|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4354 |
30.7.2025 |
Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
(C/2025/4354)
Tugtar an fhaisnéis seo a leanas d’aire na n-ábhar sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle (2), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2025/1705 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1583 ón gComhairle (5).
Is í seirbhís RELEX.1 na hArd-Stiúrthóireachta um an gCaidreamh Seachtrach (RELEX) d’Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil léi ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
Belgique/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:
An tOifigeach Cosanta Sonraí
data.protection@consilium.europa.eu
Is é is cuspóir don oibríocht phróiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2015/1333, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2025/1705, agus Rialachán (AE) 2016/44, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1583.
Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2015/1333 agus i Rialachán (AE) 2016/44.
Áirítear ar na sonraí pearsanta a bhailítear na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis an gcúis atá leis an liostú.
Is iad na Cinntí ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 29 CAE agus na Rialacháin ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 215 CFAE lena n-ainmnítear daoine nádúrtha (ábhair sonraí) agus lena bhforchuirtear reo sócmhainní agus srianta taistil na bunúis dlí le haghaidh láimhseáil sonraí pearsanta.
Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus chun oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos i ngníomhartha dlí thuasluaite a bhfuil an rialaitheoir faoina réir i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh.
Is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g) de Rialachán (AE) 2018/1725.
Féadfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta na n-ábhar sonraí a fháil ó na Ballstáit agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Is iad na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faighteoirí na sonraí pearsanta.
Coinneofar na sonraí pearsanta uile a phróiseálann an Chomhairle i gcomhthéacs bhearta sriantacha uathrialacha an Aontais go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir an reo sócmhainní nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag nó, má thugtar caingean dlí os comhair na Cúirte Breithiúnais, go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach. Coinníonn an Chomhairle sonraí pearsanta atá i ndoiciméid atá cláraithe ag an gComhairle chun críoch cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, de réir bhrí Airteagal 4(1)(e) de Rialachán (AE) 2018/1725.
D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gComhairle sonraí pearsanta maidir le hábhar sonraí a mhalartú le tríú tír nó le heagraíocht idirnáisiúnta i gcomhthéacs thrasuí ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe a bheith á dhéanamh ag an gComhairle, nó i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta maidir le beartas an Aontais i ndáil le bearta sriantacha.
In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó in éagmais coimircí iomchuí, déantar sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta de réir na gcoinníollacha seo a leanas, de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1725:
|
— |
gur gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail; |
|
— |
gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint. |
Níl baint ag aon chinnteoireacht uathoibrithe le sonraí pearsanta an duine is ábhar sonraí a phróiseáil.
Tá an ceart chun faisnéise ag na hábhair sonraí chomh maith leis an gceart rochtana ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Tá sé de cheart acu freisin a gcuid sonraí a cheartú agus a chomhlánú. In imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheart acu a éileamh go scriosfaí a gcuid sonraí pearsanta, agóid a dhéanamh faoina gcuid sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil nó a iarraidh go ndéanfaí an phróiseáil sin a shrianadh.
Is féidir le hábhair sonraí na cearta sin a fheidhmiú trí ríomhphost a sheoladh chuig an rialaitheoir agus cóip a chur chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí mar atá luaite thuas.
I gceangal lena n-iarraidh, ní mór do na hábhair sonraí cóip de dhoiciméad céannachta a sholáthar chun a gcéannacht a dhearbhú (cárta aitheantais nó pas). Ba cheart uimhir aitheantais, ainm na tíre a d’eisigh, an tréimhse bhailíochta, ainm, seoladh agus dáta breithe a bheith ar an doiciméad sin. Féadfar dath dubh a chur ar aon sonraí eile atá sa chóip den doiciméad céannachta, mar shampla, grianghraf nó saintréithe pearsanta ar bith.
Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).
Sula ndéanfaidh siad amhlaidh, moltar do na hábhair sonraí féachaint ar dtús le leigheas a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an rialaitheoir agus/nó le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle.
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(2) IO L 206, 1.8.2015, lch. 34.
(3) IO L, 2025/1705, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1705/oj.
(4) IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.
(5) IO L, 2025/1583, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1583/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4354/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)