|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3602 |
4.7.2025 |
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
Creat le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan
(Creat Státchabhrach i ndáil leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan)
(C/2025/3602)
1. RÉAMHRÁ
|
(1) |
An 26 Feabhra 2025, ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht i ndáil leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú (‘Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan’) (1). Tá an teachtaireacht seo ag gabháil leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan trína leagan amach conas is féidir leis na Ballstáit bearta Státchabhrach a dhearadh chun tacú lena gcuspóirí a bhaineann leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan. |
|
(2) |
Sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan leagtar amach gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar an rochtain ar fhuinneamh inacmhainne, chun borradh a chur faoi éileamh agus soláthar táirgí teicneolaíochta glaine, chun infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a spreagadh, chun an geilleagar ciorclach a chumhachtú, chun comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a fhorbairt agus chun scileanna agus poist ardcháilíochta a dhaingniú ar mhaithe leis an gcothroime shóisialta. Cuireann sé straitéis chuimsitheach fáis ar fáil le haghaidh tionscal iomaíoch, athléimneach, dícharbónaithe san Aontas, lena gcuirtear deiseanna ar fáil d’infheisteoirí agus lena rannchuidítear le comhtháthú sóisialta agus cothromas ar fud na réigiún uile. Is gealltanas é an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan chun dlús a chur leis an dícharbónú, leis an ationsclú agus leis an nuálaíocht, iad uile ag an am céanna agus ar fud na mór-roinne ar fad, agus athléimneacht na hEorpa á treisiú freisin. Cuireann an Comhaontú cás gnó níos láidre do thionscal na hEorpa le haghaidh infheistíochtaí móra aeráidneodracha i dtionscail dianfhuinnimh agus sa teicneolaíocht ghlan. Cuireann sé i dtábhacht an gá atá ann infheistíocht a bheith ar fáil chun acmhainneacht mhonaraíochta leordhóthanach a cheadú san Aontas, príomh-mhargaí a chruthú don teicneolaíocht ghlan, praghsanna arda fuinnimh a laghdú, na dálaí cearta a chur ar fáil do chuideachtaí chun fás, dul san iomaíocht agus a bheith ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain chomh maith le haghaidh a thabhairt ar shaobhadh ar fóirdheontais eachtracha is cúis leo. |
1.1. An gá atá le hinfheistíochtaí san Eoraip a dhreasú
|
(3) |
Chun uaillmhianta an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan a bhaint amach, beidh gá le hinfheistíocht shuntasach. Dá bhrí sin, ní mór cistí a shlógadh, ó fhoinsí príobháideacha den chuid is mó, ach, i gcás inar gá, iad a dhreasú nó a chomhlánú le cistí poiblí. |
|
(4) |
Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, tá gá le hinfheistíochtaí chun dlús breise a chur le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite, chun dícharbónú tionsclaíoch a chur in úsáid, agus chun acmhainneacht mhonaraíochta leordhóthanach na teicneolaíochta glaine a áirithiú. Sonraítear sa Teachtaireacht seo na critéir a chuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm le linn dó measúnú a dhéanamh ar bhearta Státchabhrach atá beartaithe ag na Ballstáit a dhéanamh chun rannchuidiú leis na spriocanna sin. Cumasaíonn sé tréimhse phleanála níos faide do na Ballstáit agus intuarthacht infheistíochta agus slándáil do ghnólachtaí, gan iomaíocht agus trádáil a shaobhadh go míchuí agus cuspóirí comhtháthaithe á gcaomhnú ag an am céanna. |
|
(5) |
Ina theannta sin, an gá atá le hacmhainneacht mhonaraíochta na hEorpa a fheabhsú maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a bpríomh-chomhpháirteanna, aithnítear an gá sin sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta (2), gníomh trína bhfuiltear ag tabhairt aghaidh cheana ar bhacainní áirithe ar uas-scálú táirgeachta san Eoraip. Moltar do na Ballstáit dlús a chur le hinfheistíochtaí incháilithe i monarú teicneolaíochta glaine, trí iad a aithint mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta i gcomhréir leis na coinníollacha a sholáthraítear sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta. Cé go méadóidh an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta iomaíochas earnáil na teicneolaíochta glan-nialasachta, go meallfaidh sé infheistíochtaí, agus go bhfeabhsóidh sé rochtain ar an margadh le haghaidh teicneolaíocht ghlan san Aontas, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tacaíocht bhreise le haghaidh infheistíochtaí áirithe sa teicneolaíocht ghlan chun a áirithiú go méadófar an acmhainneacht san Aontas, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann dlús a chur leis an aistriú glan-nialasach agus athléimneacht na hEorpa a mhéadú sa réimse sin. I bhfianaise an mhéid sin, leagtar amach sa Teachtaireacht seo na coinníollacha faoinar féidir tacaíocht phoiblí bhreise a dheonú do thionscadail lena bhfeabhsaítear an athléimneacht agus lena n-íoslaghdaítear saobhadh iomaíochta san am céanna. |
|
(6) |
Ina theannta sin, chun tacaíocht ó thaobh an éilimh de a chur ar fáil, agus chun imscaradh táirgí teicneolaíochta glaine a dhreasú, féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí cánach a thabhairt isteach i bhfoirm dímheas luathaithe, lena n-áirítear caiteachas láithreach, chun na sócmhainní teicneolaíochta glaine is gá don aistriú chuig geilleagar glan-nialasach a fháil. Maidir le bearta nach bhfuil ceaptha chun fabhar roghnaitheach a thabhairt do ghnóthas sonrach nó d’earnáil shonrach agus atá oscailte de jure agus de facto do gach oibreoir iarbhír agus ionchasach, meastar gur de chineál ginearálta iad agus dá bhrí sin ní Státchabhair atá i gceist leo (3). Tá feidhm aige sin freisin maidir le táirgí nach gcumhdaítear leis an Teachtaireacht seo. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil dreasachtaí chun táirgí teicneolaíochta glaine a fháil roghnaitheach agus go mbaineann Státchabhair leo dá bhrí sin, measfaidh an Coimisiún go bhfuil cabhair den sórt sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach bunaithe ar na coinníollacha a leagtar amach sa Teachtaireacht seo. |
|
(7) |
Tá sé ríthábhachtach infheistíochtaí príobháideacha a charnadh isteach trí bhíthin ionstraimí airgeadais. Mar shampla, is féidir leis na Ballstáit comhinfheistíocht a dhéanamh le hinfheisteoirí príobháideacha ar théarmaí an mhargaidh (4). An tráth céanna, tá grúpaí áirithe infheisteoirí príobháideacha, amhail cistí pinsin agus gnóthais árachais, lena mbaineann col riosca d’ainneoin a gcumas ginearálta infheistíocht a dhéanamh. Dá bhrí sin, leagtar amach sa Teachtaireacht seo freisin na coinníollacha ar ar féidir leis na Ballstáit infheisteoirí príobháideacha den sórt sin a dhreasú tuilleadh trí scéimeanna chun rioscaí infheistíochtaí i bpunanna áirithe tionscadal a laghdú. Ní mór do scéimeanna den sórt sin breisíocht a áirithiú, rud a chiallaíonn, trí na rioscaí a bhaineann leis an infheistíocht a laghdú, go ndéanann siad infheisteoirí príobháideacha a charnadh isteach, ar infheisteoirí iad nach mbeadh infheistíocht déanta acu sa chineál céanna tionscadal murach sin. Chun a áirithiú go gcuirfear an chabhair ar aghaidh chuig na tionscadail ábhartha a mhéid is féidir, ba cheart do scéimeanna den sórt sin an chabhair d’infheisteoirí a theorannú chuig an íosmhéid is gá trína ndearadh. Is féidir leis na Ballstáit a machnamh a dhéanamh ar scéimeanna den sórt sin a chur chun feidhme trí urrann Bhallstáit a chur ar bun faoin gclár InvestEU. Is féidir le comhpháirtithe cur chun feidhme InvestEU agus a n-infheisteoirí príobháideacha comhinfheistíocht a dhéanamh i scéimeanna den sórt sin, ar choinníoll nach mbaineann aon chomhpháirtí cur chun feidhme ná infheisteoir príobháideach tairbhe as ráthaíocht dhúbailte ón mBallstát agus ó fhoinsí poiblí eile (lena n-áirítear cistí an Aontais) le haghaidh na hinfheistíochta céanna. |
1.2. Is gá simpliú a dhéanamh le haghaidh bearta sonracha lena náiritheofar luathú agus infheistíocht leordhóthanach
|
(8) |
Rannchuidíonn rialacha an Aontais maidir le Státchabhair leis an margadh inmheánach gan a bheith ilroinnte agus leis an gcothrom iomaíochta a chaomhnú. Tá sé tábhachtach go gcoinneofaí an margadh inmheánach slán chun an brú seachtrach a sheasamh agus chun rásaí fóirdheontais idir na Ballstáit a sheachaint, rud a rachaidh chun dochair don chomhtháthú laistigh den Aontas. |
|
(9) |
Trí choinníollacha comhoiriúnachta a leagan amach le haghaidh bearta atá dírithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a fhorbairt trí infheistíochtaí, comhlánaíonn an Teachtaireacht seo na treoirlínte maidir le Státchabhair atá ann cheana, ina bhfuil deiseanna ann cheana féin do na Ballstáit tacú le lear mór gníomhaíochtaí a mholtar sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan. |
|
(10) |
Bearta eile a thacaíonn leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, amhail cabhair chun an geilleagar ciorclach agus an bithgheilleagar a chur chun cinn, féadfar iad a dheonú gan fógra a thabhairt roimh ré faoin Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine (5) nó fógra a thabhairt fúthu faoi Roinn 4.4 de na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh (‘CEEAG’) (6), cé nach gcumhdaítear iad faoi raon feidhme na Teachtaireachta seo. Molann an Coimisiún do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí atá ann cheana chun spriocanna coiteanna an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan a bhaint amach agus caithfidh sé le cásanna den sórt sin mar thosaíocht. |
|
(11) |
Na coinníollacha comhoiriúnachta simplithe atá sa Teachtaireacht seo i gcomparáid leis na treoirlínte státchabhrach eile atá ann cheana, tá údar leo i ngeall ar an ngá atá le hinfheistíochtaí agus gníomhaíochtaí sonracha a chumasú agus a luathú. Tá na huirlisí a sholáthraítear leis an Teachtaireacht seo comhlántach agus is uirlisí breise iad le cois na rialacha maidir le Státchabhair atá ann cheana, rialacha atá fós i bhfeidhm, go háirithe CEEAG, na Treoirlínte maidir le Cabhair Réigiúnach (‘RAG’) (7) nó an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine. Bearta nach gcomhlíonann na critéir shimplithe a leagtar amach sa Teachtaireacht seo, déanfar measúnú orthu de bhun rialacha eile maidir le Státchabhair. Is féidir cabhair a thabhairt d’iontrálaithe nua a infheistíonn i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe úrscothacha faoi ranna 4 agus 6 den Teachtaireacht seo. Ina theannta sin, is féidir tacaíocht eile a thabhairt d’iontráil nua faoi roinnt rialacha eile maidir le Státchabhair atá ann cheana agus a bhfuil feidhm acu i gcónaí (amhail CEEAG, RAG, mar chabhair le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta agus cabhair um maoiniú riosca, agus faoin Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine). Molann an Coimisiún do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na rialacha uile atá ar fáil maidir le Státchabhair agus na rialacha iomchuí maidir le Státchabhair a roghnú a oireann do chineál agus do dhearadh a mbeart. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir le bearta dícharbónaithe agus éifeachtúlachta fuinnimh lena mbaineann infheistíochtaí i láithreán úrnua arna ndéanamh ag iontrálaithe nua, a ndéanfar measúnú orthu bunaithe ar na forálacha CEEAG atá ar fáil chun a áirithiú go gcuirfear cosc ar rioscaí sonracha a bhaineann go háirithe le ró-acmhainneacht agus saobhadh margaidh eile. I bhfianaise na tábhachta straitéisí a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do mhonaróirí iomaíocha, lena n-áirítear iontrálaithe nua, a spreagann dícharbónú tríd an nuálaíocht, caithfidh an Coimisiún leis na cásanna sin mar thosaíocht agus féachfaidh sé le cinneadh a dhéanamh laistigh de 6 seachtaine tar éis fógra iomlán a fháil. |
|
(12) |
Tá na coinníollacha comhoiriúnachta a leagtar amach sa Teachtaireacht seo bunaithe ar an gcás-chleachtas agus ar thaithí ábhartha a bhailigh an Coimisiún, lena n-áirítear ó chur i bhfeidhm an Chreata Shealadaigh Géarchéime agus Aistrithe (‘TCTF’), ar creat sealadach atá ann agus a gcuirfear an Teachtaireacht seo ina hionad (8). |
|
(13) |
Déanfaidh an Coimisiún measúnú tráthúil ar chásanna Státchabhrach do ghiniúint fuinnimh núicléach, lena n-áirítear cásanna d’imoibreoirí modúlacha beaga agus imoibreoirí modúlacha ardfhorbartha, d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú don chabhair sin, agus cearta na mBallstát cinneadh a dhéanamh maidir lena meascán fuinnimh á aithint go hiomlán aige, i gcomhréir leis an gConradh (9) nó le haon treoirlínte is infheidhme, ar bhealach ina n-urramófar an neodracht theicneolaíoch go hiomlán. |
|
(14) |
Thairis sin, i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Mótarfheithiclí (10): ‘molfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an tionscal, coinníollacha d’infheistíochtaí coigríche isteach sa tionscal gluaisteán chun a mbreisluach don Aontas a mhéadú a thuilleadh. [...] Beidh an slabhra soláthair ceallraí ar cheann de na réimsí tosaíochta chuige sin. Cé go bhfuil obair ar infheistíochtaí coigríche fós ar siúl, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go n-úsáidfear infheistíochtaí díreacha coigríche chun breisluach a chruthú san Eoraip, go háirithe nuair a bheidh maoiniú poiblí i gceist, agus go mbeidh coinníollacha soiléire ag teastáil a chuideoidh leis an mbearna i bhfios gnó agus saineolas táirgthe a dhúnadh, lena n-áirítear trí shásraí éifeachtacha le haghaidh aistriú maoine intleachtúla agus scileanna chomh maith le hearcaíocht foirne atá bunaithe san Aontas agus slabhraí soláthair áitiúla.’ |
2. SAINMHÍNITHE
|
(15) |
Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas i ngach roinn den Teachtaireacht seo:
|
3. MEASÚNÚ COMHOIRIÚNACHTA FAOI AIRTEAGAL 107(3), POINTE (C), DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH: PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
|
(16) |
Ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an ‘Conradh’), féadfaidh an Coimisiún a mheas go bhfuil Státchabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú (coinníoll dearfach), i gcás nach ndéanann cabhair den sórt sin dochar do dhálaí trádála a mhéid a bheadh bunoscionn leis an leas comhchoiteann (coinníoll diúltach). |
3.1. Coinníoll dearfach: éascaíonn an chabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche
|
(17) |
Maidir leis an gcoinníoll dearfach go n-éascaíonn an chabhair forbairt gníomhaíochtaí nó réimsí eacnamaíocha áirithe, measann an Coimisiún gurb é is aidhm do chabhair faoin Teachtaireacht seo infheistíochtaí agus gníomhaíochtaí a dhreasú in earnálacha áirithe a rannchuidíonn leis na cuspóirí a shainítear sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, agus ar an gcaoi sin forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha sonracha a éascú, is é sin na gníomhaíochtaí sin a thagann faoi raon feidhme na ranna ábhartha den Teachtaireacht seo. |
|
(18) |
Ní mór éifeacht dreasachta a bheith ag Státchabhair, rud a chiallaíonn go spreagann sí an tairbhí chun infheistíocht nó gníomhaíocht a dhéanamh nach ndéanfadh sé, nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó éagsúil, in éagmais na cabhrach. Mura sonraítear a mhalairt sa Teachtaireacht seo, toimhdítear éifeacht dreasachta i gcás nach gcuirtear tús leis na hoibreacha ar an tionscadal nó leis an ngníomhaíocht ach amháin tar éis iarratas ar chabhair i scríbhinn ón tairbhí chuig na húdaráis inniúla (22). Mar sin féin, is féidir a mheas go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair freisin cé gur tharla tús na n-oibreacha sular cuireadh an t-iarratas ar chabhair isteach, i gcás ina gcomhlíontar dhá chritéar charnacha: (i) go ndeonaítear an chabhair go huathoibríoch i gcomhréir le critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha agus gan feidhmiú discréide ag an mBallstát, agus (ii) gur glacadh an beart agus go bhfuil sé i bhfeidhm sula gcuirfear tús leis an obair ar thionscadal nó ar ghníomhaíocht dá dtugtar cabhair, ach amháin i gcás scéimeanna comharbachta fioscacha ina raibh an ghníomhaíocht cumhdaithe cheana féin ag scéimeanna eile i bhfoirm buntáistí cánach. Is féidir a mheas go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair d’infheisteoirí príobháideacha faoi roinn 8 i gcás ina ndreasaíonn sí infheisteoirí príobháideacha cistiú a sholáthar do phunann tionscadal incháilithe a d’fhéadfadh a bheith inmharthana os cionn na leibhéal cistiúcháin a sholáthrófaí in éagmais na cabhrach sin nó chun riosca breise a ghlacadh, nó an dá rud. Maidir le scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamh-iontaise agus sásraí acmhainneachta, tá éifeacht dreasachta ann ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear i bhforanna 4.3 agus 4.4 faoi seach, gan beann ar aon tús oibreacha (23). |
|
(19) |
Maidir leis na hinfheistíochtaí agus na bearta a shonraítear sa Teachtaireacht seo, glacann an Coimisiún leis, in éagmais na cabhrach, go leanfadh tairbhithe dá ngníomhaíochtaí gan athruithe, ar choinníoll nach sárófaí dlí an Aontais dá ndéanfaí amhlaidh. Níl feidhm ag an toimhde sin maidir le cásanna inar gá cás frithfhíorasach sonrach a sholáthar bunaithe ar na coinníollacha sna ranna is infheidhme den Teachtaireacht seo. Níl éifeacht dreasachta ag cabhair a dheonaítear le haghaidh infheistíochtaí (24) nach ndéanann ach comhlíontacht le caighdeáin an Aontais atá i bhfeidhm tráth dheonú na cabhrach a áirithiú. |
|
(20) |
Más rud é go bhfuil sárú ar dhlí ábhartha an Aontais i gceist leis an ngníomhaíocht nó leis an tionscadal dá tugtar tacaíocht, nó leis an mbeart cabhrach nó leis na coinníollacha a ghabhann leis, lena n-áirítear a mhodh maoiniúcháin nuair is cuid dhílis den bheart é, ní féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. |
|
(21) |
Agus bearta Státchabhrach á gceapadh acu, ní mór do na Ballstáit na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe na forálacha sin atá dírithe ar athléimneacht gheilleagar an Aontais a neartú. Leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, déanann an tAontas bearta a shainiú agus a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh a bhaineann le saincheist na hathléimneachta agus le saincheist an dícharbónaithe, dhá shaincheist atá fite fuaite ina chéile. Dá bhrí sin, raon feidhme ábhartha na Teachtaireachta seo le haghaidh infheistíochtaí in acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochta glaine, tá sé sainithe sa chaoi go bhfuil sé go hiomlán comhsheasmhach leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus ceadaítear leis bearta státchabhrach agus scéimeanna lena n-urramaítear coinníollacht an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasacht, lena n-áirítear bearta agus scéimeanna le haghaidh tacaíocht mhonaraíochta. Thairis sin, moltar go láidir do na Ballstáit coinníollacha breise a chur san áireamh chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí athléimneachta go háirithe d’fhonn an slabhra luacha Eorpach sa teicneolaíocht ghlan a neartú, rud a rannchuideoidh ó thaobh an tagarmhairc 40 % a leagtar síos leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, fad agus nach sáróidh na coinníollacha sin dlí an Aontais, lena n-áirítear oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, agus nach dtiocfaidh siad salach ar choinníollacha níos sonraí de chuid na Teachtaireachta seo. D’fhéadfadh na Ballstáit aird a thabhairt go háirithe ar cheanglais athléimneachta in ionstraimí cistiúcháin an Aontais, amhail an Ciste don Nuálaíocht. Laistigh de na teorainneacha sin, moltar go láidir do na Ballstáit critéir thosaíochta Eorpacha a chur san áireamh agus próisis tairisceana iomaíocha nó cineálacha eile leithdháilte cabhrach á n-úsáid acu i gcás inarb iomchuí. Ba cheart na critéir sin a bheith trédhearcach i gcónaí, iad a fhoilsiú roimh sheoladh na nglaonna ar thograí, agus a bheith comhréireach, chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú agus, san am céanna, tacú le forbairt agus athléimneacht slabhraí luacha Eorpacha. |
|
(22) |
Moltar go láidir do na Ballstáit freisin coinníollacha a chur isteach chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí beartais shóisialta agus cuspóirí beartais comhshaoil níos leithne. The Commission stands ready to assist Member States on how to design conditions related to social objectives. Member States are encouraged to develop such conditionalities together with social partners. Gona tacaíocht d’fhorbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus gona rannchuidiú le spriocanna an aistrithe ghlain, soláthraítear leis an Teachtaireacht seo uirlisí do na Ballstáit a rannchuideoidh ó thaobh poist ardcháilíochta a chruthú, ó thaobh mharthanacht na bpost sin de, agus ó thaobh na gcuspóirí glan-nialasacha de. |
|
(23) |
I gcás ina gceanglaíonn na Ballstáit coinníollacha de dheonú cabhrach, agus cibé acu a eascraíonn na coinníollacha sin as dlí an Aontais nó nach dtagann, d’fhéadfadh an t-údarás deonúcháin an chabhair a aisghabháil mura n-urramaítear na coinníollacha sin. Moltar do na Ballstáit na hathruithe a eascraíonn as an aistriú chuig geilleagar glan-nialasach a réamh-mheas agus torthaí cothroma sa mhargadh saothair a chur chun cinn, amhail pá cothrom, dálaí oibre cuibhiúla, oiliúint agus aistrithe córa post. Moltar do na Ballstáit freisin breithnithe dlúthpháirtíochta cánach a chur san áireamh agus is féidir leo eintitis a úsáideann tearmainn chánach ionas nach gcuirfidh siad a gcion cothrom cánach leis an tsochaí a eisiamh ó bhearta Státchabhrach (25). |
