|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3982 |
20.8.2025 |
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Iúil 2025
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Gréige
(C/2025/3982)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 3(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (2), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
Breithnithe ginearálta
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/1263, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, sonraítear cuspóirí an chreata rialachais eacnamaíoch, creat a bhfuil sé d’aidhm aige airgeadas poiblí inbhuanaithe fónta agus fás cuimsitheach inbhuanaithe agus athléimneacht a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Sonraítear sa Rialachán go ndéanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachas iltaobhach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na ceanglais a leagtar amach in CFAE. Áirítear sa Seimeastar Eorpach, go háirithe, foirmliú na moltaí tírshonracha agus faireachas ar chur chun feidhme na moltaí sin. Leis an Rialachán, cuirtear úinéireacht náisiúnta i leith an bheartais fhioscaigh chun cinn, agus béim á leagan ar an bhfócas meántéarmach a bhaineann leis an mbeartas céanna, agus i dteannta leis sin cuirtear forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí chun cinn chomh maith. Ní mór do gach Ballstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, plean ina mbeidh a chuid gealltanas fioscach, athchóiriúcháin agus infheistíochta, thar thréimhse 4 nó 5 bliana, de réir fhad an téarma reachtaigh náisiúnta. Ní mór an chonair ghlanchaiteachais (3) sna pleananna sin ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh, lena n-áirítear na ceanglais ollfhiachas rialtais a chur nó a choimeád ar chonair inchreidte anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % den olltáirgeacht intíre (OTI), agus an t-easnamh rialtais ghinearálta a thabhairt agus/nó a choimeád faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI, sa mheántéarma. I gcás ina dtugann Ballstát gealltanas i leith sraith ábhartha d’athchóirithe agus infheistíochtaí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán, féadtar síneadh suas le 3 bliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin. |
|
(2) |
Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (‘an tSaoráid’), i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Leis an tSaoráid cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus soláthraítear spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch, déanann an tSaoráid an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a chothú, agus spreagann sí athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe an tráth céanna, go háirithe athchóirithe agus infheistíochtaí trína gcuirtear an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach chun cinn agus trína gcuirtear le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t-airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoi chruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. |
|
(3) |
Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (‘Rialachán REPowerEU’), a glacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur, de réir a chéile, le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuidíonn sé sin ó thaobh slándáil fuinnimh a bhaint amach agus ó thaobh soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus an tráth céanna, cuireann sé le glacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh, le hacmhainneachtaí stórála agus le héifeachtúlacht fuinnimh. Chuir an Ghréig caibidil nua REPowerEU lena plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí ríthábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. |
|
(4) |
An 27 Aibreán 2021, chuir an Ghréig a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 den Rialachán sin, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V. An 13 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh Cur Chun Feidhme lena bhformheastar an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Gréige (6) a leasaíodh de réir Airteagal 18(2) an 7 Nollaig 2023 chun an ranníocaíocht uasta airgeadais le haghaidh tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a thabhairt cothrom le dáta, agus chun an chaibidil REPowerEU a chur san áireamh (7). Chun go scaoilfear na tráthchodanna, caithfidh cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24(5), ina sonraítear go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle bainte amach go sásúil ag an nGréig. Ní féidir gnóthú sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar ghnóthú na gcloch míle agus na spriocanna roimhe sin maidir leis an athchóiriú céanna nó an infheistíocht chéanna. |
|
(5) |
An 21 Eanáir 2025, ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Gréige (8). Cuireadh an plean isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 36(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1263, cumhdaíonn sé an tréimhse ó 2025 go 2028 agus cuireann sé i láthair coigeartú fioscach thar 4 bliana. |
|
(6) |
An 26 Samhain 2024 ghlac an Coimisiún tuairim maidir le dréachtphlean buiséadach na Gréige 2025. An dáta céanna, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún Tuarascáil 2025 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil inar shainaithin sé go bhfuil an Ghréig ar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinn-athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, agus togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2025, ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (9) an 13 Bealtaine 2025 agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht an 10 Márta 2025. |
|
(7) |
An 29 Eanáir 2025 d’fhoilsigh an Coimisiún an Compás Iomaíochais, creat straitéiseach arb é is aidhm dó borradh a chur faoi iomaíochas domhanda an Aontais sna 5 bliana amach romhainn. Sainaithnítear ann na trí riachtanas chlaochlaitheacha a bhaineann le fás eacnamaíoch inbhuanaithe: (i) an nuálaíocht; (ii) an dícharbónú agus an t-iomaíochas; agus (iii) an tslándáil. Chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, tá sé d’aidhm ag an Aontas nuálaíocht thionsclaíoch a chothú, tacú le fás gnólachtaí nuathionscanta trí thionscnaimh amhail an Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, agus glacadh ardteicneolaíochtaí a chur chun cinn, an intleacht shaorga agus an ríomhaireacht chandamach, cuir i gcás. Ar mhaithe le geilleagar níos glaise a bhaint amach, tá Plean Gníomhaíochta cuimsitheach um Fhuinneamh Inacmhainne agus Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan leagtha amach ag an gCoimisiún, rud a áiritheoidh go mbeidh an t-aistriú chuig fuinneamh glan costéifeachtach agus fabhrach don iomaíochas i gcónaí, go háirithe i gcás earnálacha dianfhuinnimh, agus ina spreagadh don fhás. Chun spleáchais iomarcacha a laghdú agus an tslándáil a mhéadú, tá an tAontas tiomanta do chomhpháirtíochtaí trádála domhanda a neartú, do shlabhraí soláthair a éagsúlú agus do rochtain ar amhábhair chriticiúla agus ar fhoinsí fuinnimh glana a áirithiú. Is iad na cumasóirí cothrománacha seo a leanas atá ina mbonn taca ag na tosaíochtaí sin - simpliú rialála, doimhniú an mhargaidh aonair, maoiniú iomaíochais agus Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, cur chun cinn scileanna agus poist ardcháilíochta, agus comhordú níos fearr ar bheartais an Aontais. Tá an Compás Iomaíochais ailínithe leis an Seimeastar Eorpach, rud a áirithíonn go bhfuil beartais eacnamaíocha na mBallstát comhsheasmhach le cuspóirí straitéiseacha an Choimisiúin, ionas go bhfuil cur chuige aontaithe ann maidir le rialachas eacnamaíoch lena gcothaítear fás inbhuanaithe, nuálaíocht agus athléimneacht ar fud an Aontais. |
