le húsáid i dteangacha Sámacha a cheapadh agus comhairle a chur ar fáil d’úsáideoirí na dteangacha Sámacha.

Plupp (29): ba é uaillmhian an tionscadail 50 taibhiú a chur chun feidhme mar réimse oideachasúil, áit ar cheart go bhfeidhmeodh eispéireas ealaíne mar aistriú theanga agus chultúr na Sámach. Is é an toradh a bhí ar an tionscadal ‘The story of Plupp’, léiriú drámaíochta ceoil do leanaí idir 6 agus 10 mbliana d’aois a chuireann síos ar nádúr thoimhdí bunúsacha na Sámach i gcur chuige simplí oideachasúil siamsúil.

Deanuleagis sámástit (30): is é is aidhm don tionscadal líonra a chruthú d’ionad teanga ghleann abhann Tana, rud a mhéadaíonn úsáid na teanga Sámaí i réimsí teanga trasteorann éagsúla agus a chuireann aistriú eolais faoin oidhreacht chultúrtha idir na glúnta chun cinn ag an am céanna.

Faoi chlárthréimhse 2021-2027, is dlúthchuid de chlár Interreg Aurora (SE-FI-NO) é an comhar Sámach.

Cuirtear deiseanna ábhartha ar fáil freisin chun tacú leis an oidhreacht chultúrtha agus leis an tsainiúlacht chultúrtha le cuspóir beartais nua 5 maidir le ‘Eoraip atá níos gaire do na saoránaigh’. Mhúnlaigh pobail áitiúla roinnt straitéisí críochacha comhtháite lasmuigh de na teorainneacha riaracháin chun próisis rannpháirtíochta agus tionscnaimh áitiúla a chur chun cinn i gcineálacha éagsúla réimsí feidhme ar a dtugtar ‘imchuacha maireachtála’.

Mar shampla, faoin gclár comhair, tugtar aghaidh ar chultúir réigiúnacha na Spáinne-na Fraince-Andorra (POCTEFA) le dhá cheann de na cúig straitéis chomhtháite a glacadh:

Leis an nGrúpáil Eorpach um Chomhar Críochach (EGTC), déantar an straitéis le haghaidh na Limistéar Feidhmiúil Thiar (AFOMEF) (31) a chur chun cinn tríd an Eora-réigiún ‘an Acatáin Nua-Euskadi-Navarra’. Is é is aidhm don straitéis na bacainní leanúnacha ar shoghluaisteacht agus iompar réigiúnach níos fearr agus níos inbhuanaithe a shárú, na bacainní ar mhargadh saothair áitiúil níos comhtháite agus ar ilteangachas leathnaithe a shárú, trí úsáid na Bascaise mar theanga choiteann a threisiú.

Is iad Roinn Pyrénées-Orientales (príomhpháirtí), Generalitat de Catalunya agus Diputació de Girona a dhéanann straitéis EsCaT (32) (limistéar trasteorann na Catalóine) d’fhonn na hidirghníomhaíochtaí sna himchuacha maireachtála atá ann cheana a neartú agus cáilíocht saoil na n-áitritheoirí a fheabhsú, trí dhíriú ar thrí ghné: creat cobhsaí agus cumasúcháin le haghaidh comhair; críoch níos athléimní in aghaidh an athraithe aeráide; muintearas le críoch trasteorann agus rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta.

Thairis sin, le Rialachán Interreg (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) don chlárthréimhse 2021-2027, bunaíodh forálacha sonracha (Airteagail 24 agus 25) chun tacú le tionscadail ar mhionscála, ar tionscadail iad atá níos lú agus níos éasca a chur chun feidhme, mar phríomhuirlis chun rannpháirtíocht cineálacha nua faighteoirí deiridh a spreagadh (34), ar faighteoirí iad a bhféadfadh sé nach mbeadh taithí acu roimh ré ar chomhar faoi Interreg nó, ar bhonn níos ginearálta, ar chistiú ón Aontas, amhail:

gníomhaithe na sochaí sibhialta, ar féidir leo nuálaíocht agus dinimic nua a thabhairt isteach sa chomhar;

údaráis áitiúla, scoileanna agus comhlachais, a eisiatar go minic ó scéimeanna cistiúcháin traidisiúnta an Aontais mar gheall ar easpa faisnéise nó acmhainní chun iad a bhainistiú;

saoránaigh iad féin, rud a chuireann ar a gcumas dóibh tionchar nithiúil an bheartais Eorpaigh ar a saol laethúil a thuiscint agus úinéireacht a ghlacadh ar thionscadail a bheidh ann amach anseo ina gceantar áitiúil.

Cé go bhfuil an chlárthréimhse fós ar siúl, tá EUR 110 milliún leithdháilte cheana féin, go háirithe le haghaidh gníomhaíochtaí duine le duine, fothú acmhainneachta agus muiníne, rannpháirtíocht na saoránach, tástáil smaointe píolótacha, agus tionscnaimh faoi stiúir an phobail agus tionscnaimh an phobail.

Deiseanna cistiúcháin faoi CSE+

Mar phríomhionstraim an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, tacaíonn CSE+ le beartais na mBallstát, comhlánaíonn sé iad agus cuireann sé luach leo chun comhionannas deiseanna, rochtain ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma, cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta a áirithiú. Tá buiséad iomlán EUR 141,65 billiún ag CSE+ (agus ba é EUR 95 bhilliún ranníocaíocht an Aontais leis an mbuiséad sin). As sin, tá EUR 44 bhilliún dírithe ar fhostaíocht, EUR 45,5 billiún ar chuimsiú sóisialta, EUR 43,3 billiún ar oideachas agus scileanna agus EUR 5,3 billiún chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábharach.

Is príomh-spriocghrúpa de CSE+ iad pobail imeallaithe agus is féidir tacú leo faoi chuspóirí sonracha uile CSE+ (35). Cuireann na Ballstáit tacaíocht ar fáil do phobail imeallaithe sna réimsí seo a leanas: fostaíocht; rochtain ar oideachas; feabhas a chur ar chórais oideachais agus oiliúna agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil; cuimsiú gníomhach; rochtain chomhionann ar chúram sláinte agus ar sheirbhísí sóisialta; agus lánpháirtiú daoine atá i mbaol.

Mar shampla, chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, leithdháileann na Ballstáit 25 % ar a laghad dá n-acmhainní CSE+ ar an sprioc sin mar a shonraítear in Airteagal 7(4) de Rialachán CSE+. Ina theannta sin, rinneadh an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) a chomhtháthú in CSE+ chun bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar. Ceanglaítear ar na Ballstáit uile 3 % ar a laghad dá n-acmhainní CSE+ a chaitheamh ar an aidhm sin, i gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Rialachán CSE+.

