|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3467 |
27.6.2025 |
Reachtanna an Chuibhreannais don Bhonneagar Taighde Eorpach maidir leis an Lárionad Idirnáisiúnta um Ardstaidéar ar Chórais Abhann-Farraige
(DANUBIUS-ERIC)
(C/2025/3467)
BROLLACH
Poblacht na hOstaire (an Ostair),
Poblacht na Seice,
Poblacht na hIodáile (an Iodáil),
Poblacht na Moldóive (an Mholdóiv),
Ríocht na hÍsiltíre (an Ísiltír),
an Rómáin,
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe),
(dá ngairtear ‘na comhaltaí’ anseo feasta),
Á aithint dóibh go bhfuil córais abhann-farraige ag díghrádú go tréan agus de réir a chéile mar gheall ar go leor cúiseanna, lena n-áirítear athrú tapa aeráide agus comhshaoil, agus brúnna antrapaigineacha atá ag dul i méid;
I bhfianaise shaintréithe spásúla agus ama na gcóras mór abhann-farraige agus an ghá atá le paraidím nua chun an sprioc maidir le bainistiú iomlánaíoch comhshaoil a chur chun cinn, agus cothromaíocht a bhaint amach idir an fhorbairt eacnamaíoch agus cosaint na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras nádúrtha;
Á aithint dóibh nach féidir réitigh éifeachtacha agus inbhuanaithe a bhaint amach ach le foirne taighdeoirí idirdhisciplíneacha, a bhfuil an saineolas comhchoiteann agus an bonneagar comhchoiteann acu chun na fadhbanna práinneacha sin atá ag teacht chun cinn a réiteach;
Ag cur le Treochlár ESFRI inar sainaithníodh DANUBIUS mar bhonneagar taighde dáilte uile-Eorpach arb é is príomhchúram dó tacú le taighde idirdhisciplíneach ar chórais abhann-farraige.
Ós mian leo rochtain ar bhonneagar taighde DANUBIUS a chur ar fáil do phobail leathana úsáideoirí, chun taighde, oideachas agus nuálaíocht a chuireann forbairtí theicneolaíocha chun cinn a nascadh agus chun sonraí neamhspleácha a chur ar fáil chun rannchuidiú le bainistiú inbhuanaithe aibhneacha agus cóstaí;
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
CAIBIDIL 1
GNÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA
Airteagal 1
Ainm agus oifig chláraithe
1. Beidh bonneagar taighde dáilte Eorpach ann ar a dtugtar an ‘Lárionad Idirnáisiúnta um Ardstaidéar ar Chórais Abhann-Farraige’, dá ngairtear ‘DANUBIUS’ anseo feasta.
2. Beidh foirm dhlíthiúil de Chuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) ag DANUBIUS faoi Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 agus tabharfar ‘DANUBIUS-ERIC’ air.
3. Beidh DANUBIUS-ERIC oibríochtúil i dtíortha is comhaltaí DANUBIUS-ERIC, agus i dtíortha eile ina bhfuil comhaontuithe ábhartha tugtha i gcrích aige.
4. Beidh oifig chláraithe DANUBIUS-ERIC i Murighiol, Contae Tulcea (an Rómáin).
Airteagal 2
Cuspóir, cúram agus gníomhaíochtaí
1. Is é príomhchuspóir agus príomhchúram DANUBIUS-ERIC bonneagar taighde dáilte uile-Eorpach a bhunú agus a oibriú chun eolaíocht den scoth a éascú maidir leis an leanúntas ó fhoinse abhann go dtí an fharraige; bonneagar taighde úrscothach a chur ar fáil; agus an t-eolas comhtháite is gá a chur ar fáil chun Córais Abhann-Farraige a bhainistiú agus a chosaint ar bhealach inbhuanaithe. Tacóidh Comhpháirtithe DANUBIUS le DANUBIUS-ERIC, a sholáthróidh trealamh mór eolaíoch nó tacair ionstraimí, saoráidí taighde, acmhainní agus seirbhísí gaolmhara do Chomhpháirteanna DANUBIUS agus tríothu d’Úsáideoirí, lena gcumasófar taighde ardleibhéil a dhéanamh ina réimsí faoi seach.
2. Chuige sin, soláthróidh DANUBIUS-ERIC creat rialachais éifeachtach agus déanfaidh sé comhordú agus comhchuibhiú ar na gníomhaíochtaí a dhéanann Comhpháirteanna DANUBIUS i ndáil le córais abhann-farraige. Go háirithe, déanfaidh sé na gníomhaíochtaí seo a leanas agus comhordóidh sé iad:
|
a) |
faoi réir an bheartais um rochtain, pointe rochtana aonair a sholáthar d’fheidhmchláir chun Comhpháirteanna DANUBIUS a úsáid; |
|
b) |
cláir agus tionscadail taighde ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta a éascú; |
|
c) |
eolas ábhartha a shlógadh, acmhainneacht taighde a fhorbairt agus soghluaisteacht taighdeoirí a spreagadh chun acmhainneacht intleachta na hEorpa a mhéadú agus chun taighde idirnáisiúnta ar chórais abhann-farraige a stiúradh; |
|
d) |
teicneolaíocht, caighdeáin agus prótacail a fhorbairt chun staidéir a chur chun cinn ar chórais fionnuisce, ar chórais screamhuisce agus ar chórais uiscí cósta, muirí agus trasdultacha; |
|
e) |
comhar agus sineirgí a chothú le bonneagair thaighde eile san Eoraip agus ar fud an domhain; |
|
f) |
bonneagar taighde agus saineolas DANUBIUS a úsáid chun tacú le taighde ar chórais abhann-farraige ar fud an domhain; |
|
g) |
comhaontuithe a dhéanamh le tríú páirtithe chun a chuspóir a bhaint amach agus a chúraimí a chur i gcrích; agus |
|
h) |
aon ghníomhaíocht ghaolmhar eile lena gcuirtear baint amach phríomhchuspóirí agus phríomhchúram DANUBIUS-ERIC chun cinn. |
3. Cuirfidh DANUBIUS-ERIC, trína Chomhpháirteanna, rochtain éifeachtach ar fáil ar shaoráidí, ar sheirbhísí, ar chomhairle agus ar shonraí chun taighde agus nuálaíocht idirdhisciplíneach a chur chun cinn agus a spreagadh ar fud córais abhann-farraige. Chun na críche sin, féadfaidh DANUBIUS-ERIC Comhaontuithe ar Leibhéal Seirbhíse a dhéanamh ina leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha faoina gcuirfidh Comhpháirteanna DANUBIUS acmhainní agus seirbhísí ar fáil do DANUBIUS-ERIC, do Chomhpháirteanna DANUBIUS eile agus d’Úsáideoirí.
4. Saothróidh DANUBIUS-ERIC a phríomhchúram ar bhonn neamheacnamaíoch, ach féadfaidh sé gníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil dlúthbhaint acu lena phríomhchúram agus nach gcuireann siad cur i gcrích an phríomhchúraim sin i mbaol. Aon ioncam a ghintear ó na gníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta sin, úsáidfidh DANUBIUS-ERIC é chun a phríomhchuspóirí agus a phríomhchúraimí a chur chun cinn.
