|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3944 |
16.7.2025 |
Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)
(C/2025/3944)
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH
(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)
‘Ciauscolo’
Uimh. AE: PGI-IT-0557-AM01 — 29.4.2025
1. Ainm an táirge
‘Ciauscolo’
2. Cineál an táisc gheografaigh
|
☐ |
Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (ATFC) |
|
☒ |
Tásc Geografach faoi Chosaint (TGFC) |
|
☐ |
Tásc geografach (TG) |
3. Earnáil
|
☒ |
Táirgí talmhaíochta |
|
☐ |
Fíonta |
|
☐ |
Deochanna biotáilleacha |
4. Tír ar léi an limistéar geografach
an Iodáil
5. Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl
An Aireacht Talmhaíochta, Bhiafhlaithis agus Foraoiseachta — An Roinn Biafhlaithis agus Spórt Eachaíochta
6. Incháilitheacht mar leasú caighdeánach
Míniú ar an bhfáth a dtagann an leasú (nó na leasuithe) faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1143
Na leasuithe ar shonraíocht táirge an TGFC:
|
— |
níl i gceist leo athrú ar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná ar ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint, ná ar úsáid an ainm sin; |
|
— |
níl baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach dá dtagraítear sa doiciméad aonair ar neamhní; nó |
|
— |
níl srianta breise ar chur ar an margadh an táirge i gceist leo. |
7. Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta
1. Leasú ar Airteagal 2
Leasú 1
Baineann an leasú le hAirteagal 2, mír 1, den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.2 den doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú an téarma ‘cos’ a chur in ionad an téarma ‘liamhás’.
Cúis: Tá gá leis an ionadú toisc nach bhfuil an téarma ‘liamhás’ ceart go teicniúil ós rud é go dtagraíonn sé do tháirge críochnaithe leasaithe, ach, nuair a úsáidtear é le haghaidh an amhábhair, tagraíonn an téarma ‘cos’ do chuid d’anatamaíocht na muice.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
2. Leasú ar Airteagal 2
Leasú 2
Baineann an leasú le hAirteagal 2, mír 2, den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.2 den doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú an t-uaschion saille a mhéadú ó ‘42 %’ go ‘46 %’.
Cúis: Trí chion ‘saill’ an táirge chríochnaithe a mhéadú 4 phointe céatadáin, feabhsaítear saintréith shainiúil an táirge, is é sin a bhoige, atá comhréireach go díreach leis an gcion saille.
Leis an leasú seo, méadaítear inleatacht an táirge agus feabhsaítear a sheilfré, mar a shonraítear sa roinn maidir leis an nasc leis an gcomhshaol.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
3. Leasú ar Airteagal 2
Leasú 3
Baineann an leasú le hAirteagal 2, mír 2, den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.2 den doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú an cóimheas saille/próitéine a mhéadú ó ‘2.80’ go ‘3.07’.
Cúis: Tá sé sin mar thoradh ar an iarraidh an t-uaschion saille a mhéadú ó ‘42 %’ go ‘46 %’ (féach Leasú 2).
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
4. Leasú ar Airteagal 3
Leasú 4
Baineann an leasú le hAirteagal 3, mír 1, den tsonraíocht táirge agus le pointe 4 den doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú bardais Acquacanina, Fiordimonte agus Pievebovigliana a bhaint den liosta bardas i gCúige Macerata agus bardas Valfornace a chur isteach.
Cúis: Tá gá leis an leasú mar thoradh ar na hathruithe seo a leanas:
|
— |
bardas Acquacanina a ionchorpú i mbardas Fiastra de bhun Dhlí Réigiúnach Uimh. 25 an 24 Deireadh Fómhair 2016, arna fhoilsiú i bhFeasachán Oifigiúil Réigiún Marche Uimh. 120 an 3 Samhain 2016; |
|
— |
bardais Fiordimonte agus Pievebovigliana a chónascadh chun bardas nua Valfornace a bhunú de bhun Dhlí Réigiúnach Uimh. 69 an 22 Nollaig 2016, a foilsíodh i bhFeasachán Oifigiúil Réigiún Marche Uimh. 141 an 29 Nollaig 2016. |
Níl aon athrú ar an limistéar táirgeachta.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
5. Leasú ar Airteagal 3
Leasú 5
Baineann an leasú le hAirteagal 3, mír 1, den tsonraíocht táirge agus le pointe 4 den doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú Cúige Fermo, a bunaíodh le Dlí Uimh. 147/2004, a chur isteach i liosta na gcúigí agus a mbardas atá sa limistéar táirgeachta, agus atá roinnt bardas sa limistéar táirgeachta a bhain le Cúige Ascoli Piceno roimhe seo liostaithe faoi Chúige Fermo anois. Níl aon athrú ar an limistéar táirgeachta.