|
(8) |
In 2025, beidh an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch ag forbairt leis de réir mar a bheidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta á cur chun feidhme. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá na moltaí tírshonracha sin fós chomh hábhartha céanna maidir leis an measúnú ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241. |
|
(9) |
Na príomhdhúshláin beartais eacnamaíoch nach dtugtar aghaidh orthu go leordhóthanach leis na bearta atá sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, cumhdaíonn moltaí tírshonracha 2025 iad, agus na dúshláin ábhartha a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2019-2024 á gcur san áireamh. |
|
(10) |
An 4 Meitheamh 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2025 don Ghréig. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar an dul chun cinn atá déanta ag an nGréig ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha agus rinneadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Gréige a mheas. I bhfianaise na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre na dúshláin is práinní atá le sárú ag an nGréig. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Gréige ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna 2030 an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú an eisiata shóisialta agus na bochtaineachta a bhaint amach, mar aon leis an dul chun cinn ó thaobh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. |
|
(11) |
Rinne an Coimisiún grinn-athbhreithniú faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 maidir leis an nGréig. Príomhthorthaí an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún ar leochaileachtaí maicreacnamaíocha i gcás na Gréige, ar measúnú é a rinneadh chun críocha an Rialacháin sin, foilsíodh iad an 13 Bealtaine 2025 (10). An 4 Meitheamh 2025, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ag an nGréig. Go háirithe, tá leochaileachtaí ag an nGréig a bhaineann le fiachas ard rialtais agus seachtrach, iasachtaí neamhthuillmheacha, agus dífhostaíocht, rudaí a leanann de bheith ag maolú agus an t-easnamh sa chuntas reatha fós ard. Tháinig laghdú suntasach ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI arís in 2024, ach d’ainneoin laghduithe leanúnacha, tá sé fós ar an leibhéal is airde san Aontas. Le barrachais bhuiséadacha in éineacht le fás OTI, áiritheofar laghduithe leanúnacha ar an bhfiachas. Tháinig méadú beag ar an easnamh sa chuntas reatha in 2024, i bhfad os cionn an leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim, agus meastar nach dtiocfaidh aon athrú ar na leibhéil arda sin i mbliana agus an bhliain seo chugainn. Tháinig tuilleadh feabhais ar an staid ghlan infheistíochta idirnáisiúnta in 2024, cé go bhfuil sí fós ar an staid is diúltaí san Aontas, agus ní mheastar go dtiocfaidh tuilleadh feabhais uirthi go hábhartha mar gheall ar na heasnaimh mhóra sa chuntas reatha agus mar gheall ar éifeachtaí ainmneoirí stadacha. Tá an margadh saothair ag dul i bhfeabhas i gcónaí; tá laghdú suntasach tagtha ar an ráta dífhostaíochta (ó bhuaic 27,8 % in 2013 go 10,1 % in 2024) ach tá sé fós ard. Tháinig laghdú breise ar stoc na n-iasachtaí neamhthuillmheacha iar chláir chomhardaithe na mbanc in 2024, ach bhí réiteach na n-iasachtaí neamhthuillmheacha atá i seilbh seirbhíseoirí fós mall, rud a lean d’ualach a chur ar chláir chomhardaithe chorparáideacha agus teaghlaigh. Tá dul chun cinn láidir déanta ag an nGréig ó thaobh beartais de chun aghaidh a thabhairt ar a leochaileachtaí. In 2024, rinneadh bearta chun feabhas a chur ar bhailiú cánach agus chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fhorfheidhmiú iasachtaí neamhthuillmheacha leagáide. Rinneadh dul chun cinn san earnáil bhreithiúnach freisin. Tá sé ríthábhachtach fós leanúint den athchóiriú faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta, agus lasmuigh de, chun aghaidh a thabhairt ar laigí struchtúracha an gheilleagair, agus tá sé ríthábhachtach táirgiúlacht a mhéadú chun ionchais fáis fhadtéarmaigh a fheabhsú, rud a d’éascódh an leachtú míchothromaíochtaí. |
Measúnú ar an Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn
|
(12) |
An 21 Eanáir 2025, mhol an Chomhairle na huasrátaí fáis glanchaiteachais seo a leanas le haghaidh na Gréige: 3,7 % in 2025, 3,6 % in 2026, 3,1 % in 2027 agus 3,0 % in 2028, rátaí a chomhfhreagraíonn do na huasrátaí fáis carnacha arna ríomh faoi threoir 2023, mar atá 6,5 % in 2025, 10,3 % in 2026, 13,7 % in 2027 agus 17,1 % in 2028. An 30 Aibreán 2025, chuir an Ghréig a Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn (11) isteach maidir le cloí leis na huasrátaí fáis glanchaiteachais a moladh agus maidir le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagraítear do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh. An Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, is léiriú freisin í ar thuairisciú débhliantúil na Gréige i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta maidir lena plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241. |
|
(13) |
Is dúshlán eiseach don Aontas Eorpach é an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin agus a iarmhairtí. Mhol an Coimisiún clásal éalaithe náisiúnta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú ar bhealach comhordaithe chun tacú le hiarrachtaí an Aontais méadú tapa suntasach ar chaiteachas cosanta a bhaint amach, agus ba dhíol sásaimh do Chomhairle Eorpach an 6 Márta 2025 an togra sin. Tar éis iarraidh a fháil ón nGréig an 29 Aibreán 2025, an 8 Iúil 2025, ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena gceadaítear don Ghréig imeacht ó uasrátaí fáis molta an ghlanchaiteachais agus iad a shárú (12). |
|
(14) |
Bunaithe ar shonraí atá fíoraithe ag Eurostat (13), tháinig laghdú ar easnamh ginearálta rialtas na Gréige ó 1,4 % de OTI in 2023 go dtí 1,3 % de OTI in 2024, agus tháinig laghdú ar an bhfiachas rialtais ghinearálta ó 163,9 % de OTI ag deireadh 2023 go dtí 153,6 % ag deireadh 2024. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin do ráta fáis glanchaiteachais -0,3 % in 2024. I dTuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn 2025, measann an Ghréig gur -0,3 % atá san fhás glanchaiteachais in 2024. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach (14), lena n-áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, bhí staid fhioscach chrapthach ann in 2024, mar atá 1,5 % de OTI. |
|
(15) |
De réir na Tuarascála Bliantúla ar Dhul Chun Cinn, sa chás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca le réamh-mheastacháin bhuiséadacha na Gréige, tá coinne le fás fíor-OTI 2,3 % in 2025 agus réamh-mheastar go mbeidh boilsciú ICPT 2,4 % ann in 2025. Réamh-mheastar i Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún go bhfásfaidh an fíor-OTI 2,3 % in 2025 agus 2,2 % in 2026, agus go mbeidh boilsciú ICPT 2,8 % ann in 2025 agus 2,3 % in 2026. |
|
(16) |
Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an mbarrachas rialtais ghinearálta go 0,1 % de OTI in 2025, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le laghdú go 145,7 % faoi dheireadh 2025. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 4,5 % in 2025. Réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún go mbeidh barrachas rialtais ghinearálta 0,7 % de OTI ann in 2025. Léiríonn an laghdú ar an mbarrachas in 2025 den chuid is mó an laghdú 1 phointe céatadáin atá beartaithe ar an ráta ranníocaíochta slándála sóisialta agus an méadú ar phá na hearnála poiblí chomh maith leis an bpacáiste nua beart, ar fiú 0,5 % de OTI é, a fógraíodh tar éis fhoilsiú thoradh fioscach 2024, lena n-áirítear aisíoc cíosa míosa do thionóntaí agus faoi réir tairseach ioncaim, sochar sóisialta buan do dhaoine leochaileacha agus méadú bliantúil EUR 500 milliún ar an mbuiséad infheistíochta náisiúnta. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 4,2 % in 2025. An difríocht idir an comhardú rialtais ghinearálta atá réamh-mheasta ag an gCoimisiún agus ag an nGréig, is féidir í a chur i leith ranníocaíochtaí slándála sóisialta níos airde agus caiteachas níos ísle ar phá, ar phinsin agus ar shochair leasa shóisialta a réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún. Léiríonn sin ionchorprú na rófheidhmíochta maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus an tearc-chaiteachais a tugadh faoi deara sna blianta roimhe sin i réamhaisnéis na bliana seo. Déantar na héifeachtaí sin a fhritháireamh go páirteach leis an ioncam ó chánacha díreacha níos ísle a réamh-mheastar freisin i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena n-áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamh-mheastar go mbeidh staid fhioscach fhorleathnaitheach ann in 2025, mar atá 0,8 % de OTI. Meastar go dtiocfaidh laghdú go 146,6 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2025. Léiríonn an laghdú ar an gcóimheas fiachais–OTI in 2025 fás OTI ainmniúil den chuid is mó, chomh maith leis an mbarrachas buiséid a réamh-mheastar. |
|
(17) |
Meastar go maoineofar caiteachas rialtais ghinearálta a dhéanann suas 1,7 % de OTI le tacaíocht neamh-inaisíoctha (‘deontais’) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2025, i gcomparáid le 1,0 % de OTI in 2024, de réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le tacaíocht neamh-inaisíoctha ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe lena gcuirfear leis an táirgiúlacht a dhéanamh gan tionchar díreach a imirt ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiachas na Gréige. |
|
(18) |
2,7 % de OTI in 2021, 2,6 % de OTI in 2022 agus 2,2 % de OTI in 2023, ba é sin an caiteachas cosanta rialtais ghinearálta sa Ghréig (15). De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar gur 2,4 % de OTI a bheidh sa chaiteachas ar chosaint in 2024 agus 2025 araon. Measann an Ghréig go gcaithfear 2,2 % de OTI ar an gcosaint in 2024 agus 2,3 % in 2025. Comhfhreagraíonn sé sin d’athrú ar bith i gcomparáid le 2024. Le linn na tréimhse ina ngníomhachtófar an clásal éalaithe náisiúnta (2025-2028), beidh an Ghréig in ann tosaíocht a thabhairt an athuair do chaiteachas rialtais nó ioncam rialtais a mhéadú ionas nach gcuirfí an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma i ngeall ar chaiteachas níos airde go marthanach ar an gcosaint. |
|
(19) |
De réir Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go bhfásfaidh an glanchaiteachas sa Ghréig 4,2 % in 2025 agus gur fás carnach 3,9 % a bheidh ann in 2024 agus 2025. Ar bhonn Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go mbeidh glanfhás caiteachais na Gréige in 2025 os cionn an uasráta fáis a mholtar, ráta a chomhfhreagraíonn do dhiall (16)0,2 % de OTI i dtéarmaí bliantúla. Agus 2024 agus 2025 á mbreithniú le chéile, réamh-mheastar go mbeidh ráta fáis carnach an ghlanchaiteachais faoi bhun an uasráta fáis a mholtar. |
|
(20) |
Ní áirítear réamh-mheastacháin bhuiséadacha tar éis 2025 sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn. Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, réamh-mheastar i Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún barrachas rialtais ghinearálta 1,4 % de OTI in 2026. Léiríonn an méadú ar an mbarrachas in 2026 go príomha fás maolaithe an chaiteachais reatha i gcomparáid le fás ioncaim. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 3,1 % in 2026. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena n-áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamh-mheastar go mbeidh staid fhioscach fhorleathnaitheach ann in 2026, mar atá 0,8 % de OTI. Is é réamh-mheastachán an Choimisiúin go dtiocfaidh laghdú go 140,6 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2026. Léiríonn an laghdú ar an gcóimheas fiachais–OTI in 2026 fás OTI ainmniúil den chuid is mó, agus baint amach na mbarrachas buiséid chomh maith. |
Príomhdhúshláin bheartais
|
(21) |
Rinneadh roinnt bearta tábhachtacha mar chuid den phlean téarnaimh agus athléimneachta chun comhlíonadh cánach agus bailiú cánach a fheabhsú, amhail athchóiriú lena nasctar cláir airgid le teirminéil díolphointe le córais TF an údaráis cánach d’fhonn imghabháil cánach a chomhrac. Mar sin féin, tá deis ann i gcónaí tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh, go háirithe chun díriú ar earnálacha sonracha a bhfuil seans mór imghabhála cánach ag baint leo, amhail earnáil an bhreosla. Áirítear ar na gníomhaíochtaí an creat dlíthiúil a chur i gcrích le haghaidh uirlis faireacháin an údaráis chánach ar shlabhra luacha na hearnála breosla, gairis rianaithe a shuiteáil ar fheithiclí coimeádán agus ar longa a iompraíonn breosla, agus cóid bhreithiúnacha a leasú chun forfheidhmiú níos éifeachtaí an chreata dhlíthiúil a éascú. Ina theannta sin, táthar ag súil go mbeidh seiceálacha ar an láthair níos spriocdhírithe agus níos fearr mar thoradh ar an athchóiriú eagraíochtúil leanúnach ar an riarachán custaim a thabhairt chun críche chun cigireachtaí a lárú. |
|
(22) |
Faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta, tá bearta á ndéanamh ag an nGréig chun códuithe dlíthiúla na bpríomhréimsí ina creat cánach a chur i gcrích, lena n-áirítear cánachas ioncaim, custaim, CBL, cánacha maoine agus bailiú fiach stáit. Chuideodh creat cánach cuíchóirithe comhleanúnach le córas cánach na Gréige a dhéanamh níos trédhearcaí agus na costais chomhlíonta do ghnólachtaí a laghdú. Dá réir sin, laghdódh sé sin na dídhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh, rud a d’fhéadfadh cuidiú chun laghdú a dhéanamh ar an mbearna infheistíochta atá fós ard. A luaithe a bheidh na códuithe dlíthiúla i bhfeidhm, tá sé tábhachtach go bhfanfaidh an creat dlíthiúil cobhsaí agus go dtacófar leis trí threoraíocht riaracháin a chur ar fáil go pras do ghnólachtaí agus do cháiníocóirí aonair. |
|
(23) |
Tá an Ghréig ag leanúint de bhearta a dhéanamh chun a riarachán poiblí a nuachóiriú, ach tá deis ann fós cur leis an éifeachtúlacht. Tar éis coigeartú suntasach tar éis 2010, rinneadh méid agus costas an riaracháin phoiblí a ailíniú go ginearálta le meán an Aontais. D’fhan bille pá earnáil phoiblí na Gréige sách cobhsaí in 2024 ag 10,3 % de OTI, rud a bhí i gcomhréir le meán an Aontais (10,2 % de OTI). Chun an méid sin a choinneáil ar bun, tá sé ríthábhachtach leanúint den ghreille pá aontaithe a chur i bhfeidhm, agus na leibhéil foirne atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun ag an am céanna, lena n-áirítear le haghaidh baill foirne shealadacha. Tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta chun éifeachtacht an riaracháin phoiblí a fheabhsú, lena n-áirítear creat rialachais il-leibhéil a glacadh in 2023, lenar cheart feabhas a chur ar an gcomhordú idir riaracháin lárnacha, réigiúnacha agus áitiúla. Mar sin féin, ní dócha go mbeidh comhordú níos fearr ann go dtí go mbeidh an creat ag feidhmiú go hiomlán, go háirithe nuair a bheidh na struchtúir rialachais, na córais faisnéise agus an códú dlíthiúil i bhfeidhm, lena soiléirítear inniúlachtaí an riaracháin réigiúnaigh agus áitiúil (tá sé beartaithe an glacadh a dhéanamh in 2025). |
