European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3740

17.9.2025

P9_TA(2024)0313

Ceanglais ar chreataí buiséadacha na mBallstát – Treoir leasaitheach

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais ar chreataí buiséadacha na mBallstát (15396/2023 – C9-0006/2024 – 2023/0136(NLE))

(An nós imeachta reachtach speisialta - Comhairliúchán)

(C/2025/3740)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréacht ón gComhairle (15396/2023),

ag féachaint d’Airteagal 126(14), an triú fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0006/2024),

ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0440/2023),

1.

ag formheas an dréachta ón gComhairle arna leasú;

2.

á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

3.

á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an dréacht a leasú go substaintiúil;

4.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.


Leasú 2

LEASUITHE PHARLAIMINT NA hEORPA (*1)

ar an dréacht ón gComhairle

---------------------------------------------------------

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais ar chreataí buiséadacha na mBallstát

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 126(14), an tríú fomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun comhlíontacht na mBallstát leis na hoibleagáidí faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a áirithiú i réimse an bheartais bhuiséadaigh, agus go háirithe maidir le heasnaimh rialtais iomarcacha a sheachaint, le Treoir 2011/85/AE ón gComhairle (2) leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le saintréithe chreataí buiséadacha na mBallstát.

(2)

Ar bhonn na taithí a fuarthas leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta ó tháinig Treoir 2011/85/AE i bhfeidhm, is gá leasú a dhéanamh ar a ceanglais maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta arb iad creataí buiséadacha na mBallstát iad.

(3)

In 2019, d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil lena scrúdaítear ceanglais an Aontais maidir le creataí buiséadacha náisiúnta agus lena moltar don Choimisiún na ceanglais sin a athbhreithniú, agus caighdeáin idirnáisiúnta agus dea-chleachtais á gcur san áireamh. Bheartaigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa gníomhaíochtaí sonracha chun feabhas a chur ar raon feidhme agus éifeachtacht na gcreataí buiséadacha náisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le creataí buiséadacha meántéarmacha agus institiúidí fioscacha neamhspleácha (3).

(4)

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 (4) tarraingíodh aird ar dhul chun cinn substaintiúil ach míchothrom i bhforbairt creataí buiséadacha náisiúnta i bhfianaise nach leagtar síos le dlí an Aontais ach íoscheanglais agus go raibh an cur chun feidhme agus comhlíontacht le forálacha náisiúnta an-éagsúil. Leis an Teachtaireacht sin ón gCoimisiún measadh freisin a mhéid a thacófaí leis an gcreat le riachtanais beartais eacnamaíoch, comhshaoil agus shóisialta a bhaineann leis an aistriú chuig geilleagar Eorpach atá aeráidneodrach, tíosach ar acmhainní agus digiteach, agus príomhról na timpeallachta rialála agus athchóirithe struchtúrtha á gcomhlánú.

(5)

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (5) iarradh go mbainfí úsáid níos mó as uirlisí buiséadaithe glasa chun infheistíocht phoiblí, tomhaltas agus cánachas a atreorú chuig tosaíochtaí glasa agus ar shiúl ó fhóirdheontais dhíobhálacha. Leis an Dlí Aeráide Eorpach leagtar síos cuspóir aeráidneodrachta uile-Aontais faoi 2050 agus ceanglaítear ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit dul chun cinn a dhéanamh maidir le hacmhainneacht oiriúnaitheach a fheabhsú. Gheall an Coimisiún go n-oibreodh sé leis na Ballstáit chun cleachtais bhuiséadaithe ghlasa a scagadh agus a thagarmharcáil. Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 maidir le Straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide (6) tarraingíodh aird ar ábharthacht mhacraifhioscach an athraithe aeráide agus cuireadh i dtábhacht an gá le hathléimneacht an Aontais i leith thionchair an athraithe aeráide a mhéadú. Leis an Seimeastar Eorpach soláthraítear creat breise chun tacú leis na hiarrachtaí sin agus leis an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla cuirtear cúnamh praiticiúil ar fáil chun iad a chur chun feidhme.

(6)

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Samhain 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais (7) leagadh béim ar an ngá le hinbhuanaitheacht fiachais a neartú agus cóimheasa fiachais arda a laghdú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach á chur chun cinn sna Ballstáit uile. Is iad príomhchuspóirí an togra úinéireacht náisiúnta a fheabhsú, an creat a shimpliú agus bogadh i dtreo fócas lena ndíreofar níos mó ar an meántéarma, mar aon le forfheidhmiú níos láidre agus níos comhleanúnaí.

(7)

Chun comhlíontacht le forálacha CFAE a fheabhsú, agus chun nach mbeidh easnaimh rialtais iomarcacha ann go háirithe, de réir bhrí Airteagal 126 CFAE, ba cheart forálacha sonracha a bheith i ndlí na mBallstát chun úinéireacht náisiúnta a neartú, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Samhain 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, de bhreis orthu sin a cheanglaítear faoi láthair le Treoir 2011/85/AE. Ag tógáil ar an bhfianaise ar chur chun feidhme na Treorach sin, le leasuithe ba cheart forálacha maidir le trédhearcacht agus staidreamh, réamhaisnéisí agus buiséadú meántéarmach a chumhdach freisin chun aghaidh a thabhairt ar laigí arna sainaithint le linn an chur chun feidhme.