|
(24) |
Tugann an Coimisiún dá aire freisin a thábhachtaí atá an chiorclaíocht agus an bithgheilleagar chun dícharbónú a bhaint amach, spleáchais a laghdú agus iomaíochas eacnamaíoch a fheabhsú. Moltar do na Ballstáit a áirithiú go rannchuideoidh tionscadail agus gníomhaíochtaí a dtacaíonn Státchabhair leo faoin Teachtaireacht seo leis an ngeilleagar ciorclach a mhéid is féidir. |
3.2. Coinníoll diúltach: ní dhéanann an chabhair difear míchuí do dhálaí trádála a mhéid atá bunoscionn leis an leas comhchoiteann
|
(25) |
A mhéid a bhaineann leis an dara coinníoll (diúltach) faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, chun a áirithiú nach ndéanfaidh an chabhair difear míchuí do dhálaí trádála a mhéid atá bunoscionn leis an leas comhchoiteann, déanann an Coimisiún measúnú ar riachtanas, oiriúnacht agus comhréireacht na cabhrach, fíoraíonn sé go seachnaítear éifeachtaí diúltacha míchuí ar an iomaíocht agus ar an trádáil agus go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le faireachán agus tuairisciú i roinn 9. |
|
(26) |
Ní mór aon chabhair a bheith riachtanach, rud a chiallaíonn nach mór í a dhíriú ar chás inar féidir léi forbairt ábhartha a dhéanamh nach féidir leis an margadh amháin a sholáthar, mar shampla trí chlistí margaidh a leigheas i ndáil leis na tionscadail dá ndeonaítear an chabhair. I bhfianaise an ghá atá ann dlús a chur leis na hinfheistíochtaí agus na gníomhaíochtaí incháilithe faoin Teachtaireacht seo, measann an Coimisiún nach mbeadh an margadh amháin in ann an leibhéal riachtanach infheistíochtaí nó gníomhaíochtaí a sheachadadh go leordhóthanach laistigh den amlíne is gá chun aistriú glan, cóir agus iomaíoch a bhaint amach. Dá bhrí sin, glacann an Coimisiún leis go bhfuil gá le bearta a thagann faoi raon feidhme na Teachtaireachta seo agus a chomhlíonann na coinníollacha uile sna ranna is infheidhme. |
|
(27) |
Aithníonn an Coimisiún sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan go bhféadfadh sé go mbeadh gá le tacaíocht airgeadais phoiblí chun infheistíochtaí breise riachtanacha a dhreasú agus nach leor ionstraimí beartais eile amháin chun a chuid spriocanna a bhaint amach. Dá bhrí sin, glacann an Coimisiún leis gur beart iomchuí í Státchabhair laistigh de raon feidhme na Teachtaireachta seo, i bprionsabal, chun na hinfheistíochtaí agus na gníomhaíochtaí atá incháilithe do chabhair a dhreasú ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile is infheidhme sna ranna ábhartha. Ina theannta sin, ba cheart rogha na hionstraime cabhrach a bheith iomchuí don chuspóir arb é is aidhm don bheart cabhrach a bhaint amach agus ar dócha go nginfidh sé an saobhadh is lú ar thrádáil agus ar iomaíocht. Ar choinníoll go gcomhlíonann na Ballstáit na coinníollacha faoin Teachtaireacht seo, toimhdíonn an Coimisiún gurb iomchuí an ionstraim chabhrach freisin. |
|
(28) |
I bprionsabal, ní dheonófar cabhair faoin Teachtaireacht seo do ghnóthais atá i gcruachás chun a áirithiú nach bhfaighidh ach gnóthais inmharthana cabhair (26). Mar sin féin, na coimircí sonracha atá ina ndlúthchuid de struchtúr na gcistí infheistíochta faoi roinn 8, lena n-áirítear go háirithe ailíniú dreasachtaí airgeadais don bhainisteoir cistí agus comhinfheistíocht shuntasach phríobháideach, measann an Coimisiún gurb é an cuspóir céanna a shaothraítear leo agus a shaothrófaí trí gnóthais atá i gcruachás a eisiamh ó thionscadail atá incháilithe d’infheistíochtaí faoin roinn sin, agus gur sásra malartach leordhóthanach iad sin i leaba an eisiaimh sin. |
|
(29) |
Measfar an chabhair a bheith comhréireach má tá méid na cabhrach in aghaidh an tairbhí teoranta don íosmhéid is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht dá dtugtar cabhair a dhéanamh. Áirithítear comhréireacht go ginearálta má chinntear na méideanna cabhrach trí phróiseas tairisceana iomaíoch, toisc go soláthraíonn sé meastachán iontaofa ar an íosmhéid cabhrach a theastaíonn ó thairbhithe féideartha. Measann an Coimisiún go bhfuil úsáid próiseas tairisceana iomaíoch iomchuí go háirithe le haghaidh bearta atá dírithe ar líon mór tionscadal atá inchomparáide go leor, e.g. i réimse an táirgthe fuinnimh in-athnuaite le haghaidh tionscadail níos mó a chuireann teicneolaíochtaí aibí i bhfeidhm. Ó tharla nach mbíonn próisis tairisceana iomaíocha oiriúnach i gcónaí, lena n-áirítear i bhfianaise an ghá atá le dlús a chur le hinfheistíochtaí sonracha dá dtagraítear i bpointe (4), ceadaítear do na Ballstáit leis na ranna ábhartha den Teachtaireacht seo méideanna cabhrach a chinneadh tríd an riarachán de réir uasdéiní cabhrach nó faoi threoir na bearna cistithe i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha dá bhforáiltear sa roinn is infheidhme. Aon uair a ríomhtar méid na cabhrach bunaithe ar bhearna cistithe, ní mór do na cásanna a úsáidtear sa ríomh sin a bheith bunaithe ar thoimhdí réalaíocha mar chuid de phlean gnó inchreidte. I gcás ina gcomhfhreagraíonn an cás frithfhíorasach don tairbhí gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh nó leanúint dá ghníomhaíocht gan athruithe, comhfhreagraíonn glanluach láithreach an cháis fhrithfhíorasaigh do nialas agus is féidir an bhearna cistithe a neasú chuig glanluach láithreach diúltach na hinfheistíochta sa chás fíorasach. Déantar foráil sa Teachtaireacht seo i ngach roinn maidir leis na teorainneacha sonracha cabhrach is infheidhme a mheasfaidh an Coimisiún a bheith comhréireach. |
|
(30) |
Ina theannta sin, tagann méadú freisin ar na rioscaí go dtarlódh saobhadh margaidh de réir mar a thagann méadú ar an méid iomlán Státchabhrach a dheonaítear. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás ina ndeonaítear cabhair in éagmais próiseas tairisceana iomaíoch. Ar an gcúis sin, méideanna cabhrach chun acmhainneacht mhonaraíochta nua a chur ar bun, tá siad teoranta in aghaidh an tionscadail, agus, i gcás tionscadail dícharbónaithe, chun go ndéanfaí cabhair os cionn tairseacha áirithe a dheonú, bheadh gá le measúnú aonair ón gCoimisiún ar an mbearna chistithe. |
|
(31) |
Mura bhforáiltear a mhalairt sna ranna sonracha, is féidir cabhair faoin Teachtaireacht seo a dheonú i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear deontais dhíreacha, buntáistí cánach (27) lena n-áirítear creidmheasanna cánach agus dímheas luathaithe, rátaí úis fóirdheonaithe ar iasachtaí nua nó ráthaíochtaí ar iasachtaí nua. I gcás ina soláthraítear an chabhair i bhfoirm seachas deontais, sloinntear méid na cabhrach i gcoibhéis deontais chomhláin, agus ní fhéadfaidh méid ainmniúil an bhuntáiste cánach nó méid ainmniúil na hionstraime airgeadais foluití, amhail iasacht nó ráthaíocht nua, a bheith níos mó ná na costais incháilithe (i gcás inarb infheidhme). |
|
(32) |
Féadfaidh na Ballstáit, chun an choibhéis deontais chomhláin i bhfoirm ráthaíochtaí poiblí a ríomh, úsáid a bhaint as préimheanna tearmainn a leagtar síos san fhógra ón gCoimisiún maidir le Státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí (28) (‘An Fógra maidir le Ráthaíochtaí’) nó úsáid a bhaint as modheolaíocht ar ghlac an Coimisiún léi, sular cuireadh chun feidhme í, ar bhonn an Fhógra maidir le Ráthaíochtaí agus ar choinníoll go dtugtar aghaidh go sainráite leis an modheolaíocht sin ar an gcineál ráthaíochta agus ar an gcineál idirbhirt fholuitigh atá i gceist i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na Teachtaireachta seo. Chun éascaíocht a dhéanamh do dheonú cabhrach i bhfoirm iasachtaí nó ráthaíochtaí go heisiach do FBManna, nó do ghnóthais mhóra ag a bhfuil rátáil B (nó rátáil choibhéiseach) ar a laghad, seachas an choibhéis deontais chomhláin a ríomh, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh an cur chuige simplithe seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le cabhair a dheonaítear de réir déine cabhrach, agus maidir le cabhair a dheonaítear de réir déine cabhrach agus uasmhéideanna cabhrach araon:
I gceachtar den dá chás, ní féidir le méid ainmniúil na hiasachta (foluití) a bheith níos mó ná 100 % de na costais incháilithe agus tá sé fós faoi réir aon choinníoll breise faoin roinn lena mbaineann. |
|
(33) |
Faoin Teachtaireacht seo, le linn don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chabhair i bhfabhar tairbhí atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus ar neamhréir leis an margadh inmheánach, cuirfidh an Coimisiún an méid cabhrach atá fós le gnóthú san áireamh (29). |
|
(34) |
I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit cabhair a sholáthar i bhfoirm ráthaíochtaí nó iasachtaí a sheoltar trí institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile mar idirghabhálaithe airgeadais, agus chun a áirithiú go gcuirfear an chabhair a dheonaítear ar aghaidh go díreach, a mhéid is féidir (30), chuig na tairbhithe deiridh, urramófar na coinníollacha seo a leanas (31):
|
|
(35) |
Bunaithe ar an taithí ábhartha agus i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraítear leis na bearta a thagann faoi raon feidhme na Teachtaireachta seo, toimhdíonn an Coimisiún nach mbeidh aon éifeacht dhiúltach fhollasach ar an iomaíocht agus ar an trádáil mar thoradh ar bhearta den sórt sin a mhéid a chomhlíonann siad na coinníollacha uile sna ranna is infheidhme. |
|
(36) |
Ní féidir cabhair a dheonaítear faoin Teachtaireacht seo a bheith coinníollach ar athlonnú gníomhaíochta toisc go ndéanfadh na coinníollacha sin dochar don mhargadh inmheánach. |
|
(37) |
Mar chéim dheiridh faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, ní mór don Choimisiún éifeachtaí diúltacha an bhirt cabhrach ar an iomaíocht agus ar dhálaí trádála a chothromú le héifeachtaí dearfacha na cabhrach atá beartaithe ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dtacaítear leo, lena n-áirítear a rannchuidiú leis an aistriú glan, cóir agus iomaíoch agus le cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan. Ar choinníoll go gcomhlíonann na bearta a thagann faoi raon feidhme na Teachtaireachta seo na coinníollacha uile sna ranna is infheidhme, cinnfidh an Coimisiún gur mó éifeachtaí dearfacha na cabhrach atá beartaithe ná na héifeachtaí diúltacha ar an iomaíocht agus ar dhálaí trádála. |
3.3. Carnadh le Státchabhair eile agus comhcheangal le cistí AE a bhainistítear go lárnach
|
(38) |
Mura sonraítear a mhalairt sa Teachtaireacht seo:
|
4. CABHAIR CHUN DLÚS A CHUR LE LEATHADH AMACH FUINNIMH GHLAIN AGUS CHUN TACÚ LE COSTAIS LEICTREACHAIS I GCOMHRÉIR LE CUSPÓIRÍ AN CHOMHAONTAITHE MAIDIR LE TIONSCLAÍOCHT GHLAN
|
(39) |
Anuas ar na féidearthachtaí atá ar fáil cheana i gcomhréir le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, lena n-áirítear faoi CEEAG, aithnítear leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan gur gá dlús a chur le leathadh amach foinsí fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin ar bhealach costéifeachtach, agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú leis an iomaíochas domhanda foriomlán, an spleáchas ar allmhairí breoslaí iontaise a laghdú, dlús a chur leis an aistriú fuinnimh, agus praghas fuinnimh níos ísle agus níos cobhsaí a bhaint amach. |
|
(40) |
Aithnítear sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan an ról lárnach atá ag breoslaí in-athnuaite ar de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch iad (RFNBOnna) (33), amhail hidrigin in-athnuaite, i ndícharbónú chóras fuinnimh an Aontais. I gcomhréir le Straitéis Hidrigine an Aontais, tá sé ina thosaíocht ag an Aontas hidrigin in-athnuaite a tháirgtear go príomha trí chumhacht na gaoithe agus na gréine a fhorbairt. Chun tacú ó thaobh margadh hidrigine a chruthú, áirítear i dTreoir (AE) 2018/2001 spriocanna ceangailteacha maidir le glacadh hidrigine in-athnuaite sa tionsclaíocht agus san iompar faoi 2030. |
|
(41) |
Beidh ról tábhachtach ag táirgeadh hidrigine in-athnuaite maidir le cothromú eangaí agus cúpláil earnála. Le linn tréimhsí ina mbíonn farasbarr giniúna in-athnuaite ann, is féidir le táirgeadh hidrigine éileamh solúbtha a áirithiú lena gcobhsaítear an eangach. Mar sin féin, bhí táirgeadh agus glacadh hidrigine in-athnuaite níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis. |
|
(42) |
Dá bhrí sin, aithnítear sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan go gceanglófar ar bhreoslaí ísealcharbóin amhail hidrigin ísealcharbóin rannchuidiú ó thaobh astaíochtaí a laghdú go tapa agus tacú le haistriú chustaiméirí an Aontais in earnálacha ar deacair iad a dhícharbónú agus nach bhfuil roghanna níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh nó costais de ar fáil go héasca iontu. Orthu sin tá an earnáil iompair, earnáil ina dtugtar isteach, leis an Rialachán ‘ReFuelEU Aviation’ (34) agus leis an Rialachán ‘FuelEU Maritime’ (35), spriocanna tiomnaithe le haghaidh breoslaí eitlíochta agus muirí inbhuanaithe, mar atá bithbhreoslaí, RFNBOnna agus breoslaí ísealcharbóin a d’fhéadfadh rannchuidiú le hastaíochtaí iompair a laghdú trí na hiompróirí sin. |
|
(43) |
As of 2030, RFNBOs are produced when contracted renewable electricity installations are running or when renewable electricity production exceeds the demand in the system. Dá bhrí sin, áirithítear leo go mbaintear úsáid níos éifeachtúla as na hacmhainneachtaí giniúna in-athnuaite atá ann cheana trí réiteach stórála a sholáthar agus trí chiorrú a chosc. This additional service to the electricity system could be supported by Member States resulting in higher aid intensities for RFNBOs, while fully acknowledging that both RFNBOs and low-carbon (for which a methodology will be set out in the upcoming delegated act on low-carbon hydrogen) hydrogen will play a role to achieve the overarching decarbonisation targets. |
|
(44) |
Is féidir le táirgeadh solúbtha breoslaí ísealcharbóin an costas a bhaineann le hoibriú an chórais cumhachta a laghdú agus comhtháthú foinsí fuinnimh níos saoire agus níos glaine a éascú. I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne (36), is gá dreasachtaí le haghaidh solúbthachta a choinneáil ar bun ar fud an chórais, chun luaineacht a laghdú agus chun rannchuidiú ó thaobh praghsanna leictreachais níos ísle agus níos cobhsaí. |
|
(45) |
Murab ionann agus RFNBOnna, is féidir breoslaí ísealcharbóin a tháirgeadh ó bhreoslaí iontaise nó trí úsáid a bhaint as leictreachas nach gcáilíonn mar leictreachas in-athnuaite. Is iomchuí, dá bhrí sin, nach gcuirfear RFNBOnna agus breoslaí ísealcharbóin ar an mbonn céanna leis an tacaíocht phoiblí, agus go n-aithneofar an rannchuidiú níos mó a bheidh in RFNBOnna ó thaobh an dícharbónaithe agus bainistiú costas córais de. |
|
(46) |
Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach infheistíochtaí a éascú chun infhaighteacht fuinnimh ghlain a luathú agus a leathnú ar bhealach costéifeachtach, agus é á aithint ag san am céanna gurb é tosaíocht an Aontais hidrigin in-athnuaite a tháirgtear trí fhuinneamh gaoithe agus gréine den chuid is mó a fhorbairt, agus coimircí á gcur i bhfeidhm chun a áirithiú nach mbeidh costais mhéadaithe córais mar thoradh ar bhreoslaí ísealcharbóin. |
|
(47) |
D’fhéadfadh inathraitheacht níos airde i bpatrúin giniúna fuinnimh a bheith mar thoradh ar an méadú ar an sciar d’fhoinsí in-athnuaite athraitheacha sa chóras fuinnimh. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh gá a bheith ann foinsí solúbthachta agus sásraí acmhainneachta a leathadh amach in éineacht leo sin chun a áirithiú go mbeidh córais leictreachais dícharbónaithe atá ag éirí níos coitianta fós slán agus go soláthrófar fuinneamh inacmhainne leo. |
4.1. Scéimeanna cabhrach chun leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite a luathú
|
(48) |
Measfaidh an Coimisiún go bhfuil siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an roinn seo, mar aon le roinn 3, bearta cabhrach chun tacú leis an méid seo a leanas:
|
|
(49) |
I gcás ina ndeonaítear cabhair chun tacú le stóráil leictreachais, ní mór do na Ballstáit a léiriú go bhfuil maoluithe acu ar an dlí ábhartha de chuid an Aontais nó an méid seo a leanas a dheimhniú:
|
|
(50) |
In éagmais an deimhnithe a cheanglaítear i bpointe (49), ní fhéadfar bearta chun tacú le stóráil leictreachais faoin roinn seo a fhormheas ach ar feadh uastréimhse 2 bhliain. Ní fhéadfaidh na Ballstáit formheas nua a lorg go dtí go mbeidh na feabhsuithe margaidh sin go léir curtha chun feidhme. Thairis sin, iarrtar ar na Ballstáit na torthaí maidir le clistí margaidh a chur san áireamh ina measúnú ar riachtanais solúbthachta de réir bhrí Airteagal 19e den Rialachán Leictreachais, a luaithe a bheidh siad ar fáil, in aon chinneadh ina dhiaidh sin maidir le scéim cabhrach infheistíochta a bhunú le haghaidh stóráil leictreachais. In aon chás, ní fhéadfar bearta chun tacú le stóráil leictreachais faoin alt seo a cheadú go ceann tréimhse is faide ná 5 bliana. |
|
(51) |
I gcás ina ndeonaítear an chabhair chun RFNBOnna a tháirgeadh, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go dtáirgtear breoslaí dá dtugtar cabhair ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe (39). |
|
(52) |
I gcás ina ndeonaítear an chabhair chun bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithghás (lena n-áirítear bithmheatán) agus breoslaí bithmhaise a tháirgeadh, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na breoslaí dá dtugtar cabhair i gcomhréir leis na critéir inbhuanaitheachta agus leis na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe. |
|
(53) |
Deonófar cabhair i ndáil le hacmhainneachtaí nuashuiteáilte nó athchumhachtaithe (40). I gcás acmhainneachtaí athchumhachtaithe, níl ach na costais bhreise i ndáil leis an acmhainn athchumhachtaithe incháilithe le haghaidh cabhrach. |
|
(54) |
Cé is moite de ghaoth amach ón gcósta, hidreachumhacht, lena n-áirítear hidreastóráil phumpála, agus suiteálacha táirgthe RFNBOnna, ní mór na tionscadail lena dtacaítear a chur i gcrích agus a bheith á n-oibriú faoi cheann 48 mí tar éis dháta an deonaithe. Ba cheart córas éifeachtach pionós a áireamh sa scéim i gcás nach gcomhlíontar an spriocdháta (41). |
|
(55) |
Ní mór cabhair a dheonú ar bhonn scéime a bhfuil méid acmhainneachta measta agus buiséad measta aici. Is féidir le scéimeanna a bheith teoranta ionas nach bhfuil i gceist ach teicneolaíocht amháin nó roinnt teicneolaíochtaí a chumhdaítear i bpointe (48), ach ní mór gan teorainneacha ar incháilitheacht a áireamh iontu as a n-eascródh saobhadh iomaíochta díréireach. Ní mór gan idirdhealú a bheith ann de thoradh na scéimeanna, lena n-áirítear idirdhealú maidir le dámhachtain ceadúnas, ceadanna nó lamháltas nuair is gá. I gcás ina dtugann na Ballstáit isteach íosmhéid riachtanach le haghaidh rannpháirtíocht i scéimeanna faoin roinn seo, ní féidir leis sin a bheith níos mó ná 1 MW d’acmhainneacht dhírátáilte agus ní mór comhiomlánú a cheadú. |
|
(56) |
Ní mór don Bhallstát a áirithiú go gcomhlíonfaí an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. |
4.1.1. Scéimeanna cabhrach infheistíochta
|
(57) |
Cabhair infheistíochta chun dlús a chur le leathadh amach fuinnimh in-athnuaite, féadfar í a dheonú d’infheistíochtaí a bhfuil tuairisc orthu i bpointe (48)(a) trí (c). |
|
(58) |
Féadfar cabhair a dheonú trí phróiseas tairisceana iomaíoch (42) nó tríd an riarachán. |
|
(59) |
Tá gá le próiseas tairisceana iomaíoch i gcás ina ndeonaítear cabhair d’infheistíochtaí chun leictreachas a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite cé is moite de chabhair do thaisealbhadh (43) agus do thionscadail bheaga a shainítear mar a leanas:
|
|
(60) |
Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais iomlána infheistíochta. |
|
(61) |
I gcás ina n-úsáidtear próiseas tairisceana iomaíoch chun cabhair a dheonú, ní mór do leibhéal na cabhrach comhfhreagairt do thoradh an nós imeachta tairisceana iomaíoch agus ní mór dó gan dul thar 100 % de chostais incháilithe iomlána na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht. |
|
(62) |
I gcás ina ndeonaítear cabhair ó thaobh riaracháin de, ní mór leibhéal na cabhrach a chinneadh ar bhonn sonraí maidir le costais incháilithe gach tionscadail dá dtugtar tacaíocht agus ní mór dó gan dul thar 45 % de na costais sin. Is féidir an déine cabhrach a mhéadú suas le 20 pointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais mheánmhéide agus suas le 10 bpointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais mheánmhéide. |
|
(63) |
Ní féidir cabhair faoin roinn seo a charnadh le cabhair faoi roinn 4.1.2 den Teachtaireacht seo ach amháin má dhéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht sin sa scéim cabhrach a dtugtar fógra ina leith tráth a fhógra tosaigh. |
4.1.2. Scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh
|
(64) |
Le scéimeanna tacaíochta praghais dhírígh (46), féadfar infheistíochtaí a bhfuil tuairisc orthu i bpointí (48)(a) agus (b) a chumhdach. |
|
(65) |
Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht praghais dhírigh a sholáthar trí úsáid a bhaint as ionstraimí éagsúla, lena n-áirítear conarthaí difríochta agus préimheanna ar sholáthar leictreachais. |
|
(66) |
De mhaolú ar phointe (65), cabhair le haghaidh giniúint leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ní mór í a bheith i bhfoirm conarthaí difríochta (47) dhá threo arna ndearadh i gcomhréir le prionsabail Airteagal 19d(2) den Rialachán Leictreachais. Ní mór d’fhad an chonartha gan dul thar 25 bliain tar éis don tsuiteáil dá dtugtar cabhair tús a chur le hoibríochtaí (48). |
