European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4541

11.8.2025

FÓGRA FAISNÉISE – COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ

Tásca geografacha ó na hOileáin Fhilipíneacha

(C/2025/4541)

Faoi chuimsiú na caibidlíochta leis na hOileáin Fhilipíneacha maidir le Comhaontú Saorthrádála (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) lena n-áirítear caibidil maidir le tásca geografacha, chuir údaráis na nOileán Filipíneach liosta de 1 thásc geografach, lena chosaint faoin gComhaontú. Tá breithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar cheart an tásc geografach sin a chosaint faoin gComhaontú a bheidh ann amach anseo mar thásca geografacha de réir bhrí Airteagal 22(1) den Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil.

Iarrann an Coimisiún ar aon Bhallstát nó ar aon tríú tír nó ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann, atá ina chónaí i mBallstát nó i dtríú tír nó atá bunaithe i mBallstát nó i dtríú tír agóidí in aghaidh na cosanta sin a chur isteach trí ráiteas cuí-réasúnaithe a thaisceadh.

Ní mór na ráitis freasúra a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 2 mhí ó dháta foilsithe an fhógra seo. Ba cheart ráitis freasúra a chur chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: AGRI-G3@ec.europa.eu

Ní dhéanfar scrúdú ar ráitis agóide ach amháin má fhaightear laistigh den tréimhse a leagtar amach thuas iad agus má léirítear leo go mbeidh an méid seo a leanas fíor i leith chosaint an ainm a mholtar:

(a)

beidh sé ar neamhréir le hainm cineáil planda nó póir ainmhí agus is dócha go gcuirfeadh sé an tomhaltóir amú maidir le fíorthionscnamh an táirge dá thoradh;

(b)

beidh siad comhainmneach go hiomlán nó go páirteach le hainm atá faoi chosaint cheana san Aontas faoi Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), nó le ceann de na tásca geografacha ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontuithe déthaobhacha atá ar fáil go poiblí ag an seoladh seo a leanas:

https://www.tmdn.org/giview/

(c)

i bhfianaise clú agus cáil trádmhairc agus cá mhéad ama a úsáideadh é, d’fhéadfadh sé go gcuirfí an tomhaltóir amú leis sin maidir le fíorchéannacht an táirge;

(d)

go ndéanfadh sé dochar d’ainm atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt nó do thrádmharc nó do tháirgí atá ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe an fhógra seo;

(e)

nó má thugtar sonraí iontu lenar féidir a chinneadh gur ainm cineálach é an t-ainm atá á mheas lena chosaint.

Déanfar meastóireacht ar na critéir dá dtagraítear thuas i ndáil le críoch an Aontais, nach dtagraíonn, i gcás cearta maoine intleachtúla, ach don chríoch nó do na críocha ina gcosnaítear na cearta sin. Tá cosaint fhéideartha na n-ainmneacha sin san Aontas Eorpach faoi réir thabhairt i gcrích rathúil na caibidlíochta sin agus an ghnímh dhlíthiúil ina dhiaidh sin.

Liosta na dTásc Geografach  (2)

UIMH TG°

An t-ainm atá le cosaint

Leagan tras-scríofa in aibítir na Laidine

Tuairisc ghairid ar an táirge

1

Guimaras Mangoes

Ní bhaineann le hábhar

Mangó (torthaí)


(1)   IO L 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.

(2)  Ainmneacha arna soláthar ag údaráis na nOileán Filipíneach faoi chuimsiú na gcaibidlíochta, agus atá cláraithe sna hOileáin Fhilipíneacha.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4541/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)