|
(24) |
Tá dul chun cinn déanta chun iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú, ach tá dúshláin iomadúla fós ann a bhaineann leis an gceartas. Moilleanna suntasacha a bhíonn ar dhlíthithe go rialta agus a ndíospóidí á mbreithniú ag an gcéim réamhcheant agus iarcheant d’imeachtaí leachtaithe, is faide i bhfad iad ná na sprioc-amanna le haghaidh breithnithe a shainordaítear go reachtúil. Cuireann sé sin ceannaitheoirí ionchasacha ó pháirt a ghlacadh i gceantanna agus bíonn céatadán ard ceantanna nár éirigh leo dá thoradh sin, rud a bhaineann an bonn d’éifeachtúlacht fhoriomlán an chreata um réiteach fiachais agus a laghdaíonn soláthar éifeachtach maoine. Cuireann moilleanna leis an ngéarchéim inacmhainneachta tithíochta freisin, ós rud é go bhfuil go leor áiteanna folmha cónaithe fite fuaite i bpróisis a bhaineann le forfheidhmiú fiachais. Ní mór bearta nós imeachta a achtaíodh le déanaí a chomhlánú le tuilleadh feabhsuithe chun dlús a chur le breithniú díospóidí réamhcheant agus iarcheant, amhail (i) simplithe nós imeachta; (ii) bearta chun comhchruinniú díréireach dlíthíochta a bhaineann le forfheidhmiú i limistéir uirbeacha a sheachaint; agus (iii) ardán digiteach chun dul chun cinn cinntitheach a dhéanamh ar dhátaí éisteachta i bhfad i gcéin. |
|
(25) |
I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh siad sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse ghairid sin, tá sé ríthábhachtach cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear an chaibidil REPowerEU, a thabhairt chun críche chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach na Gréige leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta á háirithiú san am céanna. Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún NextGenerationEU – An bóthar go 2026, a glacadh an 4 Meitheamh 2025, soiléirítear an amlíne is infheidhme maidir le deireadh na Saoráide agus soláthraítear treoraíocht do na Ballstáit chun an cur chun feidhme a uasmhéadú faoin 31 Lúnasa 2026, lena n-áirítear maidir le conas a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chuíchóiriú a thuilleadh, leagtar amach na príomhroghanna atá le cur san áireamh agus iad á n-athbhreithniú, agus leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé pleanáil chomhpháirteach chúramach a dhéanamh roimh ré chun na hiarrataí deiridh ar íocaíocht a chur isteach in 2026. Tá dul chun cinn déanta ag an nGréig cheana féin maidir leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí ina Plean Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme. Chun gealltanais an phlean téarnaimh agus athléimneachta a chomhlíonadh faoi mhí Lúnasa 2026, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh an Ghréig dlús le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ábhartha. Áirítear an méid seo a leanas ar na dúshláin shonracha atá roimh an nGréig: (i) próisis fhada dlíthíochta chun aghaidh a thabhairt ar éilimh dhlíthiúla in aghaidh nósanna imeachta soláthair phoiblí, rud a d’fhéadfadh moill a chur ar an dáta críochnaithe atá beartaithe d’infheistíochtaí tar éis mhí Lúnasa 2026; (ii) aistriú mall ceart maoine; agus (iii) comhordú lag, go háirithe maidir le hinfheistíocht agus athchóirithe lena gcumhdaítear réimsí beartais a théann thar shainchúram aireacht amháin. Tá rannpháirtíocht chórasach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí i ndáil le húinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta. |
|
(26) |
Sa Ghréig tá dlús curtha le cur chun feidhme chláir an bheartais chomhtháthaithe, lena gcuimsítear tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC) agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus ón gCiste Comhtháthaithe (CC). Tá sé tábhachtach leanúint de na hiarrachtaí chun cur chun feidhme tapa na gclár sin a áirithiú, agus a dtionchar ar an láthair á uasmhéadú ag an am céanna. Tá an Ghréig ag gníomhú cheana féin faoina cláir beartais chomhtháthaithe chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfás agus tá an comhtháthú sóisialta á fheabhsú aici ag an am céanna. Ag an am céanna, tá dúshláin fós le sárú ag an nGréig maidir le borradh a chur faoin iomaíochas réigiúnach agus athléimneacht shóisialta a fheabhsú, slándáil uisce a neartú trí bhainistiú leordhóthanach uisce fearthainne agus comhlíonadh fuíolluisce a áirithiú, infhaighteacht agus rochtain ar thithíocht inacmhainne a fheabhsú, lena n-áirítear tithíocht shóisialta, agus dlús a chur leis an aistriú fuinnimh, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar stóráil fuinnimh, ar chomhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite agus ar an idirnascacht réigiúnach. I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), ceanglaítear ar an nGréig – mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais chomhtháthaithe – gach clár a athbhreithniú agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, i measc nithe eile, á gcur san áireamh. Leis na tograí ón gCoimisiún a glacadh an 1 Aibreán 2025 (18), cuirtear síneadh leis an spriocdháta chun measúnú a chur isteach – le haghaidh gach cláir – ar thoradh an athbhreithnithe mheántéarma tar éis an 31 Márta 2025. Cuirtear ar fáil leo freisin solúbthachtaí chun cuidiú le dlús a chur le cur chun feidhme clár agus dreasachtaí do na Ballstáit acmhainní an bheartais chomhtháthaithe a leithdháileadh ar chúig réimse tosaíochta straitéisí de chuid an Aontais, is iad sin iomaíochas i dteicneolaíochtaí straitéiseacha, cosaint, tithíocht, athléimneacht uisce agus aistriú fuinnimh, agus infheistíocht i scileanna i réimsí tosaíochta, agus, ag an am céanna, fócas á choinneáil ar dhaoine sna staideanna is leochailí de réir chláir CSE+. |
|
(27) |
Deis atá san Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) infheistíocht a dhéanamh i gceann de phríomhthosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, is é sin iomaíochas an Aontais a neartú. Cuirtear STEP ar fáil trí 11 chiste AE atá ann cheana. Is féidir leis na Ballstáit rannchuidiú leis an gclár InvestEU freisin, clár a thacaíonn le hinfheistíochtaí sna réimsí tosaíochta. D’fhéadfadh an Ghréig an leas is fearr a bhaint as na tionscnaimh sin chun tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí criticiúla, teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní san áireamh. |
|
(28) |
Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus i gcistí eile de chuid an Aontais, ba cheart don Ghréig aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá fós ann a bhaineann leis an ualach rialála, bacainní iontrála ar mhargaí táirgí agus seirbhísí, ilroinnt an bheartais taighde agus imeachtaí breithiúnacha fada, lena n-áirítear an t-am is gá chun próisis soláthair phoiblí a chur i gcrích. |
|
(29) |
