|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4853 |
29.8.2025 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11987 — TATA SONS / ASSETS OF INTERNATIONAL AUTOMOTIVE COMPONENTS GROUP SWEDEN)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2025/4853)
1.
An 21 Lúnasa 2025 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Tata AutoComp Systems Limited (‘Tata AutoComp’, an India), faoi rialú deiridh Tata Sons (an India), |
|
— |
Assets of International Automotive Components Group Sweden AB (‘Assets of International Automotive Components Group’, an tSualainn). |
Gheobhaidh Tata AutoComp rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Assets of International Automotive Components Group.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach sócmhainní.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Tá Tata AutoComp gníomhach i monarú agus soláthar raoin leathain comhpháirteanna mótarfheithiclí. Is cuideachta shealbhaíochta infheistíochta é Tata Sons a ghineann ioncam in LEE ar fud earnálacha éagsúla, lena n-áirítear sainchomhairleoireacht TF agus innealtóireachta, eitlíocht, comhpháirteanna mótarfheithiclí, nascacht, agus gníomhaíochtaí monaraíochta, |
|
— |
Déanann Assets of International Automotive Components Group comhpháirteanna don tionscal monaraíochta gluaisteán a mhonarú agus a sholáthar, go príomha do chustaiméirí na Sualainne. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11987 — TATA SONS / ASSETS OF INTERNATIONAL AUTOMOTIVE COMPONENTS GROUP SWEDEN
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4853/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)