Cúis: Tá roinnt bardas a bhí mar chuid de Chúige Ascoli Piceno anois mar chuid de Chúige Fermo, a bunaíodh le Dlí Uimh. 147 an 11 Meitheamh 2004, a foilsíodh in Iris Oifigiúil Phoblacht na hIodáile Uimh. 138 an 15 Meitheamh 2004, agus a tháinig i bhfeidhm go hiomlán lena chéad toghcháin cúige (6 agus 7 Meitheamh 2009).
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
6. Leasú ar Airteagal 5
Leasú 6
Baineann an leasú le hAirteagal 5, mír 1, den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.3 den doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú an roinn maidir le ‘amhábhair’ a scriosadh agus liosta nua amhábhar a thagann ó na pórtha agus na cineálacha géiniteacha ceadaithe a chur ina hionad.
Cúis: Tá an leasú ar na ceanglais ghéiniteacha bunaithe ar thuairisc níos mionsonraithe ar na pórtha muc agus ar na cineálacha géiniteacha ceadaithe. Rinneadh tionscnamh na n-amhábhar níos soiléire fós i ndáil le cineál géiniteach na n-ainmhithe pórúcháin fireanna agus baineanna araon, agus rinneadh soiléiriú beacht ar gach teaglaim de chrosphórtha pórúcháin agus tá srianta níos déine á leagan síos i gcomparáid leis an tsonraíocht táirge atá ann cheana. Foráiltear leis an leasú measúnú ar phór agus ar chineál géiniteach an dá ainmhí pórúcháin chun a sheiceáil an bhfuil siad comhoiriúnach leis an rogha de na trí phór tagartha i Leabhar Tréada na hIodáile. Ós tábhachtach ionchur géiniteach na máithreacha freisin, ní mór an chráin a mheas anois freisin chun a áirithiú go gcoimeádtar na saintréithe traidisiúnta. Cuireadh isteach tagairt don liosta cineálacha géiniteacha formheasta chun feabhas a chur ar rialú ar na muc. Foilseoidh an Aireacht Talmhaíochta, Bhiafhlaithis agus Foraoiseachta an liosta sin agus tabharfaidh sí cothrom le dáta iad.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
7. Leasú ar Airteagal 5
Leasú 7
Baineann an leasú le hAirteagal 5, míreanna 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11 agus 12 den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.4 den doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú an roinn maidir leis an mbeatha a thugtar do na hainmhithe a thógtar chun an t-amhábhar a tháirgeadh a scriosadh.
Cúis: Níl an bheatha a úsáidtear freagrach as saintréithe an amhábhair a shainiú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na gearrthacha a úsáidtear chun TGFC Ciauscolo a tháirgeadh.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
8. Leasú ar Airteagal 5
Leasú 8
Baineann an leasú le hAirteagal 5, míreanna 12 agus 13, den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.4 den doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú an riail shonrach maidir leis an gcandam beatha a fhorlíonadh le mianraí agus vitimíní a scriosadh chomh maith leis na rialacha breise maidir le beathú agus maidir leis na modhanna pórúcháin stoic a úsáidtear le haghaidh na n-ainmhithe a thógtar chun an t-amhábhar a tháirgeadh.
