|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3445 |
20.6.2025 |
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Meitheamh 2025
maidir le Treoirphlean ón Aontas le haghaidh bainistiú cibirghéarchéime
(C/2025/3445)
DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 114 agus 292 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is iad an teicneolaíocht dhigiteach agus an nascacht dhomhanda cnámh droma fhás eacnamaíoch, iomaíochas agus chlaochlú bonneagair chriticiúil an Aontais. Mar sin féin, le geilleagar atá idirnasctha agus atá ag éirí níos digití, méadaítear an riosca go dtarlóidh teagmhais chibearshlándála agus cibirionsaithe. Thairis sin, léirítear an teannas geopholaitiúil, na coinbhleachtaí agus an iomaíocht straitéiseach atá ag dul i méid i dtionchar, méid agus sofaisticiúlacht na gcibirghníomhaíochtaí mailíseacha. Féadfaidh gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith mar chuid d’fheachtais hibrideacha nó d’oibríochtaí míleata. Is féidir leo difear díreach a dhéanamh freisin do shlándáil, do gheilleagar agus do shochaí an Aontais. Ina theannta sin, tá acmhainneacht seach-iarmharta acu, go háirithe nuair a dhírítear na gníomhaíochtaí sin ar thíortha comhpháirtíochta straitéiseacha idirnáisiúnta amhail tíortha is iarrthóirí nó tíortha comharsanachta. |
|
(2) |
Féadfaidh teagmhas cibearshlándála mórscála a bheith ina chúis le leibhéal suaite is mó ná cumas Ballstáit freagairt air nó tionchar suntasach a bheith aige ar níos mó ná Ballstát amháin. D’fhéadfadh teagmhas den sórt sin, ag brath ar an gcúis atá leis agus an tionchar atá aige, dul in olcas agus tiontú ina ghéarchéim iomlán lena ndéanfaí difear d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh nó lena mbainfeadh rioscaí tromchúiseacha ó thaobh na slándála agus na sábháilteachta poiblí de d’eintitis nó do shaoránaigh i roinnt Ballstát nó san Aontas ina iomláine. Tá bainistiú éifeachtach géarchéime fíor-riachtanach chun cobhsaíocht eacnamaíoch a choinneáil ar bun agus chun rialtais, bonneagar criticiúil, gnólachtaí agus saoránaigh na hEorpa a chosaint, agus chun rannchuidiú leis an tslándáil agus leis an gcobhsaíocht idirnáisiúnta sa chibearspás. Dá réir sin, is cuid lárnach de chreat uileghabhálach bainistithe géarchéime an Aontais é bainistiú cibirghéarchéime. |
|
(3) |
I bhfianaise na n-idirspleáchas agus na n-idirnasc idir timpeallachtaí TFC eintitis an Aontais agus na mBallstát, d’fhéadfadh teagmhas in eintiteas de chuid an Aontais a bheith ina riosca cibearshlándála do na Ballstáit agus vice versa. Tá sé ríthábhachtach faisnéis agus comhordú ábhartha a chomhroinnt i ndáil le teagmhais chibearshlándála mhórscála agus mórtheagmhais araon, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), i gcomhthéacs Threoirphlean an Aontais le haghaidh bainistiú cibirghéarchéime (‘Treoirphlean Cibearshlándála’). |
|
(4) |
I gcás géarchéim ar gníomhachtaíodh Freagairt Chomhtháite Pholaitiúil an Aontais ar Ghéarchéimeanna (‘IPCR’) ina leith faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle (2) (‘socruithe IPCR’), ba cheart don Treoirphlean Cibearshlándála socruithe IPCR don chomhordú agus don fhreagairt a urramú go hiomlán. Dhéanfaí an comhordú polaitiúil agus straitéiseach in IPCR. Is iad socruithe IPCR an uirlis le haghaidh comhordú cothrománach agus freagairt chothrománach ar leibhéal polaitiúil an Aontais. De bhun shocruithe IPCR, is í Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a dhéanann an cinneadh IPCR a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú. Tacaíonn tuarascálacha um Fheasacht agus Anailís Chomhtháite Staide (‘ISAA’) arna n-ullmhú ag seirbhísí an Choimisiúin agus ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (‘SEGS’) le hobair IPCR ina mhódcomhroinnte faisnéise agus ina mhóid lánghníomhachtúcháin araon. |
|
(5) |