(8)

Tá an Treoir seo mar chuid de phacáiste i dteannta Rialachán (AE) [XXX] (8) ón bParlaimint agus ón gComhairle lena n-ionadaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 (9) (an chuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis) agus Rialachán [XXX] ón gComhairle (10) lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle (11) (an chuid cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis). Le chéile, bunaítear leo creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais lena gcorpraítear i ndlí an Aontais substaint Theideal III ‘Comhshocrú Fioscach’ den Chonradh idir-rialtasach ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas (TSCG) san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (12), i gcomhréir le hAirteagal 16 de. Trí chur le taithí na mBallstát le cur chun feidhme TSCG, coinnítear sa phacáiste treoirlíne mheántéarmach an Chomhshocraithe Fhioscaigh mar uirlis chun smacht buiséadach agus cur chun cinn fáis a bhaint amach. Áirítear sa phacáiste gné thírshonrach neartaithe arb é is aidhm di úinéireacht náisiúnta a fheabhsú, lena n-áirítear tríd an ról atá ag institiúidí fioscacha neamhspleácha a choinneáil, ról atá bunaithe ar phrionsabail choiteanna an Chomhshocraithe Fhioscaigh arna mbeartú ag an gCoimisiún (13) i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de TSCG. An anailís ar chaiteachas glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim le haghaidh an mheasúnaithe fhoriomláin ar chomhlíontacht a cheanglaítear leis an gComhshocrú Fioscach, leagtar amach i í Rialachán [XXX] lena n-ionadaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Mar atá i gcás an Chomhshocraithe Fhioscaigh, ní cheadaítear diall sealadach ón bplean meántéarmach ach in imthosca eisceachtúla i Rialachán [XXX] lena n-ionadaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Mar an gcéanna, i gcás diall suntasach ón bplean meántéarmach, ba cheart bearta a chur chun feidhme chun an diall a cheartú thar thréimhse ama shainithe. Déantar leis an bpacáiste faireachas fioscach agus nósanna imeachta forfheidhmithe a neartú chun an gealltanas a chur i gcrích maidir le hairgeadas poiblí atá fónta agus inbhuanaithe agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn. Dá réir sin, leis an athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch, coinnítear cuspóirí bunúsacha an smachta bhuiséadaigh agus na hinbhuanaitheachta fiachais a leagtar amach in TSCG.

(9)

Is réamhchoinníoll iad cleachtais chuntasaíochta phoiblí iomlána agus iontaofa le haghaidh na bhfo-earnálacha uile den rialtas ginearálta chun staidreamh ardcháilíochta atá inchomparáide ar fud na mBallstát a tháirgeadh. Tá infhaighteacht agus cáilíocht an staidrimh bunaithe ar an gCóras Eorpach Cuntas Náisiúnta agus Réigiúnach (CCE) ríthábhachtach chun feidhmiú cuí an chreata um fhaireachas fioscach de chuid an Aontais a áirithiú. Braitheann CCE 2010 ar fhaisnéis a sholáthraítear ar bhonn fabhrúcháin. Dá bhrí sin is inmhianta feabhas a chur ar bhailiú na sonraí fabhrúcháin agus faisnéise is gá chun staidreamh bunaithe ar fhabhrú a ghiniúint ar bhealach atá cuimsitheach agus comhsheasmhach ar fud na bhfo-earnálacha uile den rialtas ginearálta.

(10)

Le hinfhaighteacht sonraí ardmhinicíochta is féidir patrúin a nochtadh lena n-éilítear faireachas níos dlúithe agus feabhas a chur ar cháilíocht réamhaisnéisí buiséadacha. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún (Eurostat) sonraí easnaimh agus fiachais ráithiúla a fhoilsiú, agus na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 den Phrótacal (Uimh. 12) á gcur i bhfeidhm, maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE. Foilsiú sonraí buiséadacha ag a bhfuil minicíocht níos airde agus atá saincheaptha do shainmhínithe buiséadacha náisiúnta, ba cheart é a chinneadh ar bhonn ceanglais trédhearcachta náisiúnta agus riachtanais úsáideora, chun feabhas a chur ar úinéireacht náisiúnta.

(11)

Le réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha atá laofa agus neamhréalaíoch le haghaidh na reachtaíochtaí buiséid bliantúla agus ilbhliantúla is féidir cur isteach go mór ar éifeachtacht na pleanála fioscaí agus tiomantas do smacht buiséadach a lagú dá dheasca sin. Chun feabhas a chur ar thoimhdí bunlíne, ba cheart do na Ballstáit a réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha a chur i gcomparáid leis na cinn is cothroime le dáta ón gCoimisiún agus, más iomchuí, le réamhaisnéisí comhlachtaí neamhspleácha eile.

