|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4340 |
31.7.2025 |
Státchabhair – Cinneadh gan agóid a dhéanamh
(C/2025/4340)
Níl aon agóid á déanamh ag Údarás Faireacháin CSTE in aghaidh an bhirt státchabhrach seo a leanas:
|
An dáta a glacadh an cinneadh |
An 15 Aibreán 2025 |
||||
|
Cás-uimhir |
93862 |
||||
|
Uimhir an Chinnidh |
067/25/COL |
||||
|
Stát CSTE |
an Iorua |
||||
|
Teideal |
Scéim cabhrach chun feirm ghaoithe nua ar snámh amach ón gcósta a fhorbairt in Utsira Nord |
||||
|
Bunús dlí |
An Cinneadh Parlaiminteach lena n-údaraítear tacaíocht d’fheirm ghaoithe nua ar snámh amach ón gcósta a fhorbairt in Utsira Nord |
||||
|
An cineál birt |
Scéim |
||||
|
Cuspóir |
Is é is aidhm don scéim cabhrach tacú le tionscadail ghaoithe chostéifeachtaca ar snámh amach ón gcósta a fhorbairt |
||||
|
An cineál cabhrach |
Deontas díreach |
||||
|
Buiséad |
NOK 35 bhilliún |
||||
|
Déine |
Cinnfear déine na cabhrach leis an nós imeachta tairisceana iomaíoch |
||||
|
Fad |
Déanfar an ceant le haghaidh na cabhrach a sceidealú in 2028-2029. |
||||
|
Earnálacha eacnamaíocha |
Táirgeadh leictreachais ó fheirm ghaoithe ar snámh amach ón gcósta (NACE D 35.1.1) |
||||
|
Ainm agus seoladh an údaráis deonaithe |
|
Is féidir téacs barántúil an chinnidh, ar baineadh an fhaisnéis rúnda ar fad as, a fháil ar shuíomh gréasáin Údarás Faireacháin CSTE:
http://www.eftasurv.int/state-aid/state-aid-register/decisions/.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4340/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)