European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3959

20.8.2025

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Iúil 2025

lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Liotuáine

(C/2025/3959)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 17 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach (1), mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme (2), agus le Treoir 2011/85/AE ón gComhairle leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát (3), is croíghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, mar aon le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht, a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais choisctheacha. Leis an gcreat, cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn freisin agus dírítear ar an meántéarma, agus ina theannta sin forfheidhmítear na rialacha ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí.

(2)

Na pleananna fioscacha-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata rialachais eacnamaíoch nua. Ba cheart dhá chuspóir a bhaint amach leis na pleananna: i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú, inter alia, go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ag imeacht ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus (ii) a áirithiú go ndéanfar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Chuige sin, tá gealltanas meántéarmach i leith conair ghlanchaiteachais (4) le bheith i ngach plean, gealltanas lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 bliana nó 5 bliana (ag brath ar an ngnáth-théarma reachtach i mBallstát). Ina theannta sin, tá míniú le tabhairt sa phlean ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n-áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar lena gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263.

(3)

Tar éis an plean a chur isteach, déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

(4)

Ar mholadh ón gCoimisiún, tá an Chomhairle le moladh a ghlacadh ina dhiaidh sin chun conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann a leagan síos agus, i gcás inarb infheidhme, formhuiniú a dhéanamh ar an tsraith gealltanas um athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn faoi shíneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh.

NA BREITHNITHE MAIDIR LE PLEAN FIOSCACH-STRUCHTÚRACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA LIOTUÁINE

(5)

An 30 Aibreán 2025, rinne an Liotuáin a plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún. Tíolacadh an plean tar éis síneadh a bheith curtha leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna a sholáthair an Liotuáin. Comhaontaíodh an síneadh toisc go raibh na toghcháin pharlaiminteacha náisiúnta ar siúl an 13 agus an 27 Deireadh Fómhair 2024, agus ina dhiaidh sin bhí roinnt míonna de chaibidlíocht comhghuaillíochtaí agus de chomhairliúcháin maidir le clár an rialtais nua agus plean cur chun feidhme an chláir sin (5).

An próiseas sula gcuirtear an plean isteach

(6)

Sular chuir an Liotuáin a plean isteach, d’iarr sí faisnéis theicniúil (6), rud a chuir an Coimisiún ar fáil an 31 Eanáir 2025 agus a d’fhoilsigh sé an 30 Aibreán 2025 (7). San fhaisnéis theicniúil, léirítear leibhéal an chomhardaithe phríomha struchtúraigh in 2028 is gá chun a áirithiú go gcoinneofar an t-easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI sa mheántéarma agus go bhfanfaidh an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun 60 % de OTI sa mheántéarma, in éagmais bearta buiséadacha breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. Ullmhaíodh an fhaisnéis theicniúil agus tarchuireadh chuig an Ballstát í sa dá chás seo a leanas: cás lena n-áirítear comhsheasmhacht leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh (8), i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2024/126, agus cás gan an choimirce sin.

Leagtar amach san fhaisnéis theicniúil le haghaidh na Liotuáine, gur cheart, chun na rialacha fioscacha is infheidhme a chomhlíonadh i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana, agus bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin, gur cheart 0,3 % de OTI ar a laghad a bheith sa chomhardú príomha struchtúrach i ndeireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028; cás nach bhfuil an choimirce athléimneachta easnaimh i gceist leis), de réir an tábla seo a leanas. Mar eolas, agus an choimirce athléimneachta easnaimh á cur san áireamh, ba cheart an comhardú príomha struchtúrach a bheith cothrom le 0,3 % de OTI ar a laghad i ndeireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Mar sin féin, ní ceanglas í an choimirce athléimneachta easnaimh le haghaidh na Liotuáine, tír atá incháilithe d’fhaisnéis theicniúil.