Airteagal 3
Fad agus foirceannadh
1. Beidh DANUBIUS-ERIC ann go ceann tréimhse ama éiginnte.
2. Beidh gá le cinneadh ón gComhthionól Ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 17(6)(c) chun DANUBIUS-ERIC a fhoirceannadh.
3. Gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre tar éis an chinnidh foirceanta, tabharfaidh DANUBIUS-ERIC fógra faoina chinneadh don Choimisiún Eorpach.
4. I dtaca le sócmhainní a bheidh fágtha tar éis íocaíocht fhiacha DANUBIUS-ERIC, déanfar iad a chionroinnt ar na comhaltaí i gcomhréir lena ranníocaíocht bhliantúil charntha le DANUBIUS-ERIC le 5 bliana as a chéile sula ndearnadh foirceannadh.
5. Gan dochar d’Airteagal 4, dliteanais a bheidh fágtha tar éis an fhoirceanta, déanfar iad a chionroinnt ar na comhaltaí i gcomhréir lena ranníocaíocht bhliantúil charntha le DANUBIUS-ERIC, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 2, nach mó ná méid aon mheánranníocaíochta bliantúla amháin sna 5 bliana as a chéile roimh an mbliain ina ndearnadh an cinneadh DANUBIUS-ERIC a fhoirceannadh.
6. Laistigh de 10 lá tar éis an nós imeachta foirceanta a dhúnadh, tabharfaidh DANUBIUS-ERIC fógra faoi sin don Choimisiún Eorpach.
7. Tiocfaidh deireadh le DANUBIUS-ERIC an lá a fhoilseoidh an Coimisiún Eorpach an fógra iomchuí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Dliteanas agus árachas
1. Beidh DANUBIUS-ERIC faoi dhliteanas i leith a chuid fiach.
2. Ní bheidh na comhaltaí faoi dhliteanas comhpháirteach i leith fhiacha DANUBIUS-ERIC.
3. Beidh dliteanas airgeadais na gcomhaltaí i leith fhiacha DANUBIUS-ERIC teoranta dá ranníocaíocht bhliantúil ar leith le DANUBIUS-ERIC.
4. Beidh árachas iomchuí ag DANUBIUS-ERIC chun rioscaí atá sonrach dá ghníomhaíochtaí a chumhdach.
Airteagal 5
Beartas um chearta maoine intleachtúla
1. Faoi réir aon chonartha idir DANUBIUS-ERIC agus Úsáideoirí, beidh cearta maoine intleachtúla arna gcruthú, arna bhfáil nó arna bhforbairt ag Úsáideoirí faoi úinéireacht na nÚsáideoirí sin.
2. Faoi réir aon chonartha idir DANUBIUS-ERIC agus Comhpháirtí DANUBIUS, beidh cearta maoine intleachtúla arna gcruthú, arna bhfáil nó arna bhforbairt ag Comhpháirtí DANUBIUS faoi úinéireacht Chomhpháirtí DANUBIUS.
3. Faoi réir aon chonartha idir DANUBIUS-ERIC agus Comhpháirt DANUBIUS, beidh cearta maoine intleachtúla arna gcruthú, arna bhfáil nó arna bhforbairt ag Comhpháirt DANUBIUS faoi úinéireacht Chomhpháirt DANUBIUS.
4. Beidh cearta maoine intleachtúla arna gcruthú, arna bhfáil nó arna bhforbairt ag DANUBIUS-ERIC faoi úinéireacht DANUBIUS-ERIC.
5. Glacfaidh DANUBIUS-ERIC beartas um chearta maoine intleachtúla, a bheidh le formheas ag an gComhthionól Ginearálta.
Airteagal 6
Beartas um scaipeadh
1. Beidh DANUBIUS-ERIC ina éascaitheoir taighde agus, mar riail ghinearálta, cuirfidh sé prionsabail na heolaíochta oscailte agus na rochtana oscailte i bhfeidhm maidir le sonraí taighde mar a fhorbraítear a thuilleadh i mbeartais DANUBIUS-ERIC um CMI agus Sonraí.
2. Mar riail ghinearálta, spreagfaidh DANUBIUS-ERIC Úsáideoirí a dtorthaí taighde a chur ar fáil go poiblí nó a fhoilsiú i litríocht eolaíoch a bhfuil athbhreithniú piaraí déanta uirthi, chun cur i láthair a dhéanamh ag comhdhálacha eolaíocha, agus ar na meáin shóisialta nó ar mheáin eile, atá dírithe ar phobal níos mó (lena n-áirítear ach gan bheith teoranta don phobal i gcoitinne, an preas, grúpaí saoránach agus chun críoch oideachais).
3. Úsáidfidh DANUBIUS-ERIC roinnt bealaí chun dul i dteagmháil leis an spriocphobal a bhaint amach, lena n-áirítear tairseach ghréasáin, nuachtlitir, ceardlanna, láithreacht ag comhdhálacha, ailt in irisí agus i nuachtáin laethúla, agus meáin ábhartha eile.
Airteagal 7
Beartas um rochtain
1. Coinneoidh DANUBIUS-ERIC nósanna imeachta slána, cothroma agus trédhearcacha ar bun chun rochtain ar Chomhpháirteanna agus seirbhísí DANUBIUS a chur ar fáil d’Úsáideoirí.
2. Glacfaidh DANUBIUS-ERIC beartas um rochtain, a bheidh le formheas ag an gComhthionól Ginearálta.
Airteagal 8
Beartas um meastóireacht eolaíoch
1. Is é painéal neamhspleách, ar a mbeidh saineolaithe idirnáisiúnta den cháilíocht is airde, arna gceapadh ag an gComhthionól Ginearálta, a dhéanfaidh meastóireacht ar ghníomhaíochtaí DANUBIUS-ERIC gach 5 bliana.
2. Déanfaidh an painéal saineolaithe meastóireacht ar ghníomhaíochtaí DANUBIUS-ERIC, ar threoshuíomh eolaíoch agus straitéiseach agus ar oibríocht Chomhpháirteanna DANUBIUS. Tabharfar aird ar leith ar chomhlíonadh na riachtanas Úsáideora.
3. Tuairisceofar torthaí na meastóireachtaí don Chomhthionól Ginearálta.
Airteagal 9
Beartas um fhostaíocht
1. Beidh beartas DANUBIUS-ERIC um fhostaíocht á rialú ag dlíthe na tíre ina bhfostaítear an fhoireann nó ina ndéanann siad a ngníomhaíochtaí de ghnáth.
2. Maidir le folúntais in DANUBIUS-ERIC, leanfar nós imeachta trédhearcach neamh-idirdhealaitheach agus urramófar prionsabail an chomhionannais deiseanna, faoi réir na ndlíthe saothair is infheidhme.