Cúis: Níl an bheatha a úsáidtear ná na modhanna pórúcháin stoic freagrach as gnéithe an amhábhair a shainiú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na gearrthacha a úsáidtear chun TGFC Ciauscolo a tháirgeadh.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
9. Leasú ar Airteagal 5
Leasú 9
Baineann an leasú le hAirteagal 5, mír 15, den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.3 den doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú an aois uasta 15 mhí le haghaidh muca a mheastar a bheith oiriúnach lena marú a bhaint.
Cúis: Ní dhéanann aois uasta na tógála difear do na gearrthacha a úsáidtear chun salámaí TGFC Ciauscolo a tháirgeadh agus, in aon chás, tá meáchan na muc tráth an mharaithe leagtha síos cheana féin sa tsonraíocht táirge féin agus sa doiciméad aonair.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
10. Leasú ar Airteagal 5
Leasú 10
Baineann an leasú le hAirteagal 5, míreanna 17 agus 18, den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.3 den doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú athrú a dhéanamh ar na saintréithe meáchain nach mór do na conablaigh óna dtagann na gearrthacha a úsáidtear mar amhábhar a chomhlíonadh.
Cúis: Sa leasú, baintear an paraiméadar don bheomheáchan ar an meán in aghaidh na baisc muc, nach bhfuil chomh beacht céanna, agus cuirtear meáchan an chonablaigh aonair ina ionad, meáchan a sheiceáiltear go hoibiachtúil agus go beacht i gcás gach muice tráth a maraithe. Leis an leasú, is féidir a sheiceáil ar bhealach níos beaichte go gcomhlíonann gach muc a mharaítear na ceanglais incháilitheachta, gan aon athrú ar shaintréithe na muc a úsáidtear mar amhábhar.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
11. Leasú ar Airteagal 5
Leasú 11
Baineann an leasú le hAirteagal 5, mír 19, den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.2 den doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú an téarma ‘cos’ a chur in ionad an téarma ‘liamhás’.
Cúis: Tá gá leis an ionadú toisc nach bhfuil an téarma ‘liamhás’ ceart go teicniúil ós rud é go dtagraíonn sé do tháirge críochnaithe leasaithe, ach, nuair a úsáidtear é le haghaidh an amhábhair, tagraíonn an téarma ‘cos’ do chuid d’anatamaíocht na muice.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
12. Leasú ar Airteagal 5
Leasú 12
Baineann an leasú le hAirteagal 5, mír 13, den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.2 den doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú an focal ‘brúite’ a scriosadh ón roinn maidir le comhábhair.
Cúis: Is é is aidhm don leasú an focal ‘brúite’ a scriosadh toisc go bhfuarthas amach gur leor gairleog a chur isteach. Baintear amach na saintréithe orgánaileipteacha (blas agus boladh) fad a úsáidtear gairleog, gan beann ar a fhoirm.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
13. Leasú ar Airteagal 5
Leasú 13
Baineann an leasú le hAirteagal 5, mír 28, den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.6 den doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú an fhéidearthacht ‘sreangán snáithín nádúrtha eile atá oiriúnach do theagmháil bia’ a úsáid mar mhalairt ar ‘sreangán cnáibe’ ag céim an cheangail a chur leis.
Cúis: Tá gá leis an leasú mar gheall ar an deacracht oibiachtúil a bhaineann le sreangán cnáibe a fhoinsiú ar an margadh. Dá bhféadfaí nascadh le sreangán snáithín nádúrtha cosúil le cnáib, réiteofaí na deacrachtaí thuasluaite agus an traidisiún á urramú san am céanna.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
14. Leasú ar Airteagal 7
Leasú 14
Baineann an leasú le hAirteagal 7, mír 1 den tsonraíocht táirge ach ní bhaineann sé leis an doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú foclaíocht mhír 1 a athrú trína shonrú gurb é an comhlacht rialúcháin atá freagrach as fíorú na sonraíochta táirge a dhéanfaidh an fíorú ar an tsonraíocht táirge.
Cúis: Tugadh sonraí an chomhlachta rialaithe cothrom le dáta.
Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.
15. Leasú ar Airteagal 8
Leasú 15
Baineann an leasú le hAirteagal 8, mír 1, den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.6 den doiciméad aonair.
