European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3756

17.9.2025

P9_TA(2024)0330

Feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin (COM(2021)0762 – C9-0454/2021 – 2021/0414(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2025/3756)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0762),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus Airteagal 153(2), pointe (b), i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (b), agus Airteagal 16(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa(C9-0454/2021),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2022  (1),

ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 29 Meitheamh 2022  (2),

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 11 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0301/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)   IO C 290, 29.7.2022, lch. 95.

(2)   IO C 375, 30.9.2022, lch. 45.


P9_TC1-COD(2021)0414

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/2831.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3756/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)