European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3698

20.8.2025

MOLADH ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2025

lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Beilge

(C/2025/3698)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach, mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle (2) maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme arna leasú, agus le Treoir 2011/85/AE ón gComhairle (3) maidir le creataí buiséadacha na mBallstát arna leasú, is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm leis an gcreat airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, mar aon le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht, a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus trí easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Leis an gcreat, cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn freisin agus is mó a dhírítear ar an meántéarma, agus ina theannta sin forfheidhmítear na rialacha ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí.

(2)

Tá na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta, a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Tá na pleananna ceaptha chun dhá chuspóir a bhaint amach: (i) a áirithiú, inter alia, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe, go mbeidh fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus (ii) a áirithiú go gcuirfear athchóirithe agus infheistíochtaí i gcrích lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Chuige sin, ba cheart gealltanas meántéarmach maidir le conair ghlanchaiteachais (4) a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach srian buiséadach a mhairfidh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar an ngnáth-théarma reachtais i mBallstát). Ina theannta sin, tá sé beartaithe go dtabharfar míniú sa phlean ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát go gcuirfear athchóirithe agus infheistíochtaí i gcrích lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith tacar athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1263.

(3)

Tar éis thíolacadh an phlean, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

(4)

Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh a fháil ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh ansin ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, formhuineoidh sí an tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá ina mbonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh.

BREITHNITHE MAIDIR LE PLEAN STRUCHTÚRACH FIOSCACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA BEILGE

(5)

An 18 Márta 2025, chuir an Bheilg a plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin. Cuireadh isteach é tar éis síneadh a chur leis an sprioc-am mar a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún chun an deis a thabhairt don Bheilg plean a chur i láthair bunaithe ar ghealltanas láidir polaitiúil ón rialtas cónaidhme nuacheaptha.

An próiseas sular tíolacadh an plean

(6)

Chun bonn a chur faoin idirphlé as a dtiocfaidh tíolacadh pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta, sheol an Coimisiún, an 5 Feabhra 2025, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1263, an chonair thagartha (5) chuig an mBeilg. D’fhoilsigh an Coimisiún an chonair thagartha an 19 Márta 2025 (6). Is conair thagartha í atá rioscabhunaithe agus áirithítear léi, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe fhioscaigh agus in éagmais bearta buiséadacha breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama sa mheántéarma, agus go dtabharfar an t-easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin agus go gcoinneofar é faoi bhun an luacha tagartha sin sa mheántéarma. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. I gcomhréir le hAirteagal 6, pointe (d), agus le hAirteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, tá an chonair thagartha comhsheasmhach freisin leis an tagarmharc easnaimh, leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais agus leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh.

I gconair thagartha na Beilge, leagtar amach nár cheart fás níos mó ná na luachanna arna soláthar i dTábla 1 a theacht ar ghlanchaiteachas, agus sin bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin atá ina mbonn taca faoin treoir arna tabhairt roimh ré i mí Feabhra 2025, agus ar thréimhse choigeartúcháin 7 mbliana a chur san áireamh. Comhfhreagraíonn sin do mheánfhás glanchaiteachais 2,5 % le linn na tréimhse coigeartúcháin (2025-2031) agus le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean (2025-2029) araon.

Tábla 1: Conair thagartha arna soláthar ag an gCoimisiún don Bheilg an 5 Feabhra 2025

 

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

Meán 2025-2029

Meán 2025-2031

Fás glanchaiteachais uasta (bliantúil, %)

3,0

2,6

2,6

2,2

2,2

2,4

2,4

2,5

2,5

Foinse: Ríomhanna an Choimisiúin.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an Bheilg agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil idir mí na Nollag 2024 agus mí an Mhárta 2025. Dhírigh an t-idirphlé ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an mBeilg agus ar na toimhdí is bonn léi (go háirithe an iarracht fhioscach bhliantúil atá beartaithe agus an figiúr díbhoilsceora OTI le haghaidh 2025), an tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochtaí atá beartaithe chun taca a chur faoi shíneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin lena n-áirítear athchóirithe pinsean, cánach agus margaidh saothair, chomh maith leis na hathchóirithe agus infheistíochtaí atá beartaithe a chur i gcrích lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus do thosaíochtaí coiteanna an Aontais in aistriú atá cothrom, glas agus digiteach, athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, slándáil fuinnimh agus forbairt cumas cosanta.

(8)

Ní thuairiscítear sa phlean ar phróiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, roimh chur isteach an phlean.

Próisis ghaolmhara eile

(9)

An 26 Iúil 2024, shuigh an Chomhairle gur ann d’easnamh iomarcach sa Bheilg mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir easnaimh. (7)

(10)

An 21 Eanáir 2025, ghlac an Chomhairle Moladh faoi Airteagal 126(7) CFAE d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh sa Bheilg. (8) In éagmais plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta arna fhormhuiniú ag an gComhairle, bhí an chonair cheartaitheach ghlanchaiteachais a moladh ina léiriú ar an modheolaíocht a úsáideadh le haghaidh na conaire tagartha, le coigeartú fioscach 4 bliana agus é bunaithe ar na sonraí atá ar fáil. Ina theannta sin, leag an Chomhairle síos sprioc-am an 30 Aibreán 2025 don Bheilg gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh agus na bearta is gá a chur i láthair mar aon lena tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn 2025, atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2024/1263. Sa Mholadh faoi Airteagal 126(7) an 21 Eanáir 2025 chuir an Chomhairle in iúl (aithris 16) go bhféadfadh an Chomhairle conair cheartaitheach ghlanchaiteachais nua a mholadh tar éis don Bheilg an plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a chur isteach, tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh air agus tar éis don Chomhairle é a fhormhuiniú.

An 20 Meitheamh 2025, in éineacht leis an Moladh seo lena bhformhuinítear an plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta, ghlac an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, Moladh athbhreithnithe ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh rialtais iomarcaigh sa Bheilg. Le glacadh an dá mholadh sin, atá curtha in oiriúint don aistriú chuig an gcreat rialachais eacnamaíoch nua agus a bhfuil údar cuí leis de bharr an aistrithe sin, áirithítear comhsheasmhacht idir na conairí coigeartaithe atá molta.

(11)

An 30 Aibreán 2025, chuir an Bheilg a Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh na bliana 2025 isteach. Ghlac an Coimisiún Tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an 4 Meitheamh 2025. (9)

(12)

An 30 Aibreán 2025, d’iarr an Bheilg go ndéanfaí an clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú chun freastal ar chaiteachas cosanta níos airde, i gcomhréir le hAirteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2024/1263.

(13)

An 21 Deireadh Fómhair 2024, dhírigh an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha chuig an mBeilg i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. (10)

ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AIR SIN

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas:

Comhthéacs: staid agus ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach

(15)

Tháinig méadú 1,0 % ar ghníomhaíocht eacnamaíoch sa Bheilg in 2024, arbh é tomhaltas príobháideach láidir ba chúis leis sin den chuid is mó. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh moill ar an bhfás ar ghníomhaíocht eacnamaíoch go 0,8 % in 2025, mar gheall ar éileamh measartha intíre agus laghdú ar onnmhairí. In 2026, tiocfaidh méadú 0,9 % ar fhíor-OTI, toisc go meastar go gcuirfear dlús leis an infheistíocht, agus go dtiocfaidh méadú ar onnmhairí le tacaíocht ón bhfeabhas a bhfuil coinne leis ar an timpeallacht sheachtrach. Le linn na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2025-2026), meastar go dtiocfaidh moill ar OTI féideartha sa Bheilg, ó ráta fáis 1,7 % in 2024 go 1,3 % in 2026, arna spreagadh ag maolú an rannchuidithe saothair leis an bhfás féideartha. Ba é 5,7 % an ráta dífhostaíochta in 2024, agus réamh-mheasann an Coimisiún gurb éard a bheidh ann 6,1 % in 2025 agus 5,8 % in 2026. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú ar an mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 1,9 % in 2024 go 2,8 % in 2025 agus go sroichfidh sé 2,1 % in 2026.

