|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3459 |
24.6.2025 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú é ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17, fomhíreanna 2 agus 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(C/2025/3459)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL
‘Condrieu’
PDO-FR-A0685-AM02
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA LEIS
1. Limistéar dáileachta talún críochaithe
Leasaíodh an tsonraíocht táirge le haghaidh an ainmniúcháin ‘Condrieu’ i gCaibidil I, Roinn IV, ‘Limistéir agus áiteanna ina ndéantar na hoibríochtaí éagsúla’, pointe 2 ‘Limistéar dáileachta talún críochaithe’, chun an dáta a d’fhormheas an t-údarás náisiúnta inniúil ar an limistéar dáileachta talún críochaithe laistigh den limistéar geografach táirgthe a thabhairt cothrom le dáta, gan aon athrú breise. Déantar dáileachtaí talún a chríochú, trí na dáileachtaí talún laistigh den limistéar geografach táirgeachta a shainaithint, ar dáileachtaí talún iad atá oiriúnach chun an táirge a chumhdaítear leis an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint a tháirgeadh. Níor athraíodh an limistéar geografach.
Ní dhéanann an nuashonrú sin difear don doiciméad aonair.
2. Limistéar geografach agus limistéar díreach in aice láimhe
Leasaíodh an tsonraíocht táirge le haghaidh an ainmniúcháin ‘Condrieu’ i gCaibidil I, Roinn IV ‘Limistéir agus áiteanna ina ndéantar na hoibríochtaí éagsúla’, pointe 1 ‘Limistéar geografach’ agus pointe 3 ‘Limistéar díreach in aice láimhe’, chun an tagairt don Chód Geografach Oifigiúil an 1 Eanáir 2023 a chur isteach gan aon athrú breise.
Leis an bhfoclaíocht leasaithe sin, ceadaítear an limistéar geografach a shainaithint trí thagairt do leagan 2023 den Chód Geografach Oifigiúil, a eisíonn an Institiúid Náisiúnta Staidrimh agus Staidéar Eacnamaíoch (INSEE), agus tugtar deimhneacht dhlíthiúil don sainiú ar an limistéar geografach.
Cuireadh an tagairt chéanna isteach sa doiciméad aonair, faoi na ceannteidil ‘Limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise – limistéar díreach in aice láimhe’.
3. Lipéadú
Leasaíodh an tsonraíocht táirge le haghaidh an ainmniúcháin ‘Condrieu’ i gCaibidil I, Roinn XII ‘Rialacha maidir le cur i láthair agus lipéadú’, pointe 2 ‘Forálacha speisialta’ chun na rialacha lipéadaithe a chur san áireamh maidir le tagairt a dhéanamh don aonad geografach níos leithne ‘Vignobles de la Vallée du Rhône’, mar a leagtar amach sa chomhaontú a síníodh idir na comhlachtaí cosanta agus bainistíochta lena mbaineann. Ní mór an fhaisnéis sin a bheith le feiceáil sa réimse amhairc chéanna leis na sonraí sainordaitheacha uile agus ní mó í a chló i gcarachtair den dearadh grafach agus den dath céanna leis an ainmniúchán, ar choinníoll nach bhfuil sé níos mór ná dhá thrian de mhéid an ainmniúcháin.
Cuireadh an leasú sa doiciméad aonair, faoin gceannteideal ‘Coinníollacha breise – Lipéadú’.
4. Ceanglais maidir le dearbhú
Tugadh Caibidil II den tsonraíocht táirge le haghaidh an ainmniúcháin ‘Condrieu’ cothrom le dáta: cuireadh na hoibleagáidí atá ar oibreoirí dearbhuithe a dhéanamh don chomhlacht cosanta agus bainistíochta i gcomhréir leis an bplean cigireachta le haghaidh an ainmniúcháin.
Ní dhéanann an nuashonrú sin difear don doiciméad aonair.