Airteagal 10
Beartas um sholáthar
1. Glacfaidh DANUBIUS-ERIC a rialacha soláthair féin, a bheidh le formheas ag an gComhthionól Ginearálta.
2. Leis na rialacha soláthair, urramófar prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na hiomaíochta.
3. Ceannacháin arna ndéanamh ag Comhpháirtithe DANUBIUS, atá beartaithe go heisiach lena n-úsáid ag Comhpháirteanna DANUBIUS chun cuspóir agus cúraimí DANUBIUS-ERIC a chomhlíonadh, dámhfar agus eagrófar iad i gcomhréir le rialacha soláthair DANUBIUS-ERIC.
CAIBIDIL 2
COMHALTAS
Airteagal 11
Comhaltas, stádas breathnóra agus eintitis a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu
1. Féadfaidh na heintitis seo a leanas a bheith ina gcomhaltaí de DANUBIUS-ERIC nó féadfaidh siad a bheith ina mbreathnóirí ar DANUBIUS-ERIC gan cearta vótála a bheith acu:
|
a) |
Ballstáit den Aontas Eorpach; |
|
b) |
Tíortha Comhlachaithe (de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 723/2009); |
|
c) |
tríú tíortha seachas tíortha comhlachaithe; |
|
d) |
eagraíochtaí idir-rialtasacha. |
2. Beidh tromlach na gceart vótála sa Chomhthionól Ginearálta ag na Ballstáit agus ag na tíortha comhlachaithe go comhpháirteach. Cinnfidh an Comhthionól Ginearálta aon mhodhnú ar chearta vótála is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh DANUBIUS-ERIC an ceanglas sin i gcónaí.
3. Féadfaidh eintiteas poiblí amháin nó níos mó, lena n-áirítear réigiúin nó eintiteas príobháideach ag a bhfuil misean seirbhíse poiblí, ionadaíocht a dhéanamh ar aon chomhalta nó aon bhreathnóir dá dtagraítear i mír (1(a) go (c), ar comhalta nó breathnóir é a roghnóidh an t-eintiteas as féin agus a cheapfar de réir a rialacha agus nósanna imeachta féin. Cuirfidh gach comhalta nó gach breathnóir an Comhthionól Ginearálta ar an eolas faoi aon athrú ar a eintiteas a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige, faoi na cearta agus na hoibleagáidí sonracha a tarmligeadh chuige nó faoi aon athrú ábhartha eile.
4. Liostaítear na comhaltaí agus na breathnóirí, chomh maith lena n-eintitis a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu, in Iarscríbhinn I. Coinneoidh an tArd-Stiúrthóir nó aon duine eile a cheapfaidh an tArd-Stiúrthóir Iarscríbhinn 1 cothrom le dáta.
Airteagal 12
Coinníollacha a bhaineann le comhaltas nó stádas breathnóra a bhaint amach
1. Eintitis dá dtagraítear in Airteagal 11(1) ar mian leo a bheith ina gcomhaltaí de DANUBIUS-ERIC, cuirfidh siad iarratas i scríbhinn faoi bhráid Chathaoirleach an Chomhthionóil Ghinearálta. Tabharfar tuairisc san iarratas sin ar an gcaoi a rannchuideoidh an t-eintiteas le cuspóirí agus cúraimí DANUBIUS-ERIC a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 2 agus ar an gcaoi a gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 14(2) agus (3).
2. Eintitis dá dtagraítear in Airteagal 11(1) ar mian leo rannchuidiú le DANUBIUS-ERIC, ach nach bhfuil in ann dul isteach mar chomhaltaí go fóill, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar stádas breathnóra. Cuirfidh iarratasóirí iarratas i scríbhinn faoi bhráid Chathaoirleach an Chomhthionóil Ghinearálta, ina dtabharfar tuairisc ar an gcaoi a rannchuideoidh an t-iarratasóir le cuspóirí agus cúraimí DANUBIUS-ERIC a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 2 agus ar an gcaoi a gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 15(2) agus (3).
3. I gcás ina vótálfaidh an Comhthionól Ginearálta i bhfabhar iarratasóir a ligean isteach mar bhreathnóir, ligfear isteach é mar bhreathnóir ar feadh tréimhse 3 bliana. Féadfaidh breathnóirí iarratas a dhéanamh uair amháin ar shíneadh 2 bhliain a chur lena stádas breathnóra. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an Comhthionól Ginearálta glacadh le síntí breise a chur le stádas breathnóra agus iad a fhormheas, agus sa chás sin, féadfaidh an Comhthionól Ginearálta ranníocaíochtaí bliantúla níos airde a shocrú don bhreathnóir sonrach sin.
Airteagal 13
Comhaltas nó stádas breathnóra a tharraingt siar agus a fhoirceannadh
1. Féadfaidh comhalta a chomhaltas a tharraingt siar tráth ar bith tar éis réamhfhógra 12 mhí ar a laghad i scríbhinn a thabhairt do Chathaoirleach an Chomhthionóil Ghinearálta. Tiocfaidh an tarraingt siar i bhfeidhm tar éis íostréimhse 5 bliana comhaltais agus ag deireadh na chéad bhliana airgeadais eile ina mbeidh fógra um tharraingt siar tugtha, is é sin an 31 Nollaig an bhliain dár gcionn.
2. Féadfaidh breathnóir tarraingt siar tráth ar bith tar éis réamhfhógra 6 mhí i scríbhinn a thabhairt do Chathaoirleach an Chomhthionóil Ghinearálta. Má sheirbheáiltear fógra faoin 30 Meitheamh in aon bhliain, tiocfaidh an tarraingt siar i bhfeidhm ag deireadh na bliana airgeadais céanna ina mbeidh fógra tugtha, is é sin an 31 Nollaig. Má sheirbheáiltear fógra tar éis an 30 Meitheamh in aon bhliain, tiocfaidh an tarraingt siar i bhfeidhm ag deireadh na chéad bhliana airgeadais eile ina mbeidh fógra tugtha, is é sin an 31 Nollaig an bhliain dár gcionn.
3. Féadfaidh an Comhthionól Ginearálta comhaltas nó stádas breathnóra a fhoirceannadh má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
|
a) |
rinne an comhalta nó an breathnóir sárú tromchúiseach ar cheann amháin nó níos mó dá oibleagáidí nó ar choinníollacha comhaltais nó stádais breathnóra faoi na Reachtanna seo; agus, |
|
b) |
níor réitigh an comhalta nó an breathnóir an sárú sin laistigh de thréimhse 6 mhí ó fuair sé fógra faoin sárú; agus, |
|
c) |
tugadh deis don chomhalta nó don bhreathnóir a sheasamh a chur i láthair don Chomhthionól Ginearálta sula ndéanfar cinneadh. |
4. Leanfaidh comhaltaí agus breathnóirí dá dtáillí comhaltais nó breathnóra a íoc agus de na hoibleagáidí uile i leith ghníomhaíochtaí DANUBIUS-ERIC a chomhlíonadh go dtí go dtiocfaidh an tarraingt siar nó an foirceannadh i bhfeidhm. Ní bheidh ceart chun aisig ná ceart chun aisíocaíochta acu maidir le haon ranníocaíocht a rinneadh, ná ní bheidh sé de cheart acu aon éileamh a dhéanamh ar shócmhainní DANUBIUS-ERIC.