(16)

Maidir le forbairtí fioscacha, in 2024 tháinig méadú ar easnamh rialtais ghinearálta na Beilge go 4,5 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go sroichfidh sé 5,4 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, go dtiocfaidh méadú air go 5,5 % de OTI in 2026. Áirítear i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún Eorpach buiséid (dréachtbhuiséid) na Beilge le haghaidh 2025 a mhol na heintitis chónaidhme agus chónasctha do na parlaimintí faoi seach in 2024 agus 2025. Ba é 104,7 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2024. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go méadóidh an cóimheas fiachais go 107,1 % de OTI ag deireadh 2025. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú breise air go 109,8 % de OTI ag deireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní mheastar gur gealltanais bheartais iad na gealltanais bheartais atá sa phlean meántéarmach go dtí go mbeidh bearta beartais nithiúla arna bhfógairt go hinchreidte agus arna sonrú go leormhaith mar bhonn taca leo.

An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean

(17)

Le plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Beilge, cumhdaítear an tréimhse 2025-2029 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair thar 7 mbliana.

(18)

Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean, cé is moite d’fhaisnéis maidir le comhairliúcháin leis na parlaimintí náisiúnta agus an comhairliúchán a cheanglaítear le hAirteagal 13(g)(vi) de Rialachán (AE) 2024/1263.

(19)

Leis an bplean, tugtar gealltanas i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 2,6 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2029. Ina theannta sin, geallann an Bheilg sraith athchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanamh d’fhonn síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin go 7 mbliana (2025-2031), a bhfuil sé beartaithe gurb é 2,5 % an meánfhás glanchaiteachais lena linn.

Tá an meánfhás glanchaiteachais a thuairiscítear sa phlean le linn na tréimhse coigeartúcháin (2025-2031) cothrom leis an meánfhás glanchaiteachais sa chonair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún an 5 Feabhra 2025.

Toimhdítear sa phlean go dtiocfaidh laghdú ar fhás OTI féideartha go 1,2 % in 2029 (ó 1,7 % in 2024). Ina theannta sin, meastar sa phlean go dtiocfaidh laghdú ar ráta fáis an díbhoilsceora OTI go 2,1 % in 2028 (ó 2,7 % in 2024) sula dtiocfaidh méadú air go 2,2 % in 2029.

Tábla 2: Conair ghlanchaiteachais agus príomhthoimhdí i bplean na Beilge

 

Síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin

 

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

Meánfhás i rith thréimhse bhailíochta an phlean 2025-2029

Meánfhás i rith na tréimhse coigeartúcháin 2025-2031

Fás glanchaiteachais (ar bhonn bliantúil, %)

3,6

2,5

2,5

2,1

2,1

2,3

2,4

2,6

2,5

Fás glanchaiteachais (ar bhonn carnach, ón mbonnbhliain 2024 (11), %)

3,6 .

6,1

8,8

11,1

13,4

16,0

18,8

neamhbhainteach

neamhbhainteach

Fás OTI féideartha (%)

1,6

1,4

1,4

1,2

1,2

1,1

1,1

1,4

1,3

Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) (%)

2,5

2,1

2,1

2,1

2,2

2,2

2,2

2,3

2,3

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Beilge agus ríomhanna an Choimisiúin.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta

(20)

Dá dtiocfadh ann don chonair ghlanchaiteachais a gealladh sa phlean agus do na toimhdí is bonn léi, thiocfadh méadú 3,9 pointe céatadáin ar an gcóimheas idir fiachas rialtais ghinearálta agus OTI faoi 2027, ag tosú ó leibhéal 2024 (12), de réir an athraithe réamh-mheasta ar ollfhiachas sa phlean le linn na tréimhse sin, sula dtiocfadh laghdú 3,0 pointe céatadáin air faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin (2031), de réir an tábla seo a leanas. Ós rud é gur ann d’easnaimh a bheidh measartha ard sna chéad bhlianta den tréimhse choigeartúcháin, ní thiocfaidh laghdú ar an gcóimheas idir fiachas agus OTI faoi 2031. Mar sin féin, sa mheántéarma (i.e. go dtí 2041), meastar go dtiocfaidh laghdú ar fhiachas rialtais ghinearálta de réir a chéile go 87,6 % de OTI faoi 2041.

Tábla 3: Forbairtí fiachais agus comhardaithe rialtais ghinearálta i bplean na Beilge

 

2024

 (*1)

2025

 (*2)

2026

2027

2028

2029

2030

2031

2041

Fiachas rialtais (% de OTI)

103,4

105,1

107,0

107,3

107,3

106,7

105,6

104,0

87,6

Comhardú rialtais (% de OTI)

-4,6

-4,7

-4,6

-4,1

-3,5

-3,0

-2,5

-2,0

-1,8

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Beilge.

Dá bhrí sin, de réir an phlean, chuirfí an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta ar chonair anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin (2031). Tá sin inchreidte ós rud é, bunaithe ar thoimhdí an phlean, go réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an bhfiachas i gcaitheamh na 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin faoi na tástálacha struis cinnteachaíocha uile in Anailís an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais, agus go léiríonn na réamh-mheastacháin stocastacha go bhfuil dóchúlacht leordhóthanach ann go dtiocfadh laghdú ar an bhfiachas.

Leis na sonraí olltoraidh níos airde maidir le fiachas rialtais in 2024 (104,7 % de OTI), ardaítear an leibhéal fiachais ach meastar nach n-athróidh siad ruthag chonair an choigeartaithe d’fhiachas rialtais. An t-easnamh 4,5 % a bhí ann in 2024, bhí sé 0,1 % ní b’ísle ná mar a bhí sa phlean.

Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an bhfiachas mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (a) agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir leis an gcomhardú rialtais ghinearálta

(21)

Bunaithe ar chonair ghlanchaiteachais agus ar thoimhdí glanchaiteachais an phlean, bheadh easnamh rialtais ghinearálta ag 4,6 % de OTI in 2024 agus laghdódh sé de réir a chéile go 3,0 % in 2029 agus go 2,0 % ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2031).

Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2031).

Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (go dtí 2041), ní rachadh an t-easnamh rialtais thar 3 % de OTI.

Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (b), agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh

(22)

Déantar próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh, arna tomhas mar an t-athrú bliantúil ar an bpríomhchomhardú struchtúrach, mar a thuairiscítear sa phlean, a shiarchoinneáil ó 2025 go 2026–2030 i gcomparáid leis an gconair líneach dá dtagraítear mar riail faoi Airteagal 6, pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263. Sa chéad bhliain den phlean (2025), is é an feabhas ar an bpríomhchomhardú struchtúrach leath den iarracht is bun leis an gconair thagartha (0,25 % de OTI in ionad 0,5 %). Mínítear é sin sa phlean ag an rialtas feidearálach a chuaigh i mbun oifige an 3 Feabhra 2025, rud a chuir moill ar chur chun feidhme na mbeart comhdhlúthaithe fhioscaigh, nach ndéanann difear ach do chuid de 2025. Le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin, geallann an Bheilg coigeartú níos uaillmhianaí a dhéanamh ar an bpríomhchomhardú struchtúrach i gcomparáid leis an gconair thagartha chun an iarracht níos ísle in 2025 a chúiteamh. Dá réir sin, mínítear le siarchoinneáil an choigeartaithe an fás glanchaiteachais níos airde in 2025 sa phlean i gcomparáid leis an réamhthreoir ón gCoimisiún (3,6 % in aghaidh 3,0 %). An tráth céanna, mar gheall ar an gcoigeartú níos láidre sna blianta ina dhiaidh sin, tá an glanfhás caiteachais níos ísle (faoi 0,1 pointe céatadáin) sa phlean thar an tréimhse 2026-2030, rud a fhágann go bhfuil an meánfhás glanchaiteachais comhionann thar an tréimhse choigeartaithe sa phlean agus i réamhthreoraíocht an Choimisiúin. Ar an iomlán, tá an coigeartú fioscach thar na chéad 5 bliana den phlean fós comhréireach leis an iarracht iomlán le linn na tréimhse coigeartúcháin ar fad.

Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gclásal i dtaca leis an gcoimirce maidir le siarchoinneáil a chosc a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263.

Tábla 4: Forbairtí ar phríomhchomhardú struchtúrach i bplean na Beilge

 

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

Príomhchomhardú struchtúrach (% de OTI)

-2,0

-1,8

-1,2

-0,7

0,0

0,6

1,1

1,6

Athrú ar an bpríomhchomhardú struchtúrach (pointí céatadáin)

neamhbhainteach

0,2

0,6

0,6

0,6

0,6

0,5

0,5

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Beilge.

Comhsheasmhacht an phlean leis an nós imeachta um easnamh iomarcach

(23)

Meastar an chonair ghlanchaiteachais a leagtar amach sa phlean a bheith i gcomhréir leis na ceanglais faoin nós imeachta um easnamh iomarcach (go háirithe leis an gcoigeartú struchtúrach bliantúil íosta a bhunaítear mar thagarmharc in Airteagal 3(4), an tríú fomhír de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle (13)), tar éis a mheas go ndéantar an coigeartú níos ísle in 2025 a chúiteamh go hiomlán le coigeartú níos airde sna blianta ina dhiaidh sin.

Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh

(24)

Maidir le ceanglas na mbeart coisctheach a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263 maidir leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh, arb é is aidhm di corrlach coiteann a sholáthar i gcoibhneas leis an luach tagartha easnaimh 3 % de OTI, tá feidhm aige maidir leis an mBeilg ó 2030 ar aghaidh, ós rud é go bhfuil sé beartaithe go mbeidh an t-easnamh faoi bhun 3 % de OTI ó 2029 ar aghaidh.

In 2030 agus 2031, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, níor cheart, dá bhrí sin, an coigeartú bliantúil ar an bpríomhchomhardú struchtúrach a bheith níos lú ná 0,25 % de OTI má fhanann an t-easnamh struchtúrach os cionn 1,5 % de OTI sa bhliain roimhe sin, chun corrlach coiteann athléimneachta 1,5 % de OTI a bhaint amach i dtéarmaí struchtúracha. Is mó ná 0,25 % de OTI in 2030 agus 2031 an coigeartú fioscach a eascraíonn as gealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh.

Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais

(25)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1263, ós rud é go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta os cionn 90 % de OTI thar an tréimhse choigeartúcháin de réir an phlean, ceanglaítear go dtiocfaidh laghdú 1,0 pointe céatadáin ar a laghad ar an gcóimheas fiachais ar an meán in aghaidh na bliana go dtí go dtitfidh sé faoi bhun 90 %, agus ina dhiaidh sin ba cheart laghdú 0,5 pointe céatadáin ar a laghad a theacht air ar an meán. Ríomhtar an meánlaghdú thar an tréimhse 2030–2031, i.e. ag tosú sa bhliain ina n-aisghairfí an nós imeachta um easnamh iomarcach de réir an phlean, agus is é 1,6 pointe céatadáin atá sa mheánlaghdú sin. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais.

Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean

(26)

Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá i gcomhréir le toimhdí an Choimisiúin a tarchuireadh chuig an mBeilg an 5 Feabhra 2025. Cuirtear san áireamh ann faisnéis bhreise atá ar fáil i gcomparáid leis an gconair thagartha agus áirítear ann dá réir sin toimhde nuashonraithe le haghaidh dhíbhoilsceoir OTI 2025. Cuirtear san áireamh sa mheasúnú freisin scaoileadh sonraí olltoraidh le haghaidh 2024 tar éis an plean a chur isteach, rud a athraíonn bonnbhliain an mholta go 2024. Ní dhéanann an toimhde nuashonraithe ná an t-aistriú difear don mheánfhás bliantúil glanchaiteachais thar an tréimhse choigeartúcháin.

Straitéis fhioscach an phlean

(27)

De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, déanfar na gealltanais maidir le glanchaiteachas a chomhlíonadh go príomha trí shrian a chur le caiteachas agus trí mhéaduithe lánroghnacha ar ioncam. Luaitear sa phlean go bhfuil dhá thrian den iarracht comhdhlúthaithe fhioscaigh le linn thréimhse an phlean ag teacht ó athchóirithe struchtúracha i margadh an tsaothair (sochar dífhostaíochta a theorannú) agus ó athchóiriú pinsean (córas bonus/malus a thabhairt isteach, córais phinsin éagsúla a chomhchuibhiú chun na blianta a oibríodh agus an pinsean a fhaightear a neartú, innéacsuithe athraithe). Ina theannta sin, glactar leis go dtagann aon trian den iarracht fhioscach ó bhearta fioscacha lánroghnacha eile, a bhfuil dhá thrian díobh ar thaobh an chaiteachais agus aon trian díobh ó chánachas na dteaghlach ioncaim is airde agus ó bhearta ioncaim eile.

(28)

Tá sonraíocht na mbeart beartais le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. Ag an am céanna, tá rioscaí ann do chur chun feidhme na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, agus is é is cúis leis sin nach bhfuil roinnt beart struchtúrach a d’fhógair an rialtas sonraithe go hiomlán go fóill. Ina theannta sin, toimhdítear sa phlean go mbeidh éifeachtaí indíreacha dearfacha suntasacha ann, ach nach sonraítear go mion iad, ó ráta rannpháirtíochta sa mhargadh saothair a shroichfidh 80 % faoi 2029, rud a d’fhágfadh go mbeadh gá le méadú mór ó na leibhéil atá ann faoi láthair. Ina theannta sin, chun an comhdhlúthú fioscach a chur chun feidhme, is gá comhordú buiséadach níos dlúithe agus níos éifeachtaí idir na heintitis chónaidhme agus na heintitis chónasctha mar a bhí le blianta beaga anuas. Meastar go maolófar an riosca deireanach sin leis an mbeart maidir le comhordú buiséadach, ar cuid é den tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca leis an síneadh (Iarscríbhinn II).

Sraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta sa phlean chun bheith mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh

(29)

Sa phlean, geallann an Bheilg sraith athchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanamh, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an bhfás féideartha agus ar an inbhuanaitheacht fhioscach, chun taca a chur faoi shíneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh ó 4 bliana go 7 mbliana. Tá an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin comhdhéanta de thrí ghealltanas ón bplean téarnaimh agus athléimneachta le sonraíochtaí breise; chomh maith le ceithre athchóiriú agus infheistíocht nua. Áirítear leis sin na bearta seo a leanas (féach freisin Iarscríbhinn II).

Is é is aidhm don athchóiriú i réimse na bpinsean inbhuanaitheacht airgeadais chóras na bpinsean a fheabhsú. Cuireann an gealltanas sin le beart atá ann cheana sa phlean téarnaimh agus athléimneachta (go háirithe faoi Chomhchuid 4.4, ‘Deireadh gairme agus pinsin’). Leis na bearta sa phlean, neartófar an caidreamh idir obair agus fáil ceart pinsean, agus déanfar córais phinsin d’fhostaithe, do státseirbhísigh agus do dhaoine féinfhostaithe a chomhchuibhiú. Cuireann an rialtas bearta idirthréimhseacha san áireamh freisin do dhaoine atá gar do dhul ar scor chun tionchar sóisialta an athchóirithe a mhaolú. Tá coinne leis go nglacfar formhór na mbeart faoi R4 2025 agus go gcuirfear chun feidhme iad in 2026 nó 2027 ar aghaidh.