5. Tagairtí don chomhlacht cigireachta
Tugadh Caibidil III, Roinn II den tsonraíocht táirge, ‘Tagairtí don chomhlacht cigireachta’ cothrom le dáta chun a shonrú go ndéantar seiceálacha ar chomhlíontacht leis an tsonraíocht táirge ar bhonn plean cigireachta formheasta agus ag comhlacht tríú páirtí a thairgeann ráthaíochtaí maidir le hinniúlacht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas atá tarmligthe ag INAO.
Ní dhéanann an nuashonrú sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm (nó ainmneacha)
Condrieu
2. Cineál an táisc gheografaigh
ATFC – Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
|
16. |
Fíon ó fhíonchaora ró-aibí |
3.1. Cód Ainmníochta Comhcheangailte
|
— |
22 – DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR 2204 - Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009 |
4. Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)
1. Fíonta geala
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Is é Viognier B an cineál comharthach ‘Condrieu’. Fíonta atá incháilithe chun an t-ainmniúchán tionscnaimh ‘Condrieu’ a bheith orthu, is féidir iad a tháirgeadh mar fhíonta geala socra tirime agus leath-thirime.
Saintréith d’fhíon ‘Condrieu’ is ea dath óir a bhfuil imireacha diana órga aige.
Bíonn dea-bholaithe de thorthaí aibí air, amhail péitseog agus, thar aon ní eile, aibreog, agus uaireanta dea-bholaithe sailchuaiche agus bláthanna bána.
Sa bhéal, bíonn an fíon láidir le cothromaíocht iontach, bíonn blas saibhir agus leathmhilis air, gan aon troime a bhuí le beocht thaitneamhach a thugann fad dian aramatach don fhíon.
Is é 11,5 % íosneart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte.
Ní bhíonn an neart alcóil iomlán de réir toirte atá ag na fíonta tar éis an tsaibhrithe níos mó ná 14 %.
Is i reachtaíocht an Aontais a leagtar síos méideanna na haigéadachta iomláine agus na haigéadachta luainí agus méid iomlán na dé-ocsaíde sulfair.
Saintréithe anailíseacha ginearálta
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte) — |
|
— |
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte) — |
|
— |
Aigéadacht iomlán íosta: i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
— |
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) — |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir) — |
2. Fíonta geal ó fhíonchaora ró-aibí
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Is é Viognier B an cineál comharthach. I gcás inar féidir, leis na dálaí nádúrtha atá ann, táirgtear méideanna teoranta fíonta ar a dtugtar ‘leathmhilis’ nó ‘milis’ ó fhíonchaora ró-aibí.
Bíonn dath óir ar na fíonta sin le himireacha órga diana. Bíonn dea-bholaithe suntasacha de thorthaí aibí air, amhail péitseog agus, thar aon ní eile, aibreog. Ar an gcaoi chéanna sa bhéal, bíonn sé láidir le cothromaíocht iontach, bíonn blas saibhir agus leathmhilis air, gan aon troime a bhuí le beocht thaitneamhach a thugann fad dian aramatach don fhíon.
Is é 45 ghram in aghaidh an lítir ar a laghad an méid siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) a bhíonn sna fíonta.
Is é 11,5 % íosneart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte.
De mhaolú air sin, is le hordú arna eisiúint go comhpháirteach ag an Aire Gnóthaí Tomhaltóirí agus ag an Aire Talmhaíochta a bhunaítear an cion aigéadachta luainí le haghaidh fíonta a bhfuil méid siúcra choipthigh (fruchtós agus glúcós) 45 ghram in aghaidh an lítir ar a laghad iontu.
Comhlíonann na critéir anailíseacha eile na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.
Saintréithe anailíseacha ginearálta
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte) — |
|
— |
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 13 |
|
— |
Aigéadacht iomlán íosta: — |
|
— |
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 30 |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): — |
5. Cleachtais fhíoneolaíocha
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1. Cleachtas fíoneolaíoch sonrach
- Tá toirmeasc ar shaibhriú nó aigéadú d’aon chineál agus fíonta á ndéanamh ina bhfuil méid siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) de 45 ghram in aghaidh an lítir ar a laghad.
- Tá toirmeasc ar shliseanna adhmaid a úsáid.