Is ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht as teagmhais chibearshlándála agus cibearghéarchéimeanna a bhainistiú. Mar gheall ar chineál trasteorann agus trasearnála féideartha na dteagmhas cibearshlándála, áfach, ceanglaítear ar na Ballstáit agus ar eintitis ábhartha an Aontais comhoibriú ar an leibhéal teicniúil, oibríochtúil agus polaitiúil chun comhordú éifeachtach a dhéanamh ar fud an Aontais. Áirítear le bainistiú cibirghéarchéime saolré iomláine ullmhacht agus feasacht staide chomhroinnte chun teagmhais chibearshlándála mhórscála a réamh-mheas, na cumais bhraite is gá chun na huirlisí freagartha agus téarnaimh is gá a shainaithint chun teagmhais chibearshlándála mhórscála a mhaolú agus a shrianadh, chomh maith le cumais freagartha chun tuilleadh teagmhas a dhíspreagadh agus a chosc. |
|
(6) |
I Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún (3) maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála, leagadh amach na cuspóirí agus na modhanna comhair idir na Ballstáit agus eintitis an Aontais i dtaca le freagairt ar theagmhais chibearshlándála agus cibirghéarchéimeanna mórscála. Leagadh amach ann freisin na gníomhaithe ábhartha ar an leibhéal teicniúil, oibríochtúil agus polaitiúil, agus míníodh conas a comhtháthaíodh iad i sásraí reatha bainistithe géarchéime an Aontais, amhail socruithe IPCR. Tá na croíphrionsabail a leagtar amach i Moladh (AE) 2017/1584 fós bailí, is iad sin, coimhdeacht, comhlántacht agus rúndacht faisnéise chomh maith leis an gcur chuige trí leibhéal (teicniúil, oibríochtúil agus polaitiúil). Cuireann an Moladh seo leis na croíphrionsabail sin agus tá sé beartaithe é a chur in ionad Mholadh (AE) 2017/1584, lena leagtar amach creat nua de chuid an Aontais le haghaidh bainistiú géarchéime cibearshlándála. |
|
(7) |
Tá roinnt sainmhínithe a úsáidtear sa Mholadh seo bunaithe ar shainmhínithe agus ar théarmaí a úsáidtear i dTreoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Mar sin féin, tá raon feidhme an Mholta seo éagsúil le raon feidhme Threoir (AE) 2022/2555. Leagtar amach sa Mholadh seo creat an Aontais le haghaidh bainistiú cibirghéarchéime i gcomhthéacs ullmhacht fhoriomlán an Aontais le haghaidh teagmhais chibearshlándála mhórscála agus cibirghéarchéimeanna a eascraíonn as na teagmhais sin – gan beann ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar difear don earnáil nó don eintiteas. A mhéid is féidir, tá na sainmhínithe bunaithe ar na sainmhínithe atá i dTreoir (AE) 2022/2555. |
|
(8) |
Tá gá le Treoirphlean Cibearshlándála nuashonraithe chun treoir shoiléir agus inrochtana a sholáthar lena mínítear cad is teagmhas cibearshlándála mórscála nó cibear-ghéarchéim ar leibhéal an Aontais ann, conas a spreagtar an creat bainistithe géarchéime agus cad iad róil na líonraí, na ngníomhaithe agus na sásraí ábhartha ar leibhéal an Aontais, agus cad é an idirghníomhaíocht idir na gníomhaithe agus na sásraí sin ar feadh shaolré iomlán na cibirghéarchéime. Is é is aidhm don Treoirphlean Cibearshlándála tacú le creat níos leithne chaidreamh sibhialtach-míleata an Aontais i gcomhthéacs an bhainistithe cibir-ghéarchéime, lena n-áirítear i gcomhthéacs an chaidrimh idir an tAontas agus ECAT a dhoimhniú, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, trí shásraí comhroinnte faisnéise feabhsaithe cuimsitheacha, cómhalartacha agus neamh-idirdhealaitheacha i mbainistiú cibirghéarchéime. |
|
(9) |
Ba cheart bainistiú géarchéime trasearnála ar leibhéal an Aontais a threisiú chun freagairt chomhtháite ar ghéarchéimeanna a chumasú, go háirithe i gcásanna ina mbíonn iarmhairtí fisiciúla ag teagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála. Comhlánaíonn an Moladh seo socruithe IPCR agus sásraí bainistithe géarchéime eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear córas mear-rabhaidh ginearálta an Choimisiúin ARGUS, Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (‘UCPM’) a fhaigheann tacaíocht ón Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (‘ERCC’) a bunaíodh