Is é is aidhm don athchóiriú i réimse an chaiteachais phoiblí athbhreithnithe caiteachais a chur i gcrích chun éifeachtúlacht agus cáilíocht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú. Cuireann an gealltanas sin freisin le beart atá ann cheana sa phlean téarnaimh agus athléimneachta (go háirithe faoi Chomhchuid 6.1, ‘Athbhreithnithe caiteachais’). Is cuspóir tábhachtach amháin de chuid an athchóirithe é plean a chur ar fáil chun deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais. Meastar go nglacfar an plean sin faoi R4 2025.

Athchóirithe i réimse an mhargaidh saothair. Tugtar gealltanas sa phlean obair a dhreasú lena n-áirítear trí shochair dhífhostaíochta a theorannú le himeacht ama, trí chothromaíocht oibre is saoil agus solúbthacht a fheabhsú, agus trí bhreoiteacht fhadtéarmach, an t-ualach riaracháin agus costais chomhlíontachta FBManna a laghdú. Tá coinne leis go nglacfaidh an Pharlaimint an t-athchóiriú ar shochar dífhostaíochta agus an plean domhanda um chosc agus um athimeascadh d’oibrithe atá breoite go fadtéarmach faoi R3 2025.

Is é is aidhm d’athchóirithe i réimse an chánachais an t-ualach cánach ar shaothar a laghdú, iomaíochas a fheabhsú agus infheistíochtaí a neartú. Chun luach saothair a thabhairt don obair, áirítear sa phlean gearradh cánach ioncaim dóibh siúd atá ag obair, a bhfuil coinne leis go nglacfar é faoi R4 2025 agus go gcuirfear chun feidhme é faoi R1 2026. Tacóidh dhá bheart sa phlean leis an iomaíochas tríd an gcostas pá a mhaolú agus trí tharaifí tarchurtha leictreachais na dtionscal dianfhuinnimh a laghdú. Tiocfaidh maoiniú an athchóirithe cánach sin go páirteach as leathnú an bhoinn cánach, lena n-áirítear cáin ghnóthachan caipitiúil a thabhairt isteach, agus comhlánaítear é le laghdú ar an gcaiteachas ar choigeartuithe leasa shóisialta.

Athchóirithe i réimse an iomaíochais agus na timpeallachta gnó. Tugtar gealltanas sa phlean digitiú seirbhísí rialtais a chur chun feidhme, ar beart é a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta (Comhchuid 2.2, ‘Riarachán poiblí’). Áirítear ar na hathchóirithe freisin plean chun iomaíochas FBManna a mhéadú agus plean eile chun an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí a laghdú. Tá coinne leis go nglacfar an dá bheart sin, atá nua i gcomparáid leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, faoi R4 2025 agus go gcuirfear chun feidhme iad faoi R1 2026.

Athchóirithe i réimse an chomhordaithe bhuiséadaigh. Is é is aidhm don bheart sin, atá nua freisin i gcomparáid leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, feabhas a chur ar chomhordú an bhuiséid idir na leibhéil éagsúla rialtais. Is é oiriúnú chomhaontú comhair 2013 an chéad chéim, a bhfuil coinne leis go dtiocfar ar chomhaontú ina leith faoi R4 2025. Tá coinne leis go nglacfar agus go gcuirfear chun feidhme an comhaontú comhair athbhreithnithe leis na réigiúin (go cúlghabhálach) faoi R4 2026. Is é an dara céim cúraimí na hArd-Chomhairle Airgeadais (institiúid fhioscach neamhspleách) a athshainiú.

(30)

I gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2024/1263, tá gach athchóiriú agus infheistíocht atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin mionsonraithe, tús-ualaithe, faoi cheangal ama agus infhíoraithe go leordhóthanach.

(31)

Gealltanais an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá mar bhonn taca faoin síneadh, tá athchóirithe agus infheistíochtaí móra iontu atá dírithe ar fheabhas a chur ar an inbhuanaitheacht fhioscach agus ar acmhainneacht fáis an gheilleagair a fheabhsú. Ina theannta sin, geallann an Bheilg leanúint den iarracht athchóirithe le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean struchtúrach fioscach meántéarmach agus na leibhéil infheistíochta arna maoiniú go náisiúnta arna réadú le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a choinneáil ar bun (féach thíos, Tábla 5). Déanfar faireachán ar na gealltanais le linn chur chun feidhme an phlean. Dá réir sin, is féidir gealltanais faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur san áireamh maidir le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin dá bhforáiltear le hAirteagal 36, pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1263.

(32)

Leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca leis an síneadh, tá coinne leis go gcuirfear feabhas ar acmhainneacht fáis agus athléimneachta gheilleagar na Beilge ar bhealach inbhuanaithe mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2024/1263. Ní sholáthraítear meastachán i bplean na Beilge ar an tionchar (féideartha) fáis foriomlán measta a bheidh ag an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca leis an síneadh. Tuairiscítear an tionchar sin, áfach, sa phlean le haghaidh cuid de na hathchóirithe, bunaithe ar anailísí a rinne an Biúró Pleanála Cónaidhme (FPB) (institiúid fhioscach neamhspleách) agus an tSeirbhís Pinsean Feidearálach (FPS). Rinne an Biúró Pleanála Cónaidhme measúnú breise trí úsáid a bhaint as samhail QUEST an Choimisiúin ina meastar go mbeidh leibhéal OTI 1,85 % níos airde faoi 2040 a thiocfaidh go príomha as iomaíochas feabhsaithe agus ráta fostaíochta níos airde lena spreagfar tomhaltas príobháideach. Ar an iomlán, bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil, is cosúil go dtugtar aghaidh leis an straitéis eacnamaíoch is bonn leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí, lena n-áirítear gealltanais an phlean téarnaimh agus athléimneachta, ar laigí a sainaithníodh roimhe seo in acmhainneacht fáis agus athléimneachta na Beilge (e.g. i dTuarascálacha Tíre an tSeimeastair Eorpaigh). Baineann na príomhréimsí idirghabhála leis na hathchóirithe pinsean, margaidh saothair, cánach agus iomaíochais, as a dtiocfaidh ráta rannpháirtíochta fostaíochta níos airde agus infheistíochtaí in éineacht le comhordú buiséadach feabhsaithe agus éifeachtúlacht fheabhsaithe caiteachais phoiblí.

(33)

Leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca leis an síneadh, meastar go dtacófar leis an inbhuanaitheacht fhioscach mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2024/1263. Ní thugtar meastachán sa phlean ar an tionchar fioscach foriomlán a mheastar a bheidh ag an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca leis an síneadh. Rinne an Biúró Pleanála Cónaidhme measúnú breise ar an tionchar trí úsáid a bhaint as samhail QUEST ina meastar go dtiocfaidh feabhas 0,9 % de OTI ar an gcomhardú struchtúrach rialtais faoi 2040. Áirítear sa phlean, áfach, measúnú tionchair fhioscaigh ar na bearta cónaidhme uile atá beartaithe do thréimhse an phlean. De réir na réamh-mheastachán a sholáthraítear sa phlean, measann an Coimisiún go bhfuil meántionchar bliantúil laghdaithe easnaimh dhírigh thart ar 0,7 % de OTI ag an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí sin atá mar bhonn taca leis an síneadh thar thréimhse an phlean, go príomha mar gheall ar thionchar buiséadach na n-athchóirithe struchtúracha ar mhargadh an tsaothair agus ar phinsin (0,4 % de OTI), bearta nua ioncaim (‘na guaillí is leithne’, 0,2 % de OTI) agus caiteachas laghdaithe ar shochair shóisialta (imchlúdach leasa, 0,2 % de OTI), agus go bhfuil meánchostas buiséadach (0,2 % de OTI) ag baint leis an laghdú ar cháin saothair. Tá costas buiséadach an chiorraithe cánach saothair comhchruinnithe sa bhliain dheireanach den phlean (0,5 % de OTI in 2029), rud a fhágann fós go bhfuil feabhas buiséadach comhcheangailte 0,9 % de OTI in 2029 ag teacht ó athchóirithe ar mhargadh an tsaothair agus ar phinsin (0,7 % de OTI), bearta nua ioncaim (0,3 % de OTI) agus caiteachas laghdaithe ar shochair shóisialta (0,4 % de OTI).