(12)

Ba cheart na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha le haghaidh pleanáil fhioscach bhliantúil agus ilbhliantúil le haghaidh an rialtais ghinearálta a bheith faoi réir meastóireachtaí ex-post rialta, oibiachtúla agus cuimsitheacha arna ndéanamh ag comhlacht neamhspleách nó comhlachtaí eile a bhfuil uathriail fheidhmiúil acu vis-á-vis údaráis fhioscacha na mBallstát atá éagsúil leis an údarás a dhéanann an réamhaisnéis chun feabhas a chur ar a gcáilíocht. Ar na meastóireachtaí sin ba cheart a áireamh grinnscrúdú ar na toimhdí eacnamaíocha, comparáid le réamhaisnéisí arna n-ullmhú ag institiúidí eile agus meastóireacht ar fheidhmíocht réamhaisnéise roimhe sin.

(13)

Comhlachtaí neamhspleácha ar a gcuirtear de chúram faireachán a dhéanamh ar airgeadas poiblí sna Ballstáit, is bloc tógála éifeachtach iad sna creataí buiséadacha. Le Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) ceanglaítear ar na Ballstáit arb é an euro an t-airgeadra iontu institiúidí fioscacha neamhspleácha a bheith acu ar a gcuirtear de chúram réamhaisnéisí maicreacnamaíocha a fhormhuiniú nó a tháirgeadh agus bunaítear coimircí sonracha maidir lena neamhspleáchas agus lena n-acmhainneacht theicniúil. Gan dochar do na ceanglais faoi Rialachán (AE) Uimh. 473/2013, ba cheart na nósanna imeachta agus na cleachtais náisiúnta sna Ballstáit a chur san áireamh sa chúram atá ar institiúidí fioscacha neamhspleácha réamhaisnéisí maicreacnamaíocha a dhéanamh, a mheasúnú nó a fhormhuiniú, i gcomhréir le hAirteagal 8(4), lena n-áirítear na nósanna imeachta agus na cleachtais a bhí ann tráth a tugadh faoin gcúram.

(14)

Chun freagracht neartaithe a bhaint amach sa bheartas fioscach, ba cheart ardleibhéal neamhspleáchais oibríochtúil a bheith ag institiúidí fioscacha neamhspleácha chomh maith leis na hacmhainní is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus ba cheart rochtain fhairsing agus thráthúil a bheith acu ar an bhfaisnéis is gá. Féadfaidh na Ballstáit níos mó ná institiúid neamhspleách amháin a bhunú agus féadfaidh gach ceann díobh cúram amháin nó roinnt de na cúraimí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh, fad is go leithdháiltear an fhreagracht ar bhealach soiléir agus nach bhfuil aon fhorluí sainchúraim eatarthu. Ba cheart blúiriú iomarcach institiúideach ar na cúraimí faireacháin a sheachaint. Ba cheart a chur san áireamh i gceapadh na gcomhlachtaí faireacháin sin an suíomh institiúideach atá cheana ann agus struchtúr riaracháin an Bhallstáit lena mbaineann.

(15)

Chun feabhas a chur ar an bpleanáil bhuiséadach, ba cheart aird chuí a thabhairt, a mhéid is féidir, ar na rioscaí macraifhioscacha ón athrú aeráide, lena n-áirítear na tionchair chomhshaoil agus dáileacháin a ghabhann leis. Is den ríthábhacht é go dtuigfí na cainéil fhéideartha trína ndéantar difear le suaití a bhaineann leis an aeráid don airgeadas poiblí a mhéid a bhaineann le straitéisí náisiúnta chun na rioscaí fioscacha a eascraíonn as an athrú aeráide agus as tubaistí gaolmhara a theorannú agus a bhainistiú.

(16)

Cé gur céim thábhachtach sa phróiseas buiséadach don chuntasacht dhaonlathach é formheas na reachtaíochta buiséadaí bliantúla, cuireann peirspictíocht aon bhliana don phleanáil bhuiséadach bonn teoranta ar fáil do bheartais fhioscacha fhónta, mar go bhfuil impleachtaí ag formhór na mbeart atá i bhfad níos forleithne ná an timthriall buiséadach bliantúil. Dá réir sin, le pleanáil fhioscach meántéarmach éifeachtach, neartaítear inchreidteacht an bheartais fhioscaigh agus inbhuanaitheacht fiachais á cur san áireamh. Ba cheart an phleanáil sin a bhunú ar shainmhíniú soiléir agus comhsheasmhach ar chuspóirí buiséadacha náisiúnta sa mheántéarma don rialtas ginearálta, ar cuspóirí iad a chuirtear i láthair i bpleananna meántéarmacha náisiúnta. Chun peirspictíocht bhuiséadach ilbhliantúil a fheabhsú, ba cheart an phleanáil ar reachtaíocht bhuiséid bhliantúil a bheith comhsheasmhach leis na cuspóirí náisiúnta buiséadacha sa mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (e).