|
(67) |
Féadfar cabhair a dheonú trí phróiseas tairisceana iomaíoch (49) nó tríd an riarachán. |
|
(68) |
Tá gá le próiseas tairisceana iomaíoch i gcás ina ndeonaítear cabhair chun leictreachas a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite cé is moite de chabhair do thaisealbhadh agus do thionscadail bheaga a shainmhínítear i bpointe (59). |
|
(69) |
Is éard atá sa chostas incháilithe an glanchostas measta a bhfuil coinne leis agus cuirfear san áireamh na príomhchostais agus na príomhioncaim uile arna dtabhú le linn shaolré an tionscadail agus aon chabhair a fuarthas cheana féin, arna lascainiú le meánchostas ualaithe an chaipitil (WACC). |
|
(70) |
I gcás ina n-úsáidtear próiseas tairisceana iomaíoch chun cabhair a dheonú, ní mór do leibhéal na cabhrach comhfhreagairt do thoradh an nós imeachta tairisceana iomaíoch agus gan dul thar 100 % de chostais incháilithe iomlána na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht. |
|
(71) |
I gcás ina ndeonaítear cabhair tríd an riarachán, ní mór don údarás rialála inniúil leibhéal na cabhrach a shocrú chun an costas incháilithe a chumhdach (50). I gcás ina ndeonaítear cabhair tríd an riarachán chun leictreachas a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite, ní mór don ÚRN leibhéal na cabhrach a shocrú. |
|
(72) |
Ní mór cabhair a dhearadh chun aon saobhadh míchuí ar fheidhmiú éifeachtúil na margaí a chosc agus, go háirithe, dreasachtaí oibríochta agus comharthaí praghais éifeachtúla a chaomhnú. Go háirithe, níor cheart tairbhithe a dhreasú chun a n-aschur a thairiscint faoi bhun a gcostas imeallach agus níor cheart dóibh cabhair a fháil le haghaidh táirgeachta in aon tréimhsí ina bhfuil margadhluach na táirgeachta sin diúltach (51). |
4.2. Scéimeanna cabhrach chun dlús a chur le leathadh amach breoslaí ísealcharbóin
|
(73) |
Anuas ar na féidearthachtaí atá ar fáil cheana i gcomhréir le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, lena n-áirítear faoi CEEAG, measfaidh an Coimisiún go bhfuil siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an roinn seo, mar aon le roinn 3, bearta cabhrach chun tacú leis an méid seo a leanas:
|
|
(74) |
Chun bheith incháilithe faoin roinn seo, ní mór bearta cabhrach a bheith oscailte do RFNBOnna freisin. Chun a áirithiú go bhfaighidh RFNBOnna tacaíocht, ní mór sciar íosta de bhuiséad na mbeart sin, mar atá 30 %, a fhorchoimeád le haghaidh infheistíochtaí in RFNBOnna a chumhdaítear i Roinn 4.1 (53). |
|
(75) |
I gcás ina ndeonaítear an chabhair chun RFNBOnna a tháirgeadh, ní mór don Bhallstát a áirithiú go dtáirgtear RFNBOnna ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe. |
|
(76) |
I gcás ina ndeonaítear an chabhair chun breoslaí ísealcharbóin a tháirgeadh, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann na breoslaí dá dtugtar cabhair an tairseach 70 % um laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid leis an táirge comparáide breoslaí iontaise i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2024/1788 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe. |
|
(77) |
Ní fhéadfar cabhair a dheonú ach i ndáil le hacmhainneachtaí nuashuiteáilte. |
|
(78) |
Ní mór tionscadail stórála a dtacaítear leo de bhun pointe (73)(c) a bheith curtha i gcrích agus oibríochtúil laistigh de 48 mí tar éis dháta an deonaithe. Ba cheart córas éifeachtach pionós a áireamh sa scéim i gcás nach gcomhlíontar an spriocdháta (54). |
|
(79) |
Ní mór cabhair a dheonú ar bhonn scéime a bhfuil méid acmhainneachta measta agus buiséad measta aici. Is féidir le scéimeanna a bheith teoranta ionas nach bhfuil i gceist ach teicneolaíocht amháin nó roinnt teicneolaíochtaí a chumhdaítear i bpointe (73), ach ní mór gan teorainneacha ar incháilitheacht a áireamh iontu as a n-eascródh saobhadh iomaíochta díréireach. Ní mór gan idirdhealú a bheith ann de thoradh na scéimeanna, lena n-áirítear idirdhealú maidir le dámhachtain ceadúnas, ceadanna nó lamháltas nuair is gá. I gcás ina dtugann na Ballstáit isteach íosmhéid riachtanach le haghaidh rannpháirtíocht i scéimeanna faoin roinn seo, ní féidir leis sin a bheith níos mó ná 1 MW d’acmhainneacht dhírátáilte agus ní mór comhiomlánú a cheadú. |
|
(80) |
Féadfaidh na Ballstáit infheistíochtaí i dtáirgeadh breoslaí ísealcharbóin ó bhreoslaí iontaise a eisiamh ó raon feidhme scéime gan é sin a mheas mar theorainn shaorga i raon feidhme na scéime. I gcás scéimeanna lena n-áirítear infheistíochtaí i dtáirgeadh breoslaí ísealcharbóin ó bhreoslaí iontaise, féadfaidh na Ballstáit sciar íosta de bhuiséad na scéime a fhorchoimeád do bhreoslaí ísealcharbóin lena laghdaítear an riosca go ndéanfar breoslaí iontaise a ghaibhniú. |
|
(81) |
Ní mór don Bhallstát a áirithiú go gcomhlíonfaí an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. |
4.2.1. Scéimeanna cabhrach infheistíochta
|
(82) |
Féadfar cabhair a dheonú trí phróiseas tairisceana iomaíoch (55) nó tríd an riarachán. |
|
(83) |
Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais iomlána infheistíochta. |
|
(84) |
I gcás ina n-úsáidtear próiseas tairisceana iomaíoch chun cabhair a dheonú, ní mór do leibhéal na cabhrach comhfhreagairt do thoradh an nós imeachta tairisceana iomaíoch agus ní mór dó gan dul thar 100 % de chostais incháilithe iomlána na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht. |
|
(85) |
I gcás ina ndeonaítear cabhair tríd an riarachán, ní mór leibhéal na cabhrach a chinneadh ar bhonn sonraí maidir le costais incháilithe gach tionscadail dá dtugtar tacaíocht agus ní mór dó gan dul thar 20 % de na costais sin. Is féidir an déine cabhrach a mhéadú suas le 20 pointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais mheánmhéide agus suas le 10 bpointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais mheánmhéide. |
|
(86) |
Ní féidir cabhair faoin roinn seo a charnadh le cabhair faoi roinn 4.1.2 den Teachtaireacht seo ach amháin má dhéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht sin sa scéim cabhrach a dtugtar fógra ina leith tráth a fhógra tosaigh. |
4.2.2. Scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh
|
(87) |
Féadfaidh na Ballstáit cabhair a dheonú trí úsáid a bhaint as ionstraimí éagsúla, lena n-áirítear conarthaí difríochta agus préimheanna ar sholáthar leictreachais. |
|
(88) |
Ní mór cabhair a dheonú trí phróiseas tairisceana iomaíoch (56). |
|
(89) |
Is éard a bheidh sa chostas incháilithe an glanchostas measta a bhfuil coinne leis agus cuirfear san áireamh na príomhchostais agus na príomhioncaim uile arna dtabhú le linn shaolré an tionscadail agus aon chabhair a fuarthas cheana féin, arna lascainiú le WACC. |
|
(90) |
Ní mór don leibhéal cabhrach freagairt do thoradh an nós imeachta tairisceana iomaíoch agus ní mór dó gan thar 100 % de chostais incháilithe iomlána na dtionscadal dá dtugtar tacaíocht. |
|
(91) |
Ní mór cabhair a dhearadh chun aon saobhadh míchuí ar fheidhmiú éifeachtúil na margaí a chosc agus, go háirithe, dreasachtaí oibríochta agus comharthaí praghais éifeachtúla a chaomhnú. Ní fhéadfar tairbhithe a dhreasú chun a n-aschur a thairiscint faoi bhun a gcostas imeallach agus níor cheart dóibh cabhair a fháil le haghaidh táirgeachta in aon tréimhsí ina bhfuil margadhluach na táirgeachta sin diúltach. |
|
(92) |
Ní mór gan cabhair a íoc chun breoslaí ísealcharbóin (nó RFNBOnna, i gcás inarb infheidhme) a tháirgeadh ó leictreachas a thógtar ón eangach le linn níos mó ná 80 % de na huaireanta an chloig (nó de na haonaid mhargaidh) gach bliain (57). |
4.3. Cabhair le haghaidh scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamh-iontaise
|
(93) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair chun solúbthacht leictreachais neamh-iontaise a chur chun cinn (58), mar a léirítear in Airteagail 19g agus 19h den Rialachán Leictreachais, a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh faoin Teachtaireacht seo ar (59) choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ar a dtugtar tuairisc i roinn 3 agus san fhoroinn seo. |
|
(94) |
Ba cheart an beart a dhearadh sa chaoi go dtacófar le hinfheistíocht nua i solúbthachtaí neamhiontaise. Áirítear leis an infheistíocht nua, mar shampla:
|
|
(95) |
Ina theannta sin, i gcás ina meastar gur gá gan an bonn a bhaint d’inmharthanacht eacnamaíoch na n-acmhainneachtaí atá ann cheana, féadfaidh na Ballstáit na rialacha incháilitheachta a leathnú chuig raon níos leithne solúbthachtaí neamhiontaise a rannchuidíonn ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na riachtanais solúbthachta a ndearnadh infheistíochtaí iontu le déanaí. |
|
(96) |
Beidh an beart oscailte do theicneolaíochtaí neamh-iontaise atá in ann na seirbhísí solúbthachta a sholáthar agus ar a laghad do stóráil leictreachais agus don fhreagairt don éileamh. Níor cheart aon teorainn nó idirdhealú saorga a áireamh sa scéim (lena n-áirítear i ndámhachtain ceadúnas, ceadanna nó lamháltas nuair is gá). Ní féidir ceanglais theicniúla bhreise a áireamh sa bheart ach amháin ar bhonn riachtanais shainaitheanta an chórais i gcomhréir le pointe (103). Ní mór gan an t-íosmhéid riachtanach le haghaidh rannpháirtíochta a bheith os cionn 1 MW dírátáilte nó os cionn 1 uair an chloig d’íosfhad seachadta agus ní mór comhiomlánú a cheadú. |
|
(97) |
Ní mór cabhair faoin roinn seo a dheonú ar bhonn scéime a bhfuil méid acmhainneachta measta agus buiséad measta aici. |
|
(98) |
Ní mór do na Ballstáit a léiriú go bhfuil maoluithe acu ar an dlí ábhartha de chuid an Aontais nó ní mór dóibh an méid seo a leanas a dheimhniú:
D’uireasa daingniú den sórt sin, ní fhéadfar bearta faoin alt seo a cheadú ach go ceann uastréimhse 2 bhliain. Féadfaidh na Ballstáit formheas nua a lorg a luaithe a bheidh na feabhsuithe margaidh sin go léir curtha chun feidhme. |
|
(99) |
Ní mór do na Ballstáit a dheimhniú go gcuirfear chun feidhme aon bheart maolaithe a shainaithnítear sa mheasúnú ar riachtanais solúbthachta, de réir Airteagal 19e(2)c den Rialachán Leictreachais, laistigh de 2 bhliain tar éis fhoilsiú na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 19e(1) den Rialachán Leictreachais. |
|
(100) |
Má chuirtear sásra acmhainneachta chun feidhme sa Bhallstát lena mbaineann, ba cheart dearadh an tsásra acmhainneachta sin a bheith oscailte do rannpháirtíocht solúbthachta neamh-iontaise amhail freagairt don éileamh agus stóráil don sásra acmhainneachta sin. Ina theannta sin, ba cheart an sásra acmhainneachta agus na bearta solúbthachta neamhiontaise a chomhordú ar cheann de na bealaí seo a leanas chun cruthú bacainní margaidh agus róchúiteamh a sheachaint:
|
|
(101) |
Ba cheart an sprioc-éileamh atá le tairiscint a shocrú de réir na tuarascála a glacadh de réir na modheolaíochta Eorpaí agus na dtreoirchritéar a tugadh isteach in Airteagal 19e den Rialachán Leictreachais i bhfianaise an ghá atá le slándáil agus iontaofacht an tsoláthair a bhaint amach ar bhonn costaséifeachtúil agus an córas leictreachais a dhícharbónú. |
|
(102) |
Go dtí go bhforbrófar modheolaíocht agus treoraíocht den sórt sin, níor cheart an sprioc-éileamh chun soláthar a dhéanamh a bheith níos mó ná an cuspóir solúbthachta náisiúnta táscach sealadach a shonraítear in Airteagal 19f den Rialachán Leictreachais. I gcás nach mbraitheann an sprioc-éileamh ar an modheolaíocht Eorpach agus ar na treoirchritéir a tugadh isteach in Airteagal 19e den Rialachán Leictreachais, ní mór don ÚNR a dheimhniú go bhfuil an sprioc-éileamh atá le soláthar (61) ag teacht leis an méid seo a leanas:
|
|
(103) |
Ní mór údar soiléir a bheith leis na coinníollacha teicniúla (amhail ceanglais réamhcháiliúcháin, oibleagáidí infhaighteachta nó seachadta ar rannpháirtithe) (62), chomh maith leis an aonad seirbhíse solúbthachta a úsáidtear chun tairiscintí a rangú, bunaithe ar riachtanais shonracha a shainaithnítear sa mheasúnú ar riachtanais ar a dtugtar tuairisc i bpointe (101). |
|
(104) |
Deonaítear an chabhair i bhfoirm conarthaí lena soláthraítear deontas díreach mar mhalairt ar an acmhainneacht sholúbtha atá ar fáil agus a chumasaítear leis na hinfheistíochtaí dá dtagraítear i bpointí (94) agus (95). I gcás conarthaí ilbhliantúla, ní mór fad conartha tacaíochta a bheith comhréireach leis an leibhéal infheistíochta is gá chun oibleagáidí an chonartha a chomhlíonadh agus ní féidir leis, in aon chás, tréimhse amúchta na hinfheistíochta a shárú. |
|
(105) |
Cinntear méid na cabhrach trí phróiseas tairisceana iomaíoch ina ndéantar tairiscintí a rangú de réir a bpraghsanna tairisceana amháin in aghaidh an aonaid acmhainneachta solúbtha atá ar fáil in aghaidh na bliana agus de réir na tacaíochta a dhámhtar de réir an phraghais imréitigh in aghaidh an aonaid acmhainneachta solúbtha atá ar fáil in aghaidh na bliana. |
|
(106) |
Ba cheart tuairisc a thabhairt sa chonradh ar na modheolaíochtaí a leanadh chun infhaighteacht na solúbthachta tacaithe a sheiceáil agus chun na pionóis iomchuí athchomhairleacha a ríomh i gcás nach bhfuil an conradh ar fáil nó i gcás ina bhfoirceanntar an conradh go luath. Ní mór gach tairbhí a ghníomhachtú (seachadadh nó tástáil) uair sa bhliain ar a laghad le fógra <=24 uair an chloig. Ní mór an pionós neamh-infhaighteachta a bheith mar an gcéanna i gcás na dteicneolaíochtaí uile agus ní mór do gach tairbhí níos lú ná 50 % atá ar fáil thar thréimhse bhliantúil a bheith neamhchosanta ar íocaíocht phionósach ar a laghad dá ioncam solúbthachta comhfhreagrach thar an tréimhse bhliantúil sin. |
|
(107) |
Ní mór don Údarás Rialála Náisiúnta a dheimhniú nach gcruthóidh na ceanglais infhaighteachta agus na pionóis sa chonradh infhaighteachta saobhadh míchuí ar fheidhmiú na margaí leictreachais (63). Go háirithe, spreagfar tairbhithe chun a bheith rannpháirteach go héifeachtúil i margaí leictreachais agus a bheith neamhchosanta ar éagsúlacht praghsanna agus ar rioscaí margaidh thar shaolré na sócmhainne. |
|
(108) |
Ní mór don Bhallstát lena mbaineann a dheimhniú go gcuireann an beart oscailt an bhirt chun cinn do rannpháirtíocht trasteorann na n-acmhainní sin atá in ann an fheidhmíocht theicniúil is gá a sholáthar, i gcás ina bhfuil anailís costais is tairbhe dearfach. |
|
(109) |
Chun dreasachtaí éifeachtúla a sholáthar i gcomhair tomhaltas a chur in oiriúint do chomharthaí praghais, ba cheart do thomhaltóirí a rannchuidíonn ó thaobh an riachtanas solúbthachta a chruthú páirt a ghlacadh i gcostais an bhirt, ar bhonn a dtomhaltais le linn 1 % ar a laghad agus 5 % ar a mhéad de na huaireanta is airde praghsanna (64) (nó aonaid ama an mhargaidh) gach bliain nó, mar mhalairt air sin, le linn 1 % ar a laghad agus 20 % ar a mhéad de na huaireanta an chloig (nó aonaid ama an mhargaidh) in aghaidh na bliana inar dóichí go mbeadh gá leis an tsolúbthacht (de réir patrúin rampála a mheastar a bheidh ann, cuir i gcás) (65). Má chuirtear critéir theicniúla suímh i bhfeidhm, ba cheart na costais bhreise a bhaineann leis na critéir sin a chur i bhfeidhm a leithdháileadh ar thomhaltóirí leictreachais sna suíomhanna ábhartha. Measann an Coimisiún gur féidir a mheas go bhfuil ranníocaíocht den sórt sin comhréireach nuair atá sí cothrom le 90 % de chostais an bhirt ar a laghad. Féadfar muirir a thobhach ar pháirtithe freagracha cothromúcháin (amhail soláthróirí). |
|
(110) |
Formheastar an beart ar feadh tréimhse nach faide ná 5 mbliana. |
4.4. Cabhair le haghaidh sásraí acmhainneachta a leanann spriocshamhail
|
(111) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh sásraí acmhainneachta, mar a léirítear in Airteagail 21 agus 22 den Rialachán Leictreachais, a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas chomh maith leis na coinníollacha i roinn 3:
|
4.5. Faoiseamh sealadach ó phraghsanna leictreachais d’úsáideoirí dianfhuinnimh
4.5.1. Aistriú chuig costas íseal leictreachais
|
(112) |
Leis na bearta a leagtar amach sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, déanfar geilleagar an Aontais a athrú ó bhonn i gcomhréir le spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais. Go dtí go mbeidh praghsanna leictreachais níos ísle ann mar thoradh ar dhícharbónú chóras leictreachais an Aontais, beidh costais níos airde fós ar thionscail laistigh den Aontas i gcomparáid le hiomaitheoirí i ndlínsí nach bhfuil beartais aeráide chomh huaillmhianach céanna acu. |
|
(113) |
Cruthaíonn an staid sin dúshláin ar leith d’earnálacha atá an-neamhchosanta ar thrádáil idirnáisiúnta agus atá ag brath go mór ar leictreachas chun luach a chruthú. Cuireann praghsanna arda leictreachais leis go mbaol go n-aistreodh na tionscail sin chuig áit eile lasmuigh den Aontas, chuig suíomhanna nach bhfuil rialacháin chomhshaoil iontu nó nach bhfuil siad chomh huaillmhianach céanna iontu. Ina theannta sin, mar gheall ar chostais arda leictreachais tá an baol ann go ndíspreagfaí leictriú na bpróiseas táirgthe, rud atá lárnach maidir le dícharbónú rathúil gheilleagar an Aontais. Chun na húdair bhaoil agus na drochthionchair sin ar an gcomhshaol a mhaolú, is féidir leis na Ballstáit faoiseamh sealadach ó phraghas an leictreachais a dheonú do chuideachtaí atá gníomhach sna hearnálacha eacnamaíocha lena mbaineann. |
4.5.2. Raon feidhme agus Incháilitheacht
|
(114) |
Cabhair i bhfoirm faoiseamh sealadach ó phraghsanna leictreachais do ghnóthais a oibríonn in earnálacha ina bhfuil na rioscaí sin an-ard, measfaidh an Coimisiún í a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh. Ar mhaithe le tionchar marthanach, ceanglaítear ar thairbhithe infheistíochtaí a dhéanamh a rannchuidíonn leis an aistriú glas agus a chuidíonn ó thaobh costais an chórais fuinnimh sa mheántéarma agus san fhadtéarma (trí fhuinneamh in-athnuaite a chur in ionad breoslaí iontaise, mar shampla). |
|
(115) |
Féadfaidh na Ballstáit laghduithe ar an bpraghas mórdhíola leictreachais a dheonú i gcás sciar áirithe den tomhaltas leictreachais, gan beann ar fhoinse an tsoláthair leictreachais (giniúint uathoibríoch, conarthaí soláthair leictreachais nó soláthar eangaí). Ní thugtar aghaidh sa roinn seo ar laghduithe ar thobhaigh trína maoinítear tacaíocht d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite nó do theas agus cumhacht in éineacht, agus is i Roinn 4.11 CEEAG a thugtar aghaidh ar an méid sin i gcónaí. |
|
(116) |
An riosca ar an leibhéal earnálach go n-aistreofaí gníomhaíochtaí chuig áiteanna eile lasmuigh den Aontas Eorpach, áiteanna ina bhfuil disciplíní comhshaoil in easnamh nó nach bhfuil siad chomh huaillmhianach céanna ansiúd agus atá san Aontas, is riosca é a braitheann go mór ar cé chomh leictridhian agus tá an earnáil atá i gceist, agus cé chomh hoscailte agus atá sí don trádáil idirnáisiúnta. Dá réir sin, ní féidir cabhair a dheonú ach do ghnóthais in earnálacha ina bhfuil rioscaí den sórt sin i gceist go láidir. Tá feidhm ag an méid sin maidir le hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le CEEAG (66), earnálacha ar 2 % ar a laghad atá i gceist le hiolrú a ndéine trádála agus a leictridhéine ar leibhéal an Aontais agus ar 5 % ar a laghad i gcás na dtáscairí uile atá ina gceist lena ndéine trádála agus a leictridhéine ar leibhéal an Aontais; |
|
(117) |
Earnáil nó fo-earnáil a chomhlíonann critéir incháilitheachta phointe (116) ach nach n-áirítear sa liosta dá dtagraítear sa phointe sin, measfar í a bheith incháilithe freisin ar choinníoll go léiríonn na Ballstáit é sin le sonraí atá ionadaíoch ar an earnáil nó ar an bhfo-earnáil ar leibhéal an Aontais, arna bhfíorú ag saineolaí neamhspleách agus ar bhonn tréimhse ama lena mbaineann na 3 bliana is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina dtaobh ar a laghad. |
|
(118) |
Deonófar an chabhair ar bhonn scéim a bhfuil buiséad measta aici. Féadfaidh na Ballstáit an chabhair a theorannú d’earnálacha eacnamaíocha sonracha de réir a neamhchosanta ar chostais leictreachais, nó d’earnálacha a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo maidir leis an ngeilleagar nó le slándáil agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh. Mar sin féin, ní mór na teorainneacha sin a cheapadh go ginearálta agus ní bheidh teorannú saorga ar thairbhithe féideartha mar thoradh orthu; Laistigh den earnáil incháilithe, ní mór do Bhallstáit a áirithiú go roghnaítear na tairbhithe de réir critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus thrédhearcacha agus go ndeonaítear an chabhair ar an mbealach céanna i bprionsabal i gcás na n-iomaitheoirí uile san earnáil chéanna más i staid fhíorasach chomhchosúil atá siad; |
4.5.3. Éifeacht dreasachta agus Comhréireacht
|
(119) |
Níl an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Chun go mbeidh éifeacht dreasachta ag an gcabhair agus chun go gcuirfidh sí cosc ar na rioscaí a dtugtar tuairisc orthu i roinn 4.5.1 iarbhír, ní mór iarratas a dhéanamh uirthi agus í a íoc leis an tairbhí sa bhliain ina dtabhaítear na costais nó sa bhliain ina dhiaidh sin. |
|
(120) |
Measfaidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair comhréireach le haghaidh tairbhithe ó na hearnálacha i bpointí (116) agus (117)agus má chumhdaíonn sí laghdú 50 % ar a mhéad ar an mheánphraghas margaidh mórdhíola bliantúil sa chrios tairisceana ina bhfuil an tairbhí nasctha, le haghaidh méid nach mó ná 50 % dá dtomhaltas leictreachais bliantúil. Is féidir an tomhaltas leictreachais bliantúil iomlán a thomhas sa bhliain ina dtagann an costas incháilithe chun cinn nó sa bhliain roimhe sin. Measann an Coimisiún freisin, chun go mbeidh an chabhair comhréireach, nár cheart go mbeadh praghas laghdaithe faoi bhun EUR 50/MWh ar an tomhaltas incháilithe mar thoradh ar na laghduithe sin. |