De bhreis ar na forálacha thuas, ní mór na cleachtais fhíoneolaíocha a ghlactar le haghaidh na bhfíonta a bheith i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais agus leis an gCód Tuaithe agus Iascaigh.
2. Modh saothraithe
- Is é dlús plandála íosta na bhfíniúnacha 6 500 planda in aghaidh an heicteáir.
Ní bhíonn an t-achar atá ar fáil le haghaidh gach planda níos mó ná 1,5 méadar cearnach. Faightear an t-achar dromchla sin tríd an spásáil idir na sraitheanna a mhéadú faoin spásáil idir na plandaí.
- Ní bhíonn an spásáil idir na sraitheanna níos mó ná 2 mhéadar.
- Féadfaidh conairí a bheith ann atá níos mó ná 2 mhéadar ar leithead. Níl siad níos mó ná 3 mhéadar ar leithead, ach amháin i gcás limistéir chnocacha (claon 30 % ar a laghad), áit a bhféadfaidh siad a bheith níos leithne. Tá brat fásra rialaithe ag na conairí sin, bíodh sé ann go nádúrtha nó curtha.
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil agus 10 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda i gceist, trí úsáid a bhaint as na teicnící seo a leanas:
|
— |
prúnáil spoir (cuachphrúnáil, prúnáil Royat agus géag amháin nó dhá ghéag á úsáid); agus trí bhachlóg ar a mhéad ann in aghaidh an spoir; |
|
— |
prúnáil Guyot aonair, agus ocht mbachlóg ar a mhéad ar an gcána. |
- As fíonchaora a bhuantar de láimh a dhéantar na fíonta. Iompraítear na triopaill fíonchaor ina n-iomláine chuig an suíomh déanta fíona.
5.2. Uastáirgeacht
|
1. |
46 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2023:
|
— |
Roinn Ardèche: Limony; |
|
— |
Roinn Loire: Chavanay, Malleval, Saint-Michel-sur-Rhône, Saint-Pierre-de-Bœuf, Vérin; |
|
— |
Roinn Rhône: Condrieu. |
7. Cineál (nó cineálacha) fíonchaor
Viognier B
8. Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)
1- Faisnéis maidir leis an limistéar geografach
a) Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc
Thart ar 40 ciliméadar ó dheas ó Lyon, feadh theorainn thoir Massif Central, tá fíonghoirt an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Condrieu’ suite idir fíonghoirt dhá ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint eile, ‘Côte Rôtie’ sa tuaisceart agus ‘Saint-Joseph’ sa deisceart.
Dá bhrí sin, cumhdaíonn an limistéar geografach seacht mbardas a chuimsíonn ranna Rhône, Loire agus Ardèche.
I gcóras ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ghleann Rhône, baineann ‘Condrieu’ leis an aicme fíonta ‘Crus des Côtes du Rhône’.
Is iad na fánaí géara go mór os cionn bhruach deas Rhône is mó atá sa tírdhreach.
Tagann an chuid is mó de na hithreacha a bhaineann go sonrach leis an limistéar sin, atá gainmheach-créúil, dona agus briosc, ó dhíghrádú carraige príomhúla magmataí agus meiteamorfaí, ina bhfuil eibhear den chuid is mó. Mar sin féin, tá roinnt sil-leagain aeólacha (lós) ón oighearaois fós i bhfoirm ‘gráin’ an-logánta.
I bhformhór na gcásanna, is gá oiriúnuithe móra a dhéanamh mar gheall ar an bhfána ghéar agus leochaileacht agus éagobhsaíocht na n-ithreacha. Dá dheasca sin, fástar na fíniúnacha, a threoraítear ar chuaillí, ar léibhinn chúnga, ar a dtugtar ‘chaillées’ go háitiúil, áit a gcoinnítear an ithir le ballaí ísle, nó ‘cheys’.