Tábla 1: Faisnéis theicniúil arna soláthar ag an gCoimisiún don Liotuáin

Bliain deiridh na tréimhse coigeartúcháin

2028

Luach íosta an chomhardaithe phríomha struchtúraigh (% de OTI), cás nach bhfuil an choimirce athléimneachta easnaimh i gceist leis

0,3

Chun críche faisnéise amháin: Luach íosta an chomhardaithe phríomha struchtúraigh (% de OTI), cás a bhfuil an choimirce athléimneachta easnaimh i gceist leis

0,3

Foinse: Ríomhanna an Choimisiúin.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an Liotuáin agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil i mí Aibreáin 2025. Díríodh san idirphlé ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an Liotuáin, ar a toimhdí foluiteacha (go háirithe díbhoilsceoir OTI, rátaí fáis ionchasaigh OTI, coigeartuithe sreabhaidh i leith stoic, sciar an fhiachais fhadtéarmaigh a aibíonn gach bliain, agus rátaí úis fadtéarmacha), agus ar thionchar shonraí olltoraidh buiséid 2024 – ar fhoilsigh Eurostat staidreamh easnaimh agus fiachais rialtais ghinearálta ina leith an 22 Aibreán 2025 – i gcomparáid leis an bhfaisnéis is bonn leis an bhfaisnéis theicniúil, chomh maith le seachadadh beartaithe na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí lena bhfreagraítear do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais in aistriú glas cothrom agus aistriú digiteach cothrom, athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, slándáil fuinnimh agus cumais chosanta a fhorbairt.

(8)

Ó mhí na Samhna 2024 go mí Feabhra 2025, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus Airteagal 36(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263, de réir na faisnéise a sholáthair an Liotuáin ina plean, chuaigh an Liotuáin i mbun próiseas comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe sóisialta, údaráis réigiúnacha agus páirtithe leasmhara ábhartha eile.

(9)

Thug an Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta a chuireann feidhm institiúide fioscaí chun feidhme tuairim uaithi maidir leis an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch atá mar bhonn taca faoin gconair ghlanchaiteachais ilbhliantúil. D’fhormhuinigh an Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus tháinig sí ar an gconclúid go bhfuil an réamhaisnéis bunaithe ar thoimhdí maicreacnamaíocha inchreidte agus go bhfuil sí i gcomhréir leis na réamh-mheastacháin a d’ullmhaigh an Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta.

(10)

Cuireadh an plean faoi bhráid choiste na parlaiminte náisiúnta um ghnóthaí Eorpacha agus d’fhormheas rialtas na Liotuáine é ina dhiaidh sin an 30 Aibreán 2025.

Próisis ghaolmhara eile

(11)

An 25 Deireadh Fómhair 2024, thíolaic an Liotuáin a Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025. Ghlac an Coimisiún tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an 26 Samhain 2024 (9).

(12)

An 2 Bealtaine 2025, d’iarr an Liotuáin go ndéanfaí an clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú chun freastal ar chaiteachas cosanta níos airde, i gcomhréir le hAirteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2024/1263 agus tar éis Theachtaireacht (C(2025)2000 final) ón gCoimisiún an 19 Márta 2025. An 8 Iúil 2025, ghlac an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, an moladh lena ngníomhachtaítear an clásal éalaithe náisiúnta don Liotuáin (10).

(13)

An 21 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Liotuáine i gcomhthéacs thimthriall 2024 den Seimeastar Eorpach (11). An 8 Iúil 2025, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Liotuáine i gcomhthéacs thimthriall 2025 den Seimeastar Eorpach. (12)

ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AIR SIN

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas:

Comhthéacs: staid agus ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach

(15)

Tháinig méadú 2,8 % ar ghníomhaíocht eacnamaíoch sa Liotuáin in 2024, mar gheall ar mhéadú mór ar thomhaltas príobháideach agus onnmhairí seirbhísí buacacha agus d’ainneoin laghdú ar infheistíocht. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh fás 2,8 % ar an ngeilleagar in 2025, le tacaíocht ó dhlús a chur le fás tomhaltais agus ó théarnamh beag maidir le hinfheistíocht. In 2026, tá coinne leis go gcuirfear dlús arís le fíor-OTI go 3,1 % de réir mar a neartóidh fás na hinfheistíochta. I gcaitheamh na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2025-2026), tá coinne leis go dtiocfaidh méadú beag ar fhás ionchasach OTI sa Liotuáin ó 2,7 % in 2024 go 2,8 % in 2025, agus go dtiocfaidh laghdú air go 2,2 % in 2026, mar gheall ar laghdú nádúrtha ar an daonra agus an laghdú ar dhaoine sa Liotuáin atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Ba é 7,1 % an ráta dífhostaíochta in 2024, agus is é réamh-mheastachán an Choimisiúin gurb é 6,8 % a bheidh ann in 2025 agus gurb é 6,6 % a bheidh ann in 2026. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú ar an mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 3,4 % in 2024 go 3,6 % in 2025, agus go dtiocfaidh laghdú air arís go 2,4 % in 2026.