(34)

Luaitear sa phlean go bhfuiltear ag súil go laghdóidh athchóiriú iomlán pinsean an rialtais nua caiteachas pinsean EUR 2,4 billiún in 2029. Maidir leis an athchóiriú ar mhargadh an tsaothair, meastar go laghdóidh teorannú sochar dífhostaíochta, spreagadh oibre níos faide agus cosc agus ath-imeascadh oibrithe breoite fadtéarmacha an caiteachas (EUR 2,7 billiún faoi 2029) (14). Maidir leis an athchóiriú cánach, ní luaitear aon tionchar fioscach sa téacs ach is féidir é a dhíorthú ó Thábla 7.1 maidir le bearta feidearálacha go laghdaíonn an gearradh cánach saothair ioncam EUR 3,7 billiún, rud a chúitítear go páirteach leis na méaduithe cánach ‘gualainn is mó’ (EUR 2,3 billiún) agus freisin leis an laghdú ar chaiteachas ar an imchlúdach leasa (EUR 2,8 billiún), mar a mhínítear sa tuairisc ar an mbeart go ndéantar costais na ngearrthacha cánach saothair a chúiteamh leis na bearta nua ioncaim agus leis an imchlúdach leasa laghdaithe.

Ina theannta sin, tá dhá athchóiriú mar bhonn taca leis an síneadh a mheastar a laghdóidh an riosca cur chun feidhme a bhaineann le comhdhlúthú fioscach. Baineann athchóiriú amháin le hathbhreithnithe caiteachais agus é mar chuspóir aige éifeachtúlacht agus cáilíocht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú. Is é is aidhm don dara hathchóiriú feabhas a chur ar an gcomhordú buiséadach idir na heintitis chónaidhme agus chónasctha agus cúraimí na hArd-Chomhairle Airgeadais a athshainiú. Ba cheart an t-athshainmhíniú ar chúraimí na hArd-Chomhairle Airgeadais a bheith fite fuaite lena gcumas airgeadais agus foirne a neartú.

Áirítear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin in Iarscríbhinn II freisin.

Sa tábla leis na bearta lánroghnacha feidearálacha áirítear freisin meastachán ar éifeachtaí dara babhta de EUR 7,9 billiún faoi dheireadh thréimhse an phlean. Tá an meastachán sin bunaithe go príomha ar athrú dearfach ar an ráta rannpháirtíochta fostaíochta ó 72,3 % in 2024 go 80 %, a mheastar a bheith dóchasach agus nach dócha go mbainfear amach é faoi 2030.

(35)

Leis an tacar athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoin síneadh, tugtar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/1263. Go háirithe, thabharfaí aghaidh ar athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, tríd an athchóiriú ar chóras na bpinsean, an laghdú ar cháin saothair, an t-athchóiriú ar mhargadh an tsaothair lena n-áirítear ath-imeascadh oibrithe breoite fadtéarmacha, éifeachtúlacht agus cáilíocht fheabhsaithe an chaiteachais phoiblí, feabhas a chur ar an gcomhordú buiséadach idir leibhéil éagsúla rialtais agus an timpeallacht ghnó a shimpliú. Thabharfaí aghaidh ar na tosaíochtaí a bhaineann le haistriú cothrom glas agus digiteach agus le slándáil fuinnimh trí tharaifí tarchurtha leictreachais a laghdú do thionscail dianfhuinnimh agus trí sheirbhísí rialtais a dhigitiú.

(36)

Leis an tacar athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoin síneadh, tugtar aghaidh ar na moltaí tírshonracha ábhartha (15) arna n-eisiúint mar chuid den Seimeastar Eorpach mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1263. Go háirithe, an t-athchóiriú ar chóras na bpinsean, éifeachtúlacht agus cáilíocht fheabhsaithe an chaiteachais phoiblí agus feabhas a chur ar an gcomhordú buiséadach idir leibhéil éagsúla rialtais, baineann siad leis na moltaí tírshonracha struchtúracha fioscacha in 2024 agus 2019. D’iarr na moltaí tírshonracha sin ar an mBeilg inbhuanaitheacht fhioscach chóras na bpinsean a áirithiú, feabhas a chur ar chomhdhéanamh agus éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí agus ar chomhordú beartas fioscach ag gach leibhéal rialtais. An t-athchóiriú ar cháin saothair, an t-athchóiriú ar mhargadh an tsaothair lena n-áirítear athimeascadh na mbreoiteachta fadtéarmaí agus teorannú na sochar dífhostaíochta in am, baineann siad leis na moltaí tírshonracha in 2019, 2021, 2022, 2023 agus 2024, lena n-iarrtar athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras cánach agus sochar chun deireadh a chur le dídhreasachtaí chun oibre. Baineann an beart lena bhfeabhsaítear an timpeallacht ghnó agus lena laghdaítear an t-ualach riaracháin leis na moltaí tírshonracha in 2019, 2020 agus 2024, lena n-iarrtar feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus an t-ualach rialála agus an chastacht a laghdú.

(37)

Áirithítear leis an bplean go gcoinneofar ar bun leibhéal foriomlán beartaithe na hinfheistíochta poiblí a mhaoinítear go náisiúnta arna réadú ar an meán i gcaitheamh na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Tábla 5: Infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta sa phlean (% de OTI)

Meánleibhéal thar an tréimhse a chumhdaítear leis an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (2021 go 2026) (1)

2025

2026

2027

2028

2029

An meán i gcaitheamh thréimhse an phlean

2,9

3,2

3,2

3,1

3,0

3,0

3,1

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Beilge.

(38)

Ar deireadh, is féidir a mheas go bhfuil an tacar gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoi shíneadh comhsheasmhach leis na gealltanais sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus sa Chomhaontú Comhpháirtíochta a comhaontaíodh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(4), pointe (d) de Rialachán (AE) 2024/1263. Tá na sonraíochtaí breise a ghabhann leis an athchóiriú pinsean agus leis na hathbhreithnithe caiteachais comhsheasmhach leis na gealltanais a tugadh faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta.

(39)

Mar chonclúid, maidir leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, meastar go gcomhlíonann siad na critéir in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1263, nuair a chuirtear le chéile iad. Mar thoradh air sin, is féidir síneadh ó 4 bliana go 7 mbliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, mar a chuirtear chun tosaigh sa phlean.

