|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4965 |
9.9.2025 |
Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)
(C/2025/4965)
FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL
(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)
‘Sörmlands Ädel’
Uimhir thagartha AE: PGI-SE-02629-AM01 — 18.6.2025
1. Ainm an táirge
Sörmlands Ädel
2. Cineál an táisc gheografaigh
|
☑ |
TGFC |
|
☐ |
ATFC |
|
☐ |
TG |
3. Earnáil
|
☑ |
Táirgí talmhaíochta |
|
☐ |
Fíonta |
|
☐ |
Deochanna biotáilleacha |
4. Tír ar léi an limistéar geografach
an tSualainn
5. Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl
Ainm
An Ghníomhaireacht Náisiúnta Bia
6. Incháilitheacht mar leasú caighdeánach
Is leasuithe caighdeánacha iad na leasuithe ar an tsonraíocht agus ar an doiciméad aonair de réir bhrí Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 ar na cúiseanna seo a leanas:
|
a) |
níl i gceist leo athrú ar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, ná ar úsáid an ainm sin; |
|
b) |
ní dócha dá dheasca go gcuirfí an nasc dá dtagraítear in Airteagal 46(1)(b) maidir le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ar neamhní; |
|
c) |
níl srianta breise ar chur ar an margadh an táirge i gceist leo. |
7. Tuairisc ar an leasú (nó ar na leasuithe) caighdeánach(a) formheasta
Ceannteideal
Athrú ar an gcion taise
Tuairisc
Sa tsonraíocht táirge, faoin gceannteideal ‘Tuairisc ar an táirge’, agus sa doiciméad aonair, faoi ‘3.2. Tuairisc ar an tairge’.
An tsonraíocht táirge/doiciméad aonair atá ann faoi láthair:
Airíonna ceimiceacha:
Cion taise: 45 – 48 %
Cion ábhair thirim: 52 – 55 %
Ábhar salainn: 2 %
Cion saille: 32–34 % (58–65 % den ábhar tirim)
Próitéin: 21–23 % (38–44 % den ábhar tirim)
An fhoclaíocht nua atá beartaithe:
‘Airíonna ceimiceacha:
Cion taise: 39 – 42 %
Cion ábhair thirim: 58 – 61 %
Ábhar salainn: 1,7 – 2.4 %
Cion saille: 31–35 % (51–60 % den ábhar tirim)
Próitéin: 20–23 % (33–40 % den ábhar tirim)
|
☑ |
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair. |
Ceannteideal
Soiléiriú maidir le háiseanna próiseála/breiseáin
Tuairisc
Sa tsonraíocht táirge, faoin gceannteideal ‘Amhábhair’, agus sa doiciméad aonair, faoin gceannteideal ‘Tuairisc ar an táirge’, moladh ábhar breise a chur leis an téacs agus bogadh an téacs faoi ‘Salann cócaireachta (NaCl)’ go háit eile.
An fhoclaíocht nua atá beartaithe:
‘Salann cócaireachta (NaCl)
Más gá, féadfar CaCl2 (uasmhéid 30 ml de thuaslagán 35 % in aghaidh an 100 lítear bainne cáise) a chur isteach chun táirgeacht na próitéine bainne a mhéadú le linn tháirgeadh na cáise.’
Sa tsonraíocht táirge, faoin gceannteideal ‘Faisnéis faoin táirge’, tá sé beartaithe téacs nua a chur isteach:
‘Más gá, féadfar CaCl2 (uasmhéid 30 ml de thuaslagán 35 % in aghaidh an100 lítear bainne cáise) a chur isteach chun táirgeacht na próitéine bainne a mhéadú le linn táirgeadh na cáise.’
|
☑ |
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair. |
Ceannteideal
Athrú ar an tuairisc ar an dromchla
Tuairisc
Tréithe orgánaileipteacha:
Cuma: Craiceann: Bláthach. Bíonn dath teolaí buí ar bharr agus ar bhun na cáise, ina mbíonn miondifríochtaí sa dath idir donn an ghallchnó agus dúliatha. Bíonn dath donn an ghallchnó ar thaobhanna na caise ina mbíonn miondifríochtaí sa dath idir dúliath agus dath teolaí buí.
An fhoclaíocht nua atá beartaithe:
‘Cuma: Craiceann: Gormghlas dubh bláthach.’