Ina theannta sin, ní mór do na Ballstáit uile méid iomchuí dá n-acmhainní CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe agus ar athchóirithe struchtúracha chun tacú le fostaíocht don aos óg agus i gcás na mBallstát sin ag a raibh meánráta os cionn mheán an Aontais de dhaoine óga idir 15 agus 29 mbliana d’aois nach raibh i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) don tréimhse idir 2017 agus 2019, ar bhonn sonraí Eurostat, ní mór dóibh 12,5 % ar a laghad dá n-acmhainní CSE+ a thiomnú don óige i gcomhréir le hAirteagal 7(6) de Rialachán CSE+.

Is féidir leis an réimse maidir le dul i ngleic le bochtaineacht leanaí brath ar chistiú tiomnaithe CSE+ freisin. Le CSE+, ceanglaítear ar na Ballstáit a raibh meánráta leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois os cionn mheán an Aontais i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta don tréimhse idir 2017 agus 2019, ar bhonn shonraí Eurostat, 5 % ar a laghad dá n-acmhainní CSE+ a leithdháileadh chun bearta a chur chun feidhme chun é a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán CSE+.

Maidir leis an tacaíocht shonrach do mhionlaigh agus do ghrúpaí imeallaithe, tacaíonn CSE+ le cuimsiú pobal imeallaithe amhail pobail imeallaithe Romacha, daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu, daoine gan dídean, leanaí agus daoine scothaosta. Déantar cur chuige comhtháite ilghnéitheach lena gcomhcheanglaítear infheistíochtaí san fhostaíocht, san oideachas, sa chúram sláinte agus sa tithíocht a chur chun cinn in éineacht le fothú acmhainneachta d’údaráis áitiúla agus don tsochaí shibhialta ar an leibhéal áitiúil.

Thairis sin, in éineacht le CFRE, tacaíonn CSE+ le Forbairt Áitiúil faoi stiúir an Phobail, lena dtugtar de chumhacht do phobail áitiúla tionscadail a dhearadh agus a chur ar fáil lena dtugtar aghaidh ar a riachtanais shonracha shóisialta agus eacnamaíocha (36) mar a leagtar amach in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/1060.

Le linn chlárthréimhse 2021-2027, bunaíodh tionscnamh CSE+ um Nuálaíocht Shóisialta+ (37). Tá sé á bhainistiú ag an Lárionad Eorpach Inniúlachta um Nuálaíocht Shóisialta a bhunaigh Gníomhaireacht na Liotuáine um Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE). Is é is aidhm don tionscnamh sin dlús a chur le haistriú agus uas-scálú réiteach nuálach a tástáladh i réimsí na fostaíochta, na soghluaisteachta saothair, an oideachais agus an chuimsithe shóisialta. Déanann EFSA bainistiú go háirithe ar Phobal Cleachtais CSE+ maidir le Cuimsiú Sóisialta agus ar Phobal Cleachtais CSE+ maidir le hImircigh a Lánpháirtiú. Is é is aidhm dó foghlaim fhrithpháirteach agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a chothú idir Údaráis Bhainistíochta CSE+ agus gníomhaithe eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistiú CSE+.

Tá Líonra EURoma ann freisin (a cruthaíodh in 2007, arna chistiú le CSE (2007-2020)/CSE+ (2021-2027) agus arna bhainistiú ag Fundación Secretariado Gitano agus ESFA (le haghaidh 2021-2027 atá san áireamh sa Tionscnamh um Nuálaíocht Shóisialta+) (38). Is é an aidhm rannchuidiú le cuimsiú sóisialta, comhionannas deiseanna agus an comhrac in aghaidh idirdhealú an phobail Romaigh a chur chun cinn trí fheabhas a chur ar úsáid CSE+ agus CFRE, le hobair shonrach i gcruinnithe coiste bainistíochta, anailís théamach agus comhar déthaobhach nó iltaobhach do chomhpháirtithe atá ag obair ar mhaithe le cuimsiú na Romach.

Tá CSE+ ag tacú le tionscadail chun cuimsiú pobal imeallaithe i dtíortha éagsúla a éascú, amhail an tionscadal oideachais chun gníomhaíochtaí a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh inniúlachtaí ionadaithe an phobail Romaigh ó cheantair atá eisiata go sóisialta sa tSeicia a fhorbairt, bealaí comhtháite le haghaidh chuimsiú sóisialta na Romach óg agus cláir um chuimsiú socheacnamaíoch na mban Romach sa Spáinn, chomh maith le dul i ngleic le bochtaineacht leanaí trí thacú le rochtain ar oideachas agus ar chúram do leanaí faoi mhíchumas sa Chróit. Tá tuilleadh samplaí ina léirítear tionchar na dtionscadal arna gcistiú ag CSE/CSE+ le fáil ar an roinn ‘Tionscadail’ ar shuíomh gréasáin CSE+, trí úsáid a bhaint as scagairí de réir Tíre/Topaice/Bliana (39).

2.3.   Tionscnaimh agus gníomhaíochtaí leanúnacha atá ábhartha i gcomhthéacs an tionscnaimh ó na saoránaigh

An Comhphobal Eorpach Cleachtais maidir le Comhpháirtíocht

Chun cáilíocht na comhpháirtíochta a fheabhsú agus chun malartú dea-chleachtas a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014, bhunaigh an Coimisiún in 2022 an Comhphobal Eorpach um Chleachtais maidir le Comhpháirtíocht (ECoPP), lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag gabháil do chearta bunúsacha, cearta sóisialta, cuimsiú, forbairt pobail agus cearta míchumais.

Tá 158 gcomhalta in ECoPP, lena n-áirítear comhlachtaí comhordúcháin agus údaráis bhainistíochta arna n-ainmniú ag na Ballstáit, agus comhpháirtithe a luaitear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1060, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, bardais, údaráis réigiúnacha, comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, eagraíochtaí taighde agus ollscoileanna.

Faoi láthair, faoin gcatagóir ‘comhpháirtithe’, áirítear in ECoPP 23 údarás poiblí (réigiúnach, áitiúil agus uirbeach), 7 ‘n-údarás poiblí eile’, 20 eagraíocht sochaí sibhialta, 19 n-eagraíocht neamhrialtasacha, 6 eagraíocht taighde, 5 chomhpháirtí shóisialta, agus 2 chomhpháirtí eacnamaíocha. I measc chomhaltaí ECoPP tá comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar mhionlaigh náisiúnta, amhail Fundación Secretariado Gitano. Tá fáilte roimh níos mó eagraíochtaí den sórt sin iarratas a dhéanamh ar choinníoll go gcomhlíonann siad iarrataí sonracha na nglaonna.