faoi UCPM le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (‘cinneadh UCPM’), Sásra SEGS um Fhreagairt ar Ghéarchéimeanna (‘CRM’), chomh maith le próisis eile, amhail na próisis sin a dtugtar tuairisc orthu i mBosca Uirlisí Cibearthaidhleoireachta an Aontais (6), sa Bhosca Uirlisí Hibrideach (7) agus i bPrótacal athbhreithnithe an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac. (8). Comhlánaítear leis freisin an Moladh (AE) 2024/4371 ón gComhairle maidir le treoirphlean chun comhordú a dhéanamh ar fhreagairt ar leibhéal an Aontais do shuaitheadh ar an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann shuntasach ag baint leis (9) (‘Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil’) lena gcumhdaítear athléimneacht fhisiceach nach cibear-athléimneacht í, agus arb é is aidhm dó comhordú na freagartha ar leibhéal an Aontais sa réimse sin a fheabhsú. |
|
(10) |
Is é an Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (‘EU-CyCLONe’) an líonra chun comhordú a dhéanamh ar bhainistiú teagmhas agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála ar an leibhéal oibríochtúil freisin i gcás teagmhais agus cibirghéarchéimeanna cibearshlándála trasearnála ar mhórscála. Ionas nach ndéanfaí na creataí atá ann cheana níos casta fós, ba cheart cruthú struchtúr earnála lena ndéanfaí dúbláil ar chúraimí EU-CyCLONe a sheachaint. Ba cheart do EU-CyCLONe faisnéis oibríochtúil a bhaineann leis an gcibearshlándáil a fháil freisin ó na hearnálacha agus cur leis an leibhéal polaitiúil. |
|
(11) |
Moltar do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na hacmhainní airgeadais atá ar fáil don chibearshlándáil arna soláthar ag cláir ábhartha de chuid an Aontais. Ba cheart a áirithiú go gcuirfidh na cláir sin ualaí riaracháin íosta ar iarratasóirí ar chistiú agus go n-éascófar rannpháirtíocht na mBallstát sna cláir sin trí threoir ábhartha a chur ar fáil maidir le roghanna inmharthana tacaíochta airgeadais. |
|
(12) |
Rannchuidíonn an Moladh seo le gníomhaíochtaí ullmhachta níos leithne a theastaíonn don Aontas i bhfianaise géarchéimeanna trasearnála i gcomhréir leis na prionsabail atá leabaithe i Straitéis an Aontais um an Aontas Ullmhachta, eadhon cur chuige comhtháite uile-ghuaise, uile-rialtais agus uile-shochaí, go háirithe maidir le feasacht ar rioscaí agus bagairtí agus freagairt trasearnála ar ghéarchéimeanna a fheabhsú. |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
I: Aidhm, raon feidhme agus treoirphrionsabail chreat bainistithe cibirghéarchéime an Aontais
Aidhm agus raon feidhme
|
(1) |
Sa Mholadh seo maidir le treoirphlean de chuid an Aontais le haghaidh bainistiú cibirghéarchéime (‘Treoirphlean Cibearshlándála’), leagtar amach creat an Aontais le haghaidh bainistiú cibirghéarchéime i gcomhthéacs ullmhacht fhoriomlán an Aontais le haghaidh teagmhais chibearshlándála mhórscála agus cibirghéarchéimeanna. Léirítear sa chreat ról na mBallstát agus ról institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais (‘eintitis an Aontais’) laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, agus lánurraim á tabhairt do dhlíthe náisiúnta agus do rialacha inmheánacha, chun gníomhaíocht chuimsitheach chomhordaithe a áirithiú ar leibhéal an Aontais. |
|
(2) |
Ba cheart an Treoirphlean Cibearshlándála a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil, go háirithe i gcás teagmhais a dhéanann difear d’athléimneacht fhisiceach agus do chibearshlándáil an bhonneagair chriticiúil (10). |
|
(3) |
Sa Treoirphlean Cibearshlándála, tugtar treoir maidir leis an bhfreagairt ar theagmhais chibearshlándála mhórscála nó ar chibirghéarchéimeanna, agus ba cheart an treoirphlean sin a úsáid go comhlántach le haon sásra freagartha earnálach ábhartha, cuir i gcás na cinn a liostaítear in Iarscríbhinn II. Ba cheart do gheallsealbhóirí cibearshlándála ábhartha cuidiú agus cúnamh a thabhairt chun spriocanna na sásraí earnálacha sin a bhaint amach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. |
