European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4377

9.9.2025

P10_TA(2025)0046

Cúraimí eolaíocha agus teicniúla a athshannadh chuig an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 1 Aibreán 2025 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hathshannadh cúraimí eolaíocha agus teicniúla chuig an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (COM(2023)0781 – C9-0448/2023 – 2023/0454(COD))  (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2025/4377)

Leasú 1

Togra le haghaidh treorach

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Tá cuspóir leagtha síos ag an gCoimisiún, ina Theachtaireacht ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ (2), gur cheart go n-aistreofaí i dtreo próisis ‘substaint amháin, measúnú amháin’ i measúnuithe ar shábháilteacht cheimiceán, ag iarraidh próisis measúnaithe riosca níos trédhearcaí agus níos simplí chun an t-ualach ar na páirtithe leasmhara uile a laghdú, chun dlús a chur le cinnteoireacht, agus chun comhsheasmhacht agus intuarthacht na gcinntí agus na dtuairimí eolaíocha a mhéadú. Is é conclúid an Choimisiúin, ina Theachtaireacht maidir le Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (3), chun an cuspóir sin a bhaint amach, gur gá cuid den obair eolaíoch agus theicniúil ar cheimiceáin a dhéantar ar leibhéal an Aontais chun tacú le reachtaíocht an Aontais a athshannadh ar na gníomhaireachtaí is oiriúnaí de chuid an Aontais. Leis sin, dhéanfaí an leagan amach atá ann faoi láthair a shimpliú, chuirfí feabhas ar cháilíocht agus ar chomhleanúnachas na measúnuithe sábháilteachta ar fud reachtaíocht an Aontais, agus d’áiritheofaí go mbainfí úsáid níos éifeachtúla as na hacmhainní atá ann cheana.

(1)

Tá cuspóir leagtha síos ag an gCoimisiún, ina Theachtaireacht ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ (2), gur cheart go n-aistreofaí i dtreo próisis ‘substaint amháin, measúnú amháin’ i measúnuithe ar shábháilteacht cheimiceán, ag iarraidh próisis measúnaithe riosca níos trédhearcaí agus níos simplí chun an t-ualach ar na páirtithe leasmhara uile a laghdú, chun dlús a chur le cinnteoireacht, agus chun comhsheasmhacht agus intuarthacht na gcinntí agus na dtuairimí eolaíocha a mhéadú. Is é conclúid an Choimisiúin, ina Theachtaireacht maidir le Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (3), chun an cuspóir sin a bhaint amach, gur gá cuid den obair eolaíoch agus theicniúil ar cheimiceáin a dhéantar ar leibhéal an Aontais chun tacú le reachtaíocht an Aontais a athshannadh ar na gníomhaireachtaí is oiriúnaí de chuid an Aontais. Leis sin, dhéanfaí an leagan amach reatha a shimpliú, chuirfí feabhas ar cháilíocht agus ar chomhleanúnachas na measúnuithe sábháilteachta ar fud reachtaíocht an Aontais, agus d’áiritheofaí go mbainfí úsáid níos éifeachtúla as na hacmhainní atá ann cheana. Meastar chomh maith go gcuirfidh an cur chuige sin cost-éifeachtúlacht agus iomaíochas chun cinn trí nósanna imeachta rialála a shimpliú agus ualaí riaracháin a laghdú, rud a áiritheoidh gur féidir le gnóthaí iad féin a chur in oiriúint go héifeachtúil do chreataí rialála atá ag teacht chun cinn.

Leasú 2

Togra le haghaidh treorach

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Is gá cúraimí eolaíocha agus teicniúla áirithe a athshannadh don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán chun próisis agus leibhéil an ghrinnscrúdaithe eolaíoch agus an digitithe a ailíniú le caighdeáin agus próisis reatha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán. Tá gá leis sin freisin chun caighdeán comhsheasmhach cáilíochta eolaíche, trédhearcachta, inchuardaitheachta sonraí agus idir-inoibritheachta a áirithiú, i gcomhréir leis an uaillmhian ‘substaint amháin, measúnú amháin’.