(17)

Chun bheith éifeachtach maidir leis an smacht buiséadach agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chur chun cinn, ba cheart airgeadas poiblí a chumhdach go cuimsitheach le creataí buiséadacha. Ar an gcúis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar oibríochtaí na gcomhlachtaí agus na gcistí rialtais ghinearálta sin nach bhfuil mar chuid de na buiséid thráthrialta ach ar oibríochtaí de chuid an rialtais ghinearálta iad, lena n-áirítear na fo-earnálacha, agus ag a bhfuil tionchar láithreach nó meántéarmach ar riochtaí buiséadacha na mBallstát. Ina theannta sin, foilseoidh na Ballstáit luachanna a chomhfhreagraíonn don tionchar comhcheangailte ar iarmhéideanna rialtais ghinearálta agus ar fhiacha na gcomhlachtaí agus na gcistí sin. Ba cheart faisnéis mhionsonraithe maidir leis an tionchar a bhíonn ag caiteachais chánach ar ioncaim a fhoilsiú.

(19)

Is féidir le huirlisí buiséadaithe glasa a bheith ina gcuidiú chun ioncam agus caiteachas poiblí a atreorú chuig tosaíochtaí glasa. I ndáil leis sin, cuirtear feabhas ar phlé buiséid trí thuairisciú rialta ar an bhfaisnéis ábhartha. D’fhéadfadh na Ballstáit an fhaisnéis a fhoilsiú maidir leis an gcaoi a rannchuidíonn na heilimintí ábhartha dá mbuiséid le gealltanais aeráide agus chomhshaoil náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach agus maidir leis an modheolaíocht a úsáidtear. Ba cheart do na Ballstáit sonraí agus faisnéis thuairisciúil a fhoilsiú ar leithligh le haghaidh míreanna caiteachais, caiteachais cánach agus ioncaim. D’fhéadfadh na Ballstáit faisnéis maidir leis an tionchar dáileacháin atá ag beartais bhuiséadacha a fhoilsiú agus gnéithe fostaíochta, sóisialta agus dáileacháin a chur san áireamh i bhforbairt an bhuiséadaithe ghlais (15).

(20)

Ba cheart aird chuí a thabhairt ar dhliteanais theagmhasacha a bheith ann. Ar bhealach níos sonraí, le dliteanais theagmhasacha cuimsítear oibleagáidí féideartha de réir tarlú teagmhais neamhchinnte amach anseo, nó cuirtear oibleagáidí i láthair i gcás nach bhfuil íocaíocht dóchúil nó nach féidir méid na híocaíochta dóchúla a thomhas go hiontaofa. Cuimsítear leo, mar shampla, ráthaíochtaí rialtais, iasachtaí neamhthuillmheacha, dliteanais a eascraíonn as oibríocht corparáidí poiblí, agus, a mhéid is féidir, dliteanais theagmhasacha a bhaineann le tubaistí agus leis an aeráid.

(21)

Le tubaistí nádúrtha agus teagmhais adhaimsire rinneadh difear don chuid is mó de na Ballstáit agus tá coinne leis go n-aimpleofar leis an athrú aeráide minicíocht agus déine na dteagmhas sin. Infheistíonn rialtais i mbearta oiriúnaithe don aeráid agus déanann siad idirghabháil chun costais tubaiste a chumhdach le haghaidh fóirithint, téarnamh agus atógáil éigeandála agus chun gníomhú mar árachóir na dála deiridh i gcásanna áirithe. I bhfianaise na ndúshlán atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo le haghaidh inbhuanaitheacht airgeadais phoiblí, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar oibleagáidí rialtais agus rioscaí maidir le hairgeadas rialtais a eascraíonn as tubaistí nádúrtha agus suaití a bhaineann leis an aeráid, ag tosú le faisnéis ar chostas fioscach na dteagmhas a bhí ann roimhe a bhailiú agus a fhoilsiú sin a mhéid is féidir.

(21a)

Tá feabhas ag teacht ar an tuairisciú ar rioscaí macraifhioscacha de dheasca an athraithe aeráide, ar dhliteanais theagmhasacha a bhaineann leis an aeráid agus ar chostais fhioscacha tubaistí ach tá sé fós ag céim tosaigh, agus tá modheolaíochtaí agus táscairí do thuairisciú mar sin fós á bhforbairt. Beidh iarrachtaí móra le déanamh ag riaracháin phoiblí chun teacht isteach ar an tuairisciú céanna. Agus na dúshláin sin á gcur san áireamh, ba cheart, a mhéid is féidir, tuairisciú sna réimsí sin a dhéanamh agus a fhorbairt i gcomhthráth leis an dul chun cinn sna modheolaíochta sin.

(22)

Ba cheart don Choimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh go tráthrialta ar chur chun feidhme Threoir 2011/85/AE. Dea-chleachtais maidir le cur chun feidhme fhorálacha na Treorach sin ba cheart iad a shainaithint agus a chomhroinnt.