Glactar le comhaltaí nua ECoPP ar bhonn glaonna oscailte, a fhéachann le cothromaíocht a bhaint amach idir cumhdach geografach, catagóirí comhpháirtithe agus réimsí gníomhaíochta. Go dtí seo, fógraíodh trí ghlao. Seoladh an glao oscailte is déanaí ar iarratais chun bheith ina chomhalta de ECoPP i mí Feabhra 2025, a fógraíodh ar leathanach gréasáin Inforegio ECoPP (40).

Straitéisí macrairéigiúnacha

I measc na n-ionstraimí um chomhar críochach Eorpach, is creataí comhair iad na straitéisí macrairéigiúnacha a cruthaíodh ó thionscnaimh na mBallstát chun comhoibriú agus comhordú a dhéanamh maidir le hobair na gcomhbheartas agus chun comhtháthú a neartú. Leis na straitéisí sin, cumhdaítear ceithre mhacrairéigiún ar leith: réigiún na nAlp, réigiún Mhuir Bhailt, réigiún na Danóibe, agus an réigiún Aidriadach-Iónach, ina dtugtar le chéile 14 thír, lena n-áirítear Ballstáit an Aontais agus tíortha comharsanacha araon.

Leis na ceithre straitéis mhacrairéigiúnacha, dírítear ar réimsí tosaíochta éagsúla, amhail cultúr, turasóireacht, agus caomhnú na hoidhreachta náisiúnta agus réigiúnaí. Tá na straitéisí do réigiún na Danóibe agus do réigiún Mhuir Bhailt an-ghníomhach maidir le luach sochaíoch agus eacnamaíoch na hoidhreachta cultúrtha a fheabhsú trí láithreáin oidhreachta agus músaeim a chur i láthair ar bhealach atá nuálach agus inrochtana do chuairteoirí. Tríd an méid sin a dhéanamh, rannchuidíonn siad freisin leis an bhféiniúlacht réigiúnach a neartú agus le comhthuiscint, cómhaireachtáil agus comhar a chothú i measc na dtíortha rannpháirteacha.

3.   FREAGAIRT AR AN TIONSCNAMH EORPACH Ó NA SAORÁNAIGH

3.1.   Tograí a thagann faoi raon feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh arna gclárú ag an gCoimisiún

Maidir le roinnt tograí atá sa Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, níl sé d’inniúlacht ag an Aontas Eorpach caingean dlí a thionscnamh. Baineann sé sin leis an togra chun ‘réigiúin náisiúnta’ a shainiú, ina dtagraítear do réigiúin a bhfuil saintréithe náisiúnta, eitneacha, cultúrtha, reiligiúnacha nó teanga acu nach ionann iad agus na réigiúin máguaird. Baineann sé freisin leis an togra gaolmhar maidir le réigiúin den sórt sin a shainaithint nó a liostú, leis an togra chun teorainneacha teanga, eitneacha agus cultúrtha a chur san áireamh agus ainmníocht na n-aonad críeche maidir le staidrimh (NUTS) á cruthú, agus leis an togra chun a áirithiú go seasfaidh na Ballstáit lena ngealltanais idirnáisiúnta maidir le mionlaigh náisiúnta.

Chláraigh an Coimisiún an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh bunaithe ar inniúlachtaí an Aontais faoi Chonarthaí an Aontais, go háirithe laistigh de raon feidhme chreat an bheartais comhtháthaithe. Mar thoradh air sin, tá na tograí a luaitear sa mhír thuas lasmuigh de raon feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh mar atá cláraithe ag an gCoimisiún. Dá bhrí sin, níl an Coimisiún in ann aon chonclúid dhlíthiúil agus pholaitiúil a sholáthar maidir leis na tograí sin faoi Airteagal 15(2) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

An coincheap ‘réigiúin mionlaigh náisiúnta/eitnigh’, nó go simplí ‘réigiúin náisiúnta’, i.e. ‘réigiúin a bhfuil saintréithe náisiúnta, eitneacha, cultúrtha, reiligiúnacha nó teanga acu atá éagsúil le saintréithe na réigiún máguaird’ a shainiú i ngníomh dlí de chuid an Aontais.

Chomh maith le coincheap na réigiún náisiúnta a shainiú, ní mór na réigiúin sin a shainaithint go sainráite sa ghníomh dlí atá le mionsaothrú ag an gCoimisiún, agus critéir agus toil na bpobal dá ndéanann sé difear á gcur san áireamh.

Teorainneacha teanga, eitneacha agus cultúrtha a chur san áireamh agus Ainmníocht na nAonad Críche le haghaidh Staidrimh (NUTS) á bunú. Molann an grúpa eagraithe gur cheart na teorainneacha sin a bheith ina léiriú ar thoil na bpobal uatheascarthach, rud a chuirfí in iúl trí reifreann áitiúil roimh theorannú na réigiún.

Maidir leis na tograí sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go luaitear in Airteagal 4(2) CAE nach mór don Aontas comhionannas agus féiniúlacht náisiúnta na mBallstát a urramú, ar gné dhílis dá struchtúir bhunúsacha iad, idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, lena n-áirítear an féinrialtas réigiúnach agus áitiúil. Dá bhrí sin, ní féidir le reachtas an Aontais gníomh a ghlacadh lena saineofaí réigiúin mhionlaigh náisiúnta, a d’fhéadfadh leas a bhaint as aird ar leith faoi chuimsiú bheartas comhtháthaithe an Aontais, ar bhonn critéir uathrialacha agus, dá bhrí sin, gan aird a thabhairt ar an status quo polaitiúil, riaracháin agus institiúideach atá ann sna Ballstáit atá i gceist.

Níl sé d’inniúlacht ag an Aontas athruithe ar an gcreat polaitiúil, riaracháin agus institiúideach atá ann sna Ballstáit a shainordú. Ina theannta sin, níl sé de chumhacht ghinearálta aige reachtaíocht a rith maidir le mionlaigh, go háirithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le haitheantas a thabhairt do stádas mionlach, lena bhféinchinntiúchán agus lena neamhspleáchas, nó leis an gcóras lena rialaítear úsáid teangacha réigiúnacha nó mionlaigh.

Cé nach mór d’institiúidí an Aontais seasamh leis na luachanna agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 CAE a shaothrú – lena n-áirítear go háirithe, urraim a thabhairt do shaibhreas ‘éagsúlacht chultúrtha agus teanga’ an Aontais agus staonadh ó aon chineál idirdhealaithe bunaithe ar ‘bhallraíocht i mionlach náisiúnta’, mar a shonraítear in Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha – ní leathnaítear leis an gCairt réimse chur i bhfeidhm dhlí an Aontais thar chumhachtaí an Aontais ná aon chumhacht nó cúram nua a bhunú don Aontas, ná cumhachtaí agus cúraimí a mhodhnú mar a shainmhínítear sna Conarthaí (Airteagal 51(2) den Chairt).