Moltar an leasú toisc gur léir nach raibh an tuairisc ar an dath ceart ar fad, mar a luaigh an Ghearmáin tar éis fhoilsiú an iarratais le linn an nós imeachta freasúra ag céim an Aontais. Leis an leasú, tugtar tuairisc níos cruinne ar an táirge.
|
☑ |
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair. |
DOICIMÉAD AONAIR
Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha táirgí talmhaíochta
‘Sörmlands Ädel’
Uimhir thagartha AE: PGI-SE-02629-AM01 — 18.6.2025
1. Ainm
Sörmlands Ädel
2. Cineál an táisc gheografaigh
|
☐ |
ATFC |
|
☑ |
TGFC |
|
☐ |
TG |
3. Tír ar léi an limistéar geografach sainithe
an tSualainn
4. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta
4.1. Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir leis an gceannteideal agus leis an gcód Ainmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143
0406 40 — Cáis ghormfhéitheach agus cáis eile ina bhfuil féitheacha a tháirgtear le Penicillium roqueforti
4.2. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta lena mbaineann an t-ainm cláraithe
Is cáis bhog aibí ghormfhéitheach (2) é ‘Sörmlands Ädel’ a dhéantar as bainne iomlán bó atá orgánach agus íseal-phaistéartha.
Comhlíonann cáiseanna ag a bhfuil an tásc faoi chosaint ‘Sörmlands Ädel’ na ceanglais seo a leanas:
Airíonna fisiceacha:
Cruth: Bíonn an cháis sorcóireach, 19–21 cm ar trastomhas agus 10–12 cm ar airde.
Meáchan: 2,8 – 3,0 kg
Tréimhse aibithe: 5–12 mhí
Airíonna ceimiceacha:
Cion taise: 39 – 42 %
Cion ábhair thirim: 58 – 61 %
Ábhar salainn: 1,7 – 2,4 %
Cion saille: 31–35 % (51–60 % den ábhar tirim)
Próitéin: 20–23 % (33–40 % den ábhar tirim)
Tréithe orgánaileipteacha:
Cuma: Craiceann: Gormghlas-dhubh bláthach.
Dromchla gearrtha: Buí aonchineálach (NCS S1010-Y) ina mbíonn múscán gormghlas (NCS S5020-B30G).
Raimhre: Bog/leath-bhog, raimhre leaisteach.
Dea-bholadh: Dea-bholadh bunúsach im uachtair ghéir faghartha, siléir thais lena mbaineann mionbhlasanna muisiriúin agus strufail agus mionbhlasanna bia oráiste agus oráiste shearbh.
Blas: Leathan, maothlach, uachtarúil agus casta. Blasta gan bheith géar ná aigéadach. Mionbhlasanna aigéadacha lena mbaineann goirte agus úmámaí chomh maith le mionbhlasanna siléir, stábla agus caramail. Éiríonn an blas níos láidre le linn an aibithe.
Iarbhlas: Iarbhlas lán a mhaireann i bhfad agus a líonann an béal ar fad. Úmámaí, im, goirte chothrom agus aigéadacht.
Blas sa bhéal: Uachtarúil, lán, maothlach lena mbaineann goirte thaitneamhach agus uigeacht beagán gráinneach atá taitneamhach.
Baineann ‘Sörmlands Ädel’ leis an gcatagóir cáiseanna aigéadacha gormfhéitheacha (aigéad gorm). Bíonn blas casta agus dea-bholadh air a chuireann eispéireas suaimhneach foriomlán ar fáil. Bíonn ‘Sörmlands Ädel’ blasta agus bíonn iarbhlas fada taitneamhach air gan an tseirbhe a fhaightear i gcáiseanna gormfhéitheacha eile den chineál aigéid ghoirm leis.
Amhábhair: Bainne iomlán orgánach ó bha de na pórtha seo a leanas: Bó Dhearg agus Bhán na Sualainne (Svensk röd och vit boskap, SRB), Freaslannach na Sualainne (Svensk låglandsboskap, SLB) agus Bó Mhaol na Sualainne (Svensk kullig boskap, SKB). Déantar na ba a chrú 2–3 huaire in aghaidh an lae. Déantar an bainne a fhuarú go dtí go n-úsáidtear sa déirí cáise é. Ní ceadmhach an bainne a bheith níos sine ná 72 uair an chloig. Bíonn cionn saille agus próitéine an bhainne idir 4,3 % agus 4,6 % agus idir 3,5 % agus 3,7 % faoi seach, ag brath ar an séasúr (innilt nó beathú le meascán beatha) agus ar chomhdhéanamh pórtha an tréada.
Breiseáin eile: Saothráin tús gabhála mhéisifileacha (Lactococcus lactis, Lactobacillus cremoris, Lactobacillus diacetylactis, Leuconostoc cremoris agus Streptococcus thermophilus), binid nádúrtha agus saothrán múscáin ghoirm (Penicillium roqueforti).
Salann cócaireachta (NaCl)
Más gá, féadfar CaCl2 (uasmhéid 30 ml de thuaslagán 35 % in aghaidh 100 lítear bainne cáise) a chur isteach chun táirgeacht na próitéine bainne a mhéadú le linn táirgeadh na cáise.