(23)

Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2011/85/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Leasaítear Treoir 2011/85/AE mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

sa chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

‘Beidh feidhm ag an sainmhíniú ar fho-earnálacha den rialtas ginearálta a leagtar amach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (*2)

(*2)  *IO L 174, 26.6.2013, lch. 1.’ "

(b)

leasaítear an dara mír mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

córais chuntasaíochta poiblí agus tuairiscithe staidrimh ag an rialtas ginearálta;’

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

rialacha fioscacha uimhriúla tírshonracha lena rannchuidítear le comhsheasmhacht stiúradh beartais fhioscaigh na mBallstát lena n-oibleagáidí faoi seachas faoi CFAE, agus a shloinntear i dtéarmaí táscaire achomair ar fheidhmíocht bhuiséadach, mar shampla an t-easnamh ar bhuiséad an rialtais, iasachtaíocht an rialtais, fiachas an rialtais, nó mórchuid de sin;’

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

creataí buiséadacha meántéarmacha mar thacar sonrach de nósanna imeachta buiséadacha náisiúnta lena síntear an fhís le haghaidh ceapadh beartais fioscach thar an bhféilire buiséadach bliantúil, lena n-áirítear tosaíochtaí beartais agus cuspóirí buiséadacha náisiúnta a shocrú sa mheántéarma;’

(iv)

cuirtear isteach pointe (h) mar a leanas:

‘(h)

institiúidí fioscacha neamhspleácha mar chomhlachtaí atá neamhspleách ó thaobh struchtúir nó comhlachtaí ag a bhfuil uathriail fheidhmiúil a mhéid a bhaineann le húdaráis bhuiséadacha na mBallstát arna mbunú le forálacha náisiúnta dlí i gcomhréir le hAirteagal 8.’

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘1.   Maidir le córais náisiúnta chuntasaíochta poiblí, cuirfidh na Ballstáit córais chuntasaíochta poiblí ar bun lena gclúdófar gach fo-earnáil den rialachas ginearálta, ar bhealach cuimsitheach, comhleanúnach, agus ina mbeidh an fhaisnéis is gá chun sonraí fabhrúcháin a chur ar fáil d'fhonn sonraí a ullmhú a bheadh bunaithe ar an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach. Beidh na córais cuntasaíochta airgeadais sin ón rialtas ginearálta faoi réir iniúchtaí rialaithe inmheánaigh agus neamhspleácha.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit infhaighteacht phoiblí thráthúil agus thráthrialta ar shonraí fioscacha le haghaidh na bhfo-earnálacha uile den rialtas ginearálta mar a leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3). Go háirithe, foilseoidh na Ballstáit fiachas ráithiúil don rialtas láir, don rialtas stáit, don rialtas áitiúil agus do chistí slándála sóisialta agus, mura bhfuil i bhfeidhm acu córais chuntasaíochta airgeadais ar fhabhrú atá comhtháite, cuimsitheach agus comhchuibhithe go náisiúnta, foilseofar sonraí easnaimh ar leithligh, roimh dheireadh na ráithe dár gcionn nó tar éis don Choimisiún (Eurostat) na sonraí ábhartha a fhoilsiú.

3.   Foilseoidh an Coimisiún (Eurostat) sonraí staidreamh airgeadais ráithiúla an rialtais i gcomhréir le táblaí 25, 27 agus 28 d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, gach 3 mhí.

(*3)  *IO L 174, 26.6.2013, lch. 1.’ "

(3)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an phleanáil fhioscach bhliantúil agus ilbhliantúil bunaithe ar réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha réalaíocha ag úsáid na faisnéise is cothroime le dáta. Beidh an phleanáil bhuiséadach bunaithe ar an gcás macraifhioscach is dóchúla nó ar chás níos stuama. Déanfar comparáid idir na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha agus na réamhaisnéisí is cothroime le dáta ón gCoimisiún agus, más iomchuí, le réamhaisnéisí comhlachtaí neamhspleácha eile. Difríochtaí suntasacha idir réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha an Bhallstáit agus réamhaisnéisí an Choimisiúin míneofar iad, lena n-áirítear i gcás ina n-imíonn leibhéal nó fás na n-athróg i dtoimhdí seachtracha go suntasach ó na luachanna atá i réamhaisnéisí an Choimisiúin.’

(b)

scriostar mír 4.

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:

‘5.   Sonróidh na Ballstáit cén institiúid atá freagrach as réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha a tháirgeadh agus poibleoidh siad na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha oifigiúla a ullmhaítear don phleanáil fhioscach. Go bliantúil ar a laghad,, rachaidh na Ballstáit agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil maidir leis na toimhdí atá mar bhonn taca faoi ullmhú réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha.

6.   Beidh na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha le haghaidh pleanáil fhioscach bhliantúil agus ilbhliantúil faoi réir meastóireacht ex-post rialta, oibiachtúil agus chuimsitheach arna déanamh ag comhlacht neamhspleách nó comhlachtaí eile a bhfuil uathriail fheidhmiúil acu vis-á-vis údaráis fhioscacha na mBallstát atá éagsúil leis an údarás a dhéanann an réamhaisnéis. Foilseofar toradh na meastóireachta sin agus cuirfear san áireamh go hiomchuí é i réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha amach anseo. Má bhraitear leis an meastóireacht laofacht shuntasach lena ndéantar difear do réamhaisnéisí maicreacnamaíocha ar feadh tréimhse 4 bliana as a chéile, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an ghníomhaíocht is gá agus foilseoidh sé í.’

