European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4591

25.8.2025

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Iúil 2025 – Fritz Egger agus páirtithe eile v ECHA (Mélamine)

(Cás T-163/23)  (1)

(REACH - Substaintí ar údar mór imní iad - Bunú liosta substaintí a shainaithnítear d’fhonn iad a áireamh in Iarscríbhinn XIV de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 - Cinneadh lena sainaithnítear mealaimín mar shubstaint a chomhlíonann na critéir maidir le cuimsiú sa liosta - Ceart chun éisteacht a fháil - Prionsabal an dea-riaracháin - Airteagal 57 de Rialachán Uimh. 1907/2006 - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Ultra vires - Prionsabal na comhréireachta)

(C/2025/4591)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Fritz Egger GmbH & Co. OG (St. Johann in Tirol, an Ostair) agus na hiarratasóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach san Iarscríbhinn (ionadaí: M. Ahlhaus, Dlíodóir)

Cosantóir: An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ionadaithe: M. Heikkilä, N. Herbatschek agus A. Hautamäki, Gníomhairí)

Idiragraithe, mar thaca leis na hiarratasóirí: AT Nitrogen Piesteritz GmbH, ar a dtugtaí Borealis Agrolinz Melamine Deutschland GmbH roimhe seo (Lutherstadt Wittenberg, an Ghearmáin), Grupa Azoty Zakłady Azotowe Puławy S.A. (Puławy, an Pholainn), OCI Nitrogen BV (Sittard Geleen, an Ísiltír), Cornerstone Chemical Co. (Metairie, Louisiana, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: R. Cana, E. Mullier agus Z. Romata, Dlíodóirí), Sonae Arauco, SA (Maidrid, an Spáinn) agus na hidiragraithe eile a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach san Iarscríbhinn (ionadaithe: F. Niermeier agus M. Ahlhaus, Dlíodóirí)

Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus N. Scheffel, Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Mifsud Bonnici agus D. Milanowska, Gníomhairí)

Ábhar

Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí, Fritz Egger GmbH & Co. OG agus na daoine dlítheanacha eile a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach san Iarscríbhinn, Cinneadh D(2022)9120-DC ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) an 16 Nollaig 2022 ar neamhní, a mhéid a dhéantar leis an gcinneadh sin mealaimín a shainaithint mar shubstaint arb údar mór imní í de réir bhrí Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO 2006 L 396, lch. 1; ‘an cinneadh atá faoi chonspóid’).

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an chaingean.

2)

Ordaítear do Fritz Egger GmbH & Co. OG agus do na hiarratasóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach san Iarscríbhinn a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) a íoc.

3)

Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc.

4)

Ordaítear do LAT Nitrogen Piesteritz GmbH, ar a dtugtaí Borealis Agrolinz Melamine Deutschland GmbH roimhe seo, Grupa Azoty Zakłady Azotowe Puławy S.A., OCI Nitrogen BV agus Cornerstone Chemical Co. a gcostais féin a íoc.

5)

Ordaítear do Sonae Arauco, SA agus do na hidiragraithe eile a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach san Iarscríbhinn a gcostais féin a íoc.


(1)   IO C 179, 22.5.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4591/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)