Rúin eile athchóirithe agus infheistíochta sa phlean lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais

(40)

Chomh maith leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartaithe, tugtar tuairisc sa phlean ar ghealltanais bheartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí eile chun freagairt do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Áirítear sa phlean 44 athchóiriú agus infheistíocht, agus tugtar tacaíocht airgeadais do 12 díobh ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus do cheann amháin acu ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

(41)

Maidir leis an tosaíocht choiteann atá ag aistriú cóir glas agus digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), áirítear 20 athchóiriú agus infheistíocht sa phlean. Maidir le moltaí tírshonracha 2022 agus 2023 chun an spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú, dlús a chur le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh agus úsáid breoslaí iontaise i bhfoirgnimh a laghdú, agus dícharbónú na tionsclaíochta a spreagadh a thuilleadh, áirítear sa phlean bearta amhail an ráta CBL ar bhreoslaí iontaise áirithe a mhéadú (an leibhéal cónaidhme), deontais agus iasachtaí breise le haghaidh athchóiriú tithíochta atá tíosach ar fhuinneamh (a áirítear sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta), muirir a aistriú ó leictreachas go breoslaí iontaise, plean tionsclaíoch um aistriú aeráide (Flóndras) a fhorbairt, infheistíocht a dhéanamh in athchóiriú fuinneamhéifeachtúil foirgneamh poiblí agus in ardán taighde maidir leis an aistriú glas (a áirítear sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta) (Pobal na Fraince). I ndáil le moltaí tírshonracha 2019, 2022, 2023 agus 2024 maidir le soghluaisteacht bhog agus chun úsáid agus soláthar iompair astaíochtaí ísle a mhéadú, baineann bearta ábhartha leis an infheistíocht i mbonneagar rothaíochta agus in iompar poiblí i bhFlóndras (a áirítear sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta), chomh maith le cánachas feithiclí a athchóiriú agus infheistíocht a dhéanamh sa Ghréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) agus athchóiriú na ndroichead sa Vallúin. Áirítear ar na bearta sa phlean a bhaineann le tosaíocht an aistrithe dhigitigh straitéis dhigiteach don ardoideachas agus do dhigitiú na bainistíochta cúraim leanaí i gComhphobal na Fraince (a áirítear sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta) agus infheistíochtaí i ndigitiú agus i gcibearshlándáil FBManna i bhFlóndras.

(42)

Maidir le tosaíocht choiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, áirítear sa phlean 16 athchóiriú agus infheistíocht a bhaineann le moladh tírshonrach 2019 maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach an airgeadais phoiblí, mar shampla an t-athbhreithniú ar ioncaim agus ar speansais agus feabhas a chur ar an gcúram fadtéarmach i bhFlóndras, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh i gcosc na sláinte sa Vallúin. Maidir le moltaí tírshonracha in 2019, 2022, 2023 agus 2024 chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus ar neamhréir scileanna, áirítear sa phlean bearta chun an córas sochair shóisialta a athchóiriú (an leibhéal cónaidhme), chun gníomhachtú cuardaitheoirí poist a neartú agus chun inniúlachtaí cuardaitheoirí poist a ailíniú ar bhealach níos fearr le riachtanais mhargadh an tsaothair (le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa) (Flóndras), chun an beartas fostaíochta (an Vallúin) a athchóiriú, chun infheistíocht a dhéanamh i luathchúram leanaí i bhFlóndras agus sa Vallúin. Maidir le moltaí tírshonracha in 2019, 2022, 2023 agus 2024 chun feabhas a chur ar na córais oideachais agus oiliúna, áirítear sa phlean bearta chun an curaclam bunúsach a athchóiriú agus eolas teanga a neartú sa chóras oideachais Pléimeannach agus chun comhrac i gcoinne luathfhágáil na scoile i bPobal na Fraince (a áirítear sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta). I ndáil le moltaí tírshonracha in 2019 agus 2024 chun an t-ualach rialála agus riaracháin ar chuideachtaí a laghdú, áirítear sa phlean bearta chun an timpeallacht ghnó i bhFlóndras a shimpliú.

(43)

Maidir le tosaíocht choiteann na slándála fuinnimh, áirítear sa phlean trí bheart, amhail staidéar agus forbairt a dhéanamh ar imoibreoirí núicléacha beaga (SMRanna) agus tuilleadh taighde a dhéanamh ar acmhainneacht núicléach. Maidir le moladh tírshonrach 2022 agus 2023 chun dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite agus bonneagar eangaí gaolmhar, áirítear sa phlean bearta amhail nósanna imeachta ceadaithe i bhFlóndras a chuíchóiriú a thuilleadh.

(44)

Maidir le comhthosaíocht na gcumas cosanta, áirítear sa phlean trí bheart chun cuspóirí a phlean cosanta straitéisigh STAR (Slándáil/Seirbhís, Teicneolaíocht, Uaillmhian, Athléimneacht) a bhaint amach d’fhonn an beartas cosanta a fheabhsú agus a chumais chosanta a neartú lasmuigh de ghnáthchleachtas ECAT. Áirítear sa phlean freisin tacaíocht nuálaíochta atá dírithe ar an tionscal cosanta i bhFlóndras.

(45)

Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir le comhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, comhlántacht, le cistí an bheartais comhtháthaithe agus le plean téarnaimh agus athléimneachta na Beilge. Cuirtear i bhfios go láidir sa phlean go ngeallann na heintitis rialtais uile an plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na moltaí tírshonracha. Ina theannta sin, luann an réigiún Pléimeannach a ghealltanas tionscadail an bheartais chomhtháthaithe do 2021-2027 a chur chun feidhme.

(46)

Tugtar forléargas sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na Beilge a bhaineann le tosaíochtaí coiteanna an Aontais.

I ndáil leis an aistriú cóir glas agus digiteach, leagtar béim sa phlean ar an ngá atá le hinfheistíocht a dhéanamh san fhuinneamh in-athnuaite, sa ghréasán iarnróid agus sa chibearshlándáil.

I ndáil le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, tagraítear sa phlean do riachtanais infheistíochta chun córas na bpinsean a athchóiriú agus chun Bheilgigh a spreagadh chun dul i mbun gníomhaíochtaí fiontraíochta trí thimpeallacht tharraingteach a chur ar fáil ina bhfuil a laghad bacainní agus is féidir.

Maidir le slándáil fuinnimh, cuirtear i dtábhacht sa phlean gur gá don Bheilg slándáil a trealaimh fuinnimh a neartú, trí infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus ina heangach leictreach chun é a dhéanamh níos láidre.

Maidir le cumais chosanta a fhorbairt, leagtar béim sa phlean ar uaillmhian na Beilge gealltanais ECAT a chomhlíonadh.

Conclúid mheasúnú an Choimisiúin

(47)

Ar an iomlán, is é tuairim an Choimisiúin go gcomhlíonann plean na Beilge ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

CONCLÚID FHORIOMLÁN ÓN gCOMHAIRLE

(48)

Is díol sásaimh don Chomhairle plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Beilge agus measann sí go gcabhródh a chur chun feidhme iomlán le hairgeadas poiblí fónta a áirithiú agus le tacú le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí chomh maith le fás inbhuanaithe cuimsitheach.

(49)

Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an bplean. Mar sin féin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a mheasúnú ar phleananna a chuirfear faoina bráid amach anseo a thíolacadh i ndoiciméad nach ionann é agus an doiciméad ina leagtar síos na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle.

(50)

Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an gconair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean, lena n-áirítear i ndáil leis an treoir a thug an Coimisiún roimh ré, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le conair ghlanchaiteachais an phlean i ndáil le heasnamh agus fiachas rialtais. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil údar cuí ar an iomlán leis na toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha, cé go bhfuil siad éagsúil i gcásanna áirithe le toimhdí an Choimisiúin, trí fhreastal ar shonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha nuashonraithe, agus go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta mar bhonn taca leo. Tugann an Chomhairle dá haire straitéis fhioscach leathan an phlean agus na rioscaí don ionchas, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do theacht chun cinn an cháis mhaicreacnamaíoch agus do na toimhdí bunúsacha agus do sheachadadh chonair ghlanchaiteachais an phlean. Tugann an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfadh rioscaí geopholaitiúla brú a chur ar chaiteachas cosanta.

(51)

Tá an Chomhairle ag súil go mbeidh an Bheilg réidh chun a straitéis fhioscach a choigeartú de réir mar is gá chun a conair ghlanchaiteachais a áirithiú. Tá rún daingean ag an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear iad siúd is bonn le cás an phlean.