(16)

Maidir le forbairtí fioscacha, ba é 1,3 % de OTI easnamh rialtais ghinearálta na Liotuáine in 2024. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún Eorpach, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú air arís go 2,3 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, go gcobhsóidh sé ag 2,3 % in 2026. Bhí an fiachas rialtais ghinearálta i ndeireadh 2024 cothrom le 38,2 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún Eorpach, tuartar go dtiocfaidh méadú ar an gcóimheas fiachais go 41,2 % de OTI i ndeireadh 2025 agus go 43,9 % i ndeireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha go dtí go mbíonn bearta beartais nithiúla, a fhógraítear go hinchreidte agus a shonraítear go leormhaith, mar bhonn taca fúthu.

Conair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean

(17)

Le plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Liotuáine, cumhdaítear an tréimhse 2025-2029 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair thar thréimhse 4 bliana.

(18)

Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean.

(19)

Tugtar gealltanas sa phlean i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 5,0 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2029 agus 5,2 % thar an tréimhse choigeartúcháin 2025-2028.

(20)

Tá an fhaisnéis theicniúil (agus glacadh leis go bhfuil conair coigeartaithe línigh ann) comhsheasmhach le meánfhás glanchaiteachais 4,2 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2029 agus 4,3 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2028. Tuairiscítear go n-eascraíonn comhardú príomha struchtúrach 0,3 % de OTI i ndeireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028) as an gconair ghlanchaiteachais ar tugadh gealltanas ina leith sa phlean. Is ionann sin agus íosleibhéal an chomhardaithe phríomha struchtúraigh 0,3 % de OTI in 2028 a chuir an Coimisiún ar fáil san fhaisnéis theicniúil an 31 Eanáir 2025.

(21)

Toimhdítear sa phlean go laghdóidh fás ionchasach OTI go 1,8 % in 2029 (ó 2,8 % in 2024). Ina theannta sin, meastar sa phlean go dtiocfaidh méadú ar ráta fáis an díbhoilsceora OTI go 3,4 % in 2025 (ó 2,8 % in 2024) agus go dtiocfaidh laghdú air go 2,5 % in 2028 agus 2029.

Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na Liotuáine

 

2024

2025

2026

2027

2028

2029

Meánfhás i rith thréimhse bhailíochta an phlean 2025-2029

Meánfhás i rith na tréimhse coigeartúcháin 2025-2028

Fás glanchaiteachais (ar bhonn bliantúil, %)

N/B

6,1

5,2

4,8

4,5

4,3

5,0

5,2

Fás glanchaiteachais (ar bhonn carnach, ón mbonnbhliain 2024, %)

N/B

6,1

11,6

17,0

22,3

27,5

n.b.

n.b.

Fás ionchasach OTI (%)

2,8

2,5

2,3

2,1

2,0

1,8

2,2

2,2

Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) (%)

2,8

3,4

2,8

2,6

2,5

2,5

2,8

2,8

Foinse: Plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Liotuáine agus ríomhanna an Choimisiúin.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir leis an bhfiachas rialtais ghinearálta

(22)

Dá dtiocfadh ann don chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean agus do na toimhdí is bonn léi, mhéadódh an fiachas rialtais ghinearálta de réir a chéile, de réir an phlean, ó 38,5 % in 2024 go 43,7 % de OTI i ndeireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028), de réir an tábla seo a leanas. Tar éis an choigeartaithe, tá sé beartaithe go dtiocfaidh laghdú beag ar an bhfiachas rialtais ghinearálta go dtí 2031, agus ina dhiaidh sin go dtiocfaidh méadú air arís sa mheántéarma, agus go sroichfidh sé 48,4 % in 2038.

Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na Liotuáine

 

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2038

Fiachas rialtais (% de OTI)

38,5

41,0

42,5

43,5

43,7

43,2

48,4

Comhardú rialtais (% de OTI)

-1,3

-1,3

-1,3

-1,3

-1,2

-1,4

-3,0

Foinse: Plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Liotuáine

Dá bhrí sin, de réir an phlean, d’fhanfadh an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, sa mheántéarma. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun cinn sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir le fiachas a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le comhardú an rialtais ghinearálta

(23)

Ar bhonn chonair ghlanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, thiocfadh laghdú ar an easnamh rialtais ghinearálta ó 1,3 % de OTI go 1,2 % de OTI i ndeireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI i ndeireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028).

