|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4854 |
29.8.2025 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás.12026 — ACM / DEUTSCHE POST / DHL PARCEL UK / EVRI)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2025/4854)
1.
An 20 Lúnasa 2025 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Apollo Capital Management, L.P. (‘ACM’, Stáit Aontaithe Mheiriceá), cuid den ghrúpa Apollo Funds (‘Apollo’, Stáit Aontaithe Mheiriceá), |
|
— |
DHL eCommerce International Holdings BV (‘DHL eCommerce’, an Ísiltír), faoi úinéireacht an ghrúpa Deutsche Post AG (‘DHL’, an Ghearmáin), |
|
— |
EVRi Limited (‘EVRi’, an Ríocht Aontaithe), faoi rialú ACM, |
|
— |
DHL Parcel UK Holding Limited (‘DHL Parcel UK’, an Ríocht Aontaithe), faoi rialú DHL. |
Gheobhaidh ACM agus DHL eCommerce rialú comhpháirteach ar DHL Parcel UK agus EVRi de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is comhairleoir airgeadais é ACM, agus is bainisteoir domhanda sócmhainní malartacha é Apollo a thairgeann seirbhísí bainistíochta infheistíochta agus pleanála airgeadais do dhaoine aonair agus d’infheisteoirí institiúideacha ar fud an domhain. |
|
— |
Is cuideachta shealbhaíochta é DHL eCommerce d’eintitis dhlítheanacha áirithe atá gníomhach i ngnó ríomhthráchtála domhanda DHL Group (lasmuigh den Ghearmáin). |
3.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó EVRi agus DHL Parcel UK:|
— |
Is cuideachta bheartseachadta é EVRI. Tá EVRI gníomhach go príomha sa Ríocht Aontaithe ach soláthraíonn sé freisin seirbhísí teoranta lóistíochta ar conradh tríú páirtí san Ísiltír agus seirbhísí seolta lasta trasteorann i bPoblacht na hÉireann trí fhochuideachta ar lánúinéireacht, Coll-8, |
|
— |
Is meán sealbhaíochta le haghaidh DHL eCommerce UK Limited é DHL Parcel UK, a sholáthraíonn seirbhísí beartseachadta lá arna mhárach chomh maith le seirbhísí seachadta poist sa Ríocht Aontaithe. |
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.12026 — ACM / DEUTSCHE POST / DHL PARCEL UK / EVRI
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4854/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)