4.5.4. Rannchuidiú leis an dícharbónú
|
(121) |
Agus scéimeanna á mbunú, ní mór do na Ballstáit cineálacha infheistíochtaí a leagan amach ar féidir a thaispeáint go intomhaiste go rannchuidíonn siad le costais an chórais leictreachais a laghdú, rud a léiríonn riachtanais an mhargaidh agus an chórais sa Bhallstát sin, gan méadú ar ídiú breosla iontaise a bheith ina thoradh air sin. Ní mór a cheangal ar thairbhithe cabhrach 50 % ar a laghad de mhéid na cabhrach faoin mbeart sin a leithdháileadh ar infheistíochtaí den sórt sin i sócmhainní nua nó nuachóirithe. Féadfar a áireamh ar ghníomhaíochtaí infheistíochta incháilithe, mar shampla, acmhainneachtaí giniúna fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt, réitigh stórála fuinnimh, bearta chun solúbthacht ar thaobh an éilimh a mhéadú, feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a mbíonn tionchar acu ar an éileamh ar leictreachas, agus leictrealóirí a fhorbairt chun hidrigin in-athnuaite nó ísealcharbóin a tháirgeadh. Tá infheistíochtaí atá dírithe ar leictriú incháilithe freisin. Féadfaidh na Ballstáit liosta níos teoranta d’infheistíochtaí incháilithe a bhunú, ach ní mór infheistíochtaí chun solúbthacht ar thaobh an éilimh a mhéadú a bheith incháilithe. |
|
(122) |
Ní mór nach dtairbhíonn na hinfheistíochtaí d’aon bheart cabhrach eile. Ní mór tús a chur le hoibríocht na gníomhaíochta infheistíochta incháilithe laistigh de 48 mí ó dheonú na cabhrach faoin roinn seo ach amháin más féidir leis an tairbhí a léiriú don Bhallstát go mbeadh amlíne níos faide iomchuí ar chúiseanna teicniúla. Féadfaidh infheistíochtaí aonair cabhair a fuarthas thar roinnt blianta a chumhdach. Féadfar na hinfheistíochtaí a dhéanamh ar láithreán an tairbhí nó féadfar iad a tharmligean chuig tríú páirtithe. Sa chás deireanach sin, leanann an tairbhí de bheith freagrach as cur chun feidhme éifeachtach na n-infheistíochtaí. |
|
(123) |
Féadfaidh an Ballstát tacaíocht bhreise suas le 10 % den mhéid a dheonaítear faoi phointe (120) a dheonú. Ní mór do na tairbhithe 75 % ar a laghad den tacaíocht bhreise sin a leithdháileadh ar infheistíochtaí a shonraítear faoi phointe (121). Ní fhéadfaidh na Ballstáit an tacaíocht bhreise sin a dheonú ach amháin i gcás inar féidir leis an tairbhí a léiriú go gcaitear 80 % ar a laghad de mhéid iomlán na hinfheistíochta ar infheistíochtaí chun solúbthacht an éilimh a mhéadú, lena n-áirítear an soláthar cúltaca neamhiontaise. |
|
(124) |
Tá sé de cheangal ar an mBallstát na ceanglais sin a fhíorú i gcás gach tairbhí, agus tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú maidir leis na bearta infheistíochta a chuirtear chun feidhme faoin roinn seo. |
4.5.5. Carnadh
|
(125) |
I dteannta na rialacha ginearálta maidir le carnadh faoi roinn 3.3, is féidir cabhair faoin roinn sin a charnadh le haon státchabhair eile nó le chabhair de minimis eile, nó a chomhcheangal le cistí de chuid an Aontais a bhainistítear go lárnach, i ndáil leis na costais incháilithe chéanna (is é sin an praghas mórdhíola leictreachais lena n-áirítear costais indíreacha a thabhaítear ó chostais astaíochtaí gás ceaptha teasa a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais), bídís ag forluí go páirteach nó go hiomlán ar a chéile, ar choinníoll nach é toradh an charntha sin go sáróidh an chabhair an déine tacaíochta is airde nó an méid is infheidhme faoi aon cheann de na coinníollacha ábhartha.. Nuair a dhéantar í a charnadh le cabhair lena gcúitítear costais astaíochtaí indíreacha de bhun na dTreoirlínte ón gCoimisiún maidir le bearta áirithe státchabhrach i gcomhthéacs an chórais i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa tar éis 2021 (67), ní fhéadfaidh méid na cabhrach comhcheangailte a bheith níos airde ná an méid is airde is infheidhme faoi aon cheann den dá threoirlíne. |
4.5.6. Fad ama
|
(126) |
Is féidir cabhair faoin roinn seo a sholáthar do thairbhithe ar feadh uastréimhse 3 bliana. Ní mór gan íocaíochtaí a dhéanamh tar éis an 31 Nollaig 2030. |
5. CABHAIR CHUN AN TIONSCLAÍOCHT A DHÍCHARBÓNÚ
|
(127) |
Lasmuigh de na féidearthachtaí atá ann cheana agus atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, lena n-áirítear faoi CEEAG, measfaidh an Coimisiún go bhfuil cabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, ar cabhair í le haghaidh infheistíochtaí lena rannchuidítear go suntasach le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha chun uaillmhianta aeráide an Aontais a bhaint amach nó as a leanann laghdú suntasach ar thomhaltas fuinnimh i ngníomhaíochtaí tionsclaíocha trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i roinn 3 agus sa roinn seo. |
|
(128) |
Trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht ábhair, is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa arna nginiúint ag gníomhaíochtaí tionsclaíocha a laghdú freisin. Is mó na tairbhí comhshaoil a bhaineann le héifeachtúlacht ábhair ná an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa amháin. Dá bhrí sin, cumhdaítear tacaíocht d’éifeachtúlacht ábhair, don gheilleagar ciorclach agus don bhithgheilleagar le roinn thiomnaithe de CEEAG (roinn 4.4 de CEEAG). Tionscadail bhithgháis agus bhithmheatáin atá ceaptha chun díleáiteán a chomhtháirgeadh, rud a phróiseáiltear ina dhiaidh sin ina gcothaithigh bhithbhunaithe nó ina dtáirgí leasacháin (amhail bithleasacháin), féadfar tacú leo cheana féin faoi na rialacha atá ann cheana maidir le státchabhair. Go háirithe, is i roinn 4.4 CEEAG a sholáthraítear bunús dlí, lena n-áirítear luachshocrú bith-iarmhar, agus amhábhair thánaisteacha a chur in ionad amhábhair phríomhúla. Caithfidh an Coimisiún le cásanna den sórt sin mar ábhar tosaíochta. Is féidir tacú le hinfheistíochtaí a thacaíonn leis an ngeilleagar ciorclach freisin gan fógra a thabhairt roimh ré faoin Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine. |
5.1. Raon feidhme agus coinníollacha ginearálta
|
(129) |
Baineann an roinn seo go ginearálta le hinfheistíochtaí lena laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa nó lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht fuinnimh gníomhaíochtaí tionsclaíocha. Chun críoch na roinne seo, sainmhínítear gníomhaíochtaí tionsclaíocha mar ghníomhaíochtaí a dhéantar i suiteálacha tionsclaíocha (68) lena mbaineann táirgeadh earraí deiridh nó idirmheánacha inláimhsithe ar scála. |
|
(130) |
Níl feidhm ag an roinn seo maidir leis na nithe a leanas:
|
|
(131) |
Cé go gcumhdaítear tacaíocht do ghiniúint fuinnimh i roinn 4 den Teachtaireacht seo, féadfar gníomhaíochtaí den sórt sin a chumhdach freisin, go heisceachtúil, leis an roinn 5 seo, ar choinníoll:
|
|
(132) |
Tá feidhm ag an roinn seo maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar coimhdeach stórála fuinnimh nó iompair ar choinníoll gur cuid lárnach d’infheistíocht faoi phointe (139) nó faoi phointe (131) í an infheistíocht agus:
|
|
(133) |
Deonófar cabhair faoin roinn seo ar bhonn scéime a bhfuil buiséad measta aici. Ní mór do na Ballstáit meastachán a sholáthar ar iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha atá le sábháil, nó ar an gcoigilteas fuinnimh iomlán atá le baint amach tríd an scéim. Ní féidir cabhair faoin roinn seo a dheonú ach amháin i bhfoirm deontais dhíreacha, airleacain in-aisíoctha, iasachtaí, ráthaíochtaí nó buntáistí cánach (75). |
|
(134) |
I bprionsabal, ba cheart a chumhdach leis na scéimeanna a ndéantar measúnú orthu faoin roinn seo na hearnálacha uile ar féidir leo rannchuidiú leis an gcuspóir a leagtar amach i bpointe (127). Ní mór do na Ballstáit a fhéachann le hincháilitheacht na scéime a theorannú d’earnálacha áirithe (i) údar a thabhairt le hincháilitheacht theoranta den sórt sin bunaithe ar bhreithnithe oibiachtúla; agus (ii) a léiriú go gcuireann incháilitheacht theoranta na scéime fós le spriocanna aeráide an Aontais agus spriocanna aeráide náisiúnta a bhaint amach agus nach gcuireann sí réitigh atá níos neamhdhíobhálaí don aeráid agus don chomhshaol as an áireamh go míchuí. |
|
(135) |
Mar fhoráil an chuain shábháilte agus gan dochar do na Ballstáit a thugann údar malartacha, toimhdeoidh an Coimisiún go bhfuil údar cuí le hincháilitheacht scéime a theorannú chun críocha phointe (134) má chumhdaíonn an scéim na suiteálacha do-aistrithe uile dá dtagraítear i gCaibidil III den Treoir maidir le CTA (76). |
|
(136) |
Chun a áirithiú go gcuirfear tionscadail chun feidhme go tráthúil agus go mbainfear amach na coigiltis astaíochtaí gás ceaptha teasa nó fuinnimh a bhfuil coinne leis, ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a áirithiú:
|
|
(137) |
Ní mór córas éifeachtach pionós a áireamh sna scéimeanna i gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha faoi phointe(136) (78). |
|
(138) |
Ní mór don Bhallstát a léiriú nach maoinítear leis an gcabhair méadú ar acmhainneacht táirgeachta fhoriomlán an tairbhí. Tá sé sin gan dochar don mhéid seo a leanas:
|
5.2. Éifeachtaí íosta dícharbónaithe nó éifeachtúlachta fuinnimh
5.2.1. Ceanglais choiteanna
|
(139) |
Infheistíochtaí lena laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó shuiteálacha nó lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht fuinnimh gníomhaíochtaí tionsclaíocha dá dtagraítear i bpointí (129) go (132), tá siad incháilithe, gan beann ar an réiteach teicneolaíoch a úsáidtear, ar choinníoll go ndéantar an méid seo a leanas:
|
|
(140) |
Mar foráil an chuain shábháilte, agus gan dochar do na Ballstáit a thugann údar malartach, toimhdeoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh cabhair a dheonaítear le haghaidh infheistíochtaí dícharbónaithe pointe (139) (a), má tá na ceanglais seo a leanas sa scéim:
|
|
(141) |
Ní mór do thionscadail laghduithe foriomlána ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach. Ní mór gan astaíochtaí gás ceaptha teasa a aistriú ón earnáil thionsclaíoch lena mbaineann chuig an earnáil fuinnimh a bheith mar thoradh orthu, ná ó láithreán tionsclaíoch amháin go ceann eile. |
|
(142) |
Chun a léiriú go bhfuil níos mó ná díláithriú astaíochtaí ar siúl, ní mór do na Ballstáit a léiriú nach ndéanann astaíochtaí gás ceaptha teasa indíreacha atá nasctha leis na tionscadail incháilithe na laghduithe díreacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaintear amach tríd an infheistíocht a fhritháireamh go hiomlán, ionas go mbeidh glanchoigiltis astaíochtaí ábhartha fós. Is féidir leis na Ballstáit a léiriú gurb amhlaidh atá de réir dhearadh na scéime nó ar bhonn ionsamhlúcháin de choigiltis réamh-mheasta astaíochtaí gás ceaptha teasa agus d’astaíochtaí indíreacha réamh-mheasta in aghaidh an tionscadail tagartha, agus modheolaíochtaí bunaithe á n-úsáid. Maidir leis an leictreachas, is féidir a léiriú freisin (i) gur féidir an méadú ionchasach ar an éileamh leictreachais a eascraíonn as an scéim a chumhdach go hiomlán le méadú ar sholáthar leictreachais in-athnuaite nó ísealcharbóin, mar a réamh-mheastar sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (‘PNFA’) is déanaí ón mBallstát lena mbaineann nó le pleananna níos nuashonraithe maidir le giniúint cumhachta in-athnuaite nó ísealcharbóin a mhéadú, pleananna a glacadh tar éis an nuashonraithe is déanaí ar an PNFA, agus (ii) go bhfuil tairbhithe fós neamhchosanta ar chomharthaí praghais leictreachais agus go bhfuil dreasachtaí leordhóthanacha sa scéim maidir le réitigh sholúbthachta. |
|
(143) |
Mar foráil an chuain shábháilte, agus gan dochar do na Ballstáit a thugann údar malartach, toimhdeoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar na coinníollacha faoi phointe (142) sna cásanna seo a leanas:
|
|
(144) |
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú nach gcuirfidh cabhair le haghaidh dícharbónú infheistíochtaí i roghanna malartacha níos glaine atá ar fáil ar an margadh cheana as áit, nó nach ndéanfaidh sí teicneolaíochtaí áirithe a ghaibhniú, rud a chuirfidh bac ar fhorbairt níos leithne ar mhargadh le haghaidh réitigh níos glaine agus ar úsáid na réiteach sin. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit raon feidhme teicneolaíoch na scéimeanna a shrianadh go míchuí. Go háirithe chun teas tionsclaíoch faoi bhun 500 °C a dhícharbónú, ní fhéadfar na teicneolaíochtaí is neamhdhíobhálaí don aeráid agus don chomhshaol a chur as an áireamh, i.e. teas in-athnuaite nach bhfuil bunaithe ar bhithmhais, leictriú solúbtha agus athúsáid dramhtheasa. |
5.2.2. Ceanglais bhreise maidir le tacaíocht do bhithbhreoslaí, hidrigin nó breoslaí hidrigine
|
(145) |
Maidir le scéimeanna cabhrach lena gcumhdaítear infheistíochtaí atá ag brath go hiomlán nó go páirteach ar úsáid bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithgháis (lena n-áirítear bithmheatán) agus breoslaí bithmhaise, ní mór do na Ballstáit coinníollacha a fhorchur lena gceanglaítear go gcomhlíonfaidh na breoslaí sin na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le coigiltis astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe. |
|
(146) |
Maidir le scéimeanna cabhrach lena gcumhdaítear infheistíochtaí a bhraitheann go hiomlán nó go páirteach ar úsáid hidrigine nó úsáid breoslaí hidrigine, ní mór do na Ballstáit coinníollacha a fhorchur lena n-áiritheofar gur RFNBOnna nó breoslaí ísealcharbóin iad an hidrigin nó na breoslaí hidrigine a úsáidtear sna tionscadail (85). Féadfar na breoslaí sin a chomhcheangal freisin le hidrigin a tháirgtear ó bhithmhais a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le coigiltis astaíochtaí gás ceaptha teasa i dTreoir (AE) 2018/2001 agus sna gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe a bhaineann léi. |
5.2.3. Ceanglais bhreise maidir le tacaíocht do thionscadail gabhála carbóin
|
(147) |
Maidir le scéimeanna cabhrach lena gcumhdaítear freisin infheistíochtaí maidir le trealamh gabhála carbóin a chun in úsáid (86), ní mór do na Ballstáit a áirithiú go seachnófar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha mar thoradh ar thionscadail lena gcumhdaítear infheistíochtaí i dtrealamh gabhála carbóin, ar a dteacht i bhfeidhm, agus an slabhra gabhála agus stórála carbóin (GSC) nó slabhra gabhála agus úsáide carbóin (GÚC) ar fad á chur san áireamh. |
|
(148) |
Mar foráil an chuain shábháilte, agus gan dochar do na Ballstáit a thugann údar malartach, toimhdeoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar pointe (147)má dhéantar foráil sa scéim nach bhfuil tionscadal incháilithe ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
5.2.4. Ceanglais bhreise maidir le tacaíocht do thionscadail a bhraitheann ar ghás nádúrtha
|
(149) |
I gcomhréir leis na prionsabail i bpointí (130) agus (144), is féidir le scéimeanna infheistíochtaí nua atá bunaithe ar ghás nádúrtha a dhreasú go heisceachtúil mar mhodh chun astaíochtaí a laghdú nó éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, agus sa chás sin amháin. Ní chumhdaítear leis an roinn seo iad ach amháin má léiríonn an Ballstát (i) nach bhfuil aon rogha mhalartach atá aibí ó thaobh na teicneolaíochta de ar ghás nádúrtha ann, (ii) nach bhfuil roghanna malartacha ar ghás nádúrtha indéanta go fóill mar gheall ar infhaighteacht nó bonneagar neamhleor, nó (iii) go ndéanfar an dícharbónú de réir céimeanna. Sna cásanna sin go léir, ní mór do na Ballstáit a cheangal ar thairbhithe plean inchreidte mionsonraithe a chur isteach ina léireofar conas a chuirfear deireadh de réir a chéile le húsáid gáis nádúrtha faoi 2040; ní mór don Bhallstát a áirithiú go gcuirfear é sin chun feidhme. |
|
(150) |
De mhaolú ar phointí (139)(b) agus (140) (a)(i) agus (b), maidir le hinfheistíochtaí atá bunaithe den chuid is mó ar ghás nádúrtha mar mhodh chun teas tionsclaíoch a dhícharbónú, ní mór dóibh, ar a dteacht i bhfeidhm, laghdú 70 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha a bhaint amach nó laghdú 40 % ar a laghad ar thomhaltas fuinnimh in aghaidh an aonaid aschuir a bhaint amach (88). |
|
(151) |
Níl feidhm ag na heisceachtaí lena gceadaítear méaduithe teoranta acmhainneachta a leagtar amach i litir (a) agus (b) de phointe (138) maidir le hinfheistíochtaí atá bunaithe ar ghás nádúrtha, ach amháin má chloíonn an infheistíocht leis na teicnící is fearr atá ar fáil agus a shainmhínítear i dTreoir 2010/75/AE (89).. |
5.3. Teorainneacha cabhrach is infheidhme
|
(152) |
Agus scéim cabhrach á pleanáil faoin roinn seo, chun comhréireacht na cabhrach a áirithiú, ní mór don Bhallstát ceann de na modheolaíochtaí malartacha ar a dtugtar tuairisc i bhforanna 5.3.1, 5.3.2 nó 5.3.3 a roghnú. |
|
(153) |
I gcás ina sáraíonn méideanna cabhrach aonair faoi fhoroinn 5.3.1 EUR 200 milliún, ní mór méid na cabhrach a chinneadh i gcomhréir le foroinn 5.3.2. |
5.3.1. Déine cabhrach
|
(154) |
I gcás méideanna cabhrach (90) suas le EUR 200 milliún, is féidir an t-uasmhéid cabhrach faoi scéim cabhrach a chinneadh ar bhonn chostais incháilithe infheistíochta, i.e. na costais infheistíochta iomlána a bhaineann go díreach leis na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó leis an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach, agus déine cabhrach uasta. Is éard atá san uasdéine cabhrach comhfhogasú ar na costais bhreise chomhshaoil a bhaineann leis na réitigh dhícharbónaithe theicneolaíochta ábhartha a úsáid. Ní fhéadfaidh an uasdéine cabhrach a bheith níos airde ná:
|
|
(155) |
I gcás infheistíochtaí arna ndéanamh ag fiontair bheaga, féadfar na déiní cabhrach faoi phointe (154) a mhéadú 10 bpointe céatadáin agus i gcás na n-infheistíochtaí sin arna ndéanamh ag fiontair mheánmhéide, féadfar na déiní cabhrach a mhéadú 5 phointe céatadáin. |
5.3.2. Bearna chistithe
|
(156) |
Is féidir leis na Ballstáit rogha a dhéanamh an t-uasmhéid cabhrach faoi scéim cabhrach a chinneadh mar bhearna chistithe na hinfheistíochta incháilithe. Ní mór ceangal a chur ar iarratasóirí faoin scéim teimpléad aonfhoirmeach a úsáid chun an bhearna chistithe a ríomh. Ní mór do na Ballstáit an mhodheolaíocht a leanfaidh siad a bhunú chun a fhíorú go bhfuil réamh-mheastacháin ar shreabhadh airgid atá mar bhonn taca le ríomhanna an ghlanluacha láithrigh inchreidte agus comhleanúnach leis an tionscadal dícharbónúcháin. Ní mór an teimpléad aonfhoirmeach a bheith i gcomhréir le prionsabail agus príomhghnéithe na samhla a fhoilseoidh an Coimisiún. |
|
(157) |
Nuair is mó an chabhair arna ríomh ar bhonn bhearna chistithe an tionscadail ná EUR 200 milliún nó 10 % de bhuiséad na scéime in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail, cibé acu is airde, ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an mbearna chistithe tar éis fógra ar leith a fháil. |
|
(158) |
I gcás ina gcinneann na Ballstáit méid na cabhrach bunaithe ar phointe (156) agus ina sáraíonn an méid cabhrach sin EUR 30 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail, ní mór meicníocht aisghlámtha a chur i bhfeidhm lena n-áirithítear go bhfaigheann an Ballstát sciar iomchuí d’aon bharrachas breise arna ghiniúint ag tionscadal dá dtugtar cabhair, bunaithe ar chomparáid idir an plean gnó réamh-mheasta agus fíorshreabhadh airgid an tionscadail. Ní mór na gnéithe uile seo a leanas a bheith san áireamh sa mheicníocht aisghlámtha:
|
5.3.3. Imthairiscint iomaíoch
|
(159) |
De rogha ar phointí (154) agus (156), is féidir leis na Ballstáit rogha a dhéanamh freisin an t-uasmhéid cabhrach a chinneadh faoi scéim cabhrach trí phróiseas tairisceana iomaíoch a chomhlíonann na coinníollacha breise seo a leanas:
|
6. CABHAIR CHUN ACMHAINNEACHT MHONARAÍOCHTA LEORDHÓTHANACH A ÁIRITHIÚ I DTEICNEOLAÍOCHTAÍ GLANA
|
(160) |
Ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha i roinn 3 agus sa roinn seo, measfaidh an Coimisiún go bhfuil cabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, ar cabhair í a dheonaítear chun tionscadail infheistíochta a dhreasú, ar tionscadail iad lena gcuirtear acmhainneacht mhonaraíochta le haghaidh na nithe seo a leanas:
Is féidir le cabhair den sórt sin rannchuidiú ábhartha a dhéanamh chun tagarmharc athléimneachta 40 % an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta a bhaint amach, i gcomhar le beartais eile chun timpeallacht ghnó a fhorbairt le haghaidh infheistíochtaí monaraíochta teicneolaíochta glaine den sórt sin. |
|
(161) |
Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit scéimeanna cabhrach a bhunú atá tiomnaithe do thacaíocht d’infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear an geilleagar ciorclach (e.g. ullmhú d’athúsáid, athchúrsáil, etc.), faoi roinn 4.4 de CEEAG, suas leis an uasmhéid cabhrach dá bhforáiltear sa roinn sin. Caithfidh an Coimisiún le cásanna den sórt sin mar ábhar tosaíochta. Cuimsíonn sé sin tacaíocht d’infheistíochtaí lena gcumasaítear amhábhair thánaisteacha a chur in ionad amhábhair phríomhúla. Is féidir tacú le hinfheistíochtaí a thacaíonn leis an ngeilleagar ciorclach freisin gan fógra a thabhairt roimh ré faoin Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine. |
|
(162) |