Tuairisc: Is é is cuspóir don leasú cineál pacála a chur isteach sa bhreis orthu siúd a luadh cheana, is é sin Ciauscolo TGFC ‘slisnithe’ a phacáil i bhfolúsphacáistí nó in atmaisféar modhnaithe.
Cúis: Leis an leasú a iarradh, cuirtear foirm eile leis inar féidir an táirge a dhíol, i gcomhréir le héileamh an mhargaidh ar stíleanna éagsúla tomhaltais atá tagtha chun bheith coitianta le déanaí i measc tomhaltóirí.
Freagraíonn sé freisin d’éileamh ón earnáil miondíoltóirí móra, atá beartaithe chun tomhaltas a spreagadh, a mhéid a bhaineann le neamhchosaint, infheictheacht, ceannach agus costais dáileacháin.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm nó ainmneacha (an ATFC nó an TGFC)
‘Ciauscolo’
2. Ballstát nó tríú tír
an Iodáil
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia
3.1. Cód Ainmníochta Comhcheangailte
|
— |
16 — ULLMHÓIDÍ FEOLA, ÉISC, CRÚSTACH, MOILEASC NÓ INVEIRTEABRACH UISCEACH EILE NÓ FEITHIDÍ |
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is táirge muiceola é ‘Ciauscolo’, ina bhfuil meascán de na gearrthacha seo a leanas (in ord laghdaitheach): bolg, suas le 70 %; gualainn, suas le 40 %; cos agus fuíollchiumhsóga luaine, suas le 30 %. Is é príomhthréith ‘Ciauscolo’ a hinleatacht, i.e. is féidir é a leathadh go héacsa ar arán.
Scaoiltear an TGFC ‘Ciauscolo’ lena chaitheamh mar shorcóir de raimhre bhog a bhfuil meáchan idir 400 g agus 2 500 g ann, a bhfuil trastomhas idir 4,5 cm agus 10 cm aige agus fad idir 15 cm agus 45 cm aige.
Nuair a ghearrtar é, bíonn an táirge bándearg, aonfhoirmeach agus aonchineálach agus ní bhíonn aon bhréine ann. Tá gnáthbholadh éadrom, aramatach, sainiúil agus spíosrach air (cuirtear salann, piobar dubh meilte, fíon agus gairleog leis an meascán) le blas éadrom agus blasta nach mbíonn aigéadach riamh.
Tá na hairíonna ceimiceacha seo a leanas ag an TGFC ‘Ciauscolo’:
pH: 4,8 nó níos airde.
Próitéin: íosmhéid 15,00 %.
Saill: idir 32 % agus 46 %.
Cóimheas idir uisce agus próitéin: 3,10. ar a mhéad.
Cóimheas idir saill agus próitéin: 3,07 ar a mhéad.
A mhéid a bhaineann le hairíonna micribhitheolaíocha an táirge, ní mór níos mó ná 1x107 aonad déanta coilíneachta/g a bheith ann maidir leis na baictéir aeróbacha mhéisifileacha, na baictéir aigéid lachtaigh aigéadaifileacha agus na baictéir aigéid lachtaigh a fhorbraíonn le linn aosaithe.
3.3. Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)
Níl an bheatha a thugtar do na muca arb iad a bhfeoil agus a saill an t-amhábhar a úsáidtear chun TGFC Ciauscolo a tháirgeadh faoi réir aon choinníoll.