Is í an ghaoth aduaidh ar a dtugtar ‘Bise’ go háitiúil an ghaoth is minice a bhíonn ann. Is gaoth fhuar thirim í a thugann deis do na duilleoga triomú agus a chuidíonn le scaipeadh galar fungasach a chosc. Mar gheall ar an ngaoth, roghnaítear láithreáin atá réasúnta foscúil agus grianmhar, arna soláthar ag treoshuíomh na bhfánaí ar a bhfásann na fíonghoirt, is é sin treoshuíomh ó dheas agus soir ó dheas, ar an mórgóir.
b) Tuairisc ar na tosca daonna is ábhartha don nasc
Deirtear gur chuir an tImpire Probus fíniúnacha ‘Condrieu’ trí úsáid a bhaint as plandaí a tugadh ar ais ón Dalmáit sa tríú céad AD.
Cé go bhfuil an leagan seo de bhunús na bhfíonghort hipitéiseach i gcónaí, tá neart fianaise ann ar sheaniarsmaí na bhfíonghort agus ar an gcultúr fíonsaothrúcháin gaolmhar, go háirithe ag láithreán seandálaíochta Saint-Roman-en-Gal thart ar dosaen ciliméadar ar shiúl. Tá clú agus cáil air as an iliomad mósáicí a nochtadh in iarsmaí villas Rómhánacha. I measc na saothar pictiúrtha sin, tá ceann ann ina léirítear fíonchaora á mbuain agus á mbrú agus próca á shéalú (mósáic ina léirítear an féilire talmhaíochta, tús an tríú céad, Músaem Saint Germain-en-Laye – Provenance: Saint-Romain-en-Gal). An tráth sin, shéalaítí na prócaí fíona le hábhar roisíneach agus thugtaí ‘picatum’ orthu. Thugtaí ‘Allobrogica’ ar na fíonta féin. (A. Ferdière – Les campagnes en gaule romaine [Ceantair thuaithe sa Ghaill Rómhánach] – leathanach 87, Imleabhar 2).
Dá bhrí sin, is dócha go raibh nasc idir forbairt tosaigh na bhfíonghort agus Pax Romana, rud a chuir ar a gcumas do na Allobroges, ar chumhdaigh a gcríoch cuid de bhruach deas abhainn Rhône, os coinne Vienne, saoránacht Rómhánach a fháil agus, ar an gcaoi chéanna, an ceart a fháil fíniúnacha a chur. Bhí an-tóir ar Allobrogica ag tús chéad Antonine (an dara céad AD).
Sna Meánaoiseanna bhí sé deacair na fíonta sin a iompar ó ghleann Rhône go tuaisceart na Fraince mar gheall ar na dleachtanna iomarcacha a ghearr cathracha ghleann Rhône, a raibh gá a thrasnú ar an mbealach, go háirithe Lyon agus Mâcon. (R. Dion – Histoire de la vigne et du vin en France [Stair na fíniúna agus na fíonóireachta sa Fhrainc]).
Chun an bac sin a shárú, tháinig forbairt ar bhealaí trádála le haghaidh fhíonta ghleann Rhône i dtreo Pháras suas abhainn Loire sa 17ú céad. In aice le Condrieu, níl Gleann Rhône ach timpeall 40 ciliméadar ó ghleann Loire, ar féidir é a thrasnú trí mhám trí mhasaíf Pilat. Níos faide ó thuaidh, nascann canálacha Briare agus Loing abhainn Loire leis an tSéin, chun Páras a bhaint amach.
Mar sin féin, ag tosú sa 19ú céad, tháinig deacracht eile chun cinn mar gheall ar dheacracht amháin. Ar an gcéad dul síos, scrios fiollocsaeire cuid mhór de na fíonghoirt, mar a cuireadh i dtábhacht i scríbhinní cónaitheora de chuid na hAlsáise a bhí ag taisteal feadh Ghleann Rhône in 1893: ‘Tá fíonghoirt a raibh cáil orthu roimhe seo beagnach scriosta; níl fágtha ach roinnt plandaí ar fhánaí Côte Rôtie, Ampuis agus Condrieu’ (Jean Felbert, Histoire d’une famille alsacienne [Stair theaghlach Alsáisigh] – A. Picard et Raan).
Ansin leis an gCéad Chogadh Domhanda agus tionsclú Ghleann Rhône, tháinig laghdú mór ar an lucht saothair a bhí ar fáil chun obair a dhéanamh ar na fánaí.