(d)

scriostar mír 7.

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

Bunóidh gach Ballstát a rialacha fioscacha uimhriúla sonracha chun comhlíontacht lena oibleagáidí a dhíorthaíonn ó CFAE a chur chun cinn go héifeachtach i réimse an bheartais bhuiséadaigh ar feadh tréimhse ilbhliantúil le haghaidh an rialtais ghinearálta ina iomláine. Leis na rialacha sin cuirfear an méid seo a leanas chun cinn go háirithe:

(a)

comhlíontacht leis na luachanna tagartha agus leis na forálacha maidir le heasnamh agus fiachas a leagtar amach i gcomhréir le CFAE;

(b)

glacadh sprioc pleanála fioscaí meántéarmaí, comhsheasmhach le forálacha Rialachán [XXX an chuid choisctheach de CCF]. (*4)

(*4)  Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [cuir isteach an dáta] [cuir isteach an teideal iomlán] (IO L..).’ "

(5)

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Faireachán éifeachtach tráthúil ar chomhlíonadh na rialacha, bunaithe ar anailís iontaofa neamhspleách arna déanamh ag institiúidí fioscacha neamhspleácha a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 8 nó ag comhlachtaí eile a bhfuil neamhspleáchas feidhmiúil acu vis-á-vis údaráis fhioscacha na mBallstát;’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘Má bhíonn clásail éalaithe i rialacha fioscacha uimhriúla, leis na clásail sin leagfar amach líon teoranta imthosca sonracha, atá comhsheasmhach le hoibleagáidí na mBallstát a dhíorthaíonn ó CFAE agus Rialachán [XXX an chuid choisctheach de CCF].’

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

Beidh reachtaíocht bhuiséid bhliantúil na mBallstát comhsheasmhach leis na rialacha fioscacha uimhriúla tírshonracha atá i bhfeidhm.’

(7)

I gCaibidil V, cuirtear ‘INSTITIÚIDÍ FIOSCACHA NEAMHSPLEÁCHA’ in ionad an teidil

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

1.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha, amhail comhlachtaí atá neamhspleách ó thaobh struchtúir nó comhlachtaí ag a bhfuil uathriail fheidhmiúil a mhéid a bhaineann le húdaráis bhuiséadacha na mBallstát, go mbeidh siad bunaithe le dlíthe náisiúnta, rialacháin nó forálacha riaracháin ceangailteacha.

1a.   Féadfaidh na Ballstáit níos mó ná institiúid fhioscach neamhspleách amháin a bhunú.

2.   Beidh na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1 comhdhéanta de chomhaltaí arna n-ainmniú agus arna gceapadh ar bhonn a dtaithí agus a n-inniúlachta san airgeadas poiblí, sa mhaicreacnamaíocht nó sa bhainistíocht bhuiséadach, agus trí bhíthin nósanna imeachta trédhearcacha.

3.   Maidir leis na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ní ghlacfaidh siad treoracha ó údaráis bhuiséadacha an Bhallstáit lena mbaineann ná ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile;

(b)

beidh an inniúlacht iontu cumarsáid a dhéanamh go tráthúil agus go poiblí maidir lena measúnuithe agus lena dtuairimí;

(c)

beidh acmhainní leordhóthanacha agus cobhsaí acu chun a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtach, lena n-áirítear aon chineál anailíse laistigh dá gcúraimí;

(d)

beidh rochtain leordhóthanach agus thráthúil acu ar an bhfaisnéis is gá chun a gcúraimí a dhéanamh;

(e)

beidh siad faoi réir meastóireachtaí seachtracha tráthrialta ó mheastóirí neamhspleácha.

4.   Gan dochar do na cúraimí agus do na feidhmeanna a shanntar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 i gcás na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, áiritheoidh na Ballstáit uile go ndéanfaidh ceann de na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1 na cúraimí seo a leanas:

(a)

réamhaisnéisí maicreacnamaíocha bliantúla agus ilbhliantúla a tháirgeadh, a mheasúnú nó a fhormhuiniú;

(d)

faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le rialacha fioscacha uimhriúla tírshonracha, mura ndéanann comhlachtaí eile é, i gcomhréir le hAirteagal 6;

(e)

cúraimí a dhéanamh i gcomhréir le hairteagail ábhartha Rialachán [XXX an chuid choisctheach de CCF] agus Rialachán [XXX an chuid cheartaitheach de CCF] (*5);

(f)

measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht, ar chomhleanúnachas agus ar éifeachtacht an chreata bhuiséadaigh náisiúnta;

(g)

páirt a ghlacadh in éisteachtaí agus pléití tráthrialta ag an bParlaimint náisiúnta arna iarraidh sin.