Ní mór na gearrthacha boilg agus gualainne agus fuíollchiumhsóga coise agus luaine, a úsáidtear sna comhréireanna a luaitear in Airteagal 2, teacht ó mhuca arb iad sliocht na bpórtha seo a leanas iad:
|
(a) |
collaigh de na pórtha traidisiúnta, is iad sin an Mhórmhuc Bhán Iodálach, an Mhuc Lanrásach Iodálach agus an Mhuc Duroc Iodálach, arna bhfeabhsú ag Leabhar Tréada na hIodáile, bídís ina muca folaíochta nó crosphóraithe idir na pórtha sin, agus cránacha de na pórtha traidisiúnta an Mhórmhuc Bhán Iodálach agus an Mhuc Lanrásach Iodálach, |
|
(b) |
collaigh de na pórtha traidisiúnta a luaitear in (a) agus cránacha crosphóraithe nó cránacha de chineálacha géiniteacha eile ar choinníoll go bpóraítear iad faoi scéimeanna roghnaithe agus/nó crosphóraithe ina bhfuil na pórtha an Mhórmhuc Bhán, an Mhuc Lanrásach nó an Mhuc Duroc chun muca troma a tháirgeadh, a bhfuil aidhmeanna na scéimeanna sin comhoiriúnach le haidhmeanna Leabhar Tréada na hIodáile; |
|
(c) |
collaigh agus cránacha de chineálacha géiniteacha eile ar choinníoll go bpóraítear iad faoi scéimeanna roghnaithe agus/nó crosphóraithe ina bhfuil na pórtha an Mhórmhuc Bhán, an Mhuc Lanrásach nó an Mhuc Duroc chun muca troma a tháirgeadh, a bhfuil aidhmeanna na scéimeanna sin comhoiriúnach le haidhmeanna Leabhar Tréada na hIodáile; |
|
(d) |
collaigh de na cineálacha géiniteacha eile a luaitear in (c), agus cránacha de na pórtha traidisiúnta dá dtagraítear in (a). |
Déanann an Aireacht Talmhaíochta, Bhiafhlaithis agus Foraoiseachta liosta na gcineálacha géiniteacha eile atá formheasta a thabhairt cothrom le dáta agus a fhoilsiú go tréimhsiúil.
Níl na nithe seo a leanas incháilithe: muca a bhfuil tréithe neamhfhabhracha iontu, agus tagairt ar leith á déanamh don ghéin atá freagrach as claonadh do shiondróm struis na muc. cineálacha géiniteacha agus ainmhithe a mheastar a bheith neamhchomhlíontach ar shlí eile chun críocha na sonraíochta táirge seo; ainmhithe folaíochta de chuid na bpórtha seo a leanas: Muc Lanrásach na Beilge, an Mhuc Hampshire, an Mhuc Piétrain, an Mhuc Duroc agus Muc Bhallach na Polainne.
Seoltar muca lena marú tráth nach luaithe ná deireadh an naoú mí.
Ní mór dóibh a bheith i mbarr a sláinte. Ní sheoltar toirc ná cránacha lena marú. Ina theannta sin, ní fhéadfar conablaigh nár baineadh an fhuil astu i gceart nó a bhfuil comharthaí soiléire míopaite (míopaite liathbhán, bhog, thais; míopaite dhorcha, dhaingean, thirim) nó comharthaí soiléire athlasaithe nó tráma orthu a úsáid.
Ní mór na gearrthacha a úsáidtear mar amhábhar teacht ó chonablaigh arna ngrádú mar H (Trom) i gcomhréir le córas grádaithe an Aontais.
3.4. Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Ní mór táirgeadh agus aosú an TGFC ‘Ciauscolo’ a dhéanamh go heisiach sa limistéar táirgthe geografach ar a dtugtar tuairisc i bpointe 4.
3.5. Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ní mór an TGFC ‘Ciauscolo’ a phacáil i bputóg mhuice nó bhólachta nádúrtha. Tá dhá cheann na cásála ceangailte le sreangán cnáibe nó sreangán snáithín nádúrtha eile atá oiriúnach do theagmháil bia. Is féidir an TGFC ‘Ciauscolo’ a dhíol scaoilte nó folúsphacáilte nó pacáilte in atmaisféar modhnaithe, ina iomláine, i sciartha nó i slisní a chomhlíonann an coinníoll seo a leanas: tiús 2 mm ar a laghad.