Dá bhrí sin, le linn an 20ú céad, bhí na fíonghoirt beagnach imithe. Le hathruithe ar phatrúin tomhaltais, agus an díograis atá ag méadú i leith fíonta ar ardchaighdeán agus gastranamaíochta, cuidíodh leis na fíonghoirt sin a thabhairt ar ais. Chumhdaigh na fíonghoirt arís an limistéar ina raibh siad san am caitheadh roimh ghéarchéim na fiollocsaeire.
Tá an pobal fíniúna bunaithe go heisiach ar Viognier B nó ‘Vionnier’, comhartha cineáil de ‘Condrieu’. Luaitear é chomh luath le 1781, sa Histoire naturelle de la province du Dauphiné [Stair an Dúlra maidir le Cúige Dauphiné], ina dtagraítear d’fhíonta Vienne (‘Côte Rôtie’ agus ‘Condrieu’) agus dá réir sin: ‘ní dhéantar na fíonta den scoth sin ach as dhá chineál fíniúna, Serine agus Vionnier’.
Tá stair choiteann ag an gcineál agus ag fíonghoirt ‘Condrieu’, toisc go raibh siad araon beagnach imithe i léig sna 1970idí. In 1965, níor fhan ach thart ar 8 heicteár sa réigiún agus ar fud an domhain, agus úsáideadh iad chun na fíonghoirt a athstocáil agus a thabhairt ar ais de réir a chéile, rud a chumhdaigh níos mó ná 140 heicteár in 2010.
Cosúil leis an gcineál Syrah N, Viognier B, cineál fíniúna den ‘dara tréimhse aibithe’ (leath-aibiú agus aibiú déanach), cuirtear anseo é ag teorainn a raoin fáis, rud a chuireann ar a chumas a acmhainneacht iomlán a léiriú. Tá an cineál sin athraitheach go pointe áirithe mar gheall ar a tháirgeadh neamhrialta. Ag an am céanna, tá sé neamhghnách mar gheall ar a chumas méid ard siúcra a bhaint amach go nádúrtha.
Faigheann an fíonghort a ainm ón mbardas ar a bhfuil an t-ainm céanna, Condrieu (‘cúinne an tsrutha’). Tá an baile beag abhann seo a bhunaigh na Rómhánaigh in 59 RCh ag crosbhóthar trí roinn, Rhône, Loire agus Isère, ainmnithe amhlaidh mar gheall ar a shuíomh ar chúinne talún ina sreabhann abhainn amháin isteach i gceann eile, ar a dtugtar ‘Coin’.
Aithníodh na fíonghoirt den chéad uair mar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, is é sin ‘Côtes du Rhône’, an 19 Samhain 1937.
An 27 Aibreán 1940, aithníodh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Condrieu’ go heisiach le haghaidh fíonta geala socra, i mbardais Condrieu (Rhône), Vérin agus Saint-Michel-sur-Rhône (Loire).
In 1967, leathnaíodh an limistéar geografach chuig ceithre bhardas níos faide ó dheas: Chavanay, Malleval, Saint-Pierre-de-Bтuf, (Loire) agus Limony (Ardèche).
Chumhdaigh an limistéar táirgeachta thart ar 150 heicteár in 2009, le meántáirgeadh bliantúil 5 000 heictilítear arna ndéanamh ag 80 eastát agus déantóir fíona.
2 - Faisnéis maidir le cáilíocht agus saintréithe an táirge
Níl feidhm ag an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Condrieu’ ach amháin maidir le fíonta geala socra.
I lár an 19ú céad, bhí an fíon ‘milis’ agus d’fhéadfaí é a ól sé mhí tar éis a dhéanta (V. Rendu, Ampelographie française [Finiúinghrafaíocht na Fraince] -1854).
In 2010, bíonn sé ‘tirim’ i bhformhór na gcásanna, agus uaireanta bíonn sé ‘leath-thirim’. I gcás ina gceadaítear le dálaí nádúrtha, táirgtear méideanna teoranta fíonta ar a dtugtar ‘leathmhilis’ nó ‘milis’ ó fhíonchaora ró-aibí.