5.   Eiseoidh na hinstitiúidí measúnuithe i gcomhthéacs na gcúraimí dá dtagraítear i mír 4 (a), (d), (e) agus (f) gan dochar do na cúraimí agus na feidhmeanna a sannadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 473/2013. Cloífidh na Ballstáit leis na measúnuithe sin, nó mura ndéanann, míneoidh siad cén fáth nach bhfuil siad á leanúint. Beidh an míniú ar fáil go poiblí agus tíolacfar é dhá mhí tar éis eisiúint na measúnuithe sin.

(*5)  Rialachán (AE) ón gComhairle [cuir isteach an dáta] [cuir isteach an teideal iomlán] (IO L..)’."

(9)

Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Bunóidh na Ballstáit creat buiséadach náisiúnta meántéarmach atá inchreidte agus éifeachtach lena ndéantar foráil maidir le sprioc pleanála fioscaí 3 bliana ar a laghad a ghlacadh chun a áirithiú go leanfar peirspictíocht pleanála fioscaí ilbhliantúla leis an bpleanáil fhioscach náisiúnta.’

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása tosaigh:

‘2.   Áireofar sna creataí buiséadacha meántéarmacha nósanna imeachta chun na nithe seo a leanas a bhunú:’

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

cuspóirí buiséadacha ilbhliantúla atá cuimsitheach agus trédhearcach dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (e) ó thaobh an easnaimh, an fhiachais agus aon táscaire fioscach eile de chuid an rialtais ghinearálta amhail caiteachas, lena n-áirithítear go bhfuil siad comhsheasmhach le haon riail fhioscach uimhriúil thírshonrach dá bhforáiltear i gCaibidil IV den Treoir seo agus sna forálacha ábhartha de Rialachán [XXX an chuid choisctheach de CCF].’;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

tuairisc ar bheartais mheántéarmacha, lena n-áirítear infheistíocht agus athchóirithe, a bheartaítear le tionchar ar airgeadas rialtais ghinearálta agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, arna miondealú de réir príomh-mhíreanna ioncaim agus caiteachais, lena léirítear conas a bhaintear amach an coigeartú i dtreo cuspóirí buiséadacha náisiúnta sa mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (e), i gcomparáid le réamh-mheastacháin faoi bheartais gan athrú.’;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

measúnú ar conas is dóchúil, i bhfianaise a dtionchair mheántéarmaigh agus fhadtéarmaigh dhírigh ar airgeadas rialtais ghinearálta, a dhéanfar difear leis na beartais a bheartaítear d’inbhuanaitheacht mheántéarmach agus fhadtéarmach an airgeadais phoiblí agus d’fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach. A mhéid is féidir, cuirfear san áireamh sa mheasúnú na rioscaí macraifhioscacha a bhaineann leis an athrú aeráide agus a thionchair chomhshaoil agus dáileacháin’;

(c)

scriostar mír 3;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagail 10 agus 11:

‘Airteagal 10

Beidh an reachtaíocht bhuiséid bhliantúil comhsheasmhach leis na cuspóirí buiséadacha náisiúnta sa mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (e). Tabharfar míniú cuí ar aon imeacht.’;

Airteagal 11

Leis an Treoir seo ní choiscfear, ar aon bhealach, ar rialtas nua Ballstáit a phlean buiséadach meántéarmach a thabhairt cothrom le dáta chun a thosaíochtaí beartais nua a léiriú. Sa chás sin, léireoidh an rialtas nua na difríochtaí idir an plean buiséadach meántéarmach roimhe sin agus an plean buiséadach meántéarmach nua.’

;

(11)

i gCaibidil VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘TRÉDHEARCACHT AIRGEADAS AN RIALTAIS GHINEARÁLTA’

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon bheart a dhéantar i gcomhréir le Caibidlí II, III agus IV comhsheasmhach ar fud fho-earnálacha uile an rialtais ghinearálta agus go gcumhdófar na fo-earnálacha sin go cuimsitheach leo. Chuige sin ceanglóidh na Ballstáit, go háirithe, go mbeidh rialacha cuntasaíochta comhsheasmhacha agus nósanna imeachta comhsheasmhacha ann ón rialtas ginearálta, agus sláine a gcórais bailiúcháin agus próiseála sonraí fholuiteacha.’

;

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

1.   Faoi chuimsiú na bpróiseas buiséadach bliantúil agus ilbhliantúil, foilseoidh na Ballstáit faisnéis faoi chomhlachtaí agus cistí nach bhfuil mar chuid de na buiséid thráthrialta ach ar cuid den rialtas ginearálta iad, lena n-áirítear fo-earnálacha den rialtas ginearálta. Ina theannta sin, foilseoidh na Ballstáit luachanna a chomhfhreagraíonn don tionchar comhcheangailte ar iarmhéideanna rialtais ghinearálta agus ar fhiacha na gcomhlachtaí agus na gcistí sin.