Maidir leis an togra chun teorainneacha teanga, eitneacha agus cultúrtha a chur san áireamh agus NUTS á fhoirmiú, ba cheart a chur in iúl go ndéantar leasuithe ar aicmiú NUTS na n-aonad críche tar éis moladh a fháil ón mBallstát trína n-institiúidí staidrimh náisiúnta. Faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, sainmhínítear aonaid chríche ar bhonn ‘aonaid riaracháin’ - limistéir gheografacha ina bhfuil údaráis riaracháin atá in ann cinntí riaracháin nó beartais a dhéanamh do na limistéir sin laistigh de chreat dlíthiúil agus institiúideach an Bhallstáit. Is é sin, is faoi fhreagracht na mBallstát go hiomlán atá sé na haonaid riaracháin sin a shainiú agus aon athrú a dhéanamh ar an sainiú sin.

Mar a léirítear thuas, de réir Airteagal 3(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, is féidir aonaid riaracháin thadhlacha a chomhiomlánú chun a áirithiú go mbeidh na haonaid chomhiomlánaithe sin laistigh de na tairseacha daonra a leagtar síos leis an Rialachán sin, nó fiú imeacht ó na tairseacha sin mar gheall ar imthosca geografacha, socheacnamaíocha, stairiúla, cultúrtha nó comhshaoil ar leith. Dá bhrí sin, ceadaítear leis an gcreat imeacht ón gcritéar a shainítear in Airteagal 3(1) mar gheall ar imthosca stairiúla nó cultúrtha, a d’fhéadfadh a bheith ag forluí ar chásanna na mionlach náisiúnta. Tá sé de fhreagracht ar an mBallstát, áfach, cinneadh a dhéanamh faoin dlí náisiúnta cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear na gnéithe sin san áireamh agus an léarscáil riaracháin náisiúnta á heagrú atá mar bhonn do réigiúin NUTS agus cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 á gcur san áireamh. Mar a léirítear thuas freisin, ní féidir leis an Aontas an creat polaitiúil, riaracháin nó institiúideach atá ann sna Ballstáit a mhodhnú. Go deimhin, mar a shoiléirítear thuas, comhfhreagraíonn na haonaid neamhriaracháin sin do chomhiomlánú aonad riaracháin atá ann sna Ballstáit agus tá siad comhdhéanta d’aon aidhm amháin chun inchomparáideacht an staidrimh a bhaineann le leibhéal forbartha na n-aonad éagsúil sin a áirithiú, gan cruthú réigiún cuí ina bhfuil institiúidí réigiúnacha uathrialacha agus cumhachtaí cinnteoireachta uathrialacha a bheith mar thoradh air, mar atá beartaithe ag na heagraithe. Dá bhrí sin, ní féidir leis an Aontas gníomh a ghlacadh lena saineofaí réigiúin mhionlaigh náisiúnta, a d’fhéadfadh leas a bhaint as aird ar leith faoi chuimsiú bheartas comhtháthaithe an Aontais, ar bhonn critéar uathrialach (41) agus, dá bhrí sin, gan aird chuí a thabhairt ar an status quo polaitiúil, riaracháin agus institiúideach sna Ballstáit atá i gceist.

Tagraíonn na heagraithe freisin do shampla na nEora-réigiún. Mar sin féin, ba cheart a mheabhrú nach mbunaítear iad sin ar bhonn dhlí an Aontais nó faoi chuimsiú an bheartais comhtháthaithe, ach ar bhonn comhaontuithe idir-rialtasacha arna ndéanamh go deonach ag na réigiúin lena mbaineann.

A áirithiú go seasfaidh na Ballstáit lena ngealltanais idirnáisiúnta maidir le mionlaigh náisiúnta. Measann na heagraithe gur sárú ar na luachanna a liostaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bheadh i gceist i gcás nach ndéanfaí na gealltanais sin a chomhlíonadh, rud a d’fhéadfadh tús a chur le nós imeachta um shárú mar a leagtar amach in Airteagal 7.

Cé go bhfuil urraim do chearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad leabaithe i gConarthaí an Aontais agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha, agus go n-áirithíonn an Coimisiún go n-urramaítear cearta bunúsacha nuair a chuirtear dlí an Aontais chun feidhme, níl aon inniúlacht ag an Aontas maidir le mionlaigh, go háirithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le haitheantas a thabhairt do stádas mionlach, lena bhféinchinntiúchán agus lena neamhspleáchas, nó leis an gcóras lena rialaítear úsáid teangacha réigiúnacha nó mionlaigh.

Sna cásanna sin nach bhfuil aon inniúlacht ag an Aontas iontu, coinníonn na Ballstáit cumhachtaí ginearálta chun cinntí a dhéanamh faoi mhionlaigh. Dá bhrí sin, ós rud é, de réir Airteagal 51(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, nach ndírítear forálacha na Cairte chuig na Ballstáit ach amháin agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, tá sé faoi inniúlacht an Bhallstáit a áirithiú go n-urramaítear cearta bunúsacha i gcomhréir leis na hoibleagáidí a thagann óna n-orduithe bunreachtúla nó ó na comhaontuithe idirnáisiúnta atá déanta acu. Tá tábhacht ar leith ag baint le Cairt Eorpach Chomhairle na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus leis an gCreat-Choinbhinsiún maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint, arb iad creat dlíthiúil ábhartha an dlí idirnáisiúnta i gcónaí iad do na Ballstáit sin a shínigh agus a dhaingnigh na comhaontuithe sin.

3.2.   Tograí a thagann faoi raon feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh arna gclárú ag an gCoimisiún

Ar an taobh eile, measann an Coimisiún an togra chun liosta na réigiún is mídheisiúla in Airteagal 174 CFAE a leathnú chun catagóirí nua amhail réigiúin náisiúnta a chur san áireamh, chomh maith leis an togra chun rochtain chomhionann ar chistiú ón Aontas a áirithiú agus chun a áirithiú nach n-úsáidfear cistí an Aontais ar bhealaí a n-athródh comhdhéanamh eitneach, féiniúlacht réigiúnach nó oidhreacht chultúrtha na réigiún náisiúnta chun teacht faoi raon feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh arna gclárú ag an gCoimisiún.

Liosta na réigiún is mídheisiúla a luaitear in Airteagal 174 CFAE a leathnú chun catagóirí nua a chur san áireamh, amhail réigiúin a bhfuil saintréithe náisiúnta, teanga agus cultúrtha ar leith acu, dá ngairtear réigiúin mionlaigh náisiúnta/eitnigh.

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais go dtugtar tuairisc ghinearálta in Airteagal 174 CFAE ar chuspóirí bheartas comhtháthaithe an Aontais agus go dtugtar lánrogha leathan don Aontas Eorpach maidir leis na gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh sé a dhéanamh i réimse an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh, agus coincheap leathan na réigiún a bhféadfadh baint a bheith ag na gníomhaíochtaí sin leo á chur san áireamh (42).