Mar a leagtar amach sa Chompás Iomaíochais, ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla uile iarracht mhór a dhéanamh rialacha níos simplí a chur ar fáil agus dlús a chur le luas na nósanna imeachta riaracháin. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an gCoimisiún chun an t-ualach riaracháin a laghdú: faoi 25 % ar a laghad agus 35 % ar a laghad i gcás FBManna; agus tá uirlisí nua cruthaithe aige chun na spriocanna sin a bhaint amach, lena n-áirítear tástáil struis chórasach ar stoc reachtaíocht an Aontais agus idirphlé feabhsaithe le páirtithe leasmhara. Chun teacht leis an uaillmhian sin, ní mór don Ghréig beart a dhéanamh freisin. Measann 80 % de ghnólachtaí gur fadhb í castacht na nósanna imeachta riaracháin dá gcuideachta agus iad i mbun gnó sa Ghréig (19). Dá laghdófaí an t-ualach riaracháin agus rialála ar chuideachtaí a thuilleadh, chuideofaí chun iomaíochas na Gréige a threisiú. D’ainneoin dul chun cinn suntasach a bheith déanta chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil trí athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme faoi phlean téarnaimh agus athléimneachta na Gréige, bhainfeadh an Ghréig tairbhe bhreise as próisis riaracháin a chuíchóiriú agus a dhigiteáil, go háirithe le haghaidh ceadanna agus ceadúnas. Áirítear leis sin cuntasacht níos fearr i leith an riaracháin phoiblí, mar shampla trí uastréimhsí próiseála a shocrú, agus trí thionscnaimh a glacadh a fhorfheidhmiú go héifeachtach (e.g. ceadanna le haghaidh tionscadail nua maidir le fuinneamh in-athnuaite), faoi fhreagracht na riarachán áitiúil agus réigiúnach agus na n-údarás díláraithe. Tá reachtaíocht neamhiomlán i gceadúnú comhshaoil fós ina bac ar an infheistíocht. Mar shampla, níor rith an Ghréig reachtaíocht go fóill maidir leis na coinníollacha faoinar féidir tionscadail fuinnimh in-athnuaite a bhfuil tionchar teoranta acu ar an gcomhshaol a cheadúnú. Tá rialachán chun an t-aicmiú comhshaoil níos ísle i bpáirceanna gnó a ghníomhachtú ar feitheamh freisin d’fhormhór na gcineálacha gníomhaíochtaí. An creat dlíthiúil le haghaidh comhaontuithe lamháltais le haghaidh bonneagar cois cladaigh (Dlí 2971/2001), go háirithe le haghaidh calafoirt thionsclaíocha, níl sé fabhrach don infheistíocht. Thairis sin, fágann reachtaíocht neamhiomlán agus ualach iomarcach sa phróiseas ceadúcháin go bhfuil sé deacair do chuideachtaí na Gréige oibriú go dleathach faoin gcreat sin. |
|
(30) |
Tosaíocht don Ghréig is ea athbhreithniú a dhéanamh ar na bacainní arda iontrála ar fheidhmiú seirbhísí gairmiúla agus na bacainní atá ar iontrálaithe nua sna margaí táirgí, agus deireadh a chur leis na bacainní sin. Mar a léirítear le hinnéacsanna Rialachán an Mhargaidh Táirgí 2023-2024, is ag an nGréig atá ceann de na bacainní is airde san Aontas ar iontráil agus ar ghnó a dhéanamh in earnáil na seirbhísí. D’fhéadfadh roinnt bacainní ar bhunú agus ar oibriú siopaí miondíola, amhail nósanna imeachta ceadaithe, bac a chur ar fheidhmiú na hearnála. Roinnt seirbhísí gairmiúla sa Ghréig, lena n-áirítear gairmeacha dlí, ailtireachta agus innealtóireachta, tá siad faoi réir ceanglais rialála níos airde ná meán ECFE. Mar shampla, tá líon ard gníomhaíochtaí forchoimeádta ann d’ailtirí agus d’innealtóirí agus ardsrianta ar fhoirm dhlíthiúil do dhlíodóirí. Maidir le líonraí, d’oscail an Ghréig rochtain le déanaí ach tá na coinníollacha maidir le hiompar de bhóthar agus cumarsáid leictreonach sheasta sriantach go fóill. Tá scór lag ag an nGréig freisin maidir le bacainní ar éascú trádála i ndáil le bearta cur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar tionchar na rialála nua agus na rialála atá ann cheana ar an iomaíocht a mheasúnú agus a íoslaghdú, agus chun a áirithiú nach ndéanfaidh úinéireacht phoiblí an iomaíocht a shaobhadh, ar bacainní iad ar iontrálaithe nua sna margaí táirgí. |
|
(31) |
Tá beartas taighde agus maoiniú taighde na Gréige scaipthe le fada ar fud roinnt aireachtaí, an Fhondúireacht Heilléanach um Thaighde agus Nuálaíocht, agus údaráis réigiúnacha T&N. Déantar athruithe go minic sna comhlachtaí sin agus is lag an comhordú a dhéantar ina measc chomh maith. Bíonn sé deacair rochtain a fháil ar chistiú le haghaidh gníomhaíochtaí taighde i ngeall ar cheanglais iomarcacha riaracháin, nósanna imeachta malla meastóireachta agus ualach maorlathach a mheastar a bheith ard. Maidir le rochtain ar mhaoiniú, tá an caipiteal fiontair sa Ghréig faoi bhun mheán an Aontais mar sciar de OTI. D’éirigh go measartha le tionscnaimh státurraithe infheistíocht a shlógadh do ghnólachtaí nuathionscanta agus úsáidtear an plean téarnaimh agus athléimneachta chun cláir a mhaoiniú chun gnólachtaí a uas-scálú. In ainneoin na mbeart sin, bhainfeadh an Ghréig tairbhe as cistiú breise agus as straitéis T&N tar éis an phlean téarnaimh agus athléimneachta chun feabhas a chur ar mhaoiniú don nuálaíocht agus chun tacú lena héiceachóras T&N. |
|
(32) |
Tá dul chun cinn déanta ag an nGréig chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chórais cheartais a fheabhsú, mar shampla trí athbhreithniú a dhéanamh ar an léarscáil bhreithiúnach sa cheartas sibhialta, coiriúil agus riaracháin agus trí phróisis bhreithiúnacha a dhigitiú. Mar sin féin, tá fad na n-imeachtaí os comhair cúirteanna sibhialta, pionósacha agus riaracháin fós ar na cinn is airde san Aontas agus bíonn riaráistí móra ann dá bharr sin, rud a chuireann bac ar an bhforbairt eacnamaíoch, ar an gcruthú gnó agus ar an infheistíocht. Is géire an tsaincheist sin maidir le cearta conarthacha agus maoine a fhorfheidhmiú, díospóidí a réiteach go tapa, bearta forfheidhmiúcháin a chur i gcrích go héifeachtach agus imeachtaí soláthair phoiblí a dhéanamh. Tá iarrachtaí breise á ndéanamh darb aidhm stiúradh trialacha sibhialta agus tráchtála a chuíchóiriú trí fheabhsuithe nós imeachta a thabhairt isteach sa chéad chéim agus sa chéim achomhairc, agus i gcomhthéacs an fhorfheidhmithe; reachtaíocht a achtú chun úsáid sásraí malartacha um réiteach díospóidí a spreagadh agus a leathnú go gníomhach chun tuilleadh athbhreithnithe a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil maidir le heagrú na gcúirteanna agus stádas na mbreithiúna agus chun leanúint de bheith ag dul i ngleic leis an riaráiste a dhéanann difear do bhreithniú cásanna a bhaineann le soláthar poiblí. |
|
(33) |
