European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4651

19.8.2025

Faisnéis atá le cur ar fáil de bhun Airteagal 5(2)

Bunú Grúpála Eorpaí um Chomhar Críochach (GECC)

(Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 ( IO L 210, 31.7.2006, lch. 19))

(C/2025/4651)

I.1)   Ainm, seoladh agus duine teagmhála

Ainm cláraithe: B&G-RAD

Oifig chláraithe: Hauptplatz 1, 8490 Bad Radkersburg, Bad Radkersburg, 8490 An Ostair

Duine teagmhála: Daniela Leopold-Sommer

I.2)   Fad na grúpála:

Fad na grúpála: tréimhse éiginnte

Dáta clárúcháin: 9.10.2024

Dáta foilsithe: 9.10.2024

II.   CUSPÓIRÍ

leas a bhaint as cur chuige coiteann chun tabhairt faoi thionscadail i réimsí an iompair agus an bhonneagair, ar mhaithe le forbairt réigiúnach atá inbhuanaithe agus dírithe ar an todhchaí, agus chun an tsoghluaisteacht trasteorann a chur chun cinn tríd an iompar poiblí a chomhtháthú, go háirithe traenacha agus busanna, mar shampla trí dhroichead iarnróid, siúil agus rothaíochta a thógáil trasna abhainn na Mura;

an fhorbairt áitiúil trasteorann a bhunú agus a chur chun cinn, mar shampla trí mhargadh trasteorann a chruthú feadh na Mura nó tríd an dá bhaile a chomhtháthú in aon phictiúr amháin ina mbeadh íomhánna trasteorann den dá bhaile agus an oidhreacht chultúrtha á caomhnú;

stair chomhroinnte phobail an dá bhaile a chur i láthair agus sineirgí nua a chruthú tríd an éagsúlacht chultúrtha agus náisiúnta a chaomhnú, mar shampla trí fhoilseacháin dhátheangacha a fhoilsiú agus imeachtaí téamacha a eagrú sa dá mhúsaem agus siúlóidí treoraithe a eagrú i dtaobh na staire comhroinnte atá ag an dá bhaile;

an comhar trasteorann idir institiúidí an dá bhaile a chur chun cinn agus a neartú, mar shampla trí threoirleabhar eolais dátheangach a fhoilsiú, biúró comhairle saoránach a bhunú nó comhthairseach ghréasáin dhátheangach a chruthú;

eolas agus acmhainní a roinnt le chéile ar mhaithe le sineirgí a chruthú sa todhchaí i réimsí an oideachais, an chultúir, an spóirt agus an cheoil;

teacht ar bhealaí nuálacha oiriúnaithe i leith na turasóireachta agus na fóillíochta trí shaineolas, acmhainní agus scileanna an dá bhaile a chomhthiomsú ionas gur féidir sainiúlachtaí an réigiúin a chur chun cinn agus na táirgí turasóireachta atá ann cheana a nascadh, mar shampla trí léarscáil choiteann den limistéar ar an dá thaobh den teorainn a fhoilsiú nó na conairí rothaíochta agus siúil a nascadh le chéile;

ziplíne thrasteorann a thógáil trasna na Mura agus tús na líne a bheith ar an gcnoc ar a bhfuil Caisleán Gornja Radgona suite agus deireadh na líne a bheith i bpáirc an bhaile in Bad Radkersburg;

gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur chun cinn i réimsí eile, e.g. an geilleagar agus an earnáil sláinte, chun an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú;

timpeallacht mhaireachtála chompordach a chothabháil agus tionscadail chomhshaoil a chur chun cinn i limistéar bhithsféir na Mura, na Drava agus na Danóibe.

III.   SONRAÍ BREISE MAIDIR LE hAINM NA GRÚPÁLA

Ainm Béarla: B&G-RAD

Ainm Fraincise: B&G-RAD

IV.   BAILL

IV.1)

Líon iomlán na mball sa ghrúpáil: 2

IV.2)

Náisiúntachtaí na mball: AT/SI

IV.3)

Faisnéis faoi na baill (1)

Ainm oifigiúil: Stadtgemeinde Bad Radkersburg

Seoladh: Hauptplatz 1, Bad Radkersburg, 8490 An Ostair

Suíomh gréasáin: www.bad-radkersburg.gv.at

Cineál ballraíochta: Údarás áitiúil

Ainm oifigiúil: Občina Gornja Radgona

Seoladh: Partizanska cesta 13, Gornja Radgona, 9250 An tSlóivéin

Suíomh gréasáin: www.gor-radgona.si

Cineál ballraíochta: Údarás áitiúil


(1)  Is gá an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach maidir le gach ball.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4651/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)