Sonraítear sa tríú mír d’Airteagal 174 CFAE ‘as na réigiúin lena mbaineann, tabharfar aird faoi leith ar réigiúin [...] a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu’  (43). Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais gur liosta táscach é an liosta sin, seachas liosta uileghabhálach (44). Mar sin féin, sheas sí freisin le hanailís na Cúirte Ginearálta i mbreithiúnas an 10 Bealtaine 2016, Izsák agus Dabis v an Coimisiún  (45), ar dá réir nach féidir na saintréithe sonracha eitneacha, cultúrtha, reiligiúnacha nó teanga a mheas mar bhac córasach ar fhorbairt eacnamaíoch i ndáil leis na réigiúin máguaird (46). Chinn an Chúirt, dá bhrí sin, trína chur as an áireamh go bhféadfadh réigiún mionlaigh náisiúnta, mar gheall ar a shaintréithe sonracha eitneacha, cultúrtha, reiligiúnacha nó teanga, a bheith ina chuid de na ‘réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu’ de réir bhrí an tríú mír d’Airteagal 174 CFAE, go ndearna an Chúirt Ghinearálta léirmhíniú ceart ar an gcoincheap ‘réigiúin lena mbaineann’ san fhoráil sin (47).

In aon chás, ní chuirtear cosc ar an Aontas bearta a ghlacadh faoi Airteagail 177 agus 178 CFAE chun urraim do dhaoine ar de mhionlaigh náisiúnta agus teanga iad a chur san áireamh, ar choinníoll go ngníomhaíonn sé de réir na gcumhachtaí a thugtar dó leis na forálacha sin. Go deimhin, dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta nach gcuirtear cosc ar an Aontas, in éagmais tagairt shainráite a dhéanamh do dhaoine ar de mhionlaigh náisiúnta agus teanga iad mar cheann dá gcuspóirí sonracha sna hAirteagail sin, bearta a ghlacadh lena gcuirtear cuspóir den sórt sin san áireamh, faoi chuimsiú na gcumhachtaí a fheidhmíonn sé ar bhonn na bhforálacha sin (48).

Mar sin féin, ní mheasann an Coimisiún gurb iomchuí aon ghníomhaíocht reachtach bhreise a dhéanamh chun cuspóir den sórt sin a bhaint amach ar na cúiseanna seo a leanas:

Cuirtear an beartas comhtháthaithe chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte agus feidhmíonn sé i leith chreat institiúideach na mBallstát (Airteagal 4(2) CAE). I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ba cheart do na Ballstáit cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal críochach iomchuí i gcomhréir lena gcreat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais. Le cur chuige áitbhunaithe an bheartais comhtháthaithe, tugtar solúbthacht do na Ballstáit cistiú a leithdháileadh ar réigiúin bunaithe ar riachtanais shainaitheanta chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí socheacnamaíocha agus críochacha, ós rud é go bhfuil siad eolach ar chomhthéacs sonrach na réigiún lena mbaineann.

Sa chomhthéacs sin, leis an mbeartas comhtháthaithe, cuirtear neart deiseanna ar fáil chun oibríochtaí a thacaíonn le grúpaí leochaileacha a mhaoiniú, lena n-áirítear mionlaigh, cultúr agus oidhreacht chultúrtha. Áirítear leis sin bonneagar, trealamh agus idirghabhálacha caipitil dhaonna lena gcothaítear rochtain chomhionann ar sheirbhísí cuimsitheacha ardcháilíochta, lena rannchuidítear le hathbhunú, caomhnú agus luachshocrú na hoidhreachta cultúrtha agus stairiúla agus lena gcothaítear ról na hearnála san fhorbairt eacnamaíoch, sa chuimsiú sóisialta agus i gcosaint éagsúlacht na réigiún Eorpacha. Le dearadh agus creat dlíthiúil an bheartais comhtháthaithe, cuirtear ar chumas na mBallstát leas a bhaint as na féidearthachtaí sin agus tacú le hinfheistíochtaí spriocdhírithe den sórt sin, lena n-áirítear freisin mar chuid de straitéisí comhtháite forbartha críochaí nó i gcomhthéacs an chomhair thar theorainneacha. Is iad na Ballstáit is fearr atá in ann cinntí clársceidealaithe a dhéanamh a léiríonn réaltachtaí áitiúla. Cuireann sé sin ar a gcumas dóibh cistiú an bheartais comhtháthaithe a ghiaráil go héifeachtach, i gcomhréir lena dtosaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha agus rannchuidiú le creataí straitéiseacha fadtéarmacha a chur chun feidhme. Is ar an gcaoi sin a chomhlíontar prionsabal na coimhdeachta (Airteagal 5 CAE).

Níl aon fhianaise ag an gCoimisiún a thacaíonn leis an maíomh go mbíonn tionchar ag saintréithe sonracha eitneacha, náisiúnta, cultúrtha, reiligiúnacha nó teanga na réigiún ar a bhforbairt eacnamaíoch nó shóisialta i gcomparáid leis na réigiúin máguaird. Mar riail ghinearálta, braitheann an fás eacnamaíoch ar go leor tosca struchtúracha agus ar bheartais atá i bhfeidhm, rud a chuireann bac ar aon ghinearálú den sórt sin. Meastar go ginearálta gurb iad tosca amhail dearlaicí nádúrtha, inrochtaineacht ar an margadh, nó cóngaracht do nuálaithe príomhchinntithigh rátaí fáis éagsúla ar fud na réigiún.

A áirithiú nach n-úsáidfear Cistí an Aontais ar bhealaí a n-athródh comhdhéanamh eitneach, féiniúlacht réigiúnach nó oidhreacht chultúrtha na réigiún náisiúnta. Áirítear leis sin cosc a chur ar úsáid Chistí an Aontais chun tacú le beartais fostaíochta lena spreagtar lonnú lucht saothair a bhfuil cúlraí cultúrtha nó teanga éagsúla acu.

I gclárthréimhse 2021-2027, d’fhéadfadh sé gur rannchuidiú iad cistí an bheartais comhtháthaithe cheana féin le caomhnú saintréithe réigiúnacha teanga agus cultúrtha d’fhonn forbairt eacnamaíoch réigiúnach agus náisiúnta a bhaint amach (49). Mar sin féin, tá an ceart chun saorghluaiseachta fós ina bhunchloch den Aontas Eorpach. Mar a chumhdaítear in Airteagal 21(1) CFAE (50) agus in Airteagal 45 den Chairt um Chearta Bunúsacha (51), tá an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát. Dá ndéanfaí iarracht cosc a chur ar lonnú oibrithe a bhfuil cúlraí cultúrtha nó teanga éagsúla acu, shárófaí an ceart sin agus bhainfí an bonn de phrionsabal an neamh-idirdhealaithe. Tacaíonn CSE+ le lánpháirtiú oibrithe a roghnaíonn a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú, gan beann ar a dtionscnamh, a dteanga ná a gcultúr.

