European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4795

8.9.2025

Ordú na Cúirte Ginearálta an 26 Meitheamh 2025 – FF v Europol agus Eurojust (Sky ECC III)

(Cás T-484/24)  (1)

(Dliteanas neamhchonarthach - Comhair idir údaráis phóilíneachta agus seirbhísí forfheidhmithe dlí eile na mBallstát - Líomhaintí maidir le próiseáil neamhdhleathach sonraí pearsanta - Sárú ar cheanglais nós imeachta - Airteagal 76(d) de na Rialacha Nós Imeachta - Easpa damáiste neamhábhartha déanta ag Europol - Caingean arna tabhairt go páirteach os comhair cúirt ar follas nach bhfuil aon dlínse aici an cás a éisteacht, ar follas go bhfuil sí do-ghlactha go páirteach agus gur follas go bhfuil sí gan bhunús go páirteach)

(C/2025/4795)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: FF (ionadaí: J. Reisinger, Dlíodóir)

Cosantóirí: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (ionadaithe: S. van den Brande, S. Raes agus P. Van Muylder, Dlíodóirí), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (ionadaithe: A. Nunzi, Gníomhaire, le cúnamh ó G. Ziegenhorn, M. Kottmann agus T. Shulman, Dlíodóirí)

Idiragraithe, mar thaca leis na cosantóirí: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: A. Gavela Llopis, Gníomhaire), Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. Bulterman agus J. Langer, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ginearálta, ar an gcéad dul síos, an comhaontú lena leagtar síos foireann chomhpháirteach um imscrúdú de bhun seirbhís cumarsáide criptithe ‘Sky ECC’a dhearbhú a bheith do-ghlactha agus ar an dara dul síos de bhun Airteagal 268 CFAE, cúiteamh de mhéid EUR 30 000 ar an damáiste neamhábhartha a mheasann sé a d’fhulaing sé de dheasca gníomhachtaí arna ndéanamh ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus Ballstáit áirithe.

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an t-achomharc toisc é a bheith tugtha os comhair cúirt ar follas nach bhfuil aon dlínse aici an cás a éisteacht a mhéid a bhaineann sí le ‘do-ghlacthacht’ an comhaontaithe lena leagtar síos foireann chomhpháirteach um imscrúdú de bhun seirbhís cumarsáide criptithe ‘Sky ECC’.

2)

Díbhtear an t-achomharc toisc é a bheith do-ghlactha go follasach a mhéid atá sí dírithe i gcoinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus a mhéid a lorgaítear cúiteamh ar an damáiste neamhábhartha a líomhnaíonn sé a bheith fulaingthe aige.

3)

Díbhtear an t-achomharc toisc í a bheith gan aon bhunús dlí go follasach a mhéid atá sí dírithe i gcoinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol agus a mhéid a lorgaítear cúiteamh ar an damáiste neamhábhartha a líomhnaíonn sé a bheith fulaingthe aige.

4)

Ordaítear do FF a chostais féin a íoc mar aon leis na costais arna dtabhú ag Eurojust agus Europol.

5)

Ordaítear do Ríocht na Spáinne agus Ríocht na hÍsiltíre a gcostais féin a íoc


(1)   IO C, C/2024/6448, 4.11.2024.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4795/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)