5. Féadfaidh an Comhthionól Ginearálta a chinneadh cearta vótála comhalta a chur ar fionraí má tá an comhalta sin i riaráiste 12 mhí nó níos mó maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 21(1) a chomhlíonadh, go dtí go n-íocfar na ranníocaíochtaí ina n-iomláine.
6. D’ainneoin Airteagal 13(1) agus (2), féadfaidh comhaltaí agus breathnóirí dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(b) agus (c) tarraingt siar as DANUBIUS-ERIC tar éis athruithe ar Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 a dhéanfadh difear ábhartha dá gcearta agus dá n-oibleagáidí i ndáil le DANUBIUS-ERIC. Leis na hathruithe sin, meastar go ndéantar difear ábhartha dá gcearta agus dá n-oibleagáidí i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas i gceist leo nó i gcás ina bhforchuireann siad an méid seo a leanas ar an gcomhalta nó ar an mbreathnóir sonrach sin:
|
a) |
táillí méadaithe (lena n-áirítear ranníocaíochtaí bliantúla níos airde nó costais um dhíchoimisiúnú); |
|
b) |
níos lú cearta vótála i gcomparáid le comhaltaí nó breathnóirí eile dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(a); |
|
c) |
ceanglais atá contrártha don dlí is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 29 de na Reachtanna seo nó do dhlí náisiúnta an chomhalta nó an bhreathnóra dá ndéantar difear, ar choinníoll gur achtaíodh an dlí náisiúnta sin níos mó ná tréimhse 6 mhí roimh an athrú ar Rialachán (CE) Uimh. 723/2009; |
|
d) |
deireadh a chur leis an gceart go ndéanfaí ionadaíocht air sa Chomhthionól Ginearálta nó i gcoistí eile; nó a gcearta a bhaineann le hionadaíocht nó le úsáid na saoráide a athrú. |
Féadfaidh an comhalta nó an breathnóir dá ndéantar difear (nach Ballstát é) tarraingt siar as DANUBIUS-ERIC tar éis réamhfhógra 6 mhí i scríbhinn a thabhairt do Chathaoirleach an Chomhthionóil Ghinearálta.
CAIBIDIL 3
CEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ COMHALTAÍ AGUS BREATHNÓIRÍ
Airteagal 14
Comhaltaí
1. Beidh sé de cheart ag comhaltaí:
|
a) |
eintitis a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu a cheapadh; |
|
b) |
freastal ar an gComhthionól Ginearálta agus vóta a chaitheamh ann, cé is moite den vótáil ar chinntí maidir le foirceannadh chomhaltas an chomhalta sin nó cearta vótála a chur ar fionraí; |
|
c) |
go mbeidh rochtain ag a phobal taighde ar na saoráidí, ar na seirbhísí agus ar na gníomhaíochtaí a chuireann Comhpháirteanna DANUBIUS ar fáil, faoi réir Bheartas DANUBIUS-ERIC um Rochtain; |
|
d) |
comhlachtaí rialachais DANUBIUS-ERIC a thoghadh agus a bheith tofa chucu trína n-ionadaithe; |
|
e) |
Comhpháirt DANUBIUS a óstáil; |
|
f) |
maidir le haon tairbhe nó aon cheart eile a leagtar amach sna rialacha cur chun feidhme. |
2. Déanfaidh comhalta an méid seo a leanas:
|
a) |
an ranníocaíocht bhliantúil chomhaltais a sholáthar i gcomhréir le hIarscríbhinn 2; |
|
b) |
ionadaí oifigiúil amháin ar a laghad, ach líon nach mó ná triúr, a cheapadh chuig an gComhthionól Ginearálta; |
|
c) |
a ionadaithe a fhreastalaíonn ar an gComhthionól Ginearálta a chumhachtú le húdarás iomlán |
3. Tá coinne ann freisin go ndéanfaidh comhalta an méid seo a leanas:
|
a) |
glacadh caighdeán agus uirlisí ábhartha in oibríocht DANUBIUS-ERIC a chur chun cinn; |
|
b) |
an bonneagar teicniúil agus na hacmhainní is gá a chur ar fáil le haghaidh oibríochtaí DANUBIUS-ERIC agus tacú le Comhpháirteanna DANUBIUS atá á n-óstáil aige; |
|
c) |
glacadh shonraí agus sheirbhísí comhordaithe DANUBIUS-ERIC a chur chun cinn i measc taighdeoirí ina dtír féin agus aiseolas agus ceanglais úsáideoirí a chur chun cinn; |
|
d) |
tacú lena Chomhpháirtí nó lena Chomhpháirtithe náisiúnta DANUBIUS agus lena Chomhpháirteanna DANUBIUS atá á n-óstáil aige chun ligean dóibh a n-oibleagáidí a chomhlíonadh mar a fhéadfar a shainiú laistigh de Chomhaontú ar Leibhéal Seirbhíse nó laistigh de chomhaontú comhchosúil le DANUBIUS-ERIC. |
Airteagal 15
Breathnóirí
1. Beidh sé de cheart ag breathnóirí:
|
a) |
eintitis a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu a cheapadh; |
|
b) |
freastal ar chruinnithe an Chomhthionóil Ghinearálta, gan cearta vótála; |
|
c) |
go mbeidh rochtain ag a phobal taighde ar na saoráidí, ar na seirbhísí agus ar na gníomhaíochtaí a chuireann Comhpháirteanna DANUBIUS ar fáil, faoi réir Bheartas DANUBIUS-ERIC um Rochtain; |
|
d) |
comhlachtaí rialachais DANUBIUS-ERIC a thoghadh agus a bheith tofa chucu trína n-ionadaithe; ach gan cearta vótála sna comhlachtaí rialachais sin; |
|
e) |
maidir le haon tairbhe nó aon cheart eile a leagtar amach sna rialacha cur chun feidhme. |
2. Déanfaidh breathnóir an méid seo a leanas:
|
a) |
an ranníocaíocht bhliantúil breathnóirí a sholáthar i gcomhréir le hIarscríbhinn 2; |
|
b) |
aon oibleagáid eile arna caibidliú idir an breathnóir ar leith agus DANUBIUS-ERIC a chomhlíonadh mar a chomhaontaigh an Comhthionól Ginearálta. |
3. Tá coinne ann freisin go ndéanfaidh breathnóir an méid seo a leanas:
|
a) |
glacadh caighdeán agus uirlisí ábhartha in oibríocht DANUBIUS-ERIC a chur chun cinn; |
|
b) |
glacadh shonraí agus sheirbhísí comhordaithe DANUBIUS-ERIC a chur chun cinn i measc taighdeoirí ina dtír féin agus aiseolas agus ceanglais úsáideoirí a chur chun cinn. |
CAIBIDIL 4
RIALACHAS
Airteagal 16
Comhlachtaí
1. Beidh DANUBIUS-ERIC comhdhéanta de na comhlachtaí seo a leanas:
|
a) |
an Comhthionól Ginearálta; |
|
b) |
an tArd-Stiúrthóir; |
|
c) |
an Coiste Comhairleach Eolaíoch; agus |
|
d) |
an Coiste um Bonneagar Taighde. |
Airteagal 17
An Comhthionól Ginearálta
1. Is é a bheidh sa Chomhthionól Ginearálta bord rialaithe DANUBIUS-ERIC agus beidh sé comhdhéanta d’ionadaithe chomhaltaí agus bhreathnóirí DANUBIUS-ERIC. Beidh vóta amháin ag gach comhalta agus beidh na vótaí uile ar comhionann a luach. I gcás comhaltaí a staonann ón vótáil nó ar cuireadh a gcearta vótála ar fionraí, measfar iad a bheith as láthair gan aon éifeacht ar an gcóram is gá chun an cruinniú a bheith ann faoi mhír 5.