(52)

Measann an Chomhairle go bhfuil gá le tuilleadh plé chun teacht ar chomhthuiscint maidir leis na himpleachtaí bliantúla faireachais a bhaineann leis na rátaí fáis carnacha glanchaiteachais in am don chéad bhabhta eile den fhaireachas fioscach.

(53)

Formhuiníonn an Chomhairle na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a thíolaic an Bheilg ina plean meántéarmach atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartúcháin agus is díol sásaimh di na hiarrachtaí chun an tionchar ar an bhfás agus ar an inbhuanaitheacht fhioscach a chainníochtú. Aontaíonn an Chomhairle leis an gCoimisiún go dtugann an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí a thíolaic an Bheilg údar le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin ó 4 bliana go 7 mbliana. Tugann an Chomhairle dá haire measúnú an Choimisiúin ina léirítear go gcomhlíontar, go hiomlán, na critéir in Airteagal 14, agus foráil idirthréimhseach Airteagal 36 (1d) de Rialachán (AE) 2024/1263 á cur san áireamh freisin, leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca leis an síneadh. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ina léirítear go meastar go gcuirfidh na gealltanais maidir le hathchóiriú agus infheistíocht feabhas ar acmhainneacht fáis agus ar athléimneacht an gheilleagair ar bhealach inbhuanaithe agus go dtacóidh siad leis an inbhuanaitheacht fhioscach. Molann an Chomhairle don Bheilg na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a chur chun feidhme ina n-iomláine chun síneadh na tréimhse coigeartúcháin a chaomhnú.

(54)

Tugann an Chomhairle dá haire an tuairisc ón gCoimisiún ar na riachtanais agus na rúin i ndáil le hathchóiriú agus infheistíocht, le cois an mheasúnaithe ar an tsraith gealltanas maidir le hathchóiriú agus infheistíocht atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus leagann sí béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin i gcrích. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a thíolacfaidh an Coimisiún, measúnú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin agus déanfaidh sí faireachán ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh.

(55)

Tá an Chomhairle ag tnúth leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ón mBeilg ina mbeidh, go háirithe, faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais mar a leag an Chomhairle síos í, agus faoi chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, chomh maith le cur chun feidhme an tacair athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin.

(56)

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais a leagtar amach sa phlean a mholadh don Bheilg, agus ba cheart an tacar athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh 7 mbliana leis an tréimhse choigeartaithe a fhormhuiniú.

AG MOLADH LEIS SEO don Bheilg:

1.

A áirithiú nach sáróidh fás an ghlanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo.

2.

An tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh go dtí 7 mbliana a chur chun feidhme, mar a bhunaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo, faoi na sprioc-amanna a léirítear.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 20 Meitheamh 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)   IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).

(3)  Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).

(4)  Glanchaiteachas, mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna mheaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.

(5)  Cuimsítear leis an réamhthreoraíocht a tharchuir an Coimisiún chuig na Ballstáit agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais conairí gan síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin agus le síneadh a chur léi (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach). Cuimsítear inti freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na príomhthoimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamh-mheasta fiachais rialtais mheántéarmaigh an Choimisiúin Eorpaigh. Ríomhadh an chonair thagartha ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear i dTuarascáil Faireacháin an Choimisiúin Eorpaigh ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-sustainability-monitor-2023_ga). Tá sí bunaithe ar Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2034, agus tá fás fadtéarmach OTI agus costais aosaithe i gcomhréir le Tuarascáil Chomhpháirteach 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ón gComhairle ar an Aosú (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_ga).

(6)  An Bheilg: táblaí réamhthreoraíochta (https://economy-finance.ec.europa.eu/document/download/a785a06d-962e-4366-9024-e80643258ac5_en?filename=Commission_prior_guidance-belgium_en.pdf&prefLang=sl).

(7)   IO L, 2024/2125, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2125/oj.

(8)   Moladh 5032/25 ón gComhairle, nós imeachta um easnamh iomarcach na Beilge.

(9)  Tuairim ón gCoimisiún Eorpach an 4 Meitheamh 2025 maidir le Dréachtphlean Buiséadach na Beilge 2025.

(10)  Moladh ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na Beilge (IO C/2024/6808, 29.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6808/oj).

(11)  Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2024, toisc go raibh sonraí olltoraidh 2024 ar fáil le linn chéim an mheasúnaithe.

(12)   104,7 % de OTI atá i sonraí olltoraidh 2024 maidir le fiachas rialtais de réir Eurostat (gov_10q_ggdebt) agus tá na sonraí sin níos airde ná an figiúr sa phlean (103,4 %; féach tábla 3).

(*1)  Sonraí bailíochtaithe Eurostat le haghaidh 2024: fiachas 104,7 %, iarmhéid -4,5 %.

(*2)  Fógra NEI Eurostat: an t-iarmhéid atá beartaithe -5,2 % in 2025.

(13)   IO L 209, 2.8.1997, lch. 6.

(14)  Luaitear i dTábla 7.1 gurb é a bheidh is suim na n-athchóirithe ar phinsin agus ar mhargadh an tsaothair suas le EUR 5,08 billiún faoi 2029 lúide EUR 2,4 billiún d’athchóiriú pinsean agus EUR 2,7 billiún d’athchóirithe ar mhargadh an tsaothair.

(15)  Na moltaí tírshonracha a mheastar a bheith ‘ábhartha’, is moltaí iad: (i) arna ghlacadh ag an gComhairle ó 2019 ar aghaidh, (ii) nach bhfuil dul chun cinn ‘iomlán’ nó ‘suntasach’ déanta ag an mBallstát go fóill maidir le haghaidh a thabhairt orthu agus nach bhfuil siad as dáta (arna mheasúnú mar ‘Gan Measúnú / Gan Ionchur le Cur Isteach’), mar a measadh sa chleachtadh faireachais is déanaí ar an Seimeastar Eorpach (atá ar fáil in CeSaR (europa.eu)), (iii) nach bhfuil nasctha le CCF fioscach amháin agus (iv) nach gcumhdaítear an dúshlán céanna leis ach ar bhealach athráite.

(1)  Toimhdítear agus glactar leis go mbeidh forluí idir an dá thréimhse. Tá sé beartaithe go mbeidh feidhm ag an gceanglas chun leibhéal na hinfheistíochta a choinneáil ar bun maidir leis na blianta tar éis dheireadh shaolré na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

(16)   IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

Uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais (rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)

an Bheilg

Blianta

2025

2026

2027

2028

2029

Rátaí fáis (%)

Go bliantúil

3,6

2,5

2,5

2,1

2,1

Carnach (*1)

3,6

6,1

8,8

11,1

13,4


(*1)  Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2024. Baintear úsáid as na rátaí fáis carnacha san fhaireachán bliantúil ar chomhlíonadh ex post sa chuntas rialaithe.


IARSCRÍBHINN II

Sraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh 7 mbliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin

 

Príomhchuspóir

Tuairisc agus uainiú na bpríomhchéimeanna

Táscairí faireacháin

Athchóiriú chóras na bpinsean

(Cur le Beart den Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta R-4.07)

Feabhas a chur ar inbhuanaitheacht airgeadais chóras na bpinsean

Faoi R4 2025, garspriocanna C44-R-407-M157 agus C44-R-407-M158 de phlean téarnaimh agus athléimneachta na Beilge a sheachadadh, go háirithe tríd an méadú réamh-mheasta ar chaiteachas pinsean poiblí a laghdú go buan faoi 0,3  % de OTI ar a laghad faoi 2029 agus 1,0  % de OTI ar a laghad faoi 2040, i gcomparáid le réamh-mheastacháin Thuarascáil 2024 ar an Aosú, agus a áirithiú ag an am céanna nach mbeidh carnadh fiachais mar thoradh ar thionchar foriomlán an athchóirithe pinsean idir 2029 agus 2070.