2.   Foilseoidh na Ballstáit faisnéis mhionsonraithe maidir leis an tionchar a bhíonn ag caiteachais chánach ar ioncaim.

3.   I gcás na bhfo-earnálacha uile den rialtas ginearálta, foilseoidh na Ballstáit faisnéis ábhartha maidir le dliteanais theagmhasacha a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar bhuiséid phoiblí, lena n-áirítear ráthaíochtaí rialtais, iasachtaí neamhthuillmheacha agus dliteanais a eascraíonn as oibríocht corparáidí poiblí, lena n-áirítear méid an tionchair sin. Foilseoidh na Ballstáit faisnéis a mhéid is féidir freisin maidir le dliteanais theagmhasacha a bhaineann le tubaistí agus leis an aeráid. Cuirfear san áireamh san fhaisnéis fhoilsithe, a mhéid is féidir, faisnéis maidir le costais fhioscacha arna dtabhú de bharr tubaistí agus turraingí a bhaineann leis an aeráid. Foilseoidh na Ballstáit faisnéis maidir le rannpháirtíocht an rialtais ghinearálta i gcaipiteal corparáidí príobháideacha agus poiblí i leith méideanna atá suntasach go heacnamaíoch.’

(14)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

1.   Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na forálacha is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2025. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach. Molann an Chomhairle do na Ballstáit a dtáblaí comhghaoil féin a tharraingt suas, dóibh féin agus chun leasanna an Aontais, lena léireofar, a mhéid is féidir, an comhghaol idir an Treoir seo agus na bearta trasuí, agus iad a phoibliú.

2.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt mar sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt mar sin a dhéanamh.

3.   Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme phríomhfhorálacha na Treorach seo ar bhonn faisnéis ábhartha ó na Ballstáit, rud a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2025.

4.   Déanfaidh na Ballstáit téacs na bpríomhfhorálacha a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.’

(15)

Scriostar Airteagal 16.

(16)

Cuirtear isteach Airteagal 16a mar a leanas:

‘Airteagal 16a

1.   Faoin 31 Nollaig 2025, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le staid na himeartha na réimsí seo:

(a)

Cuntasaíocht phoiblí ag an rialtas ginearálta san Aontas agus ag cur san áireamh an dul chun cinn a rinneadh ó chuir sé measúnú i gcrích in 2013 ar oiriúnacht Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí le haghaidh na mBallstát;

(b)

Acmhainneacht agus cúraimí institiúidí fioscacha neamhspleácha an Aontais, agus an dul chun cinn a rinneadh ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo á chur san áireamh, ag tógáil ar thorthaí Bhunachar Sonraí an Choimisiúin um Rialachas Fioscach agus ar chomhairliúcháin le geallsealbhóirí ábhartha, d’fhonn caighdeáin íosta a fhiosrú;

2.   Faoin 31 Nollaig 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún athbhreithniú ar éifeachtacht na Treorach seo.’

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(*1)  Leasuithe: tá téacs nua nó téacs atá curtha in ionad téacs eile aibhsithe le cló trom iodálach; agus tá téacs scriosta léirithe leis an tsiombail ▌.

(1)   IO C 290, 18.8.2023, lch. 17.

(2)  Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais le haghaidh creataí buiséadacha na mBallstát (IO L 306, 23.11.2011, lch. 41).

(3)  Tuarascáil speisialta 2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le EU requirements on national budgetary frameworks: need to further strengthen them and to better monitor their application [Ceanglais an Aontais le haghaidh creataí buiséadacha náisiúnta: is gá iad a neartú a thuilleadh agus faireachán níos fearr a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm].

(4)  Teachtaireacht COM(2020)0055 ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 Economic governance review, Report on the application of Regulations (AE) Uimh. 1173/2011, 1174/2011, 1175/2011, 1176/2011, 1177/2011, 472/2013 and (AE) Uimh. 473/2013 and on the suitability of Council Directive 2011/85/EU [Athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch, Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1173/2011, 1174/2011, 1175/2011, 1176/2011, 1177/2011, 472/2013 agus (AE) Uimh. 473/2013 agus maidir le hoiriúnacht Threoir 2011/85/AE ón gComhairle].

(5)  Teachtaireacht COM(2019)0640 ón gCoimisiún ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’.

(6)  Teachtaireacht COM(2021)0082 ón gCoimisiún Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide].

(7)  Teachtaireacht COM(2022)0583 ón gCoimisiún ‘maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh’.

(8)  Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [cuir isteach an dáta] [cuir isteach an teideal iomlán] (IO L..).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) ón gComhairle [cuir isteach an dáta] [cuir isteach an teideal iomlán] (IO L..).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).

(12)  An Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta an 2 Márta 2012.

(13)  Teachtaireacht COM(2012)0342 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2012 Common principles on national fiscal correction mechanisms [Prionsabail choiteanna maidir le sásraí ceartúcháin fioscacha náisiúnta].

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireachán agus measúnú ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 140, 27.5.2013, lch. 11).

(15)  Teachtaireacht COM(2022)0494 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2022 ‘Measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar dáileach bheartais na mBallstát’ agus Airteagal 6(3), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 140, 27.5.2013, lch. 11).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3740/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)