D’ainneoin go bhfuil sciar an fhuinnimh in-athnuaite ag dul i méid ina táirgeadh foriomlán leictreachais, tá an Ghréig fós ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise. Tá praghsanna mórdhíola leictreachais luaineach agus tá siad níos airde ná meán an Aontais fós, go páirteach mar gheall ar an leibhéal ard spleáchais ar ghás nádúrtha chun leictreachas a ghiniúint. Tá roinnt athchóirithe agus infheistíochtaí i gcaibidil REPowerEU i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Gréige, lena n-áirítear acmhainneacht stórála a mhéadú, rud a mheastar a chuirfidh dlús leis an dícharbónú. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh gníomhaíochtaí chun spleáchas na Gréige ar bhreoslaí iontaise a laghdú, mar shampla tríd an gcreat rialála a oiriúnú chun go mbeidh soláthraithe stórála ceallraí in ann páirt iomlán a ghlacadh i margaí mórdhíola fuinnimh. Taifeadann an Ghréig fóirdheontais mhóra breosla iontaise agus níl sé beartaithe aici deireadh a chur leo de réir a chéile faoi 2030. Go háirithe, fóirdheontais breosla iontaise nach dtéann i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh ar bhealach spriocdhírithe ná le fíorábhair imní maidir le slándáil fuinnimh agus a chuireann bac ar an bpróiseas leictriúcháin, agus nach bhfuil riachtanach don iomaíochas tionsclaíoch, d’fhéadfaí a mheas gur tosaíocht iad dá bhrí sin maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis an mbochtaineacht fuinnimh. Sa Ghréig, fóirdheontais breosla iontaise, amhail úsáid guail agus cóic le haghaidh úsáidí tionsclaíocha, tá siad neamhéifeachtúil go heacnamaíoch agus buanaíonn siad an spleáchas ar bhreoslaí iontaise. Agus deireadh á chur de réir a chéile aici leis na fóirdheontais sin, bhainfeadh an Ghréig tairbhe as dreasachtaí a thabhairt isteach chun an tionscal a dhícharbónú agus le haghaidh réitigh atá níos neamhdhíobhálaí don aeráid in earnáil an iompair. Tá srianta acmhainneachta ar ghréasáin leictreachais sa Ghréig de réir mar a chuirtear níos mó fuinneamh in-athnuaite leis an meascán fuinnimh. Tá deis ag an nGréig a hacmhainneacht idirnaisc trasteorann a leathnú chun nasc níos fearr a dhéanamh leis an margadh inmheánach fuinnimh. Mar sin féin, scrogall mór atá sna nósanna imeachta fada ceadúcháin le haghaidh bonneagar eangaí. D’fhéadfadh an Ghréig dlús a chur leis an gcomhar le tíortha comharsanachta freisin chun féachaint ar bhealaí chun úsáid níos fearr a bhaint as an acmhainneacht atá ann cheana maidir le trádáil leictreachais. Tá deis ann freisin feabhas a chur ar cháilíocht na ngréasán dáileacháin, ós rud é go bhfuil líon na gcaillteanas teicniúil agus neamhtheicniúil leictreachais ar an eangach i bhfad os cionn mheán an Aontais. |
|
(34) |
Is ag an nGréig atá ceann de na flíteanna feithiclí is sine san Aontas, agus is dá thairbhe sin atá earnáil iompair na Gréige ar phríomhastaírí CO2 na tíre. Tá roinnt infheistíochtaí i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Gréige chun an leictrea-shoghluaisteacht a chur chun cinn, lena n-áirítear busanna leictreacha a chur in ionad seanbhusanna iompair phoiblí san Aithin agus in Thessaloniki. Mar sin féin, níl suim leordhóthanach sa mhargadh á cur sna bearta eile, amhail tacsaithe leictreacha a chur in ionad seantacsaithe, agus níltear ag forfheidhmiú na rialacha mar is ceart maidir le feithiclí gairmiúla atá as dáta a aistarraingt. Bhainfeadh an Ghréig tairbhe as straitéis chuimsitheach a tharraingt suas, lena n-áirítear plean infheistíochta agus athchóirithe, chun aistriú glas agus digiteach na hearnála iompair a chur chun cinn. Chumhdódh an straitéis an t-aistriú chuig modhanna iompair níos glaine, lena n-áirítear úsáid modhanna iompair leictreacha a leathnú, agus feabhsuithe ar iompar poiblí trína ndéanamh níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, acmhainneacht an iompair phoiblí uirbigh a mhéadú agus ticéadú comhtháite ar líne a fhorbairt le haghaidh seirbhísí bus idir-réigiúnacha. |
|
(35) |
Tá an Ghréig tiomanta infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar agus sábháilteacht iarnróid. Sa phlean gníomhaíochta maidir le sábháilteacht iarnróid agus sa mháistirphlean chun an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) a chur in úsáid, leagadh amach céimeanna chun córas iarnróid na Gréige a nuachóiriú. Tá athchóiriú san áireamh i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Gréige chun a chur ar chumas bhainisteoir bonneagair iarnróid na tíre gréasán iarnróid nua-aimseartha a oibriú go héifeachtach agus infheistíochtaí a chur i gcrích i bpríomhchórais agus i bpríomhbhonneagair shábháilteachta. D’fhéadfadh an Ghréig tairbhe a bhaint as bearta chun acmhainní leordhóthanacha cobhsaí a chur ar fáil don bhainisteoir nua bonneagair iarnróid, chun conradh feidhmíochta cuimsitheach a thabhairt i gcrích, agus chun dlús a chur le leathadh amach ERTMS ar an ngréasán iarnróid chun idir-inoibritheacht, éifeachtúlacht agus sábháilteacht a mhéadú. |
|
(36) |
Tá an Ghréig an-leochaileach i leith an athraithe aeráide agus teagmhais adhaimsire ghaolmhara, mar shampla triomaigh dhiana, tuilte, falscaithe agus tonnta teasa. Mar gheall ar mhinicíocht agus déine mhéadaitheach na dteagmhas sin, tá gá le hobair atógála chostasach agus le hathshlánú an bhonneagair lena mbaineann. Faoi láthair, tá ceann de na bearnaí is mó ag an nGréig i gcumhdach árachais iomlán le haghaidh tubaistí nádúrtha san Aontas, agus rachadh sé chun tairbhe don Ghréig leanúint de na hiarrachtaí i dtreo cur chuige struchtúrtha maidir le maoiniú riosca tubaiste agus na bearnaí sa chumhdach árachais phríobháidigh le haghaidh tubaistí nádúrtha a laghdú, ag tógáil ar bhearta a cuireadh chun feidhme le déanaí. I ngeall ar thriomaigh atá ag dul i ndéine, tá acmhainní uisce na Gréige ag éirí níos teirce agus níos truaillithe, agus meastar go mbeidh tionchar tromchúiseach ar an gcomhshaol, ar an ngeilleagar agus ar shláinte an duine dá dheasca sin. Is í earnáil na talmhaíochta príomhthomhaltóir na n-acmhainní uisce, go mór fada. Tá dúshláin mhóra fós ann maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh, ós rud é nach bhfuil na hacmhainní airgeadais ná na hacmhainneachtaí riaracháin agus bainistíochta ag soláthraithe áitiúla seirbhísí uisce arna reáchtáil ag bardais bheaga chun na réitigh bainistithe uisce is fearr is féidir a chur i bhfeidhm bunaithe ar an bprionsabal ‘an tomhaltóir agus an truaillitheoir a íocfaidh as’. Dá bhrí sin, bhainfeadh an Ghréig tairbhe as plean a tharraingt suas chun bonneagar criticiúil a dhíonadh ar an athrú aeráide, lena n-áirítear soláthar uisce agus bainistiú éilimh. Maidir le bainistiú uisce go sonrach, is éard a bheadh i gceist leis sin feabhas a chur ar inbhuanaitheacht na n-oibríochtaí agus na n-infheistíochtaí fóntais uisce trí athchóiriú institiúideach a chothú lena ndíreofaí ar an mbealach chun feabhas a chur ar acmhainneacht agus cuntasacht na gcuideachtaí uisce bardasacha. |
|
(37) |
Tá feidhmíocht fostaíochta fhoriomlán na Gréige láidir le blianta beaga anuas, rud a laghdaigh an bhearna i leith mheán an Aontais. Mar sin féin, tá rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair fós an-íseal, rud a fhágann go bhfuil bearna fostaíochta idir na hinscní atá i bhfad os cionn mheán an Aontais (18,8 pointe céatadáin sa Ghréig i gcomparáid le 10,0 pointe céatadáin san Aontas in 2024). Tá líon suntasach daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (14,2 %) ag an nGréig freisin agus bíonn deacrachtaí ag grúpaí leochaileacha amhail daoine faoi mhíchumas, náisiúnaigh tríú tír nó Romaigh rochtain a fháil ar an margadh fostaíochta. Trí shocruithe solúbtha oibre a spreagadh, seirbhísí cúraim leanaí a mhéadú agus cumhdach an chúraim fhadtéarmaigh a fheabhsú, is féidir an bealach a réiteach le haghaidh líon níos airde daoine a bheith ag obair, go háirithe daoine óga, mná agus grúpaí leochaileacha. Cé go bhfuil creataí straitéiseacha á gcur i bhfeidhm agus go bhfuil roinnt beart ar bun, tá sciar ard den daonra fós i mbaol bochtaineachta agus tá éifeachtacht na n-aistrithe sóisialta faoi bhun mheán an Aontais agus tá sé ag laghdú go suntasach le blianta beaga anuas. Riachtanais cúraim leighis nach bhfuiltear ag freastal orthu, soláthar íseal cúraim fhadtéarmaigh, costais arda tithíochta agus rátaí díothachta, cuireann siad béim ar an ngá atá le córas láidir cosanta sóisialta agus le tuilleadh gníomhaíochta beartais. Tá infhaighteacht seirbhísí sóisialta agus riachtanacha fós teoranta agus bíonn tionchar díréireach aici ar phobail imeallaithe agus iargúlta. |
