European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3853

21.7.2025

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 22 Bealtaine 2025 – an Coimisiún v an Bheilg (Treoir maidir le sonraí oscailte agus faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid)

(Cás C-215/23)  (1)

(Mainneachtain bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh - Airteagal 258 CFAE - Treoir (AE) 2019/1024 - Sonraí oscailte agus faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid - Trasuí neamhiomlán na Treorach sin agus mainneachtain fógra láithreach a thabhairt maidir le bearta trasuite - Airteagal 260(3) CFAE - Iarratas go n-ordófar cnapshuim agus íocaíocht phionósach - Tarraingt siar go páirteach)

(C/2025/3853)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P.-J. Loewenthal agus U. Małecka, Gníomhairí)

Cosantóir: Ríocht na Beilge (ionadaithe: S. Baeyens, M. Jacobs, C. Pochet agus L. Van den Broeck, Gníomhairí, le cúnamh ó J. De fauw, G. Ryelandt agus J. van Riet, advocaten)

An chuid oibríochtúil

1.

Dearbhaítear, trí mhainneachtain, ar dhul in éag don tréimhse fhorordaithe i dtuairim réasúnaithe an Choimisiúin Eorpaigh an 6 Aibreán 2022, na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin uile is gá a ghlacadh chun Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte agus faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid a chomhlíonadh, agus, mar thoradh air sin, trí mhainneachtain fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith, gur mhainnigh Ríocht na Beilge a hoibleagáidí faoi Airteagal 17 den Treoir sin a chomhlíonadh.

2.

Ordaítear do Ríocht na Beilge cnapshuim de mhéid EUR 2 100 000 a íoc leis an gCoimisiún Eorpach.

3.

Ordaítear do Ríocht na Beilge a costais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.


(1)   IO C 216, 19.6.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3853/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)