(2)

Is gá cúraimí eolaíocha agus teicniúla áirithe a athshannadh don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán chun próisis agus leibhéil an ghrinnscrúdaithe eolaíoch agus an digitithe a ailíniú le caighdeáin agus próisis reatha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán. Tá gá leis sin freisin chun caighdeán comhsheasmhach cáilíochta eolaíche, trédhearcachta, inchuardaitheachta sonraí agus idir-inoibritheachta a áirithiú, i gcomhréir leis an uaillmhian ‘substaint amháin, measúnú amháin’. Thairis sin, leis an digitiú agus le próisis chuíchóirithe laghdófar iarrachtaí dúblacha agus moilleanna riaracháin, ina soláthrófar coigilteas suaithinseach costais agus gnóthachain éifeachtúlachta do na Ballstáit agus d’oibreoirí eacnamaíocha araon

Leasú 3

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)

Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar liosta na substaintí srianta dá dtagraítear i dTreoir 2011/65/AE chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine, don chomhshaol agus do shábháilteacht an tomhaltóra a áirithiú. Is iomchuí tréimhse athbhreithnithe 36 mhí ar a laghad a shocrú, agus forbairtí sa mhargadh agus dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch á gcur i gcuntas, agus ós féidir leis na Ballstáit sainchomhaid maidir le srianta a chur isteach tráth ar bith agus gur féidir bearta sriantacha cothrománacha a thionscnamh agus a ghlacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, Rialachán (AE) 2019/1021 nó faoi dhlí eile de chuid an Aontais maidir le critéir inbhuanaitheachta le haghaidh substaintí guaiseacha agus ceimiceán guaiseach.

Leasú 4

Togra le haghaidh treorach

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

Chun forálacha nós imeachta a leasú faoi Threoir 2011/65/AE, tá gá le hidirthréimhse 12  mhí chun leithdháileadh iomchuí acmhainní agus cúraimí a cheadú don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán. Meastar gur leordhóthanach an tráthchlár sin chun ligean d’iarratasóirí féideartha nó do na Ballstáit dul in oiriúint do na céimeanna nós imeachta modhnaithe faoin Treoir sin.

(8)

Chun forálacha nós imeachta a leasú faoi Threoir 2011/65/AE, tá gá le hidirthréimhse 18 mí chun leithdháileadh iomchuí acmhainní agus cúraimí a cheadú don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán. Meastar gur leordhóthanach an tráthchlár sin chun ligean d’iarratasóirí féideartha nó do na Ballstáit dul in oiriúint do na céimeanna nós imeachta modhnaithe faoin Treoir sin.

Leasú 5

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe a

Treoir 2011/65/AE

Airteagal 5 – mír 4 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás nach gcomhlánaíonn an t-iarratasóir an t-iarratas leis na heilimintí atá in easnamh arna sainaithint ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hIarscríbhinn V laistigh den sprioc-am a chuirtear ar fáil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (c), féadfaidh an Ghníomhaireacht an t-iarratas sin a dhiúltú. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an dáta a measfar an t-iarratas a bheith iomlán a bhunú agus a chur in iúl don iarratasóir gan moill mhíchuí.

I gcás nach gcomhlánaíonn an t-iarratasóir an t-iarratas leis na heilimintí atá in easnamh arna sainaithint ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hIarscríbhinn V laistigh den sprioc-am a chuirtear ar fáil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (c), diúltóidh an Ghníomhaireacht don iarratas sin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an dáta a measfar an t-iarratas a bheith iomlán a bhunú agus a chur in iúl don iarratasóir gan moill mhíchuí.

Leasú 6

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b

Treoir 2011/65/AE

Airteagal 5 – mír 4a – fomhír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Sainaithneoidh an Ghníomhaireacht cad iad na codanna dá tuairimí agus d’aon cheangaltán a ghabhann leo ba cheart a chur ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin agus cuirfidh sí na codanna sin ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin.

Sainaithneoidh an Ghníomhaireacht cad iad na codanna dá tuairimí agus d’aon cheangaltán a ghabhann leo ba cheart a chur ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin agus cuirfidh sí na codanna sin ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin , lena n-áirítear aon iarrataí a dhéantar i gcomhréir le pointe (c) den dara fomhír .

Leasú 7

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b a (nua)

Treoir 2011/65/AE

Airteagal 5 – mír 5

An téacs reatha

Leasú

 

(ba)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

5.   Déanfar iarratas chun díolúine a athnuachan tráth nach déanaí ná 18 mí roimh dhul in éag na díolúine. Beidh an díolúine reatha fós bailí go dtí go mbeidh cinneadh ar an iarratas ar athnuachan déanta ag an gCoimisiún.

‘5.   Déanfar iarratas chun díolúine a athnuachan tráth nach déanaí ná 18 mí roimh dhul in éag na díolúine. Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh maidir leis an iarratas laistigh de shé mhí tar éis na tuairimí a fháil ón nGníomhaireacht. Beidh an díolúine reatha fós bailí go dtí go mbeidh cinneadh ar an iarratas ar athnuachan déanta ag an gCoimisiún.