Tá comhar críochach ríthábhachtach chun bacainní ar shoghluaisteacht trasteorann a bhaint agus chun seirbhísí poiblí trasteorann a fhorbairt agus, ag an am céanna, éagsúlacht teanga agus chultúrtha atá ann cheana a chur chun cinn mar acmhainní dearfacha lenar féidir cineálacha cur chuige níos comhtháite, níos cuimsithí agus níos nuálaí a chothú i leith na forbartha réigiúnaí agus an chomhtháthaithe chríochaigh. Trí straitéisí críochacha comhtháite trasteorann a fhorbairt, mar aon le scéimeanna tiomnaithe a chur chun cinn le haghaidh tionscadail chomhair ar mhionscála agus idir daoine, léiríodh a mbreisluach chun cineálacha nua tairbhithe a mhealladh, rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a chothú, agus sainiúlachtaí agus saintréithe críochacha a ghlacadh chucu féin. Ba cheart cineálacha cur chuige den sórt sin a choinneáil agus a neartú a thuilleadh amach anseo.

Trí bhéim a leagan ar luach na héagsúlachta agus lánpháirtiú á áirithiú ag an am céanna, is féidir leis an Aontas féiniúlachtaí réigiúnacha a chosaint gan bac a chur ar fhorbairt eacnamaíoch ar fud a chríoch.

Ina theannta sin, áirítear cheana féin sa chreat dlíthiúil atá ann faoi láthair maidir leis an mbeartas comhtháthaithe coimircí chun idirdhealú a chosc i gcur chun feidhme chistí an bheartais comhtháthaithe (amhail prionsabail chothrománacha, critéir roghnúcháin agus nósanna imeachta, socruithe chun gearáin a láimhseáil, rannpháirtíocht comhpháirtithe ábhartha, coinníollacha cumasúcháin).

Ceann de na príomhcheanglais do chórais bainistithe agus rialaithe na gclár is ea critéir agus nósanna imeachta iomchuí a bheith i bhfeidhm chun oibríochtaí a roghnú. Scrúdaíonn an Coimisiún é sin le linn a chuid oibre iniúchóireachta. Mura bhfeidhmeoidh an príomhcheanglas sin go héifeachtach, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina easnamh tromchúiseach sa chóras bainistithea agus rialaithe, rud a d’fhéadfadh, in éagmais bearta feabhais iomchuí ó na Ballstáit, a bheith ina chúis le cur isteach ar íocaíochtaí nó iad a chur ar fionraí, chomh maith le ceartuithe airgeadais.

I gcomhréir le creat dlíthiúil an bheartais comhtháthaithe, ceanglaítear ar na Ballstáit freisin socruithe a bhunú lena n-áiritheofar scrúdú éifeachtach ar ghearáin a bhaineann leis na Cistí.

Thairis sin, i gcomhréir leis na forálacha maidir le coinníollacha cumasúcháin, ceanglaítear orthu sásraí éifeachtacha a chur chun feidhme chun comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha a áirithiú. Ba cheart a áireamh ar na sásraí sin bearta chun a áirithiú go gcloíonn cláir a fhaigheann tacaíocht ó na cistí agus a gcur chun feidhme le forálacha ábhartha na Cairte, chomh maith le socruithe chun neamhchomhlíonadh na Cairte a thuairisciú do na coistí faireacháin, lena n-áirítear gearáin a bhaineann leis an gCairt.

Thairis sin, trí chomhpháirtíocht a chuimsiú – comhpháirtíocht a bhfuil baint shonrach aici le comhpháirtithe ábhartha i gcoistí faireacháin atá freagrach as critéir roghnúcháin a fhormheas – tugtar coimirce bhreise in aghaidh cleachtais idirdhealaitheacha. Féadfaidh na comhlachtaí comhionannais a bheith san áireamh sna comhpháirtithe ábhartha. Is eagraíochtaí poiblí iad na comhlachtaí sin a chabhraíonn le híospartaigh an idirdhealaithe, a dhéanann faireachán agus tuairisciú ar shaincheisteanna idirdhealaithe, agus a rannchuidíonn le feasacht a mhúscailt maidir le cearta agus le luach sochaíoch an chomhionannais.

4.   CONCLÚID

Tá anailís chúramach déanta ag an gCoimisiún ar na hábhair imní agus ar na tograí a cuireadh chun cinn sa Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus aithníonn sé a thábhachtaí atá na saincheisteanna a ardaíodh. Mar sin féin, i gcomhréir le Conarthaí an Aontais, is gá freagairt an Choimisiúin a bheith bunaithe ar theorainneacha a inniúlachta. Mar thoradh air sin, chláraigh an Coimisiún an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar bhealach cáilithe, agus rinneadh tograí áirithe a eisiamh toisc nach dtagann siad faoi raon feidhme chumhachtaí an Choimisiúin faoi Chonarthaí an Aontais.

Maidir leis na tograí lasmuigh de raon feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh mar atá cláraithe ag an gCoimisiún, tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil sé d’inniúlacht ag an Aontas caingean dlí a thionscnamh maidir leis an togra chun ‘réigiúin náisiúnta’ a shainiú, na réigiúin sin a shainaithint nó a liostú, teorainneacha teanga, eitneacha agus cultúrtha a chur san áireamh agus NUTS á chruthú, nó a áirithiú go seasfaidh na Ballstáit lena ngealltanais idirnáisiúnta maidir le mionlaigh náisiúnta. Dá bhrí sin, ní thugtar aghaidh ar na tograí sin i bhfreagairt an Choimisiúin.

Maidir leis an togra chun liosta na réigiún is mídheisiúla in Airteagal 174 CFAE a leathnú chun catagóirí nua a chur san áireamh, ní mheasann an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann chun tacú leis an maíomh go bhfuil réigiúin a bhfuil saintréithe náisiúnta, eitneacha, cultúrtha, reiligiúnacha nó teanga acu atá éagsúil le réigiúin na réigiún máguaird faoi mhíbhuntáiste córasach.

Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire go gcuirtear an beartas comhtháthaithe chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Sa chomhthéacs sin, ní mór an beartas comhtháthaithe a fheidhmiú laistigh de chreat institiúideach gach Ballstáit. Cé go dtugann an cur chuige áitbhunaithe solúbthacht do na Ballstáit cistiú a leithdháileadh ar chríocha bunaithe ar riachtanais shainaitheanta chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí socheacnamaíocha agus críochacha, is faoi shaincheart an Bhallstáit fós é an cinneadh maidir le conas na cistí sin a dháileadh laistigh dá gcríoch agus ní inniúlacht de chuid an Aontais é.

Cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir go bhfuil coimircí sa chreat reachtach is infheidhme faoi láthair maidir leis an mbeartas comhtháthaithe, nach raibh i bhfeidhm nuair a tíolacadh an iarraidh ar chlárú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh an 18 Meitheamh 2013, chun comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha a áirithiú agus chun cleachtais idirdhealaitheacha a chosc. Cuireann na rialacha atá ann cheana na huirlisí is gá ar fáil freisin chun go mbeidh na Ballstáit in ann tacú le mionlaigh agus le grúpaí imeallaithe.

I bhfianaise an mhéid sin, cé go bhfuil an neamh-idirdhealú an-dáiríre, ní mheasann an Coimisiún go bhfuil gníomh reachtach nua riachtanach ná iomchuí.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith airdeallach agus réamhghníomhach chun rochtain neamh-idirdhealaitheach ar chistiú ón Aontas laistigh den bheartas comhtháthaithe a áirithiú. Tá sé réidh chun na huirlisí uile atá ar fáil dó a úsáid chun cóir chomhionann a fhorfheidhmiú le linn chur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe sa chlárthréimhse reatha.

Maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, tá beartas comhtháthaithe agus fáis neartaithe nuachóirithe molta ag an gCoimisiún, agus é ag oibriú i gcomhpháirtíocht le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus é á áirithiú aige go bhfuil sásraí leordhóthanacha i bhfeidhm chun aon chineál idirdhealaithe a chosc. Leis na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha mar a mhol an Coimisiún (52), neartófar an nasc idir tacaíocht airgeadais faoi bhuiséad an Aontais agus urraim don Smacht Reachta agus don Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear cosc a chur ar aon idirdhealú atá bunaithe ar bhallraíocht de mhionlaigh náisiúnta. Go háirithe, de réir an togra ón gCoimisiún, ní mór do na Ballstáit sásraí éifeachtacha a chur ar bun agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha ábhartha na Cairte um Chearta Bunúsacha le linn chur chun feidhme an Phlean, agus chun a áirithiú go n-urramófar prionsabail an smachta reachta. I gcás nach gcomhlíonann Ballstát na coinníollacha sin nó nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, ní dhéanfaidh an Coimisiún na híocaíochtaí comhfhreagracha. Ar deireadh, ceanglófar ar na Ballstáit na príomhcheanglais do na córais bhainistíochta agus rialaithe a chomhlíonadh, go háirithe an méid a leanas a áirithiú; ‘Critéir agus nósanna imeachta iomchuí trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha maidir le hoibríochtaí a roghnú chun ranníocaíocht chistiú an Aontais a uasmhéadú chun cuspóirí an Phlean a bhaint amach agus prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú, agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh á cur san áireamh’. Áiritheofar leis seo lán-urraim d’Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear an t-idirdhealú bunaithe ar bhallraíocht de mhionlaigh náisiúnta a chosc.


(1)  Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (IO L 130, 17.5.2019, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/788/oj).

(2)   https://citizens-initiative.europa.eu/initiatives/details/2019/000007_ga.

(3)  Is iad seo a leanas na doiciméid atá liostaithe: Moladh 1811/2007 ó Chomhairle na hEorpa maidir leis an Réigiúnú san Eoraip; an Creat-Choinbhinsiún maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint; Moladh 1201/1993 ó Chomhairle na hEorpa; an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh; Moladh 1334/2003 ó Chomhairle na hEorpa; traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit; cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine; Airteagal 3 CAE; Airteagal 167 CFAE.

(4)  Cinneadh C(2013) 4975 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2013.

(5)  Breithiúnas na Cúirte an 7 Márta 2019, Balázs-Árpád Izsák agus Attila Dabis v an Coimisiún Eorpach, Cás C-420/16 P, ECLI:EU:C:2019:177. Rinne na heagraithe, le tacaíocht ón Ungáir, iarratas chuig an gCúirt Ghinearálta go ndéanfaí diúltú an Choimisiúin an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chlárú a chur ar neamhní (Cás t-529/13). Dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don iarratas. Ina dhiaidh sin, rinne na heagraithe achomharc in aghaidh an bhreithiúnais chuig an gCúirt Bhreithiúnais (Cás C-420/16 P), a chuir breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-529/13 ar ceal agus a chuir Cinneadh C(2013) 4975 ón gCoimisiún ar neamhní.

(6)  Cinneadh (AE) 2019/721 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh dar teideal ‘Beartas comhtháthaithe le haghaidh chomhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’ (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2019) 3304) (IO L 122, 10.5.2019, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/721/oj).

(7)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 10 Samhain 2021, an Rómáin v an Coimisiún, Cás t-495/19 EU:T:2021:781.

(8)  Breithiúnas na Cúirte an 22 Feabhra 2024, an Rómáin v an Coimisiún Eorpach, an Ungáir, Cás C-54/22 P (IO C, C/2024/2387, 8.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2387/oj).

(9)  Cláraíodh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh seo faoi Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh (IO L 65, 11.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/211/oj) (an chéad Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh). Níor leagadh síos sa chéad Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh sprioc-am faoinar ghá d’eagraithe a dtionscnamh bailí a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena scrúdú.

(10)  Airteagal 51 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 ina leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/825/oj).

(12)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).

(13)  Airteagal 2 CAE. ‘Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar le grúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.’

(14)  Airteagal 3(3) CAE: ‘Bunóidh an tAontas margadh inmheánach. Oibreoidh an tAontas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa arna fothú ar an bhfás eacnamaíoch cothromúil agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta, agus ar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht. Déanfaidh sé dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn. Déanfaidh sé an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúnta agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn. Cuirfidh sé chun cinn an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, mar aon leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit. Urramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú.’

(15)  Airteagal 22(3)(d)(iv) de Rialachán (AE) 2021/1060.

(16)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(17)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún (2021), Rannpháirtíocht éifeachtach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach in ullmhú na gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus na gClár Oibríochtúil don tréimhse 2021-2027 | Coiste Eorpach na Réigiún (europa.eu).

(18)   Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 maidir leis an gcód iompair Eorpach i ndáil le comhpháirtíocht faoi chuimsiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ( IO L 74, 14.3.2014, lch. 1.

(19)  Aithris 4, Airteagail 3(1)(c)(ii), 4(1)(c)(iii) agus 6(f) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014.

(20)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj).

(21)  Chun solúbthacht leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme a leithdháiltí bainistíochta comhroinnte, is féidir leibhéil áirithe cistiúcháin a aistriú idir na Cistí agus idir ionstraimí bainistíochta comhroinnte agus ionstraimí faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach dá bhforáiltear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/1060.

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1059/oj).

(23)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/674 ón gCoimisiún an 26 Nollaig 2022 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 87, 24.3.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/674/oj).