(24)

Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an t-easnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun cinn sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean

(25)

Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá éagsúil leis na toimhdí ón gCoimisiún a tarchuireadh chuig an Liotuáin an 31 Eanáir 2025. Go háirithe, úsáidtear an 28 Feabhra 2025 sa phlean mar scoithdháta le haghaidh na sonraí agus faisnéis eile a chuirtear san áireamh le haghaidh na réamh-mheastachán maicreacnamaíoch agus buiséadach. Maidir leis na réamh-mheastacháin bhuiséadacha, cuirtear san áireamh sa phlean na sonraí olltoraidh bhuiséadaigh is déanaí i ndearbhthéarmaí le haghaidh 2024, arna bhfoilsiú ag Eurostat i mí Aibreáin 2025 ach úsáidtear figiúr OTI ainmniúil ag a bhfuil an scoithdháta níos sine den 28 Feabhra 2025. Chomh maith leis an scoithdháta déanach le haghaidh na sonraí agus na faisnéise eile, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean freisin le haghaidh naoi n-athróg eile, is iad sin OTI ionchasach, díbhoilsceoir OTI, rátaí úis intuigthe agus rátaí úis an mhargaidh, leaisteachas ioncaim le haghaidh 2025, coigeartuithe sreabhaidh i leith stoic agus bearta aonuaire, comhdhéanamh fiachais agus próifíl aibíochta. Is gá measúnú cúramach a dhéanamh ar na difríochtaí sin sna toimhdí, go háirithe ós rud é gurb airde an meánfhás glanchaiteachais sa phlean ná mar a tugadh le fios leis an bhfaisnéis theicniúil. Liostaítear thíos na difríochtaí idir na toimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar an meánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach difríocht arna breithniú ina haonar.

Tá an plean bunaithe ar shonraí staidrimh níos déanaí agus ar mheastacháin le haghaidh 2024 le haghaidh na n-athróg macraifhioscach. Tá údar cuí leis an difríocht sin toisc go gcuirtear san áireamh inti faisnéis níos déanaí. Go háirithe, bhí an t-easnamh rialtais ghinearálta níos ísle ná mar a glacadh leis i bhfaisnéis theicniúil an Choimisiúin, rud a fhágann go bhfuil riocht buiséadach tosaigh níos fearr ann. Cuireann sin le meánfhás glanchaiteachais níos airde i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an phlean ná mar atá ann de réir thoimhdí an Choimisiúin.

Úsáidtear fás ionchasach aschuir réidh sa phlean, rud a chuireann freisin le meánfhás glanchaiteachais níos airde i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an phlean i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. An fhéidearthacht toimhdí malartacha fáis ionchasaigh a úsáid, deonaítear é sin le hAirteagal 36, mír (1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2024/1263, ar choinníoll go bhfuil fás carnach i gcaitheamh na tréimhse réamh-mheastacháin (i.e. suas le 2038) i gcomhréir tríd is tríd le toimhdí an Choimisiúin, rud is amhlaidh sa phlean. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

Úsáidtear luach cóineasaithe nuashonraithe do dhíbhoilsceoir OTI sa phlean bunaithe ar ionchais an mhargaidh. Glactar leis sa phlean freisin go mbeidh díbhoilsceoir OTI beagán níos ísle ann le haghaidh 2025 agus beagán níos airde le haghaidh 2026 i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Cuireann siad sin le meánfhás glanchaiteachais níos airde thar bhailíocht an phlean. Is é is cúis leis na difríochtaí i bpáirt faisnéis níos déanaí, go háirithe forbairtí maidir le boilsciú praghsanna do thomhaltóirí sna chéad mhíonna de 2025, go háirithe i gcás praghsanna fuinnimh agus bia. Os a choinne sin, glactar leis sa phlean go ndéanfar cóineasú níos tapúla leis an luach cóineasaithe i gcomparáid leis an méid a bheadh intuigthe le riail an chóineasaithe línigh, lena ndéantar tionchar na ndifríochtaí eile i dtoimhdí díbhoilsceora OTI maidir leis an bhfás uasta glanchaiteachais a chothromú go páirteach. Cé nach gcuirtear toimhde an díbhoilsceora le haghaidh 2026 san áireamh sna forbairtí díbhoilscitheacha i margaí tráchtearraí ó bhí mí Aibreáin 2025 ann, in éineacht leis an laghdú níos géire in 2027-2028, meastar go bhfuil údar cuí leis an difríocht sa toimhde díbhoilsceora OTI.