3.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ní mór an t-ainm ‘CIAUSCOLO’, agus na focail ‘Indicazione Geografica Protetta’ [‘Tásc Geografach faoi Chosaint’] ina dhiaidh, a bheith le feiceáil ar an lipéad i litreacha soiléire doscriosta, inaitheanta go soiléir ó aon fhoclaíocht eile ar an lipéad agus na hinisealacha ‘IGP’ [‘TGFC’] díreach ina dhiaidh, nach mór a aistriú go teanga na tíre ina ndíoltar an táirge, agus/nó lógó an Chomhphobail. Mar sin féin, ceadaítear úsáid ainmneacha, trádainmneacha agus lógónna príobháideacha, ar choinníoll nach bhfuil siad ann ar mhaithe leis an táirge a mholadh agus nach gcuirfidís an ceannaitheoir agus/nó an tomhaltóir amú. Ceadaítear freisin ainm nó trádainm na bhfeirmeacha muc as a dtagann an táirge a léiriú, ar choinníoll go bhfuarthas an t-amhábhar go heisiach ó na feirmeacha sin. Toirmisctear aon tuairisc a chur isteach nach bhforáiltear go sainráite ina leith faoin bpointe seo. Ní mór an focal ‘CIAUSCOLO’ a bheith san Iodáilis.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Cuimsíonn limistéar táirgeachta an TGFC ‘Ciauscolo’ roinnt bardas i gCúige Ancona, Macerata, Fermo agus Ascoli Piceno. Cuirtear san áireamh sa sainmhíniú sin ar an limistéar cineál traidisiúnta an táirge agus an tóir atá air i measc teaghlaigh feirmeoireachta. Cuirtear leis sin na dálaí aeráide ar leith a fhaightear sa limistéar sainithe, ag a bhfuil aeráid ilchríochach den chuid is mó, go háirithe i gcnoic arda agus i sléibhte na mbardas sonraithe sna ceithre chúige lena mbaineann.
5. Nasc leis an limistéar geografach
5.1. Sainiúlacht an limistéir gheografaigh
Leis an sainmhíniú ceart ar an limistéar, lena gcumhdaítear roinnt bardas i gCúige Ancona, Macerata, Fermo agus Ascoli Piceno, cuirtear san áireamh cineál traidisiúnta an táirge agus an tóir atá air i measc teaghlaigh feirmeoireachta. Thóg na feirmeoirí, a bhí ina gcónaí go buan ar na gabháltais, muca chun freastal ar riachtanais a dteaghlach agus an ghabháltais. Go minic, toisc go raibh an fheoil lena caitheamh ag dhá theaghlach, roinneadh an mhuc aonair a tógadh ina dhá leath agus tugadh leath don fheirmeoir agus leath don úinéir talún. Ba sheachtháirge é ‘Ciauscolo’ tar éis na príomhghearrthacha a bhaint. Ceann de shaintréithe an limistéir shainithe suas go dtí na 1950í ab ea gabháltais a bheith á sealbhú ar bhonn méiteagáiste, ach bhí gabháltais talún á n-illroinnt mar gheall ar an oiread daoine a bhí sa lucht saothair talmhaíochta, rud a d’fhág go raibh méid na n-gabháltas ag éirí níos lú (4-5 heicteár). Dá bhrí sin, thógtaí muc amháin ar an bhfeirm, ós rud é go bhféadfaí é sin a dhéanamh in éineacht le eallaigh a thógáil agus táirgeadh barra a tháirgeadh agus go gcuideodh sé sin le freastal ar a riachtanais bhia. Chomh maith leis na tosca agrai-eacnamaíocha agus stairiúla sin a bhaineann leis an ngeilleagar sléibhe, tá ról tábhachtach ag aeráid ar leith an limistéir, atá ilchríochach den chuid is mó, go háirithe sna hardchnoic agus sna sléibhte. Bíonn tionchar dearfach ag aimsir fhuar an gheimhridh, atá faoi thionchar na Sléibhte Sibileacha, ar aosú agus dá bhrí sin ar cháilíochtaí leasaithe an táirge.
5.2. Sainiúlacht an táirge
Tá údar maith leis an iarratas ar ‘Ciauscolo’ a chlárú mar TGFC mar gheall ar chlú agus cáil an táirge. Tá cáil ar ‘Ciauscolo’ mar gheall ar a inleatacht uathúil, rud a dhéanann idirdhealú soiléir idir é agus ispíní eile. Murab ionann agus charcuterie eile, ní dhéantar ‘Ciauscolo’ a shlisniú ach ‘leatar’ é ar arán agus ar tháirgí comhchosúla eile, saintréith a thaitníonn go mór le go leor agus arb iarmhairt dhíreach í ar chomhdhéanamh ar leith an mheascáin feola, lena chion ard saille, leis an gcaoi a ndéantar an fheoil a mhionú go mín agus leis na teicnící monaraíochta speisialta a úsáidtear. Saintréith eile de ‘Ciauscolo’ a fhágann go bhfuil sé difriúil le hispíní eile, ó thaobh an tomhaltóra de, is ea a bhoige faoin lámh.