Faoi ghnáthdhálaí margaidh, ba cheart do tháirgeoirí teicneolaíochta glaine a bheith in ann a gcostais oibriúcháin a chumhdach gan aon tacaíocht phoiblí bhreise, go háirithe i gcás ina bhfuil a gcostas infheistíochta fóirdheonaithe cheana féin. D’fhéadfadh cabhair oibriúcháin a bheith saofa go háirithe toisc gur féidir léi costas earraí nó seirbhísí a sholáthraítear ar an margadh a laghdú go díreach agus na costais sin a choinneáil mar atá d’oibreoirí atá neamhbhrabúsach ar bhonn fadtéarmach a choinneáil. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar mhonaróirí teicneolaíochta glaine, amhail táirgeoirí ceallraí, aghaidh a thabhairt ar iomaíocht dhomhanda éagórach, ar chostais gan choinne, nó ar éiginnteachtaí maidir le héileamh amach anseo, mar shampla, ach ní hamháin le linn na tréimhse borrtha, ar gné dhílis dá n-oibríochtaí iad. Sna himthosca sin, féadfaidh na Ballstáit cistiú a sholáthar, lena n-áirítear i bhfoirm ionstraimí cothromais agus cuasachothromais, ar théarmaí an mhargaidh, in éineacht le hoibreoirí príobháideacha (féach pointe(7))), faoi na coinníollacha céanna i dtéarmaí rioscaí agus luaíochtaí (pari passu). D’fhéadfadh cistiú den sórt sin riachtanais infheistíochta a chumhdach mar aon le costais oibriúcháin. |
6.1. Scéimeanna cabhrach infheistíochta
|
(163) |
Féadfaidh na Ballstáit cabhair a sholáthar do thionscadail infheistíochta a thagann faoi raon feidhme phointe (160). |
|
(164) |
Is féidir cabhair le haghaidh tionscadail infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (163) a dheonú ar bhonn scéime a bhfuil buiséad measta aici ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos san fhoroinn seo agus i roinn 3. |
|
(165) |
Ní mór do thairbhithe iarratas a dhéanamh ar chabhair roimh thús na n-oibreacha agus ní mór dó an fhaisnéis riachtanach a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Teachtaireacht seo a sholáthar don Bhallstát. |
|
(166) |
Is iad costais incháilithe an tionscadail infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ón gcabhair na costais infheistíochta uile i sócmhainní inláimhsithe (amhail talamh, foirgnimh, gléasra, trealamh, innealra) agus doláimhsithe (amhail cearta paitinne, ceadúnais, fios gnó nó maoin intleachtúil eile) a theastaíonn chun na hearraí a liostaítear i bpointe (160)a tháirgeadh nó a aisghabháil. Ní mór sócmhainní doláimhsithe: (i) a bheith bainteach go fóill leis an limistéar lena mbaineann agus ní mór gan iad a aistriú chuig limistéir eile; (ii) a úsáid go príomha sa tsaoráid táirgthe ábhartha a fhaigheann an chabhair; (iii) a bheith in-amúchta; iv) ní mór iad a cheannach faoi choinníollacha margaidh ó thríú páirtithe nach bhfuil bainteach leis an gceannaitheoir; v) a áireamh i sócmhainní an ghnóthais a fhaigheann an chabhair; agus vi) a bheith bainteach go fóill leis an tionscadal dá ndeonaítear an chabhair ar feadh 5 bliana ar a laghad (nó 3 bliana i gcás FBManna). |
|
(167) |
I gcás ina ndéantar an tionscadal infheistíochta lasmuigh de limistéir fhóirithinte, ní fhéadfaidh déine na cabhrach dul thar 15 % de na costais incháilithe agus ní fhéadfaidh méid na cabhrach (96) dul thar EUR 150 mhilliún in aghaidh an tionscadail. I gcás ina ndéantar an tionscadal infheistíochta i limistéar fóirithinte faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, ní fhéadfaidh an déine cabhrach dul thar 20 % de na costais incháilithe agus ní fhéadfaidh méid na cabhrach dul thar EUR 200 milliún in aghaidh an tionscadail. I gcás ina ndéantar an tionscadal infheistíochta i limistéar fóirithinte faoi Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh, ní fhéadfaidh an déine cabhrach dul thar 35 % de na costais incháilithe agus ní fhéadfaidh méid na cabhrach dul thar EUR 350 milliún in aghaidh an tionscadail (97). |
|
(168) |
I gcás infheistíochtaí arna ndéanamh ag fiontair bheaga, féadfar na déiní cabhrach a leagtar amach i bpointe (167) a mhéadú 20 pointe céatadáin tuilleadh agus i gcás na n-infheistíochtaí sin arna ndéanamh ag fiontair mheánmhéide, féadfar na déiní cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin. |
|
(169) |
Chun a áirithiú go mbeidh an infheistíocht inmharthana, ní mór don Bhallstát a áirithiú go soláthróidh tairbhí na cabhrach ranníocaíocht airgeadais 25 % ar a laghad de na costais incháilithe, trína acmhainní féin nó trí mhaoiniú seachtrach, i bhfoirm atá saor ó aon tacaíocht phoiblí (98). |
|
(170) |
Ní mór don tairbhí gealltanas a thabhairt leanúint dá infheistíocht sa réimse lena mbaineann a dhéanamh ar feadh íostréimhse 5 bliana, nó 3 bliana do FBManna, tar éis an tionscadal a thabhairt chun críche, d’fhonn poist ardcháilíochta mharthanacha a chruthú san Aontas Eorpach. Níor cheart go gcuirfeadh gealltanas den sórt sin cosc ar ghléasra ná trealamh a athsholáthar a théann as dáta nó a bhristear sa tréimhse sin, ar choinníoll go gcoimeádtar an ghníomhaíocht eacnamaíoch sa limistéar lena mbaineann go ceann na híostréimhse. Mar sin féin, ní féidir aon chabhair bhreise a dheonú faoin Teachtaireacht seo chun an gléasra nó an trealamh sin a ionadú. Mura n-urramaítear an gealltanas sin, d’fhéadfadh an t-údarás deonaithe an chabhair a aisghabháil. |
|
(171) |
Sula ndeonófar an chabhair agus ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an tairbhí mar a léirítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Teachtaireacht seo, ní mór don údarás deonúcháin rioscaí coincréiteacha na hinfheistíochta nach ndéantar laistigh de LEE a fhíorú (99). |
|
(172) |
Ní féidir an chabhair a sholáthar ar mhaithe le hathlonnú gníomhaíochtaí táirgthe laistigh de LEE a éascú, go háirithe chun cosc a chur ar an gcabhair a bheith ina cúis le caillteanas post. Chun na críche sin, ní mór don tairbhí an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
6.2. Cabhair ad hoc
|
(173) |
Is féidir leis an gCoimisiún cabhair a dtugtar fógra ina leith go haonarach a fhormheas le haghaidh tionscadail infheistíochta a thagann faoin raon feidhme a shainítear i bpointe (160), ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos san fhoroinn seo, i bpointí (165), agus (170), agus i roinn 3. |
|
(174) |
Ní fhéadfaidh an méid cabhrach dul thar an gceann is ísle díobh seo a leanas: (i) méid an fhóirdheontais (100) a d’fhéadfadh an tairbhí a fháil go follasach le haghaidh infheistíocht choibhéiseach i dtríú tír lasmuigh de LEE; agus (ii) an t-íosmhéid is gá chun tairbhí na cabhrach a dhreasú chun an infheistíocht a réadú sa limistéar lena mbaineann in LEE seachas sa suíomh malartach lasmuigh de LEE (an bhearna chistithe) (101). Ní mór don tairbhí a léiriú nach ndéanfaí an infheistíocht atá beartaithe in LEE gan an chabhair (102). Measann an Coimisiún go bhfuil gá le coimirce bhreise i bhfoirm meicníocht aisghlámtha i margaí a mbeidh riosca méadaithe luaineachta margaidh acu amach anseo chun dáileadh cothrom gnóthachan breise a áirithiú, ar gnóthachain iad nach raibh tuartha san anailís ar an mbearna chistithe ar tugadh fógra ina leith. |
|
(175) |
I gcás ina ndéanfar an infheistíocht lasmuigh de limistéir fhóirithinte, ní mór don Bhallstát a léiriú nach bhféadfaí an infheistíocht a chur chun feidhme chomh héifeachtúil céanna i limistéar fóirithinte agus go bhfuil sé réasúnach, dá bhrí sin, do thairbhí na cabhrach gan an infheistíocht a aimsiú sna limistéir fhóirithinte sin. |
|
(176) |
I gcás ina bhfuil roinnt suíomhanna in LEE á mbreithniú i leith na hinfheistíochta, agus dá ndeonófaí státchabhair faoin bhforoinn seo chun an infheistíocht a mhealladh chuig limistéar ina bhfuil déine cabhrach réigiúnaí mar a shonraítear sa léarscáil cabhrach réigiúnaí is infheidhme atá níos ísle ná mar a shonraítear i limistéir eile de chuid LEE atá faoi bhreithniú (nó chuig limistéir neamhfhóirithinte),bheadh tionchar diúltach aige sin ar iomaíocht agus ar thrádáil nach dócha go gcúiteofaí aon tionchar dearfach. I gcásanna ina meastar go bhfuil an déine cabhrach réigiúnaí chéanna i bhfeidhm i suíomhanna LEE, ní mór don tairbhí a léiriú gur roghnaíodh an suíomh bunaithe ar chritéir oibiachtúla gan beann ar státchabhair. Os a choinne sin, níl aon éifeacht dhiúltach fhollasach den sórt sin ar an iomaíocht agus ar an trádáil i gcás ina bhfuil an tairbhí in ann a léiriú nach ndéanfaí an infheistíocht murach sin i limistéir mhalartacha LEE den sórt sin agus go ndéanfaí í a atreorú chuig tríú tír lasmuigh de LEE ina ionad sin. |
|
(177) |
Ní mór don tairbhí gealltanas a thabhairt go n-úsáidfidh sé an teicneolaíocht táirgthe úrscothach is déanaí atá ar fáil ó thaobh astaíochtaí comhshaoil de chun earraí a tháirgeadh mar a shainmhínítear i bpointe (160). |
|
(178) |
Ba cheart don Bhallstát a léiriú, leis an acmhainneacht mhonaraíochta bhreise arna cruthú leis an infheistíocht dá dtugtar cabhair, go rannchuideoidh tairbhí na cabhrach le neamhspleáchas na hEorpa a neartú trí aghaidh a thabhairt ar bhearna atá ann cheana idir éileamh agus soláthar laistigh den Aontas agus gan acmhainneacht táirgeachta atá ann cheana nó a bhfuil gealltanas ann go dtógfar í a phlódú. |
|
(179) |
Agus measúnú á dhéanamh ar státchabhair faoin bhforoinn seo, iarrfaidh an Coimisiún an fhaisnéis go léir is gá chun a mheas an dócha go gcaillfidh an státchabhair go mór post in áiteanna atá ann cheana laistigh den LEE. Sa chás sin, agus má chuireann an infheistíocht ar chumas thairbhí na cabhrach gníomhaíocht a athlonnú chuig an sprioclimistéar, má tá nasc cúisíoch idir an chabhair agus an t-athshuíomh, is éifeacht dhiúltach é sin ar iomaíocht agus ar thrádáil nach dóigh go gcúiteofar é le haon tionchar dearfach. |
6.3. Cabhair chun tacú leis an éileamh ar threalamh teicneolaíochta glaine i bhfoirm dímheas luathaithe
|
(180) |
Measfaidh an Coimisiún a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), de scéimeanna an Chonartha lena ndéantar foráil maidir le státchabhair i bhfoirm dímheas luathaithe arna dheonú chun éadáil nó léasú trealaimh teicneolaíochta glaine a dhreasú, ar choinníoll go 3 gcomhlíontar na coinníollacha faoin bhforoinn agus faoin roinn seo. |
|
(181) |
Ní mór an chabhair a dheonú i bhfoirm scéimeanna cabhrach arb é atá iontu dímheas luathaithe, suas le costas iomlán agus láithreach (103), ar chostais arna dtabhú chun sócmhainní incháilithe a éadáil nó a léasú. |
|
(182) |
Is táirgí deiridh dá dtagraítear i bpointe (160)(a) na sócmhainní incháilithe uile. |
|
(183) |
Ní mór do na sócmhainní incháilithe na coinníollacha uile seo a leanas a chomhlíonadh:
|
|
(184) |
Ní mór éadáil nó léasú na sócmhainní incháilithe a dhéanamh,agus ní mór tús a chur leis an dímheas luathaithe, tráth nach déanaí ná dáta éaga na Teachtaireachta seo mar a shainmhínítear i bpointe (216). |
|
(185) |
Pointí (38)(a), agus (b) níl feidhm acu maidir le cabhair faoin bhforoinn seo. Is féidir cabhair i bhfoirm dímheas luathaithe a sholáthar sa bhreis ar aon státchabhair eile, nó tacaíocht ó chistí an Aontais a bhainistítear go lárnach, i ndáil leis na costais incháilithe chéanna gan gá a choibhéis deontais chomhláin a ríomh. |
7. SCÉIMEANNA CHUN TACÚ LE TIONSCADAIL SHONRACHA DE CHUID AN CHISTE DON NUÁLAÍOCHT
|
(186) |
I dteannta roinn 4.1, roinn 4.2, ranna 5.1 go 5.3, agus roinn 6.1, tá coinníollacha comhoiriúnachta sonracha sa roinn seo le haghaidh scéimeanna lena dtacaítear le hinfheistíochtaí a ndearnadh measúnú dearfach orthu faoin gCiste don Nuálaíocht (105). Ar choinníoll go gcomhlíonann siad an roinn seo agus roinn 3, measfaidh an Coimisiún, ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, go bhfuil bearta cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, ar bearta iad chun tacú le hinfheistíochtaí chun fuinneamh glan a tháirgeadh agus a stóráil, a leagtar amach i bpointí (48) agus (73), mar aon le hinfheistíochtaí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha dá dtagraítear i bpointí (129) go (132) a laghdú agus infheistíochtaí lena gcruthaítear acmhainneacht mhonaraíochta bhreise a thagann faoi raon feidhme phointe (160) le haghaidh tionscadail ar éirigh leo sa mheastóireacht ar an gCiste don Nuálaíocht agus ar bronnadh ‘Séala Ceannasachta’ orthu dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/795 (106). |
|
(187) |
I ndáil le hinfheistíochtaí i dtáirgeadh agus i stóráil fuinnimh in-athnuaite dá dtagraítear faoi phointe (48) agus arna measúnú faoin roinn seo, tá feidhm ag pointí (49) go (52). |
|
(188) |
I ndáil le hinfheistíochtaí i dtáirgeadh agus i stóráil breoslaí ísealcharbóin dá dtagraítear faoi phointe (73) agus arna measúnú faoin roinn seo, tá feidhm ag pointí (75) agus (76). |
|
(189) |
I ndáil le hinfheistíochtaí lena laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha dá dtagraítear i bpointí (129) go (132) agus arna measúnú faoin roinn seo, tá feidhm ag pointí (138), (141) go (143) agus (145) go (151). |
|
(190) |
I ndáil le hinfheistíochtaí lena gcruthaítear acmhainneacht mhonaraíochta bhreise le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme phointe (160) agus arna measúnú faoin roinn seo, tá feidhm ag pointí (165), (166), (169), (170) agus (172). |
|
(191) |
Ní mór cabhair a dheonú ar bhonn scéime a bhfuil buiséad measta aici. |
|
(192) |
Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna a bhunú lena gcumhdófar ceann amháin nó an dá cheann de na catagóirí tionscadal seo a leanas:
|
|
(193) |
Ní mór scéimeanna a bheith oscailte do gach tionscadal a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa roinn seo agus a thagann faoi cheann amháin nó faoin dá chatagóir dá dtagraítear i bpointe (192) (a) agus (b). Is féidir leis na Ballstáit raon feidhme na scéimeanna sin a theorannú do ghiniúint fuinnimh ghlain, dícharbónú tionsclaíoch nó monaraíocht teicneolaíochta glaine amháin. I bprionsabal, ní féidir leo an scéim a shrianadh ar earnáil ar leith nó ar theicneolaíocht shonrach. Ní mór do na Ballstáit a fhéachann le hincháilitheacht na scéime a theorannú d’earnálacha nó teicneolaíochtaí áirithe (i) údar a thabhairt le hincháilitheacht theoranta den sórt sin bunaithe ar bhreithnithe oibiachtúla, agus (ii) a léiriú nach n-eisiatar go míchuí leis an scéim réitigh atá níos neamhdhíobhálaí don aeráid agus don chomhshaol. |
|
(194) |
Is féidir le scéimeanna na tionscadail a eascraíonn as glao amháin nó roinnt glaonna atá le teacht a chumhdach. Nuair a chumhdaítear leis an scéim na tionscadail a eascraíonn as níos mó ná glao amháin atá ar na bacáin ar thograí faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún, is féidir leis an mBallstát buiséad bliantúil a leithdháileadh in aghaidh an ghlao ar an gCiste don Nuálaíocht nó tacaíocht a fhorchoimeád ar chéatadán áirithe de na tionscadail ar éirigh leo i meastóireacht an Chiste don Nuálaíocht agus ar bronnadh Séala Ceannasachta orthu ó gach glao. Agus cabhair á leithdháileadh ar thionscadail atá incháilithe faoin scéim194), ní mór do na Ballstáit an rangú a leagtar síos chun tionscadail a roghnú tar éis glao ar thogra faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún a leanúint. |
|
(195) |
Ní féidir cabhair a dheonú ach amháin i bhfoirm deontais dhíreacha, airleacain in-aisíoctha, iasachtaí, ráthaíochtaí nó buntáistí cánach. |
|
(196) |
Agus scéim cabhrach á cur i bhfeidhm faoin roinn seo, ní mór don Bhallstát, (i) maidir le hinfheistíochtaí i dtáirgeadh agus i stóráil fuinnimh ghlain dá dtagraítear i bpointí (187) agus (188) chomh maith le hinfheistíochtaí lena laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha dá dtagraítear i bpointe (189), ceann amháin de na modheolaíochtaí malartacha a roghnú i dtaca leis an méid cabhrach a thuairiscítear i bpointí (154) go (158); (ii) maidir le hinfheistíochtaí lena gcruthaítear acmhainneacht mhonaraíochta bhreise dá dtagraítear i bpointe (190), a áirithiú go n-urramófar na huasdéiní cabhrach agus na huasmhéideanna cabhrach mar a leagtar síos i bpointí (167) agus (168). |
|
(197) |
Maidir le tionscadail dá dtagraítear faoi phointe (192)(a), mar rogha mhalartach ar phointe (196), féadfaidh na Ballstáit méid na cabhrach a shuí freisin le haghaidh infheistíochtaí lena laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha agus le haghaidh infheistíochtaí i dtáirgeadh agus i stóráil fuinnimh ghlain i gcomhréir leis an modh i dtaca leis an gcistiú uasta a ríomh mar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 arna chomhlánú le meicníocht aisghlámtha éifeachtach lena n-áirítear na gnéithe a leagtar síos i bpointe (199). |
|
(198) |
I gcás infheistíochtaí lena gcruthaítear acmhainneacht mhonaraíochta bhreise le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme phointe (160), ar choinníoll go meastar go bhfuil scór an tionscadail maidir le Méid na Nuálaíochta faoin gCiste don Nuálaíocht láidir, agus suas go dtí na huasteorainneacha cabhrach mar a leagtar síos i bpointe (200), mar rogha mhalartach ar phointe (196), féadfaidh na Ballstáit an chabhair a shuí freisin i gcomhréir leis an modh i dtaca leis an gcistiú uasta a ríomh mar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 arna chomhlánú le meicníocht aisghlámtha éifeachtach lena n-áirítear na gnéithe a leagtar síos i bpointe (199). |
|
(199) |
Ní mór na gnéithe uile seo a leanas a bheith san áireamh sa mheicníocht aisghlámtha:
|
|
(200) |
Maidir le cur i bhfeidhm phointe (198), i gcás ina ndéantar an tionscadal infheistíochta lasmuigh de limistéir fhóirithinte, ní fhéadfaidh déine na cabhrach dul thar 25 % de na costais incháilithe agus ní fhéadfaidh méid na cabhrach dul thar EUR 150 milliún in aghaidh an tionscadail. I gcás ina ndéantar an tionscadal infheistíochta i limistéar fóirithinte faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, ní fhéadfaidh an déine cabhrach dul thar 40 % de na costais incháilithe agus ní fhéadfaidh méid na cabhrach dul thar EUR 200 milliún in aghaidh an tionscadail. I gcás ina ndéantar an tionscadal infheistíochta i limistéar fóirithinte faoi Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh, ní fhéadfaidh an déine cabhrach dul thar 55 % de na costais incháilithe agus ní fhéadfaidh méid na cabhrach dul thar EUR 350 milliún in aghaidh an tionscadail (107). I gcás infheistíochtaí arna ndéanamh ag fiontair bheaga, is féidir na déiní cabhrach sin a mhéadú tuilleadh 20 pointe céatadáin agus i gcás na n-infheistíochtaí sin arna ndéanamh ag fiontair mheánmhéide, is féidir na déiní cabhrach sin a mhéadú tuilleadh 10 bpointe céatadáin. |
8. CABHAIR CHUN RIOSCAÍ INFHEISTÍOCHTAÍ PRÍOBHÁIDEACHA A BHAINEANN LE CUSPÓIRÍ AN CHOMHAONTAITHE MAIDIR LE TIONSCLAÍOCHT GHLAN A LAGHDÚ
|
(201) |
Sa bhreis ar na bearta a dtugtar tuairisc orthu i ranna 4 go 7, is féidir leis na Ballstáit rogha a dhéanamh i dtaca le hinfheisteoirí príobháideacha a dhreasú chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail (108) faoi raon feidhme ranna 4.1, 4.2, 4.3, 5 agus 6 (109), i mbonneagar fuinnimh faoi chuimsiú monaplacht dhlíthiúil nó a ritear faoi mhonaplacht nádúrtha (110), nó i dtionscadail a thacaíonn leis an ngeilleagar ciorclach (111). |
|
(202) |
Measfaidh an Coimisiún a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, scéimeanna cabhrach chun rioscaí infheistíochtaí príobháideacha i bpunanna tionscadal incháilithe a laghdú, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha comhoiriúnachta sa roinn seo agus i roinn 3. |
|
(203) |
Deonaítear cabhair ar bhonn scéime chun infheisteoirí príobháideacha a dhreasú infheistíocht a dhéanamh i bpunanna tionscadal incháilithe laistigh de raon feidhme na roinne seo mar a shainmhínítear i bpointe (201). |
|
(204) |
Tá an chabhair i bhfoirm cothromais, iasachtaí (lena n-áirítear iasachtaí fo-ordaithe) agus/nó ráthaíochtaí arna soláthar do chiste tiomnaithe nó do mheán sainchuspóireach (MSC) a mbeidh punann na dtionscadal incháilithe ina seilbh aige. Tá sé d’aidhm ag an gcabhair dreasachtaí riosca agus/nó toraidh a bhaint amach d’infheisteoirí príobháideacha chun infheistíocht a dhéanamh sa chiste nó sa mheán sainchuspóireach sin, amhail i bhfoirm ráthaíochtaí le ráthaíocht céadchaillteanais (frithchaillteanais) nó infheistíochtaí cothromais le haicmí éagsúla scaireanna i gcás ina leithdháiltear torthaí infheistíochta ar dtús ar aicme scaireanna infheisteoirí príobháideacha agus, os cionn leibhéal toraidh sainithe, ar aicme scaireanna an Bhallstáit freisin. Ní mór gan fad iasachta nó ráthaíochta ar ionstraimí fiachais a bheith níos faide ná fiche bliain san iomlán agus i gcás ráthaíochtaí, ní mór gan é a bheith níos faide in aon chás ná aibíocht na bunionstraime fiachais. Tá baint chonarthach ag slógadh na ráthaíochta le coinníollacha sonracha a d’fhéadfadh dul chomh fada le dearbhú éigeantach féimheachta an ghnóthais is tairbhí, nó le haon nós imeachta comhchosúil. Ní mór na coinníollacha sin a chomhaontú idir na páirtithe nuair a dheonaítear an ráthaíocht ar dtús. I gcás ráthaíochtaí a sholáthraítear le haghaidh infheistíochtaí cothromais agus/nó cuasachothromais punainne, ní féidir caillteanais incháilithe a chumhdach leis an ráthaíocht ach amháin an tráth a dhéantar an ciste nó an meán sainchuspóireach a dhíscaoileadh agus a dhéantar gach infheistíocht phunainne a dhífheistiú ar théarmaí margaidh. |
|
(205) |
D’fhéadfadh na hinfheistíochtaí ón gciste nó ón meán sainchuspóireach i dtionscadail incháilithe a bheith i bhfoirm cothromais nua-eisithe, cuasachothromais, iasachtaí (lena n-áirítear iasachtaí fo-ordaithe), ionstraimí fiachais agus ráthaíochtaí. Ní féidir le huasmhéid ainmniúil infheistíochta in aghaidh an tionscadail aonair a bheith níos mó ná EUR 250 milliún. Ní mór gan níos mó ná 25 % de mhéid maoiniúcháin iomlán an chiste nó an MSC a bheith i gceist leis an infheistíocht a dhéantar i dtionscadal aonair tráth an dúnta. Is féidir cabhair faoin roinn seo a charnadh le cabhair faoi na ranna eile den Teachtaireacht seo agus le haon státchabhair le haghaidh an tionscadail chéanna. |
|
(206) |