Leis an ngealltanas maidir le fás glanchaiteachais a chuirtear i láthair sa phlean le haghaidh 2025, tugtar le tuiscint go nglacann an Liotuáin leis go mbeidh leaisteachas ioncaim níos airde ná ioncam aonadach ann don bhliain sin. Cuireann sin le meánfhás glanchaiteachais níos airde i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an phlean ná mar atá ann de réir thoimhdí an Choimisiúin. Níl an toimhde sin comhsheasmhach leis an gcreat coiteann um anailís ar inbhuanaitheacht fiachais.

Úsáidtear sa phlean toimhdí maidir le rátaí úis intuigthe agus rátaí úis an mhargaidh chomh maith le coigeartuithe sreabhaidh i leith stoic atá níos faichillí ná faisnéis theicniúil an Choimisiúin. Cuireann siad sin le meánfhás glanchaiteachais níos ísle thar bhailíocht an phlean. Is é ceapadh beartas buiséadach stuama is cúis leis an difríocht sin agus, dá bhrí sin, tá údar cuí leis.

Na difríochtaí atá fágtha sna toimhdí, níl tionchar mór acu ar an bhfás glanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Ar an iomlán, leis an tionchar ar an meánfhás glanchaiteachais ón toimhde níos faichillí ar na rátaí úis agus na coigeartuithe sreabhaidh i leith stoic, déantar an tionchar a bheidh ag an toimhde éagsúil ar leaisteachas ioncaim in 2025 a chothromú. Dá réir sin, tugann sé le tuiscint go mínítear an difríocht idir an chonair ghlanchaiteachais sa phlean agus an chonair atá comhsheasmhach leis an bhfaisnéis theicniúil le toimhdí a mheasann an Coimisiún a bhfuil údar cuí leo. Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn ar na difríochtaí uile sna toimhdí nuair a ghlactar le chéile iad fás glanchaiteachais sa phlean atá níos airde ná an meánfhás glanchaiteachais a thugtar le fios san fhaisnéis theicniúil. Bunaithe ar an measúnú thuas, comhlíonann an plean an ceanglas faoi Airteagal 13, pointe (b) de Rialachán (AE) 2024/1263. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean san áireamh i measúnuithe a dhéanfar amach anseo ar chomhlíonadh na conaire glanchaiteachais.

Straitéis fhioscach an phlean

(26)

De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, déanfar na gealltanais maidir le glanchaiteachas a thabhairt i gcrích trí bhíthin smacht ar chaiteachas agus méaduithe lánroghnacha ar ioncam araon. Áirítear sa straitéis fhioscach athruithe ar bheartas cánach arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fhorchéimnitheacht cánach ioncaim phearsanta, infheistíocht a spreagadh trí athbhreithniú a dhéanamh ar cháin chorparáide, an bonn cánach a leathnú agus imghabháil cánach a laghdú trí riarachán níos cliste agus trí chomhar idirnáisiúnta. Ina theannta sin, leagtar béim ann ar choigilteas amach anseo san earnáil phoiblí trí bhuiséadú ar bhonn nialasach, trí chaiteachas ísealtosaíochta a laghdú agus trí athbhreithnithe bliantúla ar chaiteachas poiblí chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus cistí a ath-leithdháileadh ar réimsí tosaíochta níos airde amhail cosaint náisiúnta. Tá sonraíocht na mbeart beartais atá le glacadh le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. Sonraíodh roinnt beart i mbuiséad 2025, a ghlac an Parlaimint Náisiúnta an 19 Nollaig 2024, ach meastar go ndeimhneofar bearta eile sna buiséid atá le teacht. Áirítear ar na bearta atá beartaithe do 2025, ar thaobh an ioncaim a bhfuil tionchar fioscach dearfach aige, méadú ar dhleachtanna máil, ar bhreoslaí truaillitheacha den chuid is mó, agus méadú ar an ráta cánach ioncaim chorparáidigh. Beidh éifeacht laghdaithe ioncaim ag na coigeartuithe ar an díolúine ó cháin ioncaim phearsanta (méid an ioncaim neamh-inchánach). Ó thaobh an chaiteachais de, tá méaduithe caiteachais beartaithe le haghaidh pá poiblí, cosanta agus pinsean. An tráth céanna, tá rioscaí ann maidir le cur chun feidhme na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, ós rud é go bhfuil bearta sonracha eile fós le hoibriú amach, go bhfuil sé deacair go ginearálta leibhéal an ioncaim bhreise a thagann ó bhearta chun imghabháil cánach a chomhrac a thuar, agus gur gá spás fioscach breise a dhéanamh chun cistiú a mhéadú don chúram sláinte, don chosaint shóisialta agus do sheirbhísí poiblí eile, mar a mhol an Chomhairle freisin.

