|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4883 |
15.9.2025 |
Caingean arna tabhairt an 31 Iúil 2025 – an Coimisiún Eorpach v an Ungáir
(Cás C-521/25)
(C/2025/4883)
Teanga an cháis: an Ungáiris
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: R. Onozó agus J. Vondung, Gníomhairí)
Cosantóir: an Ungáir
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
— |
a dhearbhú, trí az embercsempészés bűncselekmény miatt elítéltek reintegrációs őrizetéről szóló 148/2023. (IV. 27.) kormányrendeletet (Foraithne Rialtais Uimh. 148/2003 an 27 Aibreán 2003 maidir le coinneáil ath-imeascadh daoine a ciontaíodh i gcionta smuigleála imirceach) a ghlacadh, nár chomhlíon an Ungáir a hoibleagáidí faoi Airteagail 1 agus 3 de Threoir 2002/90/CE (1) ón gComhairle a bhaineann le smachtbhannaí éifeachtacha agus athchomhairleacha a bhunú agus a hoibleagáidí faoi Airteagal 1(1) agus (3) de Chinneadh Réime 2002/946/CGB (2) ón gComhairle, maidir le pionóis choiriúla éifeachtacha agus athchomhairleacha a fhorchur freisin i gcás imthosca géaraitheacha. |
|
— |
a ordú don Ungáir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Leis an gcaingean seo, iarrtar dearbhú nár chomhlíon an Ungáir, trí Fhoraithne Rialtais maidir le coinneáil daoine a ciontaíodh i gcionta smuigleála imirceach a ghlacadh an 27 Aibreán 2023, a hoibleagáidí faoin bPacáiste um Éascaitheoirí maidir le himirce neamhdhleathach a éascú (eadhon Airteagail 1 agus 3 de Threoir 2002/90/CE ón gComhairle agus Airteagal 1(1) agus (3) de Chinneadh Réime 2002/946/CGB ón gComhairle).
Faoin bPacáiste um Éascaitheoirí, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha i leith cionta maidir le teacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe a éascú.
Foráiltear le Foraithne Rialtas na hUngáire nach mór, i bprionsabal, pianbhreitheanna coimeádta a fhorchuirtear i mbreithiúnais chríochnaitheacha as an gcion smuigleála imirceach a ullmhú nó a dhéanamh a thiontú ina choinneáil ‘ath-imeascadh’, mar a thugtar air, i gcás inar ordaigh an chúirt choiriúil, sa bhreis ar an gcailleadh saoirse, an duine faoi phianbhreith a aistriú.
Is éard atá i gceist le coinneáil ath-imeascadh ná daoine ar cuireadh pianbhreith orthu a scaoileadh saor láithreach ón bpríosún agus oibleagáid orthu an Ungáir a fhágáil go dtí an tír ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe sin nó, murab eol sin, an tír ar náisiúnaigh di iad.
De réir an Choimisiúin, cruthaíonn an Fhoraithne Rialtais riosca sistéamach go mbeidh saoirse ó phionós i bpáirt nó beagnach iomlán ann i leith an chiona maidir le hinimirce neamhdhleathach a éascú, rud atá contrártha leis an oibleagáid foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla athchomhairleacha agus éifeachtacha dá bhforáiltear sa Phacáiste um Éascaitheoirí, rud a bhaineann an bonn d’éifeachtacht dhlí an Aontais.
Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur sárú thar a bheith tromchúiseach ar an dlí é an Fhoraithne Rialtais a ghlacadh toisc go mbaintear an bonn go mór den leas poiblí maidir le hardleibhéal slándála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, agus beartas éifeachtach inimirce agus rialaithe teorann a áirithiú.
(1) Treoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena sainmhínítear éascú teacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe (IO 2002 L 328, lch. 17).
(2) Cinneadh Réime 2002/946/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2002 maidir leis an gcreat pionósach a neartú chun cosc a chur le héascú ar theacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe (IO 2002 L 328, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4883/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)