Ní mór do na Ballstáit scéimeanna cabhrach chun feidhme faoin roinn seo trí idirghabhálaí airgeadais nó trí eintiteas iontaoibhe. Ní mór do luach saothair an idirghabhálaí airgeadais nó an eintitis iontaoibhe a bheith i gcomhréir le cleachtais an mhargaidh. Toimhdítear go gcomhlíontar an coinníoll sin i gcás idirghabhálaithe airgeadais a roghnaítear trí nós imeachta roghnúcháin oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Ní mór do na hidirghabhálaithe airgeadais cuid de na rioscaí infheistíochtaí a chomhroinnt trína n-acmhainní dílse a chomh-infheistiú ar bhealach leordhóthanach nó trí íocaíocht mhór nasctha le feidhmíocht a fháil, chun a áirithiú go n-ailíneofar a leasanna go buan le leasanna an Bhallstáit. |
|
(207) |
Ní mór do na Ballstáit, nó dá n-eintiteas iontaoibhe, gealltanas a thabhairt tabhairt faoi phróiseas díchill chuí chun straitéis fhónta infheistíochta a áirithiú, a bheidh le sainiú ag an idirghabhálaí airgeadais laistigh de theorainneacha shainordú an Bhallstáit, don phunann infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (204), le beartas iomchuí éagsúlaithe riosca arb é is aidhm dó inmharthanacht eacnamaíoch a bhaint amach agus deiseanna infheistíochta fadtéarmacha a sholáthar do na hinfheisteoirí príobháideacha. Beidh an t-idirghabhálaí airgeadais nó an t-eintiteas iontaoibhe freagrach as an straitéis sin a chur chun feidhme agus roghnóidh sé na tionscadail incháilithe agus na hinfheisteoirí. I gcás gach infheistíochta cothromais agus cuasachothromais, ní mór an roghnú a bheith bunaithe, i measc nithe eile, ar chás scoir soiléir réalaíoch. I gcás infheistíochtaí cothromais, socróidh an t-idirghabhálaí airgeadais nó an t-eintiteas iontaoibhe an spriocthoradh ar an infheistíocht punainne lena gcinntear leithdháileadh an toraidh (mar a leagtar amach i bpointe (209)(b)). Ní mór don idirghabhálaí airgeadais nó don eintiteas iontaoibhe a áirithiú nach sáróidh an maoiniú a sholáthraítear do na tionscadail infheistíochta costais na dtionscadal infheistíochta, agus maoiniú geallta eile ó aon fhoinse á chur san áireamh. |
|
(208) |
Measann an Coimisiún go bhfuil cabhair d’infheisteoirí príobháideacha teoranta don íosmhéid is gá nuair a roghnaítear na hinfheisteoirí príobháideacha le haghaidh infheistíochtaí i bpunann trí nós imeachta roghnúcháin oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a eagraítear i gcomhréir le dlíthe an Aontais agus na dlíthe náisiúnta is infheidhme, leagann sé amach go soiléir na cuspóirí beartais atá le saothrú leis an infheistíocht agus tá sé dírithe ar shocruithe comhroinnte riosca-luaíochta iomchuí a bhunú. |
|
(209) |
Mura roghnaítear infheisteoirí príobháideacha trí nós imeachta roghnúcháin oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, measann an Coimisiún go bhfuil cabhair d’infheisteoirí príobháideacha teoranta don íosmhéid is gá sna cásanna seo a leanas:
|
|
(210) |
Agus iarratas á dhéanamh ag infheisteoirí príobháideacha ar chabhair faoi scéim arna bunú faoin roinn seo, beidh orthu a straitéis infheistíochta a chur i láthair an eintitis iontaoibhe nó an idirghabhálaí airgeadais, lena n-áirítear (i) an phróifíl riosca/toraidh atá beartaithe acu dá n-infheistíocht, agus (ii) na coimircí atá i bhfeidhm acu chun aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint (go háirithe maidir le hinfheistíochtaí a dhéanann cuideachtaí i dtionscadail ina bhfuil leas neamhdhiomaibhseach nó neamhchosaint roimh ré ag an infheisteoir/na hinfheisteoirí cheana féin). Ní mór nach dtairbheoidh na hinfheisteoirí príobháideacha d’aon státchabhair eile de thoradh a n-infheistíocht sa chiste nó MSC. |
|
(211) |
I bhfianaise na gcoimircí feidhmiúla atá sa roinn seo, agus go háirithe i bpointí (204), (206) agus (207), chun a áirithiú nach dtacófar ach le tionscadail inmharthana, níl feidhm ag eisiamh foirmiúil gnóthas atá i gcruachás i bpointe (28) maidir le cabhair faoin roinn seo. |
9. TRÉDHEARCACHT, FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ
|
(212) |
Ní mór do na Ballstáit faisnéis ábhartha maidir le gach cabhair aonair os cionn EUR 100 000 (112) a dheonaítear faoin Teachtaireacht seo a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin cuimsitheach maidir le státchabhair nó ar uirlis TF an Choimisiúin (113) laistigh de 6 mhí ó thráth an deonaithe, nó i gcás cabhair i bhfoirm buntáiste cánach, laistigh de 1 bhliain amháin ón dáta atá an dearbhú cánach dlite. |
|
(213) |
Ní mór do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin (114). |
|
(214) |
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcoimeádfar taifid mhionsonraithe maidir le cabhair a dheonú dá bhforáiltear sa Teachtaireacht seo. Maidir leis na taifid sin, ina mbeidh an fhaisnéis uile is gá chun a shuíomh gur comhlíonadh na coinníollacha is gá, ní mór iad a choimeád ar feadh 10 mbliana tar éis don chabhair a bheith deonaithe agus ní mór iad a chur ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó. |
|
(215) |
Is féidir leis an gCoimisiún faisnéis bhreise a iarraidh maidir leis an gcabhair a deonaíodh, go háirithe lena fhíorú ar comhlíonadh na coinníollacha a leagadh síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasadh an beart cabhrach. |
10. FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
(216) |
Cuireann an Coimisiún an Teachtaireacht seo i bhfeidhm ón 25 Meitheamh 2025. Cuireann an Coimisiún an Teachtaireacht seo i bhfeidhm maidir le gach beart ar tugadh fógra ina leith ón dáta glactha, chomh maith le bearta ar tugadh fógra ina leith roimh an dáta sin, lena n-áirítear faoin gcreat sealadach géarchéime agus aistrithe. Cuirfidh an Coimisiún an Teachtaireacht seo i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2030. |
|
(217) |
I gcomhréir leis an bhFógra ón gCoimisiún i dtaca leis na rialacha is infheidhme a chinneadh, ar rialacha iad maidir le measúnú a dhéanamh ar státchabhair neamhdhleathach (115), cuirfidh an Coimisiún an Teachtaireacht seo i bhfeidhm maidir le cabhair nár tugadh fógra fúithi más rud é gur deonaíodh an chabhair an 25 Meitheamh 2025 nó ina dhiaidh sin, agus na rialacha a bhí i bhfeidhm tráth a deonaíodh an chabhair i ngach cás eile. |
|
(218) |
Tagann an Teachtaireacht seo in ionad an chreata sealadaigh géarchéime agus aistrithe, a tharraingítear siar le héifeacht ó dháta glactha na Teachtaireachta seo. |
(1) COM(2025) 85 final.
(2) Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú (IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj).
(3) Féach an Fógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 262, 19.7.2016, lch. 1) (‘Fógra maidir le coincheap na cabhrach’), roinn 5.
(4) Má infheistíonn údarás poiblí ar théarmaí margaidh (mar shampla bunaithe ar théarmaí pari passu in éineacht le hinfheisteoirí príobháideacha nó i gcás ina mbunaítear comhréireacht mhargaidh bunaithe ar ionstraimí eile amhail tagarmharcáil), níl Státchabhair sna hionstraimí de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh. Féach an Fógra maidir le coincheap na cabhrach, roinn 4.2.3.
(5) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187 26.6.2014, lch. 1) (‘an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine’).
(6) Treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (IO C 80, 18.2.2022, lch. 1).
(7) Treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach (IO C 153, 29.4.2021, lch. 1).
(8) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine (IO C 101, 17.3.2023, lch. 3), arna leasú le Teachtaireachtaí C(2023)8045 ón gCoimisiún (IO C, C/1188, 21.11.2023, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=OJ:C_202301188) agus C(2024)3123 (IO C, C/3113, 2.5.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=OJ:C_202403113). Cuireadh an Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe seo in ionad an Chreata Shealadaigh Géarchéime a glacadh an 28 Deireadh Fómhair 2022 (IO C 426, 9.11.2022, lch. 1), (‘Creat Sealadach Géarchéime’), a cuireadh in ionad an Chreata Shealadaigh Géarchéime a glacadh roimhe sin an 23 Márta 2022 (IO C 131I, 24.3.2022, lch. 1), arna leasú an 20 Iúil 2022 (IO C 280, 21.7.2022, lch. 1). Tarraingíodh siar an Creat Sealadach Géarchéime le héifeacht ón 9 Márta 2023.
(9) Féach mar shampla na cinntí a ghlac an Coimisiún sna cásanna SA.58207 – An tSeicia, Tacaíocht do Dukovany II (IO L 2025 429 12.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/429/oj); agus SA.106107 – An Bheilg, Leathnú saolré dhá imoibreoir núicléacha (nár foilsíodh fós).
(10) Fógra ón gCoimisiún maidir le Plean Gníomhaíochta Tionsclaíoch um an tionscal gluaisteán Eorpach (COM(2025) 95 final), 5.3.2025.
(11) Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54) (‘an Rialachán Leictreachais’).
(12) Measann an Coimisiún go gciallaíonn sé sin 6 seachtaine roimh ré ar a laghad de ghnáth mura féidir údar a thabhairt le tréimhse ama níos giorra bunaithe ar imthosca sonracha birt.
(13) Ní mór an buiséad nó an méid a thairgtear a shocrú chun a áirithiú go mbeidh an próiseas tairisceana iomaíoch. Ní mór don Bhallstát cruthúnas a thabhairt faoin inchreidteacht go mbeidh an buiséad nó an méid a chuirfear amach ar tairiscint níos ísle ná tairiscint fhéideartha na dtionscadal. Féadfar sin a dhéanamh le tagairt do phróisis tairisceana iomaíocha inchomparáide roimhe seo, do spriocanna teicneolaíochta sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, nó trí shásra coimirce a thabhairt isteach i gcás riosca tairiscintí gann-suibscríofa ina mbeartaítear roinnt próiseas tairisceana iomaíoch faoin mbeart. I gcás próisis tairisceana iomaíocha a bhíonn gann-suibscríofa arís agus arís eile, ní mór don Bhallstát leigheasanna a thabhairt isteach le haghaidh na scéimeanna céanna nó aon scéim amach anseo a chuireann sé in iúl don Choimisiún maidir leis an teicneolaíocht chéanna nó na tionscadail chéanna.
(14) IO L 94, 28.3.2014, lch. 65.
(15) IO L 347, 20.12.2013, lch. 320.
(16) IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.
(17) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(18) Ní mór gach costas agus tairbhe ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear mar shampla costais riaracháin, costais iompair, costais oiliúna nach gcumhdaítear le cabhair oiliúna agus difríochtaí pá. Mar sin féin, má tá an suíomh malartach in LEE, ní féidir fóirdheontais san áit sin a chur san áireamh.
(19) Tá an ráta tagartha a úsáidtear mar ráta lascaine cothrom leis an mbonnráta arna mhéadú faoi chorrlach seasta 100 bonnphointe. Féach Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú an mhodha chun na rátaí tagartha agus lascaine a shocrú (IO C 14, 19.1.2008, lch. 6).
(20) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú) (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(21) IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.
(22) Is féidir leis an iarratas ar chabhair a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear mar shampla tairiscint i bpróiseas tairisceana iomaíoch. Ní mór ainm an iarratasóra, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear suíomh an tionscadail nó na gníomhaíochta i gcás inarb ábhartha, agus an méid cabhrach is gá chun é a dhéanamh a bheith san áireamh ar a laghad in aon iarratas. Chun amhras a sheachaint, is féidir iarratas den sórt sin ar chabhair a dhéanamh roimh an Teachtaireacht seo.
(23) Chun feidhmiú éifeachtúil na margaí leictreachais a chaomhnú, ní mór na bearta cabhrach sin a dheonú trí phróiseas tairisceana iomaíoch, lena n-áirithítear go mbeidh éifeacht dreasachta ag an gcabhair.
(24) Ciallaíonn ‘caighdeán an Aontais’ caighdeán de chuid an Aontais de réir bhrí phointe 19(89) CEEAG.
(25) Féach Moladh ón gCoimisiún (AE) an 14 Iúil 2020 maidir le tacaíocht airgeadais Stáit do ghnóthais san Aontas a dhéanamh coinníollach ar easpa nasc le dlínsí neamh-chomhoibríocha (IO L 227, 16.7.2020, lch. 76).
(26) De réir bhrí na dTreoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1).
(27) Ní féidir baint a bheith ag an gcabhair le laghdú cánacha ná tobhach lena léirítear na costais fhíor-riachtanacha a bhaineann le fuinneamh nó seirbhísí gaolmhara a sholáthar (muirir ghréasáin nó muirir lena maoinítear sásraí acmhainneachta, mar shampla).
(28) Fógra ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 87 agus 88 de Chonradh CE maidir le Státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí (IO C 155, 20.06.2008, lch. 10).
(29) Féach breithiúnas na Cúirte Céadchéime an 13 Meán Fómhair 1995, TWD Textilwerke Deggendorf GmbH v. an Coimisiún, Cásanna Uamtha T-244/93 agus T-486/93, ECLI:AE:T:1995:160.
(30) Cabhair a dheonaíonn na Ballstáit do ghnóthais faoin Teachtaireacht seo, cabhair a sheoltar trí institiúidí creidmheasa mar idirghabhálaithe airgeadais, ní mór di dul chun tairbhe na ngnóthas sin go díreach. Féadfaidh sí buntáiste neamhdhíreach a bhronnadh ar na hidirghabhálaithe airgeadais, áfach. Mar sin féin, faoi na coimircí dá bhforáiltear faoi phointe (34) (a) agus faoi phointe (b), níl sé de chuspóir ag na buntáistí neamhdhíreacha sin inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht na n-institiúidí creidmheasa a chaomhnú ná a athbhunú. Dá thoradh sin, ní cháileofaí an chabhair sin mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách faoi Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc) ná faoi Rialachán (AE) 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán an tSásra Réitigh Aonair), agus ní mheasúnófaí í faoi na rialacha maidir le Státchabhair is infheidhme i leith na hearnála baincéireachta.
(31) Maidir le cabhair a dheonaítear faoi roinn 8, tá an coinníoll sin faoi réir na gcoinníollacha sonracha atá sa roinn sin.
(32) Áirítear le Státchabhair gan costais incháilithe in-sainaitheanta Státchabhair a dhíolmhaítear faoi Airteagail 19b, 20a, 21, 21a, 22 nó 23, Airteagal 56e(5), pointe (a) (ii), (iii) nó (iv), Airteagal 56e(10) agus Airteagal 56f den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine.
(33) Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (36), de Threoir (AE) 2018/2001.
(34) Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation) (IO L, 2023/2405 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2405/oj).
(35) Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 48.).
(36) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne Leas a bhaint as fíorluach ár nAontais Fuinnimh chun fuinneamh glan éifeachtúil inacmhainne a sholáthar do mhuintir uile na hEorpa, COM/2025/79 final.
(37) Ciallaíonn stóráil leictreachais úsáid deiridh leictreachais a chur siar go dtí tráth níos déanaí ná an uair a gineadh é, nó fuinneamh leictreach a thiontú go cineál fuinnimh is féidir a stóráil, stóráil fuinnimh den sórt sin, agus fuinneamh den sórt sin a thiontú ar ais ina dhiaidh sin go fuinneamh leictreach.
(38) Ciallaíonn teirmeastóráil úsáid deiridh fuinnimh theirmigh a chur siar go dtí tráth níos déanaí ná an uair a gineadh é, nó fuinneamh leictreach nó teirmeach a thiontú go cineál fuinnimh is féidir a stóráil, stóráil fuinnimh den sórt sin, agus, i gcás inarb iomchuí, fuinneamh den sórt sin a thiontú nó a thiontú ar ais ina dhiaidh sin go fuinneamh teirmeach lena úsáid chríochnaitheach (i.e. téamh nó fuarú).
(39) Infheistíochtaí lena dtáirgtear breoslaí ísealcharbóin mar aon le RFNBOnna, féadfar iad a chumhdach faoin roinn seo mura sáraíonn an sciar de bhreoslaí ísealcharbóin a tháirgtear 20 % den aschur iomlán.
(40) Ciallaíonn ‘athchumhachtú’ gléasraí cumhachta a tháirgeann fuinneamh in-athnuaite a athnuachan, sin agus suiteálacha a stórálann fuinneamh den sórt sin, lena n-áirítear athsholáthar páirteach nó iomlán a dhéanamh ar shuiteálacha nó ar chórais agus ar threalamh oibríochta ar mhaithe leis an acmhainneacht a athsholáthar nó éifeachtúlacht nó acmhainneacht na suiteála a mhéadú.
(41) Féadfar pionóis a tharscaoileadh i gcásanna inar tosca nach bhfuil neart ag tairbhí na cabhrach orthu is cúis leis an moill, tosca nach bhféadfaí a thuar go réasúnach tráth an iarratais ar chabhair.
(42) Ba cheart, i bprionsabal, próiseas tairisceana iomaíoch a bheith oscailte do gach tairbhí incháilithe. Mar sin féin, is féidir an próiseas tairisceana a theorannú do chatagóir shonrach tairbhí amháin nó níos mó i gcás ina soláthraítear fianaise, lena léirítear go bhfuil difríocht níos mó ná 10 % idir na leibhéil tairisceana a bhfuiltear ag súil go dtairgfidh catagóirí éagsúla tairbhithe; sa chás sin, féadfar próisis tairisceana iomaíocha ar leithligh a úsáid ionas go mbeidh catagóirí tairbhithe a bhfuil costais chomhchosúla acu in iomaíocht le chéile.
(43) Mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe (24) den Rialachán Leictreachais.
(44) Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16), de Threoir (AE) 2018/2001.
(45) Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/944.
(46) Le scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh, cuirtear chun cinn leathadh amach infheistíochtaí i nginiúint agus i stóráil fuinnimh trí íocaíocht airgeadaíochta sheasta nó athraitheach a sholáthar do thairbhithe cabhrach a bhraitheann go díreach ar chainníocht an fhuinnimh a tháirgtear agus/nó a stóráiltear, ar féidir í a shocrú de réir an aschuir iarbhír nó thagartha.
(47) Ciallaíonn conradh difríochta dhá threo’ conradh idir oibreoir saoráide giniúna cumhachta agus contrapháirt, eintiteas poiblí de ghnáth, a sholáthraíonn cosaint íosluacha saothair agus teorainn ar luach saothair breise araon. Ní mór an conradh a dhearadh chun dreasachtaí a chaomhnú sa chaoi go n-oibreoidh an tsaoráid ghiniúna agus go nglacfaidh sí páirt éifeachtúil sna margaí fuinnimh.
(48) Ní mór teorainn 25 bliain a chur leis na híocaíochtaí tacaíochta faoin gconradh ach tá sé de shaoirse ag na Ballstáit a cheangal ar shuiteálacha leanúint d’íocaíochtaí a dhéanamh faoi na conarthaí fad a leanfaidh an tsaoráid dá dtugtar tacaíocht de bheith ag feidhmiú.
(49) Féach fonóta 42.
(50) Mar shampla, i gcás ina ndeonaítear cabhair i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo, ní mór don údarás rialála neamhspleách inniúil an praghas ceangail a shocrú chun na costais incháilithe a chumhdach.
(51) Is féidir le suiteálacha leictreachais in-athnuaite ar mhionscála agus tionscadail taispeántais tairbhe a bhaint as tacaíocht praghais dhíreach lena gcumhdaítear costais iomlána na hoibríochta agus nach gceanglaítear orthu a gcuid leictreachais a dhíol ar an margadh, i gcomhréir leis an díolúine in Airteagal 4(3) de Threoir (AE) 2018/2001. Measfar suiteálacha a bheith ar mhionscála má tá a n-acmhainneacht faoi bhun na tairsí is infheidhme in Airteagal 5 den Rialachán Leictreachais. Sainmhínítear taisealbhadh in Airteagal 2 pointe (24) den Rialachán ón gComhairle.
(52) Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/73/CE (athmhúnlú) (IO L, 2024/1788, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj).
(53) Féach fonóta 39 freisin.
(54) Féadfar pionóis a tharscaoileadh i gcásanna inar tosca nach bhfuil neart ag tairbhí na cabhrach orthu is cúis leis an moill, tosca nach bhféadfaí a thuar go réasúnach tráth an iarratais ar chabhair.
(55) Féach fonóta 42.
(56) Féach fonóta 42.
(57) I gcás ina sáraítear an tairseach sin, ní mór gan cabhair a íoc as céatadán de thoirt na mbreoslaí ísealcharbóin a tháirgtear atá cothrom le céatadán na n-uaireanta a chloig a sháraíonn an tairseach sin.
(58) Solúbthachtaí neamhiontaise amhail freagairt don éileamh ar leictreachas agus stóráil leictreachais, nach mbraitheann ar bhreosla iontaise a úsáid mar phríomhfhoinse fuinnimh fuinnimh agus a rannchuidíonn le haghaidh a thabhairt ar riachtanais solúbthachta leictreachais.
(59) Tá an méid sin gan dochar don mheasúnú ar bhearta solúbthachta eile faoi CEEAG.
(60) Ciallaíonn sé sin gur cheart do na húdaráis náisiúnta cuspóir a leagan síos le haghaidh riachtanais solúbthachta agus riachtanais sásra acmhainneachta araon a bheidh le soláthar le linn an cheant chomhoptamaithe chéanna. Soláthraíonn rannpháirtithe a rannchuidiú leis na riachtanais solúbthachta agus leis an sásra acmhainneachta araon agus tairgeann siad praghas iomlán chun an dá sheirbhís a sholáthar, nó rogha tairiscintí. Ba cheart an mhodheolaíocht roghnúcháin a bheith de chineál lena n-íoslaghdaítear an costas iomlán a bhaineann leis na riachtanais solúbthachta agus riachtanais an tsásra acmhainneachta araon a chomhlíonadh, i.e. ní féidir le roghanna malartacha tairbhithe riachtanais solúbthachta agus riachtanais sásra acmhainneachta araon a bhaint amach ar chostas níos ísle.
(61) Is féidir an méid solúbthachta sin a bhunú ar chuspóir náisiúnta táscach maidir le solúbthacht neamh-iontaise mar a shainmhínítear in Airteagal 19f den Rialachán Leictreachais nó ar chuspóirí náisiúnta táscacha sealadacha go dtí go gceadófar é sin le hAirteagal 19f den Rialachán Leictreachais.
(62) Ba cheart aghaidh a thabhairt, trí thosca dírátála, ar thosaíocht suímh, íosluas maidir le géarú/maolú, agus íosfhad gníomhachtúcháin. Is éard is dírátáil ann coigeartú ar thoilleadh suiteáilte acmhainne acmhainneachta chun a rannchuidiú leis an riachtanas solúbthachta a shainaithint (lena léirítear an rannchuidiú éagsúil a thugann teicneolaíochtaí éagsúla don riachtanas a sainaithníodh). Beidh an ríomh sin bunaithe ar na sonraí a úsáideadh chun an riachtanas solúbthachta a fháil amach agus tabharfar cothrom le dáta é gach 2 bhliain ar a laghad agus déanfaidh an tÚdarás Rialála Náisiúnta é a fhormheas. Ní mór fachtóirí dírátála a ríomh maidir le gach acmhainn atá in ann a haschur a sholáthar go leanúnach ar feadh uair an chloig ar a laghad.