Saintréith den fhíon is ea dath óir a bhfuil imireacha diana órga aige.
Ó thaobh bolaidh de, bíonn dea-bholaithe suntasacha de thorthaí aibí air, amhail péitseog agus, thar aon ní eile, aibreog, agus uaireanta dea-bholaithe sailchuaiche agus bláthanna bána.
Sa bhéal, bíonn an fíon láidir le cothromaíocht iontach, bíonn blas saibhir agus leathmhilis air, gan aon troime a bhuí le beocht thaitneamhach a thugann fad dian aramatach don fhíon.
3 - Idirghníomhaíochtaí cúisíocha
Suite ar bhruach deas Rhône, baineann an limistéar geografach tairbhe as méisea-aeráid fhabhrach (ar a dtugtar ‘lyonnais’) atá nasctha le staid thopagrafach ar leith, le fánaí an-ghéar os cionn na habhann, agus ó dhálaí geolaíocha agus ithreach a éilíonn idirghabháil bhuan ón duine chun léibhinn agus ballaí a fhorbairt go comhchuí. Soláthraíonn an suíomh sin cineál Viognier B — ‘scoth’ an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Condrieu’ — curtha ag an teorainn is faide ó thuaidh ag ar féidir leis fás, agus na dálaí is fearr ann dá fhorbairt agus dá aibiú.
Tá an cineál sin oiriúnach go háirithe d’ithreacha aigéadacha. Is féidir leis dul isteach san fho-ithir scoilte chun an t-uisce agus na heilimintí mianracha is gá a fháil chun buaint a fháil atá an-chothrom agus lán le siúcra, d’ainneoin shuíomh an tuaiscirt.
Tugann an fho-ithir áirithe sin fíonta tirime agus leath-thirime a bhfuil beocht shainiúil acu atá mar bhonn agus mar thaca ag an raon leathan dea-bholaithe ar fad. Tá an bheocht chéanna a eascraíonn as an bhfo-ithir le fáil freisin i bhfíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí, áit a léirítear dea-bholaithe láidre na dtorthaí aibí gan aon troime.
Críochaithe i gcomhréir le cleachtais agus ceanglais Viognier B chun acmhainneacht an chineáil a choinneáil ar bun d’ainneoin na ndálaí dúshlánacha, déanann an limistéar dáileachta talún na fánaí a aicmiú go cúramach: ní choinnítear ach na fánaí sin a bhfuil na gnéithe is fearr acu agus a sholáthraíonn an teas agus an chosaint is gá ar na gaotha fuara ó thuaidh.
Leis an gcríochú sin, is féidir na fíniúnacha a bhainistiú ar an mbealach is fearr agus a n-acmhainneacht táirgthe a rialú trí tháirgeacht íseal ó fhíniúnacha a threoraítear ar chuaillí a choinneáil ar bun agus trí dhlús plandaithe atá oiriúnaithe do léibhinn a bhainistiú.
Mar gheall ar na tosca nádúrtha sin in éineacht leis an saineolas traidisiúnta, is féidir fíon geal fíneálta a tháirgeadh atá tirim nó a bhfuil siúcraí coiptheacha aige. Le scaipeadh na gcleachtas le haghaidh fíonsaothrúcháin agus chun ithreacha leochaileacha a chaomhnú ó tharla gur chuidigh na seaniarsmaí ó léibhinn nó ballaí arda cloiche le nádúr sonrach fhíonghoirt Condrieu agus leis an tírdhreach iontach a chuireann lena gcáil a chaomhnú.
Cuidíonn an traidisiún a bhaineann le fíonchaora a bhaint de láimh, traidisiún a coinníonn saothróirí fíona Condrieu ar bun sa lá atá inniu ann, le húrnuacht agus saintréithe na bhfíonghort sin ar thaobh na gcnoc a chaomhnú.