Cuspóirí athchóiriúcháin agus infheistíochta sa phlean lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais

(27)

Déantar cur síos sa phlean ar bhearta atá beartaithe a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun freagairt ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Cuimsítear sa phlean thart ar 60 athchóiriú agus infheistíocht, a bhfaigheann 11 cheann díobh tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus a bhfaigheann 27 cinn díobh tacaíocht airgeadais ó chistí an bheartais chomhtháthaithe. Tá athchóirithe agus infheistíochtaí an phlean bunaithe ar dhoiciméad straitéise rialtais atá ann cheana (‘Plean chun an Naoú Clár Rialtais Déag de chuid Phoblacht na Liotuáine a chur chun feidhme’).

(28)

Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le haistriú cóir glas agus digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, áirítear sa phlean athchóirithe agus infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh sciar na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú trína gcomhtháthú in eangacha leictreachais a áirithiú, éifeachtúlacht fuinnimh an chórais téimh ceantair, an chórais uisce te agus an chórais fuaraithe a mhéadú agus bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a fhorbairt le haghaidh breoslaí malartacha. Tugtar tuairisc sa phlean freisin ar bhearta chun dícharbónú thionscal na Liotuáine a chur chun cinn agus chun feabhas a chur ar na dreasachtaí chun dramhaíl a chosc, agus amhábhair thánaisteacha a bhainistiú agus a aisghabháil ar bhealach níos éifeachtúla. Ar deireadh, tugtar tuairisc sa phlean freisin ar bhearta, mar chuid den leathnú ar clúdach leathanbhanda sárthapa sa tír, chun an bonneagar móibíleach is gá chun oibriú ar chríoch cúig chontae sa Liotuáin ar a laghad a dhearadh. Cuireann na bearta sin agus bearta eile sa phlean le cur chun feidhme mholtaí tírshonracha 2023, 2022, 2020 agus 2019 maidir le maolú ar an athrú aeráide agus inbhuanaitheacht, go háirithe dícharbónú agus táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a leathnú, ach éifeachtúlacht fuinnimh agus iompair inbhuanaithe a fhorbairt freisin. Cuireann na bearta freisin le moltaí tírshonracha sa réimse a bhaineann le leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta a leathnú.

(29)

Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, áirítear sa phlean athchóirithe agus infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh an córas innéacsaithe le haghaidh mhéideanna bunúsacha na sochar sóisialta a mhodhnú chun a áirithiú gur fearr a léireoidh sé forbairtí ar phraghsanna agus ar mheánphá, innéacsú pinsean árachais shóisialta a choigeartú, cur chun feidhme beart tacaíochta fostaíochta a fheabhsú, samhail chistiúcháin inbhuanaithe bunaithe ar bhuiséad a thabhairt isteach don fhoghlaim aosach, agus líonra d’ionaid ghairme réigiúnacha a fhorbairt ar fud na tíre. Áirítear sa phlean freisin athchóirithe agus infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh ceanglais cháilíochta a thabhairt isteach maidir le tithíocht shóisialta, agus ceanglais cháilíochta maidir le seirbhísí sóisialta a shainiú, a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a choinneáil ar bun. Ar deireadh, is é is aidhm don phlean feabhas a chur ar rochtain ar chúram sláinte agus ar cháilíocht cúraim sláinte, ganntanais gairmithe sláinte a laghdú agus feabhas a chur ar ghalar a chosc. Cuireann na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin le moltaí tírshonracha 2024, 2023, 2022, 2020 agus 2019 maidir le feabhas a chur ar phleanáil agus soláthar seirbhísí sóisialta, feabhas a chur ar chur chun feidhme beartas gníomhach maidir leis an margadh saothair, athléimneacht an chórais sláinte a neartú, chomh maith le neamhionannas, bochtaineacht agus eisiamh sóisialta a laghdú.