(63) An chaoi a bhféadfadh an beart difear a dhéanamh do phraghasmhúnlú an mhargaidh (i gcomparáid le staid fhrithfhíorasach gan an beart cabhrach) agus aon tionchar ar acmhainní atá ann cheana i gcás ina bhfuil an beart teoranta d’infheistíochtaí nua amháin, agus d’acmhainní eachtracha freisin i gcás ina bhfuil an beart teoranta d’acmhainní náisiúnta amháin, ní thiocfadh sé faoin raon feidhme ‘saobhadh míchuí’.
(64) Tagairt is ea praghas don phraghas lá roimh ré, nó do phraghas margaidh mórdhíola nó praghas socraíochta éagothroime níos gaire don am i láthair. Chun áireamh dúbailte a sheachaint, i gcás ina mbíonn freagairt don éileamh agus acmhainní taobh thiar den mhéadar rannpháirteach go díreach sa scéim solúbthachta neamh-iontaise, ní mór dóibh a bheith faoi réir na muirear sin freisin ar aon leictreachas nach dtomhlaítear faoi oibleagáidí seachadta sa scéim solúbthachta.
(65) Chun áireamh dúbailte a sheachaint, i gcás ina mbíonn freagairt don éileamh agus acmhainní taobh thiar den mhéadar rannpháirteach go díreach sa scéim solúbthachta neamh-iontaise, ní mór dóibh a bheith faoi réir na muirear sin freisin ar aon leictreachas nach dtomhlaítear faoi oibleagáidí seachadta sa scéim solúbthachta.
(66) A mhéid a rinneadh difear, leis an leasú NACE is déanaí, d’aicmiú staidrimh gníomhaíochta eacnamaíche sonraí de réir cód NACE (Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/137 ón gCoimisiún, IO L 19, 20.1.2023, lch. 5), féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh an t-aicmiú leasaithe a úsáid nó brath ar an aicmiú a bhí i bhfeidhm tráth a glacadh CEEAG.
(67) IO C 317, 25.9.2020, lch. 5.
(68) Is féidir suiteálacha mianadóireachta a bheith i gceist leis sin freisin, cé is moite de shuiteálacha a úsáidtear chun táirgí fuinnimh a eastóscadh.
(69) Ciallaíonn ‘táirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta’ táirgeadh táirgí de bhunús na hithreach agus na feirmeoireachta stoic, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, agus nach gá aon oibríocht eile a dhéanamh orthu lena n-athraítear cineál na dtáirgí sin. Ciallaíonn ‘táirgeadh príomhúil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe’ gach oibríocht a bhaineann le hiascaireacht, tógáil nó saothrú na n-orgánach uisceach, chomh maith le gníomhaíochtaí ar an bhfeirm nó ar bord is gá chun ainmhí nó planda a ullmhú don chéad díol, lena n-áirítear gearradh, filléadú nó reo, agus an chéad díol le hathdhíoltóirí nó le próiseálaithe.
(70) Cumhdaíonn an roinn seo infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí tionsclaíocha scaglann atá tiomnaithe do tháirgeadh táirgí peitriceimiceacha nach bhfeidhmíonn mar bhreoslaí téimh ná breoslaí mótar-iompair.
(71) Dá dtagraítear i bpointe (48)(a), lena n-áirítear táirgeadh RFNBOnna.
(72) Is éard is páirc thionsclaíoch ann láithreán tionsclaíoch atá teoranta go geografach agus ina soláthraítear seirbhísí fóntais áirithe do ghrúpa gnóthas.
(73) Ní mór an measúnú sin a bheith bunaithe ar ionsamhlúcháin inchreidte ex ante a mhéid a bhaineann leis an táirgeadh fuinnimh agus leis an éileamh a bhfuil coinne leis.
(74) Sa chás dá dtagraítear i bpointe (c), ní mór an fuinneamh a úsáid do 80 % ar a laghad de na gníomhaíochtaí tionsclaíocha laistigh den pháirc thionsclaíoch, nó ní mór an teas a úsáid go hiomlán laistigh den pháirc thionsclaíoch i gcás infheistíochtaí i dtáirgeadh teasa trí chomhghiniúint ardéifeachtach.
(75) Eisiatar faoin roinn seo foirmeacha eile cabhrach, is é sin tacaíocht dhíreach chun carbón a laghdú amhail cabhair i bhfoirm Conarthaí Difríochta (Carbóin) agus préimheanna ar sholáthar leictreachais, chomh maith le deimhnithe intrádála. Déanfar measúnú ar chabhair sna foirmeacha sin nó foirmeacha eile de thacaíocht laghdaithe carbóin dhírigh faoi CEEAG.
(76) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle.
(77) Is amhlaidh atá go ginearálta laistigh de 2 bhliain tar éis a theacht i bhfeidhm.
(78) Is féidir gan pionóis a ghearradh i gcásanna nach gcomhlíontar na coinníollacha mar gheall ar thosca nach bhfuil neart ag tairbhí na cabhrach orthu agus nach bhféadfaí a thuar go réasúnach tráth an iarratais ar chabhair.
(79) Maidir le hinfheistíochtaí arna ndéanamh ag cuideachtaí a nochtann pleananna um aistriú corparáideach, áirítear leis sin an ceanglas nach mór don infheistíocht a bheith comhsheasmhach leis an bplean um aistriú corparáideach mar a leagtar amach sa Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (Treoir (AE) 2022/2464 an 14 Nollaig 2022).
(80) Ní mór an leibhéal coigilteas fuinnimh a ríomh ar bhonn tomhaltas fuinnimh deiridh an trealaimh/na dtrealamh.
(81) Meastar gur tionscadail dícharbónaithe iad na hinfheistíochtaí lena mbaineann athrú ar an bhfoinse fuinnimh nó ar an iompróir fuinnimh, mar shampla athrú ó ghual go gás, agus tá siad faoi réir na gceanglas maidir le dícharbónú seachas maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.
(82) Chun críoch an phointe seo, ní mór astaíochtaí gás ceaptha teasa na suiteála a thomhas ar leibhéal na foshuiteála le tagarmharc táirge tionsclaíoch ábhartha maidir le CTA, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8). Chun inchomparáideacht tionscadal a áirithiú, ní mór don Bhallstát modheolaíocht chomhchoiteann a fhorbairt chun coigiltis astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh le haghaidh gníomhaíochtaí nach gcumhdaítear le CTA.
(83) De réir bhrí Roinn 4.4, Treoraíocht an Choimisiúin maidir le Léirmhíniú Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir maidir le CTA, a foilsíodh an 18.3.2010, le fáil ag: https://climate.ec.europa.eu/system/files/2016-11/guidance_interpretation_en.pdf. I gcás earnálacha nach mbaineann le CTA, is féidir an coincheap a chur i bhfeidhm de réir analaí.
(84) Is féidir a mheas go bhfuil infheistíochtaí sa leictriú solúbtha, mar shampla, más féidir tomhaltas leictreachais a oiriúnú ar bhonn comharthaí praghais, nó nuair a dhéantar infheistíochtaí a chomhcheangal le ceanglais maidir le réitigh sholúbthachta a shuiteáil amhail stóráil fuinnimh.
(85) Breoslaí ísealcharbóin mar a shainmhínítear in Airteagal 2(13) de Threoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin agus a gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe.
(86) Ní chumhdaítear infheistíochtaí i suiteálacha iompair, stórála agus úsáide faoin roinn seo. Mar eisceacht air sin, is féidir bonneagar nasctha (chuig eangach) a chumhdach faoin roinn seo ar choinníoll go gcomhlíonann sé pointe (132).
(87) Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.
(88) Féadfar na cuspóirí sin a bhaint amach trí ghás nádúrtha a chomhcheangal le réitigh dhícharbónaithe eile. Meabhraítear go meastar gur tionscadail dícharbónaithe iad na hinfheistíochtaí lena mbaineann athrú ar an bhfoinse fuinnimh nó ar an iompróir fuinnimh agus go bhfuil siad faoi réir na gceanglas maidir le dícharbónú seachas maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (féach fonóta 81).
(89) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(90) Ríomhtar méideanna cabhrach faoin bpointe seo ar bhonn na coibhéise deontais comhláine.
(91) Nuair atá tiontú próiseas táirgthe eile ag an suíomh céanna i gceist leis an tiontú go húsáid hidrigine, beidh feidhm ag déine cabhrach 60 % maidir leis na hinfheistíochtaí breise sin freisin.
(92) Dá dtagraítear i bpointe (48)(a), lena n-áirítear táirgeadh RFNBOnna.
(93) A mhéid a chomhlíonann sé pointe (132).
(94) Chun críoch an phointe sin, féadfar an mheicníocht aisghlámtha a chur i bhfeidhm den chéad uair 5 bliana, agus den uair dheireanach 10 mbliana, tar éis teacht i bhfeidhm an tionscadail ar choinníoll go gcuirfear luach intreach an tionscadail san áireamh i gcur i bhfeidhm deiridh na meicníochta aisghlámtha.
(95) Ciallaíonn ‘tionscadal tagartha’ tionscadal samplach atá ionadaíoch ar mheántionscadal i gcatagóir tairbhithe incháilithe scéime cabhrach.
(96) Ríomhtar méideanna cabhrach faoin bpointe seo ar bhonn na coibhéise deontais comhláine.
(97) Ní mór do na Ballstáit a áirithiú nach rachfar timpeall ar na huasmhéideanna cabhrach sin trí na tionscadail dá dtugtar cabhair a dheighilt go saorga.
(98) Ní hamhlaidh atá, mar shampla, i gcás iasachtaí fóirdheonaithe, iasachtaí cothromais-caipitil poiblí nó rannpháirtíochtaí poiblí nach gcomhlíonann prionsabal an infheisteora sa mhargadh, ráthaíochtaí Stáit ina bhfuil comhchodanna cabhrach, nó tacaíocht phoiblí arna deonú faoi raon feidhme na rialach de minimis. Glacfar le cistiú ó BEI agus/nó CEI (ar a riosca féin agus ó acmhainní dílse) don tionscadal infheistíochta, suas le 12,5 % de na costais incháilithe, mar ranníocaíocht airgeadais chun críoch phointe(169).
(99) I gcás tionscadail ar bronnadh ‘Séala Ceannasachta’ orthu dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/795 faoin gCiste don Nuálaíocht (féach fonóta 106), níl gá leis an bhfíorú sin.
(100) Déanfar an chabhair ar tugadh fógra fúithi (i cibé foirm) agus an fóirdheontas a d’fhéadfadh an tairbhí a fháil go follasach i ndlínse tríú tír lasmuigh de LEE a chur i gcomparáid i dtéarmaí lascainithe.
(101) I bprionsabal, is beag an baol go measfaidh an Coimisiún go bhfuil méideanna cabhrach a sháraíonn na costais infheistíochta caipitil is gá chun an tionscadal a lonnú sa réimse lena mbaineann comhoiriúnach le hAirteagal 107(3) pointe (c), den Chonradh ós rud é nach dócha go mbeidh éifeacht dreasachta ag an gcabhair sin.
(102) An fhianaise dhoiciméadach ábhartha a thacaíonn leis an gcás frithfhíorasach dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Teachtaireacht seo, ní mór dó a bheith inchreidte, i.e. fíorthábhachtach agus ábhartha maidir leis na tosca cinnteoireachta atá forleathan tráth a dhéanann an tairbhí cabhrach cinneadh maidir leis an infheistíocht. Iarrtar ar na Ballstáit fíordhoiciméid oifigiúla bhoird, measúnuithe riosca, lena n-áirítear an measúnú ar rioscaí a bhaineann le suíomh sonrach, tuarascálacha airgeadais, pleananna gnó inmheánacha, tuairimí saineolacha agus staidéir eile a bhaineann leis an tionscadal atá á mheasúnú a cheadú. Ní mór baint chomhaimseartha a bheith ag na doiciméid sin leis an bpróiseas cinnteoireachta a bhaineann leis an infheistíocht nó le suíomh na hinfheistíochta. D’fhéadfadh doiciméid ina bhfuil faisnéis faoi réamhaisnéisí éilimh, réamhaisnéisí costais, réamhaisnéisí airgeadais, doiciméid arna gcur faoi bhráid coiste infheistíochta agus ina ndéantar mionsaothrú ar chásanna infheistíochta, nó ar dhoiciméid arna soláthar do na hinstitiúidí airgeadais, a bheith cuidiúil i dtaca leis seo.
(103) Ní cheadaítear íoc láithreach i gcás sócmhainní atá in-dímheasa thar thréimhse níos faide ná 15 bliana.
(104) Mar sin féin, i gcás sócmhainní a bhfuil gnáththréimhse dímheasa níos lú ná 5 bliana acu, laghdaítear an íostréimhse úsáide go 3 bliana.
(105) Ciste don Nuálaíocht arna bhunú faoi Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(106) Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP). Dámhtar an Séala seo do thionscadail uile an Chiste don Nuálaíocht a ndearnadh measúnú orthu faoin gCiste don Nuálaíocht agus a chomhlíonann na híoscheanglais cháilíochta a leagtar amach i nglao ábhartha ar thograí faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht ( IO L 140, 28.5.2019, lch. 6).
(107) Ní mór do na Ballstáit a áirithiú nach rachfar timpeall ar na huasmhéideanna cabhrach sin trí na tionscadail dá dtugtar cabhair a dheighilt go saorga.
(108) De rogha air sin, is féidir an infheistíocht a dhéanamh i ngnóthas, ar choinníoll go bhfuil méid infheistíochta beartaithe an tionscadail incháilithe níos airde ná 80 % de mheánláimhdeachas bliantúil an ghnóthais sna 5 bliana roimhe sin agus gur FBM é an gnóthas. Nuair is fiontar nuabhunaithe é an gnóthas nach bhfuil cúig chuntas bhliantúla dhúnta aige, ríomhfar an meánláimhdeachas bunaithe ar fhad an ghnóthais a bheith ann tráth an iarratais ar chabhair ón ngnóthas.
(109) Maidir leis na catagóirí tionscadal a thagann faoi raon feidhme na roinne seo, sainaithnítear iad: i gcás roinn 4.1: i bpointí (48) (a) go (c), (51) agus (52); i gcás roinn 4.2: i bpointe (73) (a) agus (b); i gcás roinn 4.3: i bpointe (94) (a) go (d); i gcás roinn 5: in bpointí (129) go (132) agus pointí (138) go (140) (a) agus (b); agus i gcás roinn 6: i bpointe (160) (a) go (c).
(110) Mar a leagtar amach i bpointí 373 go 375 CEEAG.
(111) Tagraíonn sé sin do thionscadail a thagann faoi raon feidhme phointe 220 de CEEAG, cé is moite de thionscadail den chineál dá dtagraítear i bpointí 222-224 de CEEAG.
(112) Ag tagairt don fhaisnéis a cheanglaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 agus d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún. I gcás airleacain inaisíoctha, ráthaíochtaí, iasachtaí, iasachtaí fo-ordaithe agus foirmeacha eile, cuirfear isteach luach ainmniúil na hionstraime foluití in aghaidh an tairbhí. I gcás buntáistí cánach agus íocaíochta, is féidir méid cabhrach na cabhrach aonair a léiriú sna raonta.
(113) Tugann an cuardach poiblí maidir le trédhearcacht na Státchabhrach rochtain ar shonraí maidir le dámhachtain aonair státchabhrach arna soláthar ag Ballstáit i gcomhréir le ceanglais trédhearcachta Eorpacha maidir le Státchabhair agus is féidir teacht orthu ag https://webgate.ec.europa.eu/competition/transparency/public?lang=ga.
(114) Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 93 de Chonradh CE a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Spriocshamhlacha le haghaidh sásraí acmhainneachta
Ionas gur féidir leis an gCoimisiún measúnú agus formheas tapa a dhéanamh ar fhógraí na mBallstát maidir le sásraí acmhainneachta faoi dhlí an Aontais, liostaítear san iarscríbhinn seo na critéir ábhartha chun measúnú comhoiriúnachta a dhéanamh faoin Teachtaireacht seo ar dhá spriocshamhail shonracha den sásra acmhainneachta: cúlchiste straitéiseach agus sásra lárnach ceannaitheora ar fud an mhargaidh. Sainaithnítear critéir a bhaineann leis an sásra acmhainneachta ar fud an mhargaidh le ‘ MW’ agus sainaithnítear critéir a bhaineann leis an tsamhail den chúlchiste straitéiseach le ‘ SR’ . I gcás ina gcomhlíontar na critéir sin, is féidir a mheas go bhfuil sásraí acmhainneachta comhoiriúnach le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus leis na forálacha ábhartha uile a leagtar síos in Airteagail 20 go 27 den Rialachán Leictreachais araon.
I gcás nach gcomhlíontar cuid de na critéir sin, mar shampla i gcás inar mian leis na Ballstáit a bheith ag brath ar Mheasúnuithe Náisiúnta ar Leormhaitheas Acmhainní a d’fhéadfadh i gcásanna áirithe bonn níos beaichte a sholáthar chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le sásraí acmhainneachta agus ar mhéid comhréireach na sásraí sin, d’fhéadfadh sé gur ghá measúnú a dhéanamh ar na bearta ábhartha faoi roinn 4.8 de CEEAG. Measfar go gcuirfidh na critéir san iarscríbhinn seo dlús le measúnú den chineál sin: laistigh d’aon mheasúnú ar shásraí acmhainneachta faoi CEEAG, is féidir glacadh leis go bhfuil comhoiriúnacht ann maidir le haon ghné shonrach de chúltaca straitéiseach nó de shásra acmhainneachta ceannaitheora lárnaigh ar fud an mhargaidh a chomhlíonann na critéir a liostaítear thíos.
