|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3846 |
11.7.2025 |
Aghaidh náisiúnta nua ar mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(C/2025/3846)
Aghaidh náisiúnta an mhona chomórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag San Mairíne
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na monaí nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na monaí a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), na Ballstáit sa limistéar euro agus tíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le monaí euro a eisiúint, ceadaítear dóibh monaí euro comórtha a eisiúint, monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na monaí sin agus na saintréithe a bhíonn ag monaí 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.
Tír eisiúna: San Mairíne
Ábhar an chomórtha: Cothrom 550 bliain ó bhreith Michelangelo
Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh Cleopatra sa lár, mionsonra den líníocht le Michelangelo Buonarroti, arna chaomhnú ag Fondúireacht Casa Buonarroti (Flórans). Ar chlé tá an inscríbhinn ‘MICHELANGELO’ i leathchiorcal, an litir R, lena shainaithnítear Mionta na Róimhe agus an bhliain ‘1475’, agus ar dheis ainm na tíre eisiúna ‘SAN MARINO’ i leathchiorcal, an bhliain ‘2025’. Ag an mbun tá iniseal an údair ‘SP’ (Silva Petrassi).
Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.
An líon measta monaí atá le heisiúint: 56 000
Dáta eisiúna: mí Iúil 2025
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na monaí uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3846/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)