(30)

Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na slándála fuinnimh, áirítear sa phlean Tionscadal Straitéiseach Harmony Link idir an Liotuáin agus an Pholainn a thabhairt chun críche agus athléimneacht na gcóras fuinnimh i láithreáin straitéiseacha a neartú trí chórais frithdhrón a shuiteáil, trí threalamh a stoc-charnadh nó trí bhallaí sábháilteachta a thógáil. Cuireann na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin le moltaí tírshonracha 2023 maidir leis an tslándáil fuinnimh.

(31)

Maidir le tosaíocht chomhchoiteann na gcumas cosanta, áirítear sa phlean athchóirithe agus infheistíochtaí chun an Rannán Coisithe Náisiúnta agus a aonaid mhíleata chumasúcháin a fhorbairt, chun an bonneagar is gá a fhorbairt chun Briogáid na Gearmáine a óstáil sa Liotuáin, chun tionscal cosanta na Liotuáine a neartú agus chun dul chun cinn eolaíoch-teicneolaíoch a chur chun cinn.

(32)

Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht, le cistí an bheartais comhtháthaithe agus le plean téarnaimh agus athléimneachta na Liotuáine. Áirítear sa phlean bearta ón bplean téarnaimh agus athléimneachta amhail táirgeadh breosla in-athnuaite a chur chun feidhme agus bonneagar a fhorbairt lena n-úsáid san earnáil iompair, nó feabhas a chur ar bhearta tacaíochta fostaíochta. Tacaíonn an plean freisin leis na cuspóirí céanna leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta.

(33)

Is é is aidhm don phlean rannchuidiú chun freastal ar riachtanais infheistíochta poiblí na Liotuáine a bhaineann le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Tagraíonn na riachtanais infheistíochta den chuid is mó d’infheistíochtaí a leagtar amach i roinn na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí. Maidir le cosaint, mínítear sa phlean gur léirigh Comhairle Cosanta Stáit na Liotuáine an uaillmhian EUR 28 mbilliún a leithdháileadh ar an gcosaint idir 2026 agus 2030, arb ionann é agus 5-6 % de OTI in aghaidh na bliana. Tá sé sin os cionn sprioc thagartha ECAT, is é sin 2 % de OTI.

Conclúid ar mheasúnú an Choimisiúin

(34)

Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na Liotuáine ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

CONCLÚID FHORIOMLÁN ÓN gCOMHAIRLE

(35)

Is díol sásaimh don Chomhairle plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Liotuáine agus measann sí go gcabhródh a chur chun feidhme iomlán le hairgeadas poiblí fónta a áirithiú agus le tacú le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí chomh maith le fás inbhuanaithe cuimsitheach.

(36)

Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an bplean. Mar sin féin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a mheasúnú ar phleananna a chuirfear faoina bráid amach anseo a thíolacadh i ndoiciméad eile seachas sa doiciméad ina leagtar síos na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle.

(37)

Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an gconair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean, lena n-áirítear i ndáil leis an treoir a thug an Coimisiún roimh ré, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le conair ghlanchaiteachais an phlean i ndáil le heasnamh agus fiachas rialtais. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil údar cuí ar an iomlán leis na toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha, cé go bhfuil siad éagsúil i gcásanna áirithe le toimhdí an Choimisiúin, lena n-áirítear chun freastal ar shonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha nuashonraithe, agus go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta mar bhonn taca leo. Tugann an Chomhairle dá haire straitéis fhioscach leathan an phlean agus na rioscaí don ionchas, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do theacht chun cinn an cháis mhaicreacnamaíoch agus do na toimhdí bunúsacha agus do sheachadadh chonair ghlanchaiteachais an phlean. Is díol sásaimh don Chomhairle gur cuireadh an plean faoi bhráid na Parlaiminte. Tugann an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfadh rioscaí geopholaitiúla brú a chur ar chaiteachas cosanta.

