European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3468

26.6.2025

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Meitheamh 2025

lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann na Polainne

(C/2025/3468)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027.

(2)

Tá suíochán comhalta i gcatagóir ionadaithe na rialtas tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Agnieszka WOLSKA a bheith éirithe as oifig.

(3)

Tá iarrthóir ainmnithe ag Rialtas na Polainne don suíochán folamh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Katarzyna BUSZKIEWICZ-SEFERYŃSKA ina comhalta ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair in ionad Agnieszka WOLSKA, ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha dar críoch an 31 Márta 2027.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 19 Meitheamh 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DZIEMIANOWICZ-BAK


(1)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 58.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 19).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3468/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)