Leasú 8

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe a

Treoir 2011/65/AE

Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

D’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a ghnóthú agus prionsabal an réamhchúraim á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach, agus leasú ar liosta na substaintí srianta in Iarscríbhinn II a mheas, agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin ar a thionscnamh féin nó tar éis sainchomhad sriantach arna ullmhú ag Ballstát ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a thíolacadh.;

D’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a ghnóthú agus prionsabal an réamhchúraim á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach, agus leasú ar liosta na substaintí srianta in Iarscríbhinn II a mheas, agus go tréimhsiúil agus ar a laghad gach 36 mhí ina dhiaidh sin ar a thionscnamh féin nó tar éis sainchomhad sriantach arna ullmhú ag Ballstát ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a thíolacadh.;

Leasú 9

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe c

Treoir 2011/65/AE

Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh an t-athbhreithniú agus an leasú ar an liosta de shubstaintí srianta in Iarscríbhinn II bunaithe ar shainchomhaid maidir le srianta arna n-ullmhú ag an nGníomhaireacht arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna n-ullmhú ag Ballstát.

Beidh an t-athbhreithniú agus an leasú ar an liosta de shubstaintí srianta , nó grúpa substaintí, in Iarscríbhinn II bunaithe ar shainchomhaid maidir le srianta arna n-ullmhú ag an nGníomhaireacht arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna n-ullmhú ag Ballstát.

Leasú 10

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe c

Treoir 2011/65/AE

Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh an Ghníomhaireacht nó Ballstát aon fhaisnéis atá ar fáil agus aon mheasúnú riosca ábhartha a cuireadh isteach chun críocha reachtaíocht eile de chuid an Aontais a chumhdaíonn saolré na substainte a úsáidtear in TLL, an chéim dramhaíola go háirithe, a chur san áireamh. Chuige sin, déanfaidh comhlachtaí eile arna mbunú faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil cúram comhchosúil á chur i gcrích acu faisnéis a chur ar fáil don Ghníomhaireacht nó don Bhallstát lena mbaineann arna iarraidh sin dóibh.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht nó Ballstát aon fhaisnéis atá ar fáil agus aon mheasúnú ábhartha a cuireadh isteach chun críocha reachtaíocht eile den Aontas a chumhdaíonn aon chuid de shaolré na substainte a úsáidtear in TLL, an chéim dramhaíola go háirithe, a chur san áireamh. Chuige sin, déanfaidh comhlachtaí eile arna mbunú faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil cúram comhchosúil á chur i gcrích acu faisnéis a chur ar fáil don Ghníomhaireacht nó don Bhallstát lena mbaineann arna iarraidh sin dóibh.

Leasú 11

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe c

Treoir 2011/65/AE

Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 3 – pointe -a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-a)

aitheantas na substaine;

Leasú 12

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe c

Treoir 2011/65/AE

Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 3 – pointe -a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-aa)

foclaíocht bheacht agus shoiléir don iontráil den srianadh molta in Iarscríbhinn II;

Leasú 13

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe c

Treoir 2011/65/AE

Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 3 – pointe -a b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-ab)

tagairtí agus fianaise eolaíoch le haghaidh an tsrianta;

Leasú 14

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe c

Treoir 2011/65/AE

Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 3 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

faisnéis ar roghanna féideartha eile, a n-infhaighteacht agus a n-oiriúnacht;

Leasú 15

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe c

Treoir 2011/65/AE

Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 3 – pointe b b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb)

réasúnú chun srianadh uile-Aontais a bhreithniú mar an beart is iomchuí.

Leasú 16

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe c

Treoir 2011/65/AE

Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 3 – pointe b c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bc)

measúnú socheacnamaíoch

Leasú 17

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua)

Treoir 2011/65/AE

Airteagal 20 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a)

In Airteagal 20, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

 

‘1a.     Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.’

Leasú 18

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 b (nua)

Treoir 2011/65/AE

Airteagal 24 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4b)

In Airteagal 24, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

‘2a.     Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an staid maidir le hacmhainní na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán agus cúraimí, ualach oibre agus sainchúram choistí eolaíocha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán agus, i gcás inar gá, tíolacfaidh sé togra reachtach chun aon riachtanais de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán a eascraíonn as na cúraimí a thugtar isteach leis an Rialachán seo a léiriú agus chun rialachas a choistí eolaíocha a fheabhsú.’

Leasú 19

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag na forálacha faoin Treoir sin ón [IO: 12  mhí tar éis fhoilsiú na Treorach sin].

Beidh feidhm ag na forálacha faoin Treoir seo ó [IO: 18 mí tar éis fhoilsiú na Treorach seo].


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 60(4), an ceathrú fomhír (A10-0019/2025).

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An Comhaontú Glas don Eoraip, (COM (2019) 640 final an 11 Nollaig 2019).

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An Comhaontú Glas don Eoraip, (COM (2019) 640 final an 11 Nollaig 2019).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí] (COM (2020) 667 final an 14 Deireadh Fómhair 2020.

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí] (COM (2020) 667 final an 14 Deireadh Fómhair 2020.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4377/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)