(38)

Tá an Chomhairle ag súil go mbeidh an Liotuáin réidh chun a straitéis fhioscach a choigeartú de réir mar is gá chun a conair ghlanchaiteachais a áirithiú. Tá rún daingean ag an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear iad siúd is bonn le cás an phlean.

(39)

Measann an Chomhairle go bhfuil gá le tuilleadh plé chun teacht ar chomhthuiscint maidir leis na himpleachtaí bliantúla faireachais a bhaineann leis na rátaí fáis carnacha glanchaiteachais in am don chéad bhabhta eile den fhaireachas fioscach.

(40)

Tugann an Chomhairle dá haire an tuairisc ón gCoimisiún ar na riachtanais agus na rúin infheistíochtaí agus athchóirithe a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin i gcrích. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a thíolacfaidh an Coimisiún, measúnú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin agus déanfaidh sí faireachán ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh.

(41)

Tá an Chomhairle ag súil leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ón Liotuáin ina mbeidh, go háirithe, faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais mar a leag an Chomhairle síos í, agus faoi chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

(42)

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais mar a leagtar amach sa phlean a mholadh don Liotuáin.

AG MOLADH LEIS SEO don Liotuáin

1.

A áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. LOSE


(1)  Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).

(3)  Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).

(4)  Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.

(5)  Is plean gníomhaíochta é Plean Cur Chun Feidhme Chlár an Rialtais, lena leagtar amach gníomhaíochtaí agus sprioc-amanna soiléire chun cuspóirí Chlár an Rialtais a chur chun feidhme.

(6)  Leis an treoraíocht a tugadh roimh ré do na Ballstáit agus don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais cuimsítear faisnéis theicniúil (i) nach bhfuil síneadh leis an tréimhse choigeartúcháin agus a bhfuil síneadh leis an tréimhse choigeartúcháin i gceist léi (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach), agus (ii) a bhfuil coimirce athléimneachta easnaimh agus nach bhfuil coimirce athléimneachta easnaimh i gceist léi. Áirítear inti freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí foluiteacha a úsáidtear i gcreat réamh-mheasta fiachais rialtais mheántéarmaigh an Choimisiúin. Ríomhadh an fhaisnéis theicniúil ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear in Debt Sustainability Monitor 2023 [Monatóir Inbhuanaitheachta Fiachais 2023] an Choimisiúin (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-sustainability-monitor-2023_en). Is ar Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2033 a bhí sí bunaithe, agus tá fás fadtéarmach OTI agus na costais aosaithe i gcomhréir leis an 2024 Ageing Report [Tuarascáil ar an Aosú 2024] , tuarascáil chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón gComhairle (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_en).

(7)   https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/national-medium-term-fiscal-structural-plans_en#Lithuania.

(8)  Leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh a bhunaítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263 suitear go bhfuil an feabhas bliantúil ar an gcomhardú príomha struchtúrach cothrom le 0,4 pointe céatadáin de OTI (nó 0,25 pointe céatadáin de OTI i gcás síneadh leis an tréimhse choigeartúcháin) go dtí go mbeidh an t-easnamh struchtúrach níos ísle ná 1,5 % de OTI.

(9)  Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na Liotuáine, 26.11.2024, C(2024)9058 final.

(10)  Moladh ón gComhairle an 8 Iúil 2025 lena gceadaítear don Liotuáin imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais mar atá leagtha síos ag an gComhairle faoi Rialachán (AE) 2024/1263 (An clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú) (IO C, C/2025/3969, 20.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3969/oj).

(11)  Moladh ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Liotuáine, IO C 6822, 29.11.2024.

(12)  Moladh ón gComhairle an 8 Iúil 2025 maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Liotuáine, IO C, C/2025/3989, 20.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3989/oj.


IARSCRÍBHINN

Uasrátaí fáis ghlanchaiteachais

(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)

an Liotuáin

Blianta

2025

2026

2027

2028

2029

Rátaí fáis (%)

Bliantúil

6,1

5,2

4,8

4,5

4,3

Carnach (*1)

6,1

11,6

17,0

22,3

27,5


(*1)  Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2024. Baintear úsáid as na rátaí fáis carnacha san fhaireachán bliantúil ar chomhlíonadh ex post sa chuntas rialaithe.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3959/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)