European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4292

11.8.2025

Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Bealtaine 2025 – Hypo Vorarlberg Bank v BRA (Raníocaíochtaí ex ante 2020)

(Cás T-394/20)  (1)

(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Aontas baincéireachta - Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) - Ciste Réitigh Aonair (CRA) - Cinneadh ó BRA maidir le ranníocaíochtaí ex ante 2020 a ríomh - Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 - Caingean a bhfuil bunús léi go follasach - Teorannú ar éifeachtaí ama an ordaithe)

(C/2025/4292)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Hypo Vorarlberg Bank (Bregenz, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A. Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: C. Flynn agus D. Ceran, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Meyring, T. Klupsch agus S. Ianc, Dlíodóirí)

Idiragraithe ag tacú leis an gcosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: L. Visaggio, J. Etienne agus G. Bartram, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Bauerschmidt agus E. d’Ursel, Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Triantafyllou agus A. Steiblytė, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh SRB/ES/2022/80 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 7 Nollaig 2022 lena dtarraingítear siar Cinneadh SRB/ES/2020/24 ó BRA an 15 Aibreán 2020 maidir le ranníocaíochtaí ex ante 2020 leis an gCiste Réitigh Aonair (CRA) a ríomh, a mhéid a bhaineann sé leis na hinstitiúidí a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo agus lena ríomhtar ranníocaíchtaí ex ante 2020 na n-institiúidí sin le CRA arís, ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis.

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear Cinneadh SRB/ES/2022/80 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 7 Nollaig 2022 maidir le ranníocaíochtaí ex ante 2020 leis an gCiste Réitigh Aonair (CRA) a ríomh ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé le Hypo Vorarlberg Bank AG.

2.

Ordaítear éifeachtaí Chinneadh SRB/ES/2022/80 a choinneáil, a mhéid a bhaineann sé le Hypo Vorarlberg Bank AG, go dtí go mbeidh na bearta is gá déanta ag BRA chun an t-ordú seo a chomhlíonadh, laistigh de thréimhse réasúnta nach féidir a bheith níos faide ná 6 mhí ón dáta a bheidh an t-ordú seo críochnaitheach.

3.

Ordaítear do BRA a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Hypo Vorarlberg Bank AG a íoc.

4.

Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc.


(1)   IO C 271, 17.8.2020.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4292/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)