|
Riachtanach |
Raon feidhme |
Tuairisc |
|
|
||||||
|
Riachtanas na cabhrach, an éifeacht dreasachta agus comhoiriúnacht le hAirteagal 20(1), Airteagail 21(1), 21(4), 22(1.c), agus Airteagal 23 den Rialachán Leictreachais |
||||||||||
|
1 |
SR, MW |
|
|
☐ |
||||||
|
|
☐ |
||||||||
|
Cliseadh margaidh agus oiriúnacht na cabhrach agus comhoiriúnacht le hAirteagail 20(3-8) agus 21(3) den Rialachán Leictreachais |
||||||||||
|
2 |
SR, MW |
Ní mór tuairim a bheith faighte ag an mBallstát ón gCoimisiún Eorpach tar éis dóibh a bplean athchóirithe margaidh a chur isteach. Má rinneadh moltaí sa tuairim ón gCoimisiún, ní mór don Bhallstát plean athchóirithe margaidh nuashonraithe a bheith foilsithe aige chun na moltaí uile a chur chun feidhme nó ní mór dó gealltanas a thabhairt go bhfoilseoidh sé plean den sórt sin laistigh de 3 mhí ó ghlacadh an chinnidh maidir le státchabhair. |
|
☐ |
||||||
|
3 |
MW |
Ní mór don Bhallstát a dheimhniú go bhfuil measúnú déanta aige ar cé acu atá nó nach bhfuil cúltaca straitéiseach in ann aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní de. |
|
☐ |
||||||
|
Incháilitheacht agus comhoiriúnacht le hAirteagail 22(1), 22(4) agus Airteagal 26 den Rialachán Leictreachais |
||||||||||
|
4 |
SR, MW |
I gcomhréir le pointe (28), ní mór gan an sásra acmhainneachta a bheith oscailte do ghnóthais atá i gcruachás. I gcomhréir le pointe (36), ní mór gan rannpháirtíocht a bheith coinníollach ar athshuíomh, agus cuirfear aon ordú gnóthaithe atá fós gan réiteach san áireamh i gcomhréir le pointe (33). |
|
☐ |
||||||
|
5 |
SR, MW |
Ní mór an sásra acmhainneachta a bheith oscailte do na teicneolaíochtaí, na tairbhithe agus na tionscadail uile a chomhlíonann ceanglais theicniúla agus chomhshaoil atá trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. Níl aon chritéar eile san áireamh. Ní mór gan an t-íosmhéid riachtanach le haghaidh rannpháirtíochta a bheith os cionn 1 MW dírátáilte nó os cionn 1 uair an chloig d’íosfhad seachadta agus ní mór comhiomlánú a cheadú. |
|
☐ |
||||||
|
6 |
SR, MW |
Ní mór do thairbhithe teorainneacha astaíochtaí CO2 den Rialachán Leictreachais a chomhlíonadh. Is féidir leis an mBallstát teorainneacha CO2 níos déine a chur i bhfeidhm, arna ríomh i gcomhréir le modheolaíocht ACER. |
|
☐ |
||||||
|
7 |
SR, MW |
Deimhníonn an Ballstát gur socraíodh tosca dírátála i gcomhréir le critéar 1. Le hiolrú na toisce dírátála ábhartha faoi thoilleadh suiteáilte aonaid amháin, soláthraítear an luach acmhainneachta réamhshocraithe (in MW) atá incháilithe chun bheith rannpháirteach sa sásra acmhainneachta. Ceadaítear do sholáthraithe acmhainneachta aonair imeacht ón toisc dhírátála réamhshocraithe le haghaidh na teicneolaíochta i gceist (suas le 15 % ar a laghad de thoisc dhírátála chaighdeánach na teicneolaíochta sin). Sa chás sin, ní mór do sholáthraithe acmhainneachta glacadh leis go bhféadfaí pionós a ghearradh orthu a bhaineann lena dtoisc dhírátála shaincheaptha. |
|
☐ |
||||||
|
8 |
MW |
Ní mór an sásra acmhainneachta a bheith oscailte do rannpháirtíocht trasteorann i gcomhréir le modheolaíocht ACER (4). Ní mór an uasacmhainneacht iontrála a shocrú bunaithe ar rialacha ACER. |
|
☐ |
||||||
|
Comhréireacht na cabhrach agus comhoiriúnacht le hAirteagail 22(1) agus 22(3) den Rialachán Leictreachais |
||||||||||
|
9 |
SR, MW |
Ba cheart an t-uas-spriocéileamh (5) a chuirtear ar ceant a ríomh bunaithe ar thorthaí chás tagartha lárnach ERAA ionas go mbainfear amach an caighdeán iontaofachta, arna chinneadh faoi mar a shonraítear i gcritéar 1. Ba cheart cuar éilimh a shocrú ionas go laghdófar an t-éileamh go comhréireach más mó na praghsanna sa phróiseas tairisceana iomaíoch ná an costas ar iontráil nua (CONE) a úsáidtear chun an caighdeán iontaofachta a ríomh. Is féidir uasteorainneacha tairisceana a thabhairt isteach. Má úsáidtear uasteorainneacha tairisceana, ní mór dóibh:
|
|
☐ |
||||||
|
10 |
MW |
Ba cheart do phríomhphróiseas tairisceana iomaíoch amháin le haghaidh 75 %-90 % (6) den spriocéileamh measta is gá le haghaidh na fuinneoige seachadta tarlú 4-6 bliana roimh an bhfuinneog seachadta. Is féidir próisis tairisceana iomaíocha coigeartaithe a eagrú níos gaire don seachadadh, agus an t-aga tionscanta chun freagairt don éileamh agus stóráil a fhorbairt á chur san áireamh. |
|
☐ |
||||||
|
11 |
SR |
Níor cheart próisis tairisceana iomaíocha a dhéanamh níos mó ná 1 bhliain amháin roimh an bhfuinneog seachadta. |
|
☐ |
||||||
|
12 |
SR, MW |
Ní mór na rialacha rannpháirtíochta uile agus na ceanglais uile maidir le próiseas tairisceana iomaíoch a fhoilsiú 6 seachtaine ar a laghad roimh an sprioc-am chun tairiscintí a chur isteach. |
|
☐ |
||||||
|
13 |
SR |
Ní mór tairbhithe a shainaithint trí phróiseas tairisceana iomaíoch agus ní mór tairiscintí a rangú de réir a bpraghsanna amháin in aghaidh an aonaid dhírátáilte acmhainneachta atá ar fáil in aghaidh na bliana, agus íocfar an tacaíocht leo de réir na tairisceana tosaigh nó an phraghais imréitigh. |
|
☐ |
||||||
|
14 |
MW |
Ní mór tairbhithe a shainaithint trí phróiseas tairisceana iomaíoch agus ní mór tairiscintí a rangú de réir a bpraghsanna amháin in aghaidh an aonaid dhírátáilte acmhainneachta atá ar fáil in aghaidh na bliana, agus íocfar an tacaíocht leo de réir an phraghais imréitigh (7). |
|
☐ |
||||||
|
15 |
MW |
Ní mór cead a bheith ag tairbhithe a gcomhaontú acmhainneachta a dhíol le soláthraí acmhainne eile, suas le 2 mhí ar a laghad roimh thús na fuinneoige seachadta. |
|
☐ |
||||||
|
16 |
SR |
Ní mór fad 1 bhliain amháin a bheith le comhaontuithe acmhainneachta. |
|
☐ |
||||||
|
17 |
MW |
Ní mór aon fhuinneog seachadta amháin a chumhdach le comhaontuithe acmhainneachta i gcoitinne. I gcás ina dtugann tairbhithe faoi infheistíochtaí caipitil, féadfar comhaontuithe acmhainneachta níos faide a chur ar fáil. Le haghaidh gach 25 000 EUR / MW dírátáilte, féadfar bliain bhreise a thairiscint (8). Ní fhéadfar comhaontuithe acmhainneachta is faide ná 15 bliana a dheonú riamh do shócmhainní giniúna breoslaí iontaise. Sna Ballstáit ina rialaíonn na trí ghineadóir leictreachais is mó sa chríoch, arna gcumhdach ag an sásra acmhainneachta (go díreach nó go hindíreach, go haonarach nó go comhpháirteach), 75 % ar a laghad den toilleadh dírátáilte suiteáilte intíre sa bhliain ina dtarlaíonn an próiseas tairisceana iomaíoch, ní mór comhaontuithe acmhainneachta 10 mbliana ar a laghad a bheith ar fáil do thionscadail a sháraíonn tairseach CAPEX 375 000 EUR/MW dírátáilte. |
|
☐ |
||||||
|
18 |
SR, MW |
Ní mór tréimhse shocraithe aonair suas le 1 bhliain amháin a bheith san fhuinneog seachadta idir an 1 Samhain de bhliain Y go dtí an 31 Deireadh Fómhair den bhliain Y+1. |
|
☐ |
||||||
|
19 |
SR, MW |
Ní mór gach tairbhí a ghníomhachtú (seachadadh nó tástáil) uair amháin ar a laghad in aghaidh na fuinneoige seachadta le fógra <=24 uair an chloig. |
|
☐ |
||||||
|
20 |
SR, MW |
Ní mór pionóis neamh-infhaighteachta a ghearradh ar thairbhithe i gcás nach mbeidh siad ar fáil le linn tréimhse seachadta (9) nó tástála. Ní mór an íocaíocht neamh-infhaighteachta a bheith mar an gcéanna maidir le gach teicneolaíocht. Tairbhí atá níos lú ná 50 % ar fáil sna tréimhsí seachadta laistigh d’fhuinneog seachadta, ní mór dó a bheith neamhchosanta ar íocaíocht phionósach dá ioncaim acmhainneachta ar a laghad le haghaidh na fuinneoige seachadta. Ní mór gan pionóis a bhaineann le heaspa infhaighteachta lasmuigh de na tréimhsí seachadta a ghearradh ar thairbhithe. Ní mór do thairbhithe pionóis neamh-infhaighteachta a íoc le haghaidh na saolré atá fágtha de chomhaontú acmhainneachta má scoireann siad den chomhaontú acmhainneachta sin go luath (10). |
|
☐ |
||||||
|
21 |
MW |
Ba cheart an cur chuige maidir le rannpháirtíocht na dtairbhithe sna seirbhísí coimhdeacha sin le linn na tréimhse seachadta a bheith i gcomhréir le modheolaíocht an mheasúnaithe leormhaitheasa a úsáidtear chun an gá atá leis an mbeart agus méid an bhirt a chinneadh. I gcás seirbhísí coimhdeacha a mheastar sa mheasúnú ar leormhaitheas acmhainní go rannchuidíonn siad leis an leormhaitheas, ní mór cead a bheith ag tairbhithe na seirbhísí sin a thairiscint i gcomhthráth lena n-oibleagáid acmhainneachta agus dá mbeadh fáil orthu don tseirbhís, mheasfaí go bhfuil siad ar fáil go comhuaineach don sásra acmhainneachta. I gcás seirbhísí coimhdeacha nach meastar sa mheasúnú ar leormhaitheas acmhainní go rannchuidíonn siad leis an leormhaitheas féin, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh i dtaobh tairbhithe a dhíolann na seirbhísí sin a eisiamh ó rannpháirtíocht sa sásra acmhainneachta, nó féadfaidh siad rannpháirtíocht dheonach a cheadú sa tseirbhís agus sa sásra acmhainneachta araon ach beidh riosca ann go ngearrfar pionóis orthu faoin sásra acmhainneachta i gcás acmhainní nach bhfuil ar fáil i dtréimhse sheachadta mar gheall ar sholáthar na seirbhíse. |
|
☐ |
||||||
|
22 |
MW |
Má chuireann Ballstát sásra acmhainneachta agus beart solúbthachta araon i bhfeidhm, nó má tá beart solúbthachta i bhfeidhm aige cheana féin, chun bacainní margaidh agus/nó rioscaí róchúitimh a sheachaint:
|
|
☐ |
||||||
|
23 |
SR |
Ní mór brabús na n-aonad a bhíonn rannpháirteach i gcúlchiste straitéiseach a bheith mar an gcéanna, bídís gníomhachtaithe/seolta nó ná bíodh. |
|
☐ |
||||||
|
24 |
SR, MW |
Is féidir cabhair a bhaineann leis an acmhainn acmhainneachta chéanna ó níos mó ná beart cabhrach amháin a charnadh fad agus a sheachnaítear róchúiteamh. Má cheadaíonn an Ballstát cabhair faoin sásra acmhainneachta a charnadh le cabhair faoi bhearta eile, ní mór an modh a úsáidtear chun an ceanglas sin a chomhlíonadh a leagan amach go soiléir i ndoiciméad poiblí, mar shampla sna rialacha maidir leis an sásra acmhainneachta agus/nó sna rialacha maidir le scéimeanna eile. |
|
☐ |
||||||
|
25 |
SR |
Ní mór 90 % ar a laghad d’aon chostas a bhaineann le sásra acmhainneachta nár aisghabhadh trí mhuirir éagothroime a leithdháiltear i gcomhréir le hAirteagal 22(2) den Rialachán Leictreachais, ní mór iad a leithdháileadh ar thomhaltóirí bunaithe ar a dtomhaltas le linn 1 % ar a laghad agus 5 % ar a mhéad de na huaireanta praghais is airde (nó aonaid ama an mhargaidh) gach bliain (nó gach fuinneog seachadta) (12). Féadfar muirir a thobhach ar pháirtithe freagracha cothromúcháin (amhail soláthróirí). |
|
☐ |
||||||
|
26 |
MW |
90 % ar a laghad de na costas a bhaineann le sásra acmhainneachta, ní mór iad a leithdháileadh ar thomhaltóirí bunaithe ar a dtomhaltas le linn 1 % ar a laghad agus 5 % ar a mhéad de na huaireanta praghais is airde (nó aonaid ama an mhargaidh) gach bliain (nó gach fuinneog seachadta) (13). Féadfar muirir a thobhach ar pháirtithe freagracha cothromúcháin (amhail soláthróirí). |
|
☐ |
||||||
|
Saobhadh míchuí ar iomaíocht agus trádáil a sheachaint agus comhoiriúnacht le hAirteagal 22(1-2) den Rialachán Leictreachais |
||||||||||
|
27 |
SR |
Ní mór don Bhallstát a dheimhniú go gcomhlíonann an sásra acmhainneachta na ceanglais in Airteagal 22(2) den Rialachán Leictreachais. Sainmhínítear an tréimhse seachadta leis seo freisin. |
|
☐ |
||||||
|
28 |
SR |
Ríomhtar infhaighteacht mar a bheith cothrom leis an gcumhacht a sheachadtar (14). |
|
☐ |
||||||
|
29 |
MW |
Ríomhtar an infhaighteacht mar shuim de i) an chumhacht a sheachadtar; agus (ii) an infhaighteacht atá beartaithe ar na margaí lá roimh ré, na margaí ionlae agus na margaí cothromúcháin leictreachais agus nach raibh gníomhachtú mar thoradh air (15) (16). |
|
☐ |
||||||
(1) Tagraíonn ‘Measúnú Eorpach ar Leormhaitheas Acmhainní’ don mheasúnú Eorpach ar Leormhaitheas Acmhainní a thuairiscítear in Airteagal 23 den Rialachán Leictreachais agus i Modheolaíocht ACER don mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní an 2 Deireadh Fómhair 2020.
(2) Ciallaíonn ‘caighdeán iontaofachta’ an caighdeán iontaofachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh ACER an 2 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an Modheolaíocht chun luach lóid chaillte, costas ar iontráil nua, agus an caighdeán iontaofachta a ríomh; Ciallaíonn ‘costas ar iontráil nua (CONE)’ costas ar iontráil nua mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh ACER an 2 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an Modheolaíocht chun luach lóid chaillte, costas ar iontráil nua, agus an caighdeán iontaofachta a ríomh. Ciallaíonn ‘luach lóid chaillte (VOLL)’ luach lóid chaillte mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 9 den Rialachán Leictreachais. Ba cheart gurb iad VOLL agus CONE na figiúirí a sholáthraíonn ACER mar a bheartaítear i dTuarascáil an 3 Márta 2025 ón gCoimisiún maidir leis an measúnú ar na féidearthachtaí maidir le cuíchóiriú agus simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas a bhaineann le sásra acmhainneachta a chur i bhfeidhm, a luaithe a bheidh sé ar fáil. Idir an dá linn, ba cheart iad a ríomh i gcomhréir le Cinneadh ACER an 2 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an Modheolaíocht chun luach lóid chaillte, costas ar iontráil nua, agus an caighdeán iontaofachta a ríomh.
(3) Is éard is dírátáil ann coigeartú ar thoilleadh suiteáilte acmhainne acmhainneachta chun a rannchuidiú leis an riachtanas leormhaitheasa a shainaithint (lena léirítear na saintréithe teicniúla éagsúla agus iontaofacht éagsúil na dteicneolaíochtaí éagsúla i gcriosanna tairisceana éagsúla). Is éar ba cheart a bheith sna tosca dírátála a úsáidfear na tosca sin arna bhfoilsiú ag ACER/ENTSO-E mar aschur an Mheasúnaithe Eorpaigh ar Leormhaitheas Acmhainní i gcás an chreasa tairisceana ábhartha, a luaithe a bheidh siad ar fáil. Idir an dá linn, ní mór dóibh freagairt don chóimheas idir i) infhaighteacht na teicneolaíochta ar leith i ngach crios tairisceana le linn cásanna ganntanais agus ii) toilleadh suiteáilte na teicneolaíochta ar leith (beidh an ríomh sin bunaithe ar an Measúnú Eorpach ar Leormhaitheas Acmhainní is déanaí atá ar fáil agus tabharfar cothrom le dáta é gach 2 bhliain ar a laghad). Ní mór fachtóirí dírátála a ríomh le haghaidh gach acmhainne atá in ann a haschur a sholáthar go leanúnach ar feadh 1 uair an chloig ar a laghad.
(4) Féach cinneadh ACER: ‘Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh rannpháirtíocht trasteorann i sásraí acmhainneachta’ .
(5) Tá saoirse ag na Ballstáit méid níos lú a sholáthar.
(6) Mura bhfuil acmhainneacht trasteorann incháilithe chun páirt a ghlacadh sna príomhcheantanna, ní mór 10 % ar a laghad den mhéid measta is gá le haghaidh na fuinneoige seachadta móide an acmhainneacht iontrála uasta a éileamh sna ceantanna coigeartaithe.
(7) Má áirítear ceanglais solúbthachta ann (féach critéar 22), is féidir acmhainní níos costasaí a roghnú roimh acmhainn níos saoire más gá chun an ceanglas a chomhlíonadh, agus praghas imréitigh ar leithligh a shuí le haghaidh na n-acmhainní a chomhlíonann an ceanglas solúbthachta.
(8) Mar shampla, féadfar conarthaí suas le 2 bhliain a thairiscint do thairbhithe a bhfuil EUR 50 000/MW dírátáilte á n-infheistiú acu; féadfar conarthaí suas le 6 bhliain a thairiscint do thairbhithe a bhfuil EUR 150 000/MW dírátáilte á n-infheistiú acu, etc.
(9) Tréimhse is ea an tréimhse seachadta laistigh den fhuinneog seachadta ina gceanglaítear ar acmhainní conarthacha a bheith ar fáil, nó gearrfar pionóis orthu. Maidir le cúlchistí straitéiseacha, féach critéar 27 sa tábla seo. I gcás sásra acmhainneachta ar fud an mhargaidh, féadfaidh fuinneog seachadta ina hiomláine a bheith i gceist leis, nó díreach cuid di.
(10) Mura bhfuil siad in ann a gcomhaontú acmhainneachta a aistriú chuig soláthraí acmhainneachta eile sa mhargadh tánaisteach. I gcás comhaontuithe acmhainneachta ilbhliantúla, féadfar na pionóis neamh-infhaighteachta a theorannú go 4 bliana. Is féidir comhthaobhacht a éileamh ar sholáthraithe acmhainneachta.
(11) Ciallaíonn sé sin gur cheart do na húdaráis náisiúnta cuspóir a leagan síos le haghaidh riachtanais solúbthachta agus riachtanais sásra acmhainneachta araon a bheidh le soláthar le linn an cheant chomhoptamaithe chéanna. Soláthraíonn rannpháirtithe a rannchuidiú leis na riachtanais solúbthachta agus leis an sásra acmhainneachta araon agus tairgeann siad praghas iomlán chun an dá sheirbhís a sholáthar, nó rogha tairiscintí. Ba cheart an mhodheolaíocht roghnúcháin a bheith de chineál lena n-íoslaghdaítear an costas iomlán a bhaineann leis na riachtanais solúbthachta agus riachtanais an tsásra acmhainneachta araon a chomhlíonadh, i.e. ní féidir le roghanna malartacha tairbhithe riachtanais solúbthachta agus riachtanais sásra acmhainneachta araon a bhaint amach ar chostas níos ísle.
(12) Tagraíonn praghas don phraghas lá roimh ré nó do phraghas níos gaire do mhargadh mórdhíola fíor-ama nó do phraghas socraíochta éagothroime. Chun áireamh dúbailte a sheachaint, i gcás ina bhfuil an fhreagairt don éileamh agus na hacmhainní taobh thiar den mhéadar rannpháirteach go díreach sa sásra acmhainneachta, ní mór dóibh a bheith faoi réir na muirear sin freisin maidir le haon leictreachas nach n-ídítear faoi oibleagáidí seachadta.
(13) Tagairt is ea praghas don phraghas lá roimh ré, nó do phraghas margaidh mórdhíola nó praghas socraíochta éagothroime níos gaire don am i láthair. Chun áireamh dúbailte a sheachaint, i gcás ina bhfuil an fhreagairt don éileamh agus na hacmhainní taobh thiar den mhéadar rannpháirteach go díreach sa sásra acmhainneachta, ní mór dóibh a bheith faoi réir na muirear sin freisin maidir le haon leictreachas nach n-ídítear faoi oibleagáidí seachadta.
(14) Maidir le freagairt don éileamh: cumhacht nach n-ídítear.
(15) Nuair a sheiceáiltear an infhaighteacht, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil an acmhainneacht gníomhachtaithe, mar is gá an gníomhachtú acmhainneachta a spreagadh le comharthaí praghais an mhargaidh fuinnimh. Is é an t-aon eisceacht air sin ná ceanglais tástála maidir le hacmhainneacht nach ngníomhachtaíonn an margadh riamh.
(16) Ní mór do na Ballstáit aon chomhaireamh dúbailte a sheachaint nuair atá an acmhainneacht chéanna ar fáil le haghaidh roinnt tráthchlár margaidh (e.g. lá roimh ré, ionlae agus cothromú).
IARSCRÍBHINN II
An liosta táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta agus a bpríomh-chomhpháirteanna sonracha chun críoch Roinn 6
|
|
Fochatagóirí de theicneolaíochtaí glan-nialasachta |
Táirgí deiridh |
Príomh-chomhpháirteanna sonracha |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí gréine |
Teicneolaíochtaí fótavoltacha |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí grianteasa leictreacha |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí grianteasa |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí gréine eile |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí gaoithe ar tír agus teicneolaíochtaí in-athnuaite amach ón gcósta |
Teicneolaíochtaí gaoithe ar tír |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí gaoithe amach ón gcósta |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí in-athnuaite eile amach ón gcósta |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí ceallraí agus stórála fuinnimh |
Teicneolaíochtaí ceallraí |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí stórála leictriceimicí |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí stórála imtharraingtí |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí stórála fuinnimh theirmigh |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí stórála fuinnimh gáis chomhbhrúite/leachtaithe |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí stórála fuinnimh eile |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teaschaidéil agus teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh |
Teicneolaíochtaí teaschaidéal |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí hidrigine |
Leictrealóirí |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Breosla-chill hidrigine |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí hidrigine eile |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí inbhuanaithe bithgháis agus bithmheatáin |
Teicneolaíochtaí inbhuanaithe bithgháis |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí inbhuanaithe bithmheatáin |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí GSC |
Teicneolaíochtaí gabhála carbóin |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí stórála carbóin |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí eangaí leictreachais |
Teicneolaíochtaí eangaí leictreachais |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí luchtaithe feithiclí leictreacha le haghaidh iompair |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Teicneolaíochtaí chun an eangach a dhigitiú agus teicneolaíochtaí eangaí leictreachais eile |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí fuinnimh eamhnaithe núicléach |
Teicneolaíochtaí fuinnimh eamhnaithe núicléach |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí timthrialla breosla núicléach |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí breoslaí malartacha inbhuanaithe |
Teicneolaíochtaí breoslaí malartacha inbhuanaithe |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí hidreachumhachta |
Teicneolaíochtaí hidreachumhachta |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite |
Teicneolaíochtaí fuinnimh osmóisigh |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí fuinnimh chomhthimpeallaigh, seachas teaschaidéil |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí bithmhaise |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí gáis láithreáin líonta |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí gáis ionaid cóireála séarachais |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le córais fuinnimh |
Teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le córais fuinnimh |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí eangaí teasa agus fuachta |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh eile a bhaineann le córais fuinnimh |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch |
Teicneolaíochtaí breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (RFNBO) |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Réitigh bhith-theicneolaíochta aeráide agus fuinnimh |
Réitigh bhith-theicneolaíochta aeráide agus fuinnimh |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh an dícharbónaithe |
Teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh an dícharbónaithe |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí iompair agus úsáide CO2 |
Teicneolaíochtaí iompair CO2 |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí úsáide CO2 |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí tiomána gaoithe agus leictrí le haghaidh iompair |
Teicneolaíochtaí tiomána gaoithe |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí tiomána leictrí |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teicneolaíochtaí núicléacha eile |
– Teicneolaíochtaí núicléacha eile (mar shampla, teicneolaíochtaí comhleá núicléach |
|
|
(1) Tagraíonn an téarma ‘coibhéis’ do chéimeanna comhchosúla nó d’eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin a bhfuil gá leo le haghaidh teicneolaíochtaí tanascannáin, teicneolaíochtaí orgánacha, teicneolaíochtaí tandam nó teicneolaíochtaí fótavoltacha eile.
(2) Ceallraí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(13), (14) agus (15) de Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola.
(3) Tagraíonn an téarma ‘córais bóithre leictreacha’ (ar a dtugtar luchtú dinimiciúil freisin) do threalamh feadh an bhóthair a sholáthraíonn cumhacht d’fheithiclí agus iad ag gluaiseacht. Áirítear luchtú seoltach agus ionduchtach araon sa táirge deiridh sin.
(4) Tagraíonn an téarma ‘téitheoir’ d’fheidhmeanna teochta ísle (suas le 200 C) agus meánteochta (200 go 500 C). Tagraíonn an téarma ‘foirnéis’ d’fheidhmeanna ardteochta (500 go 1 000 C) agus teochta an-ard (níos airde ná 1 000 C).
IARSCRÍBHINN III
Faisnéis atá le háireamh san fhoirm iarratais ar chabhair faoi ranna 6.1 agus 6.2 chomh maith le tionscadail infheistíochta lena gcruthaítear acmhainneacht mhonaraíochta bhreise faoi roinn7
i. Faisnéis faoi thairbhí na cabhrach:
|
— |
Ainm, seoladh cláraithe a phríomhionaid, a phríomhearnáil ghníomhaíochta (cód NACE). |
|
— |
Dearbhú nach bhfuil deacrachtaí ag an ngnóthas, mar a shainmhínítear faoi na treoirlínte maidir le teacht i gcabhair agus athstruchtúrú. |
|
— |
I gcás cabhair arna deonú faoi scéim faoi roinn 6.1 agus 7: dearbhú agus gealltanais nach ndéanfar athshuíomh a liostaítear i bpointe (172). |
ii. Faisnéis faoin infheistíocht a mbeidh tacaíocht le tabhairt di:
|
— |
Tuairisc ghairid ar an infheistíocht. |
|
— |
Tuairisc ghairid ar na héifeachtaí dearfacha a bhfuiltear ag súil leo sa limistéar lena mbaineann (mar shampla, an líon post a chruthófar nó a chosnófar, gníomhaíochtaí T&F&N, oiliúint, braisle a chruthú, agus an rannchuidiú a d’fhéadfadh an tionscadal a dhéanamh le haistriú glas agus digiteach an gheilleagair réigiúnaigh). |
|
— |
An bunús dlí is infheidhme (náisiúnta nó AE nó an dá cheann). |
|
— |
An dáta a bheartaítear tús a chur leis an obair agus dáta críochnaithe na hinfheistíochta. |
|
— |
Suíomh(anna) na hinfheistíochta. |
iii. Faisnéis faoi mhaoiniú na hinfheistíochta:
|
— |
Costais infheistíochta agus costais ghaolmhara eile. |
|
— |
Costais incháilithe iomlána. |
|
— |
An méid cabhrach atá ag teastáil chun an infheistíocht a dhéanamh sa limistéar lena mbaineann. |
|
— |
An déine chabhrach. |
|
— |
I gcás bearta faoi roinn 6.2: Anailís ar an mbearna chistithe, lena n-áirítear an plean gnó agus ríomhanna an Ghlanluacha Láithrigh le haghaidh na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha, mar aon le costais infheistíochta mheasta, costais oibriúcháin, ioncaim agus luach críochfoirt sa dá chás (i bhformáid excel), maille le fianaise thacaíochta. |
iv. Faisnéis maidir leis an ngá atá leis an gcabhair agus an tionchar a mheastar a bheidh aici:
|
— |
Míniú gairid ar an ngá atá leis an gcabhair agus a thionchar ar an gcinneadh faoin infheistíocht nó ar an gcinneadh faoi shuíomh na hinfheistíochta. Ní mór míniú a áireamh ann ar an gcinneadh faoi infheistíocht mhalartach nó faoi shuíomh malartach más rud é nach ndeonófar an chabhair; |
|
— |
I gcás bearta faoi roinn 6.2, ní mór don tairbhí an méid seo a leanas a sholáthar: (i) fianaise dhaingean ar fhóirdheontais a gheobhadh sé go hinchreidte i ndlínse nach dlínse LEE é le haghaidh tionscadal comhchosúil a áirítear sa chás frithfhíorasach; (ii) fianaise nach ndéanfaí an infheistíocht atá beartaithe in LEE gan an chabhair; agus (iii) fianaise nach gcruthaíonn an chabhair éifeachtaí frith-chomhtháthaithe de réir bhrí phointí (175) agus (176). |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3602/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)