2. Féadfaidh suas le beirt saineolaithe in aghaidh na toscaireachta a bheith in éineacht le hionadaithe chuig an gComhthionól Ginearálta chun comhairle a thabhairt don toscaireacht agus chun na críche sin amháin.
3. Toghfaidh an Comhthionól Ginearálta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc ionadaithe na gcomhaltaí ar feadh téarma 2 bhliain, tréimhse is féidir a athnuachan ar feadh na tréimhse céanna, dhá uair. Déanfaidh an Leas-Chathaoirleach ionadú ar an gCathaoirleach nuair a bheidh sé as láthair, nuair a éireoidh sé as oifig, nuair nach mbeidh sé in ann gníomhú nó i gcásanna coinbhleachta leasa nach féidir a réiteach ar shlí eile. Nuair a thoghfar iad, beidh an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach, agus é ag gníomhú mar ionadaí, supra-parteagus fágfaidh siad a dtoscaireachtaí. Beidh sé de cheart ag an gcomhalta ónar tháinig an Cathaoirleach nó an Leas-Chathaoirleach ionadaí eile a ainmniú ina ionad.
4. Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh an Comhthionól Ginearálta uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana féilire agus beidh sé freagrach as stiúradh agus maoirseacht fhoriomlán DANUBIUS-ERIC, lena n-áirítear treoshuíomh straitéiseach agus struchtúr Chomhpháirteanna DANUBIUS.
5. Faoi réir Airteagal 11(2), beidh córam ag cruinniú má dhéantar ionadaíocht ar dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí ag an gcruinniú. Mura gcomhlíontar an córam is gá, tionólfaidh an Cathaoirleach cruinniú eile, tar éis cuireadh nua a mbeidh an clár oibre céanna aige, tráth nach luaithe ná 14 lá féilire ina dhiaidh sin. Faoi réir Airteagal 11(2), beidh córam ag an dara cruinniú má dhéantar ionadaíocht ar 50 % ar a laghad de na comhaltaí ag an gcruinniú.
6. Beidh gá le formheas an Chomhthionóil Ghinearálta trí vóta d’aon toil ó na comhaltaí a bheidh i láthair chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
a) |
leasú ar Reachtanna DANUBIUS-ERIC; |
|
b) |
athruithe níos mó ná 4 % ar mhéid nó ríomh na ranníocaíochtaí ó chomhalta nó ó bhreathnóir. |
|
c) |
DANUBIUS-ERIC a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 3; |
|
d) |
comhaltas nó stádas breathnóra a fhoirceannadh. |
7. Beidh gá le formheas an Chomhthionóil Ghinearálta trí thromlach dhá thrian de na vótaí ó na comhaltaí a bheidh i láthair chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
a) |
an leibhéal ranníocaíochta bliantúla comhaltais agus breathnóirí a shocrú; |
|
b) |
athruithe suas le 4 % ar mhéid nó ríomh na ranníocaíochtaí ó chomhalta nó ó bhreathnóir. |
|
c) |
an buiséad bliantúil agus na cuntais bhliantúla a fhormheas; |
|
d) |
an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a fhormheas; |
|
e) |
an plean oibre bliantúil a fhormheas; |
|
f) |
straitéis agus pleananna airgeadais 5 bliana a fhormheas; |
|
g) |
na rialacha cur chun feidhme a ghlacadh nó a leasú; |
|
h) |
Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach a thoghadh as measc na gcomhaltaí tar éis ainmniúchán; |
|
i) |
an tArd-Stiúrthóir a cheapadh agus a dhífhostú; |
|
j) |
ionadaithe chuig na coistí a liostaítear in Airteagal 16(1) a cheapadh agus a dhífhostú; |
|
k) |
glacadh le comhaltaí agus breathnóirí nua agus stádas breathnóra a athnuachan; |
|
l) |
coistí comhairleacha a bhunú agus deireadh a chur leo; |
|
m) |
comhpháirt DANUBIUS a fhormheas nó a bhaint; |
|
n) |
an leibhéal ranníocaíochtaí ó chomhalta nó ó bhreathnóir ar eagraíocht idir-rialtasach é a shocrú. |
8. Beidh gá le tromlach simplí de na vótaí ó na comhaltaí a bheidh i láthair le haghaidh na gcinntí eile uile ón gComhthionól Ginearálta.
9. Glacfaidh an Comhthionól Ginearálta a rialacha nós imeachta féin, lena bhféadfar an fhéidearthacht a áireamh cinntí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn, faoi réir na Reachtanna seo.
Airteagal 18
An tArd-Stiúrthóir
1. Ceapfaidh an Comhthionól Ginearálta Ard-Stiúrthóir DANUBIUS-ERIC. Beidh an tArd-Stiúrthóir fostaithe ag DANUBIUS-ERIC agus is é a bheidh ina ionadaí dlíthiúil DANUBIUS-ERIC.
2. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir bainistiú laethúil DANUBIUS-ERIC agus beidh sé freagrach as cur chun feidhme chinntí an Chomhthionóil Ghinearálta, lena n-áirítear plean oibre bliantúil agus buiséad bliantúil chomh maith le straitéis agus plean airgeadais 5 bliana. Rannchuideoidh an tArd-Stiúrthóir go gníomhach le forbairt an phobail agus le caidreamh seachtrach agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha a chothú.
3. 5 bliana a bheidh i dtéarma cheapachán an Ard-Stiúrthóra. Féadfaidh an Comhthionól Ginearálta an téarma a athnuachan uair amháin ar feadh na tréimhse céanna.
4. Beidh an tArd-Stiúrthóir lonnaithe i gCeanncheathrú DANUBIUS-ERIC. Déanfaidh sé a ghníomhaíochtaí i gcomhréir leis na téarmaí tagartha don Ard-Stiúrthóir.
5. Formheasfaidh an Comhthionól Ginearálta na téarmaí tagartha don Ard-Stiúrthóir.
Airteagal 19
An Coiste Comhairleach Eolaíoch
1. Bunóidh an Comhthionól Ginearálta Coiste Comhairleach Eolaíoch neamhspleách, a gceapfaidh an Comhthionól Ginearálta a ionadaithe chuige.
2. Tuairisceoidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch don Chomhthionól Ginearálta.
3. Formheasfaidh an Comhthionól Ginearálta na rialacha nós imeachta le haghaidh an Choiste Chomhairligh Eolaíoch.
4. Déanfaidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch an méid seo a leanas:
|
a) |
faireachán a dhéanamh ar cháilíocht eolaíoch ghníomhaíocht DANUBIUS-ERIC agus Chomhpháirteanna DANUBIUS; |
|
b) |
aiseolas a thabhairt agus moltaí a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar éifeachtacht thorthaí DANUBIUS-ERIC agus thorthaí Chomhpháirteanna DANUBIUS sa phobal eolaíochta d’fhonn gníomhaíochtaí eolaíocha DANUBIUS-ERIC a fhorbairt a thuilleadh; |
|
c) |
aiseolas a thabhairt i ndáil le straitéis aschuir eolaíoch agus straitéis eolaíochta DANUBIUS-ERIC, arna iarraidh sin don Chomhthionól Ginearálta; |
|
d) |
athbhreithniú a dhéanamh ar an taighde a rinneadh faoi DANUBIUS-ERIC agus faoi Chomhpháirteanna DANUBIUS i ndáil leis na bunphrionsabail maidir le Taighde agus Nuálaíocht Fhreagrach chomh maith le saincheisteanna eiticiúla agus moladh a thabhairt dá réir sin. |
Airteagal 20
An Coiste um Bonneagar Taighde
1. Bunóidh an Comhthionól Ginearálta Coiste um Bonneagar Taighde, a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó Chomhpháirteanna éagsúla DANUBIUS, ar a mbeidh triúr ionadaithe agus triúr teachtaí ó na Sárláithreáin, mar aon le hionadaí amháin agus teachta amháin ó gach ceann de Chomhpháirteanna DANUBIUS eile.
2. Tuairisceoidh an Coiste um Bonneagar Taighde don Chomhthionól Ginearálta.
3. Formheasfaidh an Comhthionól Ginearálta na rialacha nós imeachta le haghaidh an Choiste um Bonneagar Taighde.
4. Déanfar an méid seo a leanas i leith an Choiste um Bonneagar Taighde:
|
a) |
tionólfaidh an tArd-Stiúrthóir an Coiste um Bonneagar Taighde agus tiocfaidh sé le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad; |
|
b) |
rachaidh an tArd-Stiúrthóir i gcomhairle leis maidir leis na hábhair ghinearálta uile lena n-áirítear tograí a tharraingt suas don Chomhthionól Ginearálta maidir le pleananna oibre bliantúla a bhaineann le Comhpháirteanna DANUBIUS a bhunú agus a mhodhnú chun comhsheasmhacht, cáilíocht, comhleanúnachas agus cobhsaíocht na seirbhísí a chuirtear ar fáil a áirithiú, chun nósanna imeachta, uirlisí agus cleachtais, soláthairtí a chomhordú, agus chun tograí a chur faoi bhráid an Chomhthionóil Ghinearálta chun feabhas a chur ar cháilíocht agus éifeachtúlacht na seirbhísí. |
CAIBIDIL 5
RANNÍOCAÍOCHTAÍ AGUS PRIONSABAIL AN AIRGEADAIS
Airteagal 21
Ranníocaíochtaí agus acmhainní
1. Íocfaidh comhaltaí agus breathnóirí ranníocaíochtaí bliantúla in airgead tirim i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn 2.
2. Is iad na nithe seo a leanas a bheidh in acmhainní DANUBIUS-ERIC:
|
a) |
deontais taighde agus deontais eile; |
|
b) |
tacaíocht chomhchineáil; |
|
c) |
faoi réir Airteagal 2(4), ioncam a thagann as gníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta, lena n-áirítear ioncam arna ghiniúint ag seach-chuideachtaí agus ag an oifig um aistriú teicneolaíochta; |
|
d) |
ranníocaíochtaí seachas na ranníocaíochtaí bliantúla in airgead tirim i gcomhréir le mír 1. |
|
e) |
acmhainní eile, lena n-áirítear tabhartais agus bronntanais laistigh de theorainneacha agus faoi théarmaí agus coinníollacha arna bhformheas ag an gComhthionól Ginearálta, i gcomhréir leis an dlí agus na rialacháin is infheidhme. |
3. Féadfaidh an Comhthionól Ginearálta, dá rogha féin, glacadh le ranníocaíochtaí comhchineáil, sa bhreis ar ranníocaíochtaí in airgead tirim nó, i gcásanna eisceachtúla, in ionad ranníocaíochtaí in airgead tirim, ó Chomhaltaí agus ó Bhreathnóirí. Leagfar síos na modhanna, na teorainneacha agus na forálacha cuntasaíochta maidir le ranníocaíochtaí comhchineáil agus ranníocaíochtaí in airgead tirim sna rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gComhthionól Ginearálta.
4. Úsáidfear ranníocaíochtaí agus acmhainní DANUBIUS-ERIC chun an cuspóir, an cúram agus na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 2 de na Reachtanna seo a bhaint amach.
Airteagal 22
Prionsabail bhuiséadacha, cuntais agus iniúchadh
1. Bliain Féilire a bheidh i mbliain airgeadais DANUBIUS-ERIC.
2. Oibreoidh DANUBIUS-ERIC de réir phrionsabail na trédhearcachta agus na bainistíochta fónta airgeadais agus beidh sé faoi réir cheanglais dhlí na tíre is infheidhme ina bhfuil a oifig chláraithe a mhéid a bhaineann le cuntais a ullmhú, a chomhdú, a iniúchadh agus a fhoilsiú. Soláthrófar rialacha níos mionsonraithe i rialacha cur chun feidhme DANUBIUS-ERIC.
3. Beidh tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais na bliana airgeadais ag gabháil le cuntais DANUBIUS-ERIC.
4. Taifeadfaidh DANUBIUS-ERIC costais agus ioncaim aon ghníomhaíochta eacnamaíche ar leithligh.
5. Déanfaidh iniúchóir seachtrach neamhspleách iniúchadh ar chuntais DANUBIUS-ERIC i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme. Cuirfear na tuarascálacha iniúchóireachta faoi bhráid an Chomhthionóil Ghinearálta mar aon leis an tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais na bliana airgeadais.
6. Faoi réir na ndlíthe agus na rialachán is infheidhme, ceapfaidh an Comhthionól Ginearálta an t-iniúchóir go ceann tréimhse nach faide ná 4 bliana agus féadfar é a athcheapadh. Comhlíonfaidh an t-iniúchóir seachtrach feidhmeanna breise mar a leagtar amach sna rialacha cur chun feidhme.
7. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir faisnéis agus cúnamh den sórt sin ar fáil don iniúchóir seachtrach, de réir mar is gá, chun go bhféadfaidh an t-iniúchóir seachtrach a chuid dualgas a chomhlíonadh.
Airteagal 23
Díolúine ó cháin agus ó dhleacht mháil
1. Díolúintí ó Cháin Bhreisluacha (CBL) bunaithe ar Airteagal 143(1)(g) agus Airteagal 151(1)(b) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle agus i gcomhréir le hAirteagail 50 agus 51 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle, cuirfear i bhfeidhm iad maidir le ceannacháin a dhéanfaidh DANUBIUS-ERIC agus comhaltaí DANUBIUS-ERIC (de réir bhrí Airteagal 11(1) de Reachtanna DANUBIUS-ERIC), atá le húsáid go hoifigiúil agus go heisiach ag DANUBIUS-ERIC, ar choinníoll go ndéanfar ceannacháin den sórt sin le haghaidh ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha DANUBIUS-ERIC i gcomhréir lena ghníomhaíochtaí agus lena n-aghaidh sin amháin. Beidh díolúintí CBL teoranta do cheannacháin ar mó a luach ná EUR 300.