(24)  Ní mór méid daonra gach aicme d’aonaid riaracháin atá ann cheana i mBallstát a theacht faoi thairseacha sonraithe chun an leibhéal NUTS iomchuí a chinneadh: idir 3 mhilliún agus 7 milliún i gcás NUTS 1; idir 800 000 agus 3 mhilliún i gcás NUTS 2; idir 150 000 agus 800 000 agus i gcás NUTS 3.

(25)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj).

(26)   https://www.henter.ro/?lang=en.

(27)   https://keep.eu/projects/29507/Culinary-Trail-of-the-Ethni-EN/.

(28)   https://keep.eu/projects/20350/Giellag-ldu-Project-EN/.

(29)   https://keep.eu/projects/20525/Plupp-the-story-of-the-invi-EN/.

(30)   https://keep.eu/projects/23826/Deanuleagis-s-m-stit-EN/.

(31)   https://www.afomef.eu/fr/accueil.

(32)   https://www.poctefa.eu/fr/proyectos/efa002-00-id-escat/.

(33)  Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1059/oj).

(34)  Bunaítear cistí do thionscadail bheaga mar oibríochtaí de réir bhrí rialacháin an bheartais comhtháthaithe. Ciallaíonn sé sin nach dtagann na hoibleagáidí rialála go léir a chuirtear ar thairbhithe ach ar chomhlacht cur chun feidhme an chiste do thionscadail bheaga, agus ní orthu siúd a chuireann na tionscadail bheaga chun feidhme iad féin. Dá bhrí sin, is ‘faighteoirí deiridh’ iad na comhpháirtithe sin sna tionscadail bheaga agus, dá bhrí sin, tá níos lú oibleagáidí agus ceanglas orthu maidir le cur chun feidhme a dtionscadal. Mar thoradh air sin, tá sé sin tarraingteach go háirithe do chomhpháirtithe beaga ar bheagán taithí, lena n-áirítear eagraíochtaí áitiúla agus gníomhaithe na sochaí sibhialta nach mbeadh rannpháirteach i dtionscadail ar scála níos mó roimhe sin ar eagla an ualaigh riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an rannpháirtíocht sin. Cuireann tionscadail den sórt sin, mar shampla, malartuithe idir scoileanna, eagrú imeachtaí spóirt nó cultúrtha trasteorann chun cinn ar an leibhéal áitiúil.

(35)  Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2021/2057.

(36)  Tá tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh gréasáin seo: https://european-social-fund-plus.ec.europa.eu/en/publications/esf-and-community-led-local-development-lessons-future.

(37)  Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh gréasáin seo: https://socialinnovationplus.eu/.

(38)  Tá tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh gréasáin seo: https://www.euromanet.eu/.

(39)  Is féidir teacht ar an suíomh gréasáin tríd an nasc seo: https://european-social-fund-plus.ec.europa.eu/en/projects.

(40)  Tá tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh gréasáin seo: https://ec.europa.eu/regional_policy/policy/communities-and-networks/ecopp_en.

(41)  Maidir le moladh na n-eagraithe ‘ toil na bpobal uatheascarthach, a cuireadh in iúl trí reifreann áitiúil’ maidir le teorannú réigiún a chur san áireamh, tá sé tábhachtach a shoiléiriú freisin nach féidir leis an Aontas eagrú reifrinn áitiúil a fhorchur ar na Ballstáit, ós rud é gur saincheart bunreachtúil de chuid na mBallstát é sin.

(42)  Breithiúnas na Cúirte an 7 Márta 2019, Balázs-Árpád Izsák agus Attila Dabis v an Coimisiún Eorpach, Cás C-420/16 P, EU:C:2019:177, mír 68.

(43)  Airteagal 174, an tríú mír, CFAE: ‘As na réigiúin lena mbaineann, tabharfar aird faoi leith ar limistéir thuaithe, ar limistéir a ndéanann an trasdul tionsclaíoch difear dóibh agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus ar nós na réigiún oileánach, na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhteach.’

(44)  Breithiúnas na Cúirte an 7 Márta 2019, Balázs-Árpád Izsák agus Attila Dabis v an Coimisiún Eorpach, Cás C-420/16 P, EU:C:2019:177, mír 69.

(45)  Breithiúnas na Cúirte an 10 Bealtaine 2016, Izsák agus Dabis v an Coimisiún, Cás t-529/13, EU:T:2016:282, míreanna 87 agus 89.

(46)  Breithiúnas na Cúirte an 7 Márta 2019, Balázs-Árpád Izsák agus Attila Dabis v an Coimisiún Eorpach, Cás C-420/16 P, EU:C:2019:177, mír 70.

(47)  Breithiúnas na Cúirte an 7 Márta 2019, Balázs-Árpád Izsák agus Attila Dabis v an Coimisiún Eorpach, Cás C-420/16 P, EU:C:2019:177, mír 71: ‘Dá bhrí sin, trí eisiamh a dhéanamh, i míreanna 85 go 89 den bhreithiúnas faoi achomharc, ar an bhféidearthacht go bhféadfadh réigiún mionlaigh náisiúnta, mar gheall ar a shaintréithe sonracha eitneacha, cultúrtha, reiligiúnacha nó teanga, a bheith ina chuid de na “réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu” de réir bhrí an tríú mír d’Airteagal 174 CFAE, rinne an Chúirt Ghinearálta léirmhíniú ceart ar an gcoincheap “réigiúin lena mbaineann” san fhoráil sin agus, dá bhrí sin, ní dhearna sí earráid dlí i dtaobh an phointe sin.’

(48)  Breithiúnas na Cúirte an 24 Meán Fómhair 2019, an Rómáin v an Coimisiún, Cás t-391/17, EU:T:2019:672, mír 64.

(49)  I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1058, d’fhéadfaí infheistíochtaí a thacaíonn le tionscail chruthaitheacha agus chultúrtha, seirbhísí cultúrtha agus láithreáin oidhreachta cultúrtha a mhaoiniú faoi aon chuspóir beartais ar choinníoll go rannchuidíonn siad leis na cuspóirí sonracha agus go dtagann siad faoi raon feidhme na tacaíochta ó CFRE.

(50)  Airteagal 21(1) CFAE: ‘Beidh an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna forálacha arna nglacadh lena gcur chun feidhme.’

(51)  Airteagal 45 den Chairt um Chearta Bunúsacha. ‘1. Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát.

2. Féadfar saoirse gluaiseachta agus cónaithe a dheonú, i gcomhréir leis na Conarthaí, do náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil ar chríoch Ballstáit.’

(52)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach um chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, talmhaíochta agus tuaithe, iascaigh agus muirí, rathúnas agus slándáil le haghaidh na tréimhse 2028-2034 agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 agus Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 (COM(2025) 565 final, 16.7.2025).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4991/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)