|
(38) |
Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus le cistí eile ón Aontas, tá roinnt dúshláin bhreise le sárú ag an nGréig i ndáil leis an oideachas. Rannpháirtíocht in oideachas agus i gcúram na luath-óige ó thrí bliana d’aois go dtí aois tosaigh an oideachais éigeantaigh ar leibhéal na bunscoile, tá sí fós an-íseal. In 2019 (na sonraí is déanaí ó Unesco-ECFE-Eurostat maidir leis an nGréig), is san áit dheireanach a rangaíodh an Ghréig i measc Bhallstáit an Aontais ó thaobh ráta clárúcháin de, agus fágann easpa sonraí níos déanaí go bhfuil sé deacair faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn. Tá torthaí níos fearr le feiceáil sna sonraí is déanaí ó SIDM-AE. Tá rátaí rannpháirtíochta in oideachas agus cúram na luath-óige níos ísle i gcás leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois. In 2024, d’fhreastail 28,8 % de leanaí na Gréige faoi bhun trí bliana d’aois ar oideachas agus ar chúram na luath-óige (AE 39,3 %). Iarrtar ar an nGréig méadú a dhéanamh ar ráta rannpháirtíochta leanaí faoi bhun trí bliana d’aois chun sprioc athbhreithnithe Barcelona 42,8 % a bhaint amach faoi 2030. Ráta an-íseal atá ann i gcás leanaí i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta. Fuarthas amach go bhfuil tairbhí inláimhsithe agus fadtéarmacha ag baint le rochtain níos fearr ar oideachas agus ar chúram na luath-óige atá nasctha le forbairt luathscileanna, go háirithe do leanaí faoi mhíbhuntáiste, agus go gcuireann an méid sin le feabhsuithe substaintiúla ar thorthaí oideachais agus ar fhorbairt scileanna níos déanaí sa saol. |
|
(39) |
De réir an Chláir Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí is déanaí de chuid ECFE in 2022, ní bhaineann sciar ard de scoláirí na Gréige 15 bliana d’aois íosleibhéal inniúlachta amach sna bunscileanna. Tá na rátaí tearcghnóthachtála ar na rátaí is airde san Aontas agus tá fás tagtha orthu sin ó bhí 2018 ann i ngach aicme shocheacnamaíoch, rud a léiríonn go bhfuil dúshláin struchtúracha ann maidir le cáilíocht agus cothromas an chórais oideachais. Ag an am céanna, d’fhéadfadh sciartha ísle na ndaoine is fearr feidhmíocht sna bunscileanna agus sa smaointeoireacht chruthaitheach líon teoranta daoine tréitheacha nuálacha a fhágáil sa tír agus d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar iomaíochas na tíre. Le leibhéil an-íseal bunscileanna agus scileanna digiteacha i measc daoine óga cuirtear teorainn leis na hionchais chun scileanna níos airde a fhorbairt agus chun an lucht saothair a athsciliú agus a uas-sciliú. Ag 16,6 %, tá rannpháirtíocht daoine fásta san oiliúint i bhfad níos ísle ná meán an Aontais agus tá sé ar gcúl go mór maidir le sprioc 2030 na Gréige, mar atá 40 %. Tá mímheaitseáil scileanna fós ann, cé gur bunaíodh uirlis faireacháin scileanna ar bhonn píolótach le déanaí, mar gheall ar éifeachtacht theoranta na sásraí réamhaisnéise scileanna atá ann faoi láthair. Baineann feidhmíocht íseal an chórais gairmoideachais agus gairmoiliúna an bonn d’iarrachtaí chun an bhearna mhór idir éileamh mhargadh na bpost ar scileanna agus na scileanna a chuirtear chun cinn leis na córais oideachais agus oiliúna a dhúnadh. Is féidir na dúshláin sin a bhaineann an bonn ó thorthaí oideachais na Gréige a nascadh le cistiú teoranta do bheartais oideachais, leibhéal teoranta neamhspleáchais scoile, deacrachtaí maidir le modhanna teagaisc atá bunaithe ar inniúlachtaí a chur chun feidhme agus easpa cultúir meastóireachta córasaí cé gur tugadh isteach córas meastóireachta in 2022-23. Tá deiseanna gairme teoranta fós ann do mhúinteoirí, agus tá sé sin ar cheann de na gnéithe a d’fhéadfadh srian a chur ar chaighdeán an oideachais. Trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, thacófaí freisin leis an gcóineasú sóisialta aníos, i gcomhréir le hanailís tíre dara céim de sheirbhísí an Choimisiúin ar an gCreat um Chóineasú Sóisialta (20). |
|
(40) |
I bhfianaise na ndlúth-idirnasc idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro, agus a rannchuidithe chomhchoitinn le feidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadais, in 2025 mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun Moladh 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás na Gréige, cuidíonn moltaí (2), (3) agus (4) le cur chun feidhme an chéad mholta maidir leis an limistéar euro i dtaca le hiomaíochas, cuidíonn moltaí (4) agus (5) le cur chun feidhme an dara moladh maidir leis an limistéar euro i dtaca le hathléimneacht, agus cuidíonn moladh (1) le cur chun feidhme an tríú moladh maidir leis an limistéar euro i dtaca le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais a leagtar amach i Moladh 2025. |
|
(41) |
I bhfianaise ghrinn-athbhreithniú an Choimisiúin agus a chonclúidí maidir le míchothromaíochtaí a bheith ann, léirítear moltaí faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 sna moltaí (1), (2), (3) agus (5). Na beartais dá dtagraítear i moladh (1), cuidíonn siad le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann le fiachas rialtais, an staid sheachtrach agus iasachtaí neamhthuillmheacha. Beartais dá dtagraítear sna moltaí (2), (3) agus (5), tacaíonn siad le fostaíocht, iomaíochas agus fás OTI ionchasaigh, agus dá thoradh sin cuidíonn siad freisin chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann le fiachas rialtais agus leis an seasamh seachtrach. Cuidíonn moltaí (1), (2) (3) agus (5) chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí agus chun an Moladh a chur chun feidhme le haghaidh bheartas eacnamaíoch an limistéir euro, i gcomhréir le haithris 40. |
AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Ghréig in 2025 agus 2026 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
1. |
Caiteachas agus ullmhacht fhoriomlán i réimse na cosanta agus na slándála a threisiú, agus an inbhuanaitheacht fiachais á háirithiú ag an am céanna agus i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025. Cloí le huasrátaí fáis an ghlanchaiteachais a mhol an Chomhairle an 21 Eanáir 2025, agus úsáid á baint as an liúntas faoin gclásal éalaithe náisiúnta le haghaidh caiteachas cosanta níos airde. Leanúint de na hiarrachtaí feabhas a chur ar chomhlíonadh cánach, lena n-áirítear trí chigireachtaí custaim agus cánach a lárú agus a dhigiteáil a thuilleadh agus trí intuarthacht an chórais chánach a fheabhsú. Éifeachtacht agus éifeachtúlacht a riaracháin phoiblí a fheabhsú a thuilleadh tríd an gcreat rialachais il-leibhéil a chur chun feidhme ina iomláine. Leanúint den laghdú leanúnach ar stoc na n-iasachtaí neamhthuillmheacha atá i seilbh banc agus seirbhíseoirí creidmheasa trí dhlús a chur le himeachtaí cúirte a bhaineann le leachtú. |
|
2. |
I bhfianaise na sprioc-amanna is infheidhme chun athchóirithe agus infheistíochtaí a thabhairt chun críche go tráthúil faoi Rialachán (AE) 2021/241, dlús a chur le cur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear an chaibidil REPowerEU. Dlús a chur le cur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe (CFRE, CUAC, CSE+, CF), agus, i gcás inarb iomchuí, na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an athbhreithniú meántéarma a thapú agus dul chun cinn a dhéanamh dá réir. An úsáid is fearr is féidir a bhaint as ionstraimí an Aontais, na deiseanna a chuirtear ar fáil le clár InvestEU agus leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip san áireamh, chun cur leis an iomaíochas. |
