|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3719 |
17.9.2025 |
P9_TA(2024)0292
Bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a imscaradh (An Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a imscaradh agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/61/AE (An tAcht um Bonneagar Gigighiotáin) (COM(2023)0094 – C9-0028/2023 – 2023/0046(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chead léamh)
(C/2025/3719)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0094), |
|
— |
ag féachaint d'Airteagal 294(2) agus d'Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0028/2023), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Teach na dTeachtaí san Iodáil, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta; |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Iúil 2023 (1), |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0275/2023), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P9_TC1-COD(2023)0046
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a imscaradh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/61/AE (an Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1309.)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3719/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)