2. Díolúintí ó dhleacht mháil bunaithe ar Airteagal 11 de Threoir 2020/262/CE ón gComhairle, beidh siad teoranta do cheannacháin a dhéanfaidh DANUBIUS-ERIC atá le húsáid go hoifigiúil agus go heisiach ag DANUBIUS-ERIC, ar choinníoll go ndéanfar ceannacháin den sórt sin le haghaidh ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha DANUBIUS-ERIC i gcomhréir lena ghníomhaíochtaí, agus lena n-aghaidh sin amháin, agus gur mó luach gach ceannacháin ná EUR 300.
CAIBIDIL 6
FORÁLACHA CHRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 24
Sainmhínithe
Chun críocha na Reachtanna seo, beidh an bhrí seo a leanas leis na téarmaí agus nathanna sainmhínithe seo a leanas:
Ciallaíonn bliain féilire an tréimhse dar tús an 1 Eanáir agus dar críoch an 31 Nollaig gach bliain.
Ciallaíonn Comhpháirt DANUBIUS láithreán nó cuid den bhonneagar dáilte, atá suite i gcríoch comhalta, ag a ndéantar gníomhaíochtaí gaolmhara DANUBIUS agus lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, an mol, na sárláithreáin, na nóid, an lárionad sonraí, an oifig um aistriú teicneolaíochta agus an oifig ríomhfhoghlama. Tá Comhpháirt DANUBIUS faoi stiúir aon Chomhpháirtí DANUBIUS amháin arna ceapadh ag comhalta agus tá sé nasctha le DANUBIUS-ERIC trí Chomhaontú ar Leibhéal Seirbhíse.
Ciallaíonn Comhpháirtí DANUBIUS saoráid taighde, institiúid, ollscoil, saotharlann, nó duine dlítheanach gaolmhar, atá bunaithe i gcríoch comhalta nó breathnóra agus a cheapann an comhalta nó an breathnóir sin dá réir sin. Cuireann Comhpháirtí DANUBIUS acmhainní agus seirbhísí gaolmhara ar fáil do Chomhpháirt DANUBIUS amháin nó níos mó agus, tríothu, d’Úsáideoirí.
Ciallaíonn laethanta laethanta féilire, mura léirítear a mhalairt.
Ciallaíonn Ceanncheathrú DANUBIUS-ERIC lároifig DANUBIUS-ERIC, atá suite san Oifig Chláraithe.
Beidh an bhrí chéanna le Maoin Intleachtúil mar atá in Airteagal 2 den Choinbhinsiún lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil a síníodh an 14 Iúil 1967.
Ciallaíonn Comhaontú ar Leibhéal Seirbhíse comhaontú lena sainmhínítear an gaol idir Comhpháirt DANUBIUS agus DANUBIUS-ERIC. Féadfaidh príomh-Chomhpháirtí DANUBIUS Comhaontú ar Leibhéal Seirbhíse a shíniú thar ceann Chomhpháirt DANUBIUS i gcásanna nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach ag Comhpháirt DANUBIUS.
Ciallaíonn úsáideoirí daoine aonair agus institiúidí ón saol acadúil, gnólachtaí, an tionscal agus seirbhísí poiblí a dtugtar rochtain dóibh ar Chomhpháirteanna DANUBIUS.
Airteagal 25
Teanga oibre
Is é an Béarla an teanga oibre a bheidh ag DANUBIUS-ERIC.
Airteagal 26
Beartas um shonraí
1. Cuirfidh DANUBIUS-ERIC prionsabail na foinse oscailte agus na rochtana oscailte chun cinn.
2. Beidh rochtain ar shonraí arna cur ar fáil ag DANUBIUS-ERIC, i gcás inar féidir (agus ceadúnais tríú páirtí agus aon socrú atá ann cheana á gcur san áireamh), ar fáil saor in aisce do gach institiúid eolaíoch agus do pháirtithe leasmhara eile agus beidh rochtain oscailte ag aon duine eolaíoch nó aon ghníomhaireacht eolaíoch uirthi. Beidh úsáid agus bailiú sonraí faoi réir na ndlíthe agus na rialachán is infheidhme maidir le príobháideachas sonraí.
3. Tabharfaidh DANUBIUS-ERIC treoraíocht (lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin) d’Úsáideoirí chun a áirithiú go mbeidh an taighde a dhéanfar agus úsáid á baint as ábhar a chuirtear ar fáil trí DANUBIUS-ERIC á dhéanamh laistigh de chreat a aithníonn cearta na n-úinéirí sonraí agus príobháideachas an duine aonair.
4. Áiritheoidh DANUBIUS-ERIC go n-aontóidh Úsáideoirí leis na téarmaí agus na coinníollacha lena rialaítear rochtain agus go bhfuil socrú slándála oiriúnach i bhfeidhm maidir le stóráil agus láimhseáil a chur chun feidhme.
5. Saineoidh DANUBIUS-ERIC socruithe chun imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le sáruithe slándála agus nochtaí rúndachta i ndáil le sonraí taighde.
6. Glacfaidh DANUBIUS-ERIC beartas um shonraí, a bheidh le formheas ag an gComhthionól Ginearálta.
Airteagal 27
Tuairisciú don Choimisiún
1. Cuirfidh DANUBIUS-ERIC tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ar fáil, tuarascáil ina mbeidh gnéithe eolaíocha, oibríochtúla agus airgeadais dá chuid gníomhaíochtaí go háirithe. Dréachtóidh an tArd-Stiúrthóir an tuarascáil agus formheasfaidh an Comhthionól Ginearálta í agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh agus faoi bhráid údaráis phoiblí ábhartha í laistigh de 6 mhí ó dheireadh na bliana airgeadais comhfhreagraí. Tar éis don Chomhthionól Ginearálta an tuarascáil a fhormheas, cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí trí shuíomh gréasáin DANUBIUS-ERIC.
2. Cuirfidh DANUBIUS-ERIC an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon imthoisc a d’fhéadfadh cur i gcrích chúraimí DANUBIUS-ERIC a chur i mbaol go mór nó bac a chur ar DANUBIUS-ERIC na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 a chomhlíonadh.
Airteagal 28
Rialacha cur chun feidhme
Forlíonfar na Reachtanna seo le rialacha cur chun feidhme, le rialacha nós imeachta agus le téarmaí tagartha, a bheidh le glacadh ag an gComhthionól Ginearálta.