|
3. |
Rialáil a shimpliú, uirlisí rialála a fheabhsú agus an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí a laghdú trí phróisis riaracháin a chuíchóiriú agus a dhigiteáil, na creataí rialála le haghaidh ceadúnú comhshaoil a chur i gcrích agus comhaontuithe lamháltais maidir leis an gcladach a dheonú. Na bacainní iontrála arda ar fheidhmiú seirbhísí gairmiúla agus ar iontrálaithe nua i margaí táirgí a athbhreithniú agus a bhaint. Feabhas a chur ar rialachas an chórais náisiúnta taighde, forbartha agus nuálaíochta trí laghdú a dhéanamh ar ilroinnt an bhainistithe beartais taighde agus foinsí cistiúcháin, agus trí rochtain ar mhaoiniú a éascú do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis, lena n-áirítear margaí áitiúla cothromais phríobháidigh agus margaí áitiúla caipitil fiontair a fhorbairt le tionscnaimh státurraithe chun infheistíocht a shlógadh. Imeachtaí breithiúnacha a chuíchóiriú agus srian a chur lena bhfad trí dhlús a chur le himeachtaí sibhialta, trí chód a ghlacadh maidir le sásraí um réiteach malartach díospóidí, trí chód na mbreithiúna a athbhreithniú a thuilleadh, agus trí leanúint d’iarrachtaí chun dlús a chur le réiteach breithiúnach díospóidí a bhaineann le soláthar poiblí. |
|
4. |
Réitigh solúbthachta neamhiontaise a fhorbairt, lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil, rud a rannchuideoidh chun praghsanna leictreachais a dhéanamh níos inacmhainne; cánacha fuinnimh a athchalabrú chun an leictriú a dhreasú; bearta nithiúla a dhéanamh chun deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breoslaí iontaise, go háirithe san earnáil tionsclaíochta; agus acmhainneacht na ngréasán leictreachais a mhéadú tríd an bpróiseas ceadúnúcháin a chuíchóiriú le haghaidh líonraí tarchuir nua agus trí cháilíocht an ghréasáin dáileacháin a fheabhsú chun caillteanais theicniúla agus neamhtheicniúla a laghdú. Dlús a chur le dícharbónú na hearnála iompair faoi straitéis chuimsitheach le hathchóirithe agus infheistíocht san aistriú chuig soghluaisteacht leictreach, iompar poiblí uirbeach agus idir-réigiúnach a uasghrádú, agus bonneagar agus oibríochtaí iarnróid a fheabhsú, lena n-áirítear trí thabhairt faoin obair athchóiriúcháin eagraíochtúil ghearrthéarmach is gá agus trí chur in úsáid luathaithe an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid ar an ngréasán iarnróid chun idir-inoibritheacht, éifeachtúlacht agus sábháilteacht a fheabhsú. Plean a tharraingt suas chun príomhbhonneagar a dhíonadh ar an athrú aeráide, lena n-áirítear an soláthar uisce; athchóiriú a dhéanamh ar an gcreat institiúideach chun feabhas a chur ar acmhainneacht agus ar chuntasacht na soláthraithe áitiúla seirbhísí uisce; agus bearta a dhéanamh chun cumhdach árachais phríobháidigh ar dhamáistí a bhaineann le tubaistí nádúrtha a mhéadú. |
|
5. |
Líon na mban agus na ngrúpaí leochaileacha atá ag obair nó atá ag lorg oibre a mhéadú, agus cabhrú le níos mó daoine óga obair a fháil trí shocruithe oibre níos solúbtha a chur chun cinn, cúram agus oideachas foirmiúil na luath-óige agus cúram fadtéarmach a leathnú, beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a threisiú, agus dul i ngleic le mímheaitseálacha scileanna. Torthaí oideachais a fheabhsú trí fheabhas a chur ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí atá dírithe ar chineálacha cur chuige atá bunaithe ar inniúlacht agus trí mheasúnú scoláirí a ailíniú leis na cineálacha cur chuige sin, neamhspleáchas scoile a fheabhsú, agus meastóireacht múinteoirí a leathnú. Aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta trí éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chórais cosanta sóisialta a mhéadú a thuilleadh. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. LOSE
(1) IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj.
(2) IO L 306, 23.11.2011, lch. 25, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2011/1176/oj.
(3) Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2024/1263: ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan ar na rudaí seo a leanas: (i) caiteachas úis; (ii) bearta lánroghnacha ioncaim; (iii) caiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais; (iv) caiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas; (v) gnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta; agus (vi) bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(4) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).
(5) Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/435/oj).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Gréige (10152/2021).
(7) Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 7 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Ghréig (15831/2023).
(8) Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Gréige (IO C, OJ C/2025/661, 10.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/661/oj).
(9) Moladh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (IO C, C/2025/2782, 22.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2782/oj).
(10) Doiciméad Inmheánach Oibre (2025) 70 final.
(11) Tá Tuarascálacha Bliantúla 2025 ar Dhul Chun Cinn ar fáil ar: https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/stability-and-growth-pact/preventive-arm/annual-progress-reports_en?prefLang=ga.
(12) Moladh ón gComhairle lena gceadaítear don Ghréig imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais mar atá leagtha síos ag an gComhairle faoi Rialachán (AE) 2024/1263 (An clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú) (IO C, C/2025/3965, 20.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3965/oj).
(13) Táscairí Eurostat-Euro, 22.4.2025.
(14) Sainmhínítear an staid fhioscach mar thomhas ar an athrú bliantúil ar riocht buiséadach foluiteach an rialtais ghinearálta. Is é is aidhm dó measúnú a dhéanamh ar an spreagadh eacnamaíoch a eascraíonn as beartais fhioscacha, idir na cinn sin a mhaoinítear go náisiúnta agus na cinn a mhaoinítear le buiséad an Aontais. Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an difríocht idir (i) an fás féideartha meántéarmach agus (ii) an t-athrú ar chaiteachas príomhúil glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha agus lena n-áirítear caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile an Aontais.
(15) Eurostat, caiteachas rialtais de réir aicmiú fheidhmeanna an rialtais (COFOG). De bharr difríochtaí modheolaíochta idir sainmhínithe COFOG agus ECAT, d’fhéadfadh sé gurbh éagsúil an caiteachas atá bunaithe ar shainmhíniú COFOG leis an gcaiteachas atá bunaithe ar shainmhíniú ECAT.
(16) Ó 2026 ar aghaidh beidh na figiúirí sin le feiceáil sa chuntas rialaithe a bhunaítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1263.
(17) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(18) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1058 agus (AE) 2021/1056 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma – COM(2025) 123 final.
(19) ‘Businesses’ attitudes towards corruption (‘Dearcadh gnólachtaí i leith an éillithe san Aontas’], Flaistuarascáil, Tuarascáil Eorabharaiméadair (Aibreán 2024).
(20) SWD(2025)95 – Anailís tíre dara céim ar chóineasú sóisialta i gcomhréir leis an gCreat maidir le Cóineasú Sóisialta (SCF), 2025.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3982/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)