|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3580 |
26.6.2025 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Meitheamh 2025
lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2025
(C/2025/3580)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (1), agus go háirithe Airteagal 44 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
— |
glacadh buiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2025 go cinntitheach an 27 Samhain 2024 (2); |
|
— |
thíolaic an Coimisiún togra, an 9 Aibreán 2025, ina raibh dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1 a ghabhann leis an mbuiséad ginearálta don bhliain airgeadais 2025, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Rinneadh an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2025 a ghlacadh an 16 Meitheamh 2025.
Tá an téacs iomlán (3) ar fáil le haghaidh comhairliúcháin nó le híoslódáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle: https://www.consilium.europa.eu/ga/documents/public-register/public-register-search.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 16 Meitheamh 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. HENNIG-KLOSKA
(1) IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.
(2) IO L, 2025/31, 27.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2025/31/oj.
(3) 9619/25 + ADD 1.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3580/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)