5.3. Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht nó saintréithe an táirge (i gcás an ATFC) nó cáilíocht shonrach an táirge, an cháil atá air nó saintréith eile atá ann (i gcás an TGFC)
Eascraíonn na teicnící agus na modhanna próiseála, caomhnaithe agus aosaithe a úsáidtear inniu chun an táirge charcuterie ar a dtugtar ‘Ciauscolo’ a mhonarú go díreach as saineolas traidisiúnta na dteaghlach feirmeoireachta agus tuaithe i gceantar Piceno. Le marú agus próiseáil na muc sa bhaile, thugtaí deis do theaghlaigh agus do chomharsana bualadh le chéile agus trádáil a dhéanamh agus thugadh na feirmeoirí bronntanais chomhchineáil go dtí na húinéirí talún (‘padrone’). Imeacht sóisialta geimhridh traidisiúnta a bhí ann i gcónaí agus léirítear agus coinnítear na nósanna, an béaloideas agus na nósanna gaolmhara i gcultúr an phobail. Deirtear gur as ‘ciabusculum’ nó béile beaga nó sneaiceanna beaga a itear i gcainníochtaí beaga idir bricfeasta agus lón nó idir lón agus dinnéar i gcomhréir le traidisiún na tuaithe a thagann an t-ainm ‘cia-scolo, ciavuscolo’. Dearbhaítear le doiciméid éagsúla go mbaineadh úsáid an ainm ‘Ciauscolo’ go traidisiúnta agus cruthaítear leo go raibh an táirge sa limistéar sainithe leis na céadta blianta. Mar shampla, tá sliocht as ‘Prezzi dei generi’ (Praghas Earraí Bia) ó Dheireadh Fómhair 1851, atá i gCartlann Nótaire Bhardas Camerino, ina liostaítear ‘Ciauscolo’ agus a phraghas i measc táirgí éagsúla (grán, laofheoil, muiceoil, liamhás, salámaí, ispín, stociasc). Ba cheart a thabhairt faoi deara go liostaítear sa doiciméad an t-ainm beacht a n-iarrtar clárú mar TGFC ina leith. Le blianta beaga anuas, tá ainm agus sainmhíniú cruinn an táirge san áireamh in ‘Dizionario Zingarelli della lingua italiana’ (Foclóir Zingarelli na hIodáilise), rud a léiríonn a cháil. Tugtar sainmhíniú san Fhoclóir ar ‘ciauscolo’ mar ‘ispín an-bhog, déanta le saill muiceola ar ardchaighdeán agus feoil mhionaithe an-mhín, blaistithe le gairleog agus spíosraí, beagán deataithe, ar saintréith de chuid Marche é’ agus deirtear ann go dtéann an t-ainm siar go dtí 1939. Ar deireadh, dearbhaítear clú ‘Ciauscolo’ freisin tríd an ainm a chur ar liosta náisiúnta na n-earraí bia traidisiúnta ó bhí 2000 ann (GnáthFhorlíonadh leis an Iris Oifigiúil – Sraith Ghinearálta Uimh. 194 an 21 Lúnasa 2000). Cláraítear leis an liosta táirgí a mhonaraítear san Iodáil chun an t-eolas ar tháirgí a bhfuil traidisiún fada acu a sheachadadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Is comhartha cinnte de cháil an táirge é an t-ainm ‘Ciauscolo’ a bheith ar liosta Réigiún Marche, ós rud é nach mór cruthúnas a sholáthar go bhfuil táirge á tháirgeadh le 25 bliana ar a laghad chun go n-áireofar é ar an liosta sin.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=OJ:L_202500027).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3944/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)