Airteagal 29
An dlí is infheidhme
Rialófar DANUBIUS-ERIC leis na nithe seo a leanas:
|
a) |
dlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 agus na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a) agus in Airteagal 11(1) den rialachán. |
|
b) |
dlí na Rómáine i gcás ábhair nach rialaítear le dlí an Aontais nó nach rialaítear ach go páirteach leis; |
|
c) |
na Reachtanna seo agus a rialacha cur chun feidhme. |
Airteagal 30
Díospóidí
1. Déanfaidh na comhaltaí iarracht, a mhéid is féidir, aon díospóid a d’fhéadfadh eascairt as léirmhíniú nó cur i bhfeidhm na reachtanna seo a réiteach ar mhodh cairdiúil.
2. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i dtaca le dlíthíocht i measc na gcomhaltaí maidir le DANUBIUS-ERIC, idir comhaltaí agus DANUBIUS-ERIC, agus i dtaca le haon dlíthíocht lena bhfuil an tAontas ina pháirtí.
3. Beidh feidhm ag reachtaíocht an Aontais maidir le dlínse i ndáil le díospóidí idir DANUBIUS-ERIC agus tríú páirtithe. I gcásanna nach gcumhdaítear le reachtaíocht an Aontais, is faoi dhlí na Rómáine a chinnfear an dlínse inniúil chun na díospóidí sin a réiteach.
Airteagal 31
Infhaighteacht na Reachtanna
Coinneofar na Reachtanna cothrom le dáta agus cuirfear ar fáil go poiblí iad ar shuíomh gréasáin DANUBIUS-ERIC agus ag an oifig chláraithe.
Airteagal 32
Forálacha maidir le bunú
1. Gairfidh an Rómáin cruinniú bunreachtúil den Chomhthionól Ginearálta a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh ón gCoimisiún lena mbunaítear DANUBIUS-ERIC.
2. Sula dtionólfar an cruinniú bunreachtúil den Chomhthionól Ginearálta, tabharfaidh an Rómáin fógra do na comhaltaí agus do na breathnóirí faoi aon chaingean dlí phráinneach shonrach is gá a dhéanamh thar ceann DANUBIUS-ERIC. Mura rud é go ndéanann comhalta agóid laistigh de 5 lá oibre tar éis dó an fógra a fháil, déanfaidh duine arna údarú go cuí ag an Rómáin an chaingean dlí.
IARSCRÍBHINN 1
NA COMHALTAÍ AGUS NA BREATHNÓIRÍ AGUS A nEINTITIS A bhFUIL IONADAÍOCHT Á DÉANAMH ACU FAOI LÁTHAIR
Liostaítear san iarscríbhinn seo na comhaltaí agus na breathnóirí, agus na heintitis a dhéanann ionadaíocht orthu.
|
Ballstáit |
Eintitis a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu |
|
Poblacht na hOstaire (an Ostair) |
Bundesministerium für Bildung, Wissenschaft und Forschung / Aireacht Chónaidhme Oideachais, Eolaíochta agus Taighde na hOstaire |
|
Poblacht na Seice |
Ministerstvo Školství, Mládeže a Tělovýchovy / An Aireacht Oideachais, Óige agus Spóirt |
|
Poblacht na hIodáile (an Iodáil) |
Consiglio Nazionale delle Ricerche-CNR / An Chomhairle Náisiúnta um Thaighde |
|
Poblacht na Moldóive (an Mholdóiv) |
Ministerul Educației si Cercetării al Republicii Moldova / Aireacht Oideachais agus Taighde Phoblacht na Moldóive |
|
Ríocht na hÍsiltíre (an Ísiltír) |
Ministerie van Infrastructuur en Waterstaat / An Aireacht Bonneagair agus Bainistíochta Uisce |
|
an Rómáin |
Autoritatea Națională pentru Cercetare / An tÚdarás Náisiúnta um Thaighde |
|
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe) |
Department for Science, Innovation & Technology / An Roinn Eolaíochta, Nuálaíochta agus Teicneolaíochta |
IARSCRÍBHINN 2
RANNÍOCAÍOCHTAÍ BLIANTÚLA
Leagtar amach san iarscríbhinn seo an bunús le haghaidh táillí comhaltais mar a chomhaontaigh Bord na nIonadaithe Rialtais.
Íocfaidh na tíortha uile is comhaltaí de DANUBIUS-ERIC, bídís ina gComhaltaí bunaidh nó ina gcomhaltaí níos déanaí, táillí comhaltais bliantúla bunaithe ar chóras pointí:
Comhalta ERIC: 1 phointe
Breathnóir ERIC: 0,5 pointe
Gach comhpháirt DANUBIUS-RI (Nód, Sárláithreán, Lárionad Sonraí): 1 phointe
Mol: 2 phointe
Is é EUR 18 500 costas gach pointe. Ciallaíonn sé sin go n-íocfaidh tír is comhalta nach bhfuil aon chomhpháirt aici EUR 18 500. Agus, mar shampla, íocfaidh an Rómáin, atá ina comhalta ach a óstálfaidh an Mol, an Lárionad Sonraí, an Nód Anailíse agus Sárláithreán amháin, EUR 111 000. Cuirtear i láthair sa Tábla thíos táillí comhaltais bliantúla na gComhaltaí Bunaidh a ghlac páirt i mBord na nIonadaithe Rialtais agus formheasadh iad ag cruinniú an 10 Márta 2022. Leasaíodh an tábla i mí Feabhra 2024, trí ghlacadh le ceannairí nua na gcomhpháirteanna breise, agus an luach céanna á choinneáil le haghaidh gach pointe mar a comhaontaíodh i mí an Mhárta 2022. Meastar gur Comhaltaí Bunaidh iad na tíortha uile atá liostaithe.
Ní fhéadfaidh ach Comhaltaí DANUBIUS-ERIC comhpháirt DANUBIUS-RI a óstáil.
Cruthaíodh an tsamhail ionas go dtacóidh suim tháillí comhaltais aonair ERIC uile le riachtanais airgeadais bhliantúla DANUBIUS-ERIC. Ní chuirtear san áireamh ann na costais a bhaineann le comhpháirteanna DANUBIUS-RI a reáchtáil. Tabhair do d’aire, áfach, go bhfuil gealltanas tugtha ag comhpháirtithe DANUBIUS-RI ranníocaíochtaí comhchineáil is gá a dhéanamh chun go bhfeidhmeoidh DANUBIUS-RI agus DANUBIUS-ERIC mar a bhí beartaithe.
|
Comhalta ERIC: |
Táille chomhaltais bhliantúil ERIC |
|
an Ostair |
EUR 37 000 |
|
an tSeicia |
EUR 37 000 |
|
an Iodáil |
EUR 55 500 |
|
an Mholdóiv |
EUR 18 500 |
|
an Ísiltír |
EUR 55 500 |
|
an Rómáin |
EUR 111 000 |
|
an Ríocht Aontaithe |
EUR 74 000 |
Iomlán - EUR 388 500/Bliain
Má athraíonn tír is comhalta a líon comhpháirteanna, déanfar an líon pointí agus an táille chomhaltais a choigeartú dá réir sin.
Coinneoidh Comhthionól Ginearálta DANUBIUS-ERIC na táillí comhaltais faoi athbhreithniú agus féadfaidh sé luach pointe a athrú amach anseo.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3467/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)