4.3. Maoluithe ar fhoinsiú beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch arna n-ainmniú le hAinmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint agus sa chás sin amháin) agus srianta ar fhoinsiú amhábhar (i gcás táirgí próiseáilte arna n-ainmniú le Tásc Geografach faoi Chosaint agus sa chás sin amháin)
Is éard atá in aiste bhia na mbó beatha a tháirgtear go horgánach. Le linn thréimhse an tsamhraidh, ó Bhealtaine go Meán Fómhair, coinnítear na ba lasmuigh agus bíonn siad ag innilt ar fhéar a fhásann ar thalamh móinéir. Le linn na tréimhse nach dtáirgeann na féaraigh dóthain féir chun beatha leordhóthanach a sholáthar, féadfar na ba a bheathú le meascán beatha orgánaigh ina bhfuil sadhlas, tuí, gránaigh (eorna (Hordeum vulgare), coirce (Avena sativa) agus cruithneacht (Triticum aestivum)), pónairí farae (Vicia faba), mianraí, salann agus aol.
4.4. Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Ní mór ‘Sörmlands Ädel’ a tháirgeadh sa limistéar a shainítear i bpointe 4 agus ina bhfuil na céimeanna seo a leanas: Déantar na ba a chrú agus an bainne a íseal-phaistéaradh agus a mheascadh le baictéir aigéid lachtaigh agus le saothrán múscáin ghoirm. Déantar an gruth a ghearradh agus a mhúnlú. Déantar na cáiseanna a fháscadh, a iompú go rialta agus a shailleadh. Spreagtar fás an mhúscáin ghoirm trí bhearnaí a dhéanamh sna cáiseanna. Ansin, cuirtear clúdach ar na cáiseanna agus fágtar iad le haibiú.
4.5. Rialacha sonracha maidir le pacáistiú, sliseadh, grátáil etc. an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
4.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
4.7. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Is éard atá i limistéar táirgeachta ‘Sörmlands Ädel’ cúige Södermanland.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an nasc cúisíoch leis an tionscnamh geografach bunaithe ar
|
☑ |
clú |
|
☑ |
cáilíocht shainiúil |
|
☐ |
Saintréithe eile an táirge |
Achoimre ar an nasc
Tá an nasc bunaithe ar shaintréithe sonracha ‘Sörmlands Ädel’, arb é a thionscnamh geografach is mó is cúis leo.
Mar gheall ar an mbainne ó thrí phór shonracha bó agus an saineolas a tháinig chun cinn sa limistéar geografach, baineann na sainiúlachtaí seo a leanas le ‘Sörmlands Ädel’: dea-bholadh im uachtair ghéir agus siléir thais agus blas maothlach uachtarúil casta lena mbaineann mionbhlasanna aigéadacha chomh maith le mionbhlasanna siléir, stábla agus caramail. Is blasta an cháis é lena mbíonn iarbhlas fada taitneamhach gan an tseirbhe a fhaightear i gcáiseanna gormfhéitheacha eile den chineál aigéid ghoirm.
Déantar ‘Sörmlands Ädel’ as meascán de dhá thréithchineál éagsúla de P. roqueforti, ar modh táirgthe é nach n-úsáidtear ach i gcás ‘Sörmlands Ädel’ agus a thugann raon blais leathan casta don cháis.
Braitheann saintréithe ‘Sörmlands Ädel’ ar thaithí agus ar chumas an cháiseora an próiseas déanta cáise a oiriúnú trí bhrath ar an radharc, ar an mblaiseadh agus ar an tadhall atá aige, mar shampla de réir athruithe séasúracha i gcion saille agus próitéine an bhainne. Déantar é sin trí athrú a dhéanamh ar an tréimhse ama agus ar an teocht le linn chéimeanna éagsúla táirgthe ‘Sörmlands Ädel’.
Nuair a dhéantar an cháis a mhúnlú, cinneann an cáiseoir nuair a bhíonn an uigeacht, méid na gcáithníní agus an cion taise ceart ag an ngruth ionas go mbeidh na coinníollacha fáis is gá ag an múscán gorm agus ag na baictéir aigéid lachtaigh chun an ghníomhaíocht einsímeach is gá a tháirgeadh chun saill an bhainne a bhriseadh síos agus dá bharr sin chun saintréithe orgánaileipteacha ‘Sörmlands Ädel’ a fhorbairt.
Chun fás an mhúscáin ghoirm a spreagadh le linn an phróisis aibithe, déantar bearnaí sa cháis ionas gur féidir le hocsaigin dul tríd an gcáis agus ionas gur féidir dé-ocsaíd charbóin a scaoileadh. Rialaíonn an cáiseoir ráta fáis an mhúscáin ghoirm trí, ar thaobh amháin, malartú gáis a laghdú tríd an gcáis a chur i scannán plaisteach agus, ar an taobh eile, teocht aibithe na cáise a ísliú.
Tagairt leictreonach (url) d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).
(2) De réir Chaighdeán Codex 283–1978.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4965/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)