|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4632 |
25.8.2025 |
Caingean arna tabhairt an 6 Iúil 2025 – KP v Europol
(Cás T-440/25)
(C/2025/4632)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: KP (ionadaí: M. Velardo, Dlíodóir)
Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
cinneadh Europol an 15 Deireadh Fómhair 2024 lena ndiúltaítear d’iarratas an 19 Meitheamh 2024, arna thíolacadh de bhun Airteagal 90(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, fanacht i mbun seirbhíse ar feadh bliain eile a chur ar neamhní; |
|
— |
cinneadh Management Board Complaints Committee (Coiste Gearán an Bhoird Bainistíochta) an 25 Márta 2025 lena ndiúltaítear do ghearán an 9 Nollaig 2024 arna thionscnamh faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh a chur ar neamhní; |
|
— |
cúiteamh a ordú as damáiste airgid EUR 248 621,28, nach mór an damáiste neamhábhartha a bhaineann le strus agus an staid éiginnteachta a eascraíonn as na himeachtaí seo a chur leis, measta ex æquo et bono ag EUR 2 000, a bheidh le híoc le hús agus le hathluacháil airgeadaíochta ón tráth a tháinig an teidlíocht chun cinn go dtí an íocaíocht iarbhír; |
|
— |
a ordú do Europol na costais dlí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir na saincheisteanna dlí seo a leanas.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear pléadáil neamhdhleathachta faoi Airteagal 277 CFAE. Sárú ar an dlí i bhfoirm sárú ar phrionsabail uachtaracha an dlí (Airteagail 20 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 1d de na Rialachán Foirne agus Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gcreat chomhaontú maidir le hobair ar théarma seasta a rinne CEC, UNICE agus CEEP (1)). I ndáil leis sin, ardaíonn an t-iarratasóir pléadáil neamhdhleathachta i gcoinne Airteagal 6 de chinneadh EDOC #1363704v2 Europol, a mhéid a eisiatar leis baill foirne shealadacha a bhfuil dara conradh acu cheana féin ón tairbhe a bhaineann le síneadh a chur le fad an chonartha suas le 10 mbliana. Sáraítear leis an eisiamh sin prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe a chumhdaítear in Airteagail 20 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha, in Airteagal 1d de Rialacháin Foirne an Aontais, i dTreoir 1999/70/CE agus sna ‘Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile’. Ar na cúiseanna céanna, iarrann sé go ndéanfaí na cinntí aonair a neamhniú go díreach. Baineann an éagothromaíocht le baill foirne atá i staid chomhchosúla nó inchomparáide, a ngearrtar pionós orthu i dtéarmaí eacnamaíocha agus slándála sóisialta, gan údar oibiachtúil réasúnach. Tá tairbhithe an tsínidh i dteideal tuarastail agus athluachálacha níos buntáistí ná tuarastail agus athluachálacha intíre, a bhuí leis na díolúintí cánach dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar na rialacha maidir le comhleantacht dlíthe le himeacht ama. Earráid dlí. Ceanglaítear le comhleantacht dlíthe le himeacht ama go mbeidh feidhm ag na rialacha nua de chineál ginearálta agus teibí freisin maidir le cásanna a tháinig chun cinn faoi dhlí níos luaithe, a leanfaidh a n-éifeachtaí de bheith i bhfeidhm tráth a thiocfaidh an dlí nua i bhfeidhm. Bhí conradh an iarratasóra fós i bhfeidhm an 21 Márta 2024, tráth a tháinig an cinneadh ginearálta agus teibí i bhfeidhm agus dá bhrí sin ba cheart go mbeadh tionchar ag a éifeachtaí air. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4632/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)