Faoi R1 2027, tiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm lena n-áirítear maidir leis na bearta seo a leanas

(i)

Neodracht achtúireach (an bónas reatha a mhaolú agus córas bónais/malus a thabhairt isteach)

(ii)

Laghdú ar thréimhsí ashamhlaithe i ríomh pinsean

(iii)

Deireadh a chur de réir a chéile le scéimeanna fabhracha do státseirbhísigh

(iv)

Pinsean breoiteachta a dhíothú

(v)

Innéacsú teoranta ar ardphinsin státseirbhíseach

(vi)

Comhchuibhiú ar riachtanais ghairme le haghaidh luathscoir

Faoi R4 2029, measúnú tionchair ar athchóiriú na bpinsean a chur i gcrích.

Garspriocanna C44-R-407-M157 agus C44-R-407-M158 de phlean téarnaimh agus athléimneachta na Beilge a chomhlíonadh go sásúil.

Cur i gcrích an mheasúnaithe tionchair ar athchóiriú na bpinsean ag an mBiúró Pleanála Cónaidhme.

Athbhreithnithe caiteachais

(Cur le Beart den Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta R-6)

Spriocanna coigiltis éigeantacha a ghlacadh le haghaidh na mblianta 2026-2029

Faoi R4 2026, athbhreithnithe caiteachais iomlána a thabhairt chun críche i réimsí a) fóirdheontais breosla iontaise agus b) an díolúine ó cháin shiarchoinneálach le haghaidh obair T&F, ragobair agus obair oíche/sealoibre.

Ó R4 2026 ar aghaidh, tuarascáil bhliantúil ar an measúnú tionchair a thíolacadh ina mínítear laghdú foriomlán buan 0,1  % de OTI ar a laghad ar chaiteachas bliantúil in 2026, agus ó R4 2029 de 0,3  % ar a laghad in 2029, i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin chaiteachais ar bheartais gan athrú.

Comhlíonadh sásúil gharspriocanna C61-R-6-M207 de phlean téarnaimh agus athléimneachta na Beilge.

Athbhreithnithe caiteachais a bheith tugtha chun críche ag na húdaráis Chónaidhme i réimsí (a) fóirdheontais breosla iontaise agus (b) an díolúine ó cháin shiarchoinneálach le haghaidh obair T&F, ragobair agus obair oíche/sealoibre.

Measúnú tionchair bliantúil a sholáthar ina mínítear laghdú buan ar chaiteachas bliantúil suas go dtí 2029 a bhaint amach i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin chaiteachais ag beartais gan athrú.

Athchóiriú an mhargaidh saothair

(beart nua)

Dreasachtaí chun dul i mbun oibre a neartú agus breoiteacht fhadtéarmach a laghdú

Faoi R4 2025, teacht i bhfeidhm reachtaíochta lena laghdaítear go buan caiteachas ginearálta an rialtais ar shochair dhífhostaíochta agus ar shaoire bhreoiteachta fadtéarmaí 0,3  % de OTI in aghaidh na bliana ó 2027 ar aghaidh faoi:

(i)

sochair dhífhostaíochta a theorannú do dhá bhliain ar a mhéad

(ii)

breoiteacht fhadtéarmach a laghdú trína cheangal ar fhostóirí rannchuidiú le sochair éagumais a íoc agus trí chuntasacht a mhéadú d’fhostaithe agus do dhochtúirí.

Faoi R2 2027, measúnú tionchair a sholáthar lena dtabharfar údar leis an laghdú buan 0,3  % de OTI ar chaiteachas ar shochair dhífhostaíochta agus ar shaoire bhreoiteachta fhadtéarmach, i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin chaiteachais a bhaineann le beartais gan athrú.

Teacht i bhfeidhm reachtaíochta chun sochair dhífhostaíochta agus breoiteacht fhadtéarmach a laghdú.

Measúnú tionchair a sheachadadh ina léirítear an laghdú buan ar chaiteachas ar shochair dhífhostaíochta agus ar shaoire bhreoiteachta fhadtéarmach.

Athchóiriú cánach

(beart nua)

Rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a mhéadú tríd an ualach cánach ar shaothar a laghdú agus deireadh a chur le caiteachas cánach

Faoi R1 2026, teacht i bhfeidhm reachtaíochta lena laghdaítear an t-ualach cánach dóibh siúd atá gníomhach ar mhargadh an tsaothair, arb é 0,5  % de OTI carnach a bheidh i gceist in 2029 san iomlán, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

an liúntas pearsanta atá saor ó cháin d’ioncam tuillte a mhéadú

(ii)

an ranníocaíocht slándála sóisialta speisialta a athchóiriú

Faoi R1 2026, teacht i bhfeidhm reachtaíochta lena maoinítear an laghdú cánach saothair 0,5  % de OTI in 2029 tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

deireadh a chur le caiteachas cánach, lena n-áirítear:

deireadh a chur leis an laghdú cánach ar shochair dhífhostaíochta

teorainn a chur leis an ‘comhrann pósta’

(ii)

cánacha a bhaineann le caipiteal a mhéadú, lena n-áirítear:

cáin ghnóthachan caipitiúil 10 % a thabhairt isteach ar ghnóthachain chaipitiúla réadaithe.

deireadh a chur le hin-asbhainteacht chánach úis morgáiste le haghaidh áiteanna cónaithe tánaisteacha.

(iii)

teorainn a chur leis an gclúdach leasa.

Measúnú tionchair a chur i gcrích faoi R2 2029 lena dtugtar údar le tionchar buiséadach 0,5  % de OTI ó bhearta comhcheangailte an athchóirithe cánach, i gcomparáid le beartais gan athrú.

Teacht i bhfeidhm dlí chun cánachas saothair a athchóiriú.

Teacht i bhfeidhm dlí lena dtugtar isteach cáin ghnóthachan caipitiúil.

Cinneadh a ghlacadh lena dteorannaítear an clúdach leasa.

Measúnú tionchair a chur i gcrích faoi R2 2029 lena dtugtar údar le tionchar buiséadach bhearta comhcheangailte an athchóirithe cánach.

Comhordú buiséadach

(beart nua)

Comhordú buiséadach éifeachtach a chur chun feidhme idir na heintitis chónaidhme agus na heintitis chónasctha

Faoi R4 2025, teacht i bhfeidhm reachtaíochta chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i)

comhordú buiséadach éifeachtach idir na heintitis chónaidhme agus na heintitis chónasctha.

(ii)

Cúraimí na hArd-Chomhairle Airgeadais a athshainiú agus feabhas a chur ar chumas airgeadais agus foirne na hArd-Chomhairle Airgeadais.

Faoi R4 2026, teacht i bhfeidhm reachtaíochta chun comhordú buiséadach éifeachtach a áirithiú idir na heintitis chónaidhme agus chónasctha trí spriocanna buiséadacha ilbhliantúla a leagan síos do na heintitis uile.

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme éifeachtach chomhaontú comhair oiriúnaithe 2013 chun comhordú buiséadach éifeachtach a áirithiú idir na heintitis chónaidhme agus na heintitis chónasctha.

Foraithne Ríoga a ghlacadh lena n-athshainítear cúraimí na Rannóige Poiblí Ceanglas Iasachtaíochta na hArd-Chomhairle Airgeadais.

An timpeallacht ghnó agus rialáil

(beart nua)

Feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó trí rialáil a shimpliú agus tríd an ualach riaracháin a laghdú

Faoi R4 2025, teacht i bhfeidhm reachtaíochta agus glacadh beart chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí a laghdú.

(ii)

nósanna imeachta a shimpliú chun rochtain FBManna ar sholáthar poiblí a fheabhsú.

(iii)

plean FBM ina ndírítear go sonrach ar ghnólachtaí nuathionscanta chun an costas a bhaineann le gnó a dhéanamh a laghdú

Teacht i bhfeidhm reachtaíochta agus glacadh beart chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó.

Seachadadh an phlean FBM.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3698/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)