Níl seaniarsmaí an limistéir fíonsaothrúcháin réamhRómhánaigh sin ag teacht ach le cáil a fhíona amháin. Tá aithne ar an bhfíon faoin ainmniúchán ‘Condrieu’ ón 17ú céad ar a laghad; óladh é in Lyon agus i bPáras agus mhol údair cháiliúla é.
Téann gradam fhíonta Condrieu siar go dtí na laethanta is luaithe de na fíonghoirt. Is fianaise ar draíocht na bhfíonta iad an bailiúchán scríbhneoireachta seo a leanas ó na cúig chéad bliain anuas. Ón 17ú céad, bhí fíonta ar a dtugtar ‘Condrieu’ i measc na bhfíonta a ngearrtar cáin orthu ag an ráta is airde — a cuireadh i bhfeidhm ar na fíonta is cáiliúla — nuair a tháinig siad isteach i bPáras (Ordú 1680 — Cartlann Náisiúnta). De réir R. Gadille, san 18ú céad, thairgtí i gcaibidil Ardeaglais Lyon agus sa chonsalacht fíonta Condrieu mar bhronntanais oinigh dá n-aíonna mór le rá. Ón tréimhse chéanna sin, léirítear in eagrán 1781 den Histoire naturelle de la province du Dauphiné [Stair an Dúlra maidir le Cúige Dauphiné] (Faujas de Saint-Fonds, imleabhar I, lch. 182) ‘go dtugtar tosaíocht fós d’fhíon geal Condrieu agus Château-Grillet’. In 1801, in Traité théorique et pratique sur la culture de la vigne [Tráchtás teoiriciúil agus praiticiúil ar shaothrú fíniúna] (Chaptal, Rozier, Parmentier agus Dussieux, imleabhar 1, lch. 240) cuirtear tuilleadh fianaise ar fáil go raibh cáil sheanbhunaithe ar ‘Condrieu’ agus ar dhá fhíon eile ó limistéar in aice láimhe: ‘Táirgtear fíonta cáiliúla Hermitage, Côte Rôtie agus Condrieu ar na fánaí ar theorainn abhainn Rhône’. Níos déanaí, moladh é in Encyclopédie Roret (1921) le téarmaí ardmholtacha: ‘Déantar fíonta geala maithe Lyon in Condrieu. Tá siad láidir, bríomhar agus dian, bíonn blas deas orthu agus bíonn an chumhracht is míne acu...’
Tá roinnt tagairtí liteartha eile ann. In 1710, i gceann dá litreacha deiridh, scríobhann Boileau: ‘Gheobhaidh mé d’fhíon Condrieu amárach; b’fhéidir go gcuirfeadh sé gliondar ar mo chroí’. Níos déanaí sa chéad, tagraíonn Piron dó go fileata ina Air: De l’ouverture de Bellérophon. Ar deireadh, meabhraítear in Correspondance Lamartine, a d’fhoilsigh a bhean chéile, gur thug ‘fíon Condrieu ardú meanman dúinn’.
Ar feadh i bhfad, chuidigh margadh fíona Condrieu, ar macasamhail é leis an gceann a eagraíodh in Ampuis le haghaidh an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Côte Rôtie’ in aice láimhe, le cáil na bhfíonta geala sin a scaipeadh ar bhealach níos forleithne. D’imigh an margadh sin as radharc sna 1950idí, agus cuireadh fíonta ‘Condrieu’ in éineacht le fíonta ‘Côte Rôtie’ de réir a chéile ag margadh fíona Ampuis. Ar an gcaoi chéanna, ag margadh fíona Chavanay, atá i bhfeidhm ó bhí na 1920idí ann, bíonn fíonta Condrieu ar taispeáint go feiceálach.
Maidir le ‘Condrieu’, lena gcumhdaítear fíonghoirt iontacha agus arna n-aithint ag ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint in 1940, forbrófar a cháil gan stad a bheidh bunaithe ar a fhíneáltacht agus ar a cháilíocht.
9. Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (buidéalú, lipéadú, ceanglais eile)
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Sa limistéar díreach in aice láimhe, arna shainiú ag maolú maidir le táirgeadh agus forbairt fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2023:
|
— |
Roinn Ardèche: Alboussière, Andance, Ardoix, Arlebosc, Arras-sur-Rhône, Boffres, Bogy, Champagne, Champis, Charmes-sur-Rhône, Charnas, Châteaubourg, Cheminas, Colombier-le-Cardinal, Cornas, Eclassan, Etables, Félines, Gilhac-et-Bruzac, Glun, Guilherand-Granges, Lemps, Mauves, Ozon, Peaugres, Peyraud, Plats, Quintenas, Saint-Barthélemy-le-Plain, Saint-Cyr, Saint-Georges-les-Bains, Saint-Romain-d’Ay, Saint-Romain-de-Lerps, Sarras, Sécheras, Serrières, Saint-Désirat, Saint-Etienne-de-Valoux, Saint-Jean-de-Muzols, Saint-Péray, Soyons, Talencieux, Thorrenc, Toulaud, Tournon-sur-Rhône, Vernosc-lès-Annonay, Vinzieux agus Vion; |
|
— |
Roinn Drôme: Albon, Andancette, Beaumont-Monteux, Beausemblant, Bourg-lès-Valence, Chanos-Curson, Chantemerle-les-Blés, Châteauneuf-sur-Isère, Chavannes, Clérieux, Crozes-Hermitage, Erôme, Gervans, Granges-les-Beaumont, Larnage, Laveyron, Mercurol-Veaunes, La Motte-de-Galaure, Ponsas, Pont-de-l’Isère, La Roche-de-Glun, Saint-Barthélemy-de-Vals, Saint-Donat-sur-l’Herbasse, Saint-Rambert-d’Albon, Saint-Uze, Saint-Vallier, Serves-sur-Rhône, Tain-l’Hermitage, Triors agus Valence; |
|
— |
Roinn Isère: Chonas-l’Amballan, Le Péage-de-Roussillon, Reventin-Vaugris, Les Roches-de-Condrieu, Sablons, Saint-Alban-du-Rhône, Saint-Clair-du-Rhône, Saint-Maurice-l’Exil, Salaise-sur-Sanne, Seyssuel agus Vienne; |
|
— |
Roinn Loire: Bessey, La Chapelle-Villars, Chuyer, Lupé, Maclas, Pélussin, Roisey agus Saint-Romain-en-Jarez; |
|
— |
Roinn Rhône: Ampuis, Les Haies, Loire-sur-Rhône, Longes, Sainte-Colombe, Saint-Cyr-sur-le-Rhône, Saint-Romain-en-Gal agus Tupin-et-Semons. |
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
|
a) |
I gcás fíonta lena ngabhann an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, féadfar an t-ainm aonaid gheografaigh níos lú a shonrú ar a lipéid, ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas:
|
|
b) |
Féadfar an t-aonad geografach níos mó ‘Cru des Côtes du Rhône’ nó ‘Vignobles de la Vallée du Rhône’ a shonrú ar lipéadú fíonta socra ag a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh acu. Leagtar amach na coinníollacha maidir leis an aonad geografach níos mó ‘Vignobles de la Vallée du Rhône’ a úsáid sa chomhaontú a síníodh idir na comhlachtaí caomhnaithe agus bainistíochta éagsúla lena mbaineann. Ní mór an fhaisnéis sin a bheith le feiceáil sa réimse amhairc chéanna leis na sonraí sainordaitheacha uile agus ní mó í a chló i gcarachtair den dearadh grafach agus den dath céanna leis an ainmniúchán, ar choinníoll nach bhfuil sé níos mór ná dhá thrian de mhéid an ainmniúcháin. |
|
c) |
Ní mór na focail ‘leath-thirim’, ‘leathmhilis’ nó ‘milis’ a chomhfhreagraíonn do mhéid siúcra choipthigh an fhíona, mar a shainmhínítear i reachtaíocht an Aontais, a bheith ar lipéadú fíonta nach gcomhlíonann na forálacha lena gceadaítear an téarma ‘tirim’ a úsáid. |
Cuirtear na sonraí sin ar na lipéid sa réimse radhairc céanna le hainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3459/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)