|
(4) |
I gcás géarchéim trasearnálach uile-Aontais ina bhfuil cibirghnéithe ar ina leith atá an IPCR gníomhaithe, ba cheart don Chomhairle an fhreagairt a chomhordú ar leibhéal polaitiúil an Aontais, trí úsáid a bhaint as socruithe IPCR. Nuair a bheidh an IPCR gníomhachtaithe, ba cheart go dtacódh bearta faoin Treoirphlean Cibearshlándála le freagairt an Aontais ar an leibhéal polaitiúil, agus tacaíocht shonrach á tabhairt maidir leis an gcibearshlándáil. |
Treoirphrionsabail
|
(5) |
Tá feidhm ag na treoirphrionsabail seo a leanas maidir le bainistiú cibirghéarchéime ar leibhéal an Aontais:
|
|
(6) |
I gcomhréir leis na treoirphrionsabail a luaitear thuas, ba cheart do na Ballstáit agus d’eintitis an Aontais a gcomhar a dhoimhniú maidir le bainistiú cibirghéarchéime, lena gcothófar muinín fhrithpháirteach agus lena gcuirfear leis na líonraí agus na sásraí atá ann cheana. Leis an gcomhar sin, faoi chuimsiú an Treoirphlean Cibearshlándála, baintear tairbhe as cur chun feidhme Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841. Go háirithe, leis an bplean bainistithe cibirghéarchéime arna bhunú ar bhonn Airteagal 23 de Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841, i measc nithe eile, rannchuidítear le malartú rialta faisnéise ábhartha idir eintitis an Aontais agus leis na Ballstáit, agus sainítear socruithe maidir le comhordú agus sreabhadh faisnéise i measc eintitis an Aontais. |
II: Sainmhínithe
|
(7) |
Chun críocha an Treoirphlean Cibearshlándála seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
III: Struchtúir agus Freagrachtaí Náisiúnta Bainistithe Cibirghéarchéimeanna
|
(8) |
Is ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht as an bhfreagairt i gcás teagmhais chibearshlándála mhórscála nó cibirghéarchéimeanna a ndéanann difear dóibh. Tá údarás bainistithe cibirghéarchéime amháin nó níos mó, chomh maith le CSIRT amháin nó níos mó, ag gach Ballstát, i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555. |
|
(9) |
Trí bhíthin Threoir (AE) 2022/2555 agus ionstraimí reachtacha agus neamhreachtacha cibearshlándála eile a ghlacadh, tá a gcreataí cibearshlándála á n-ailíniú ag na Ballstáit trí rialacha íosta a leagan amach maidir le feidhmiú an chreata rialála chomhordaithe, trí shásraí a leagan síos le haghaidh comhar éifeachtach i measc na n-údarás freagrach i ngach Ballstát, agus trí leigheasanna éifeachtacha agus bearta forfheidhmiúcháin éifeachtacha a sholáthar, atá ríthábhachtach d’fhorfheidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí sin. |
|
(10) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Threoir (AE) 2022/2555, ba cheart do na Ballstáit pleananna náisiúnta mórscála maidir le teagmhais chibearshlándála agus freagairt ar ghéarchéimeanna a ghlacadh. Áirítear ar na pleananna sin, i measc nithe eile, bearta ullmhachta náisiúnta, nósanna imeachta bainistithe cibirghéarchéime agus nósanna imeachta agus socruithe náisiúnta idir údaráis agus comhlachtaí náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach go héifeachtach i mbainistiú comhordaithe teagmhas cibearshlándála mórscála agus cibirghéarchéimeanna ar leibhéal an Aontais agus go dtacóidh siad leis an mbainistiú sin. Áirítear freisin sna nósanna imeachta bainistithe cibirghéarchéime forálacha maidir lena gcomhtháthú sa chreat náisiúnta ginearálta bainistithe géarchéime agus sna bealaí malartaithe faisnéise. |
|
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Threoir (AE) 2022/2555, ba cheart do na Ballstáit comhleanúnachas a áirithiú leis na creataí atá ann cheana maidir le bainistiú géarchéime náisiúnta ginearálta. I gcás ina ndéantar an IPCR a ghníomhachtú, ba cheart do na húdaráis náisiúnta bainistithe géarchéime, ar mhaithe leis an IPCR a chur ar an eolas, ionchuir a bhailiú ó na húdaráis bainistithe cibirghéarchéime agus ó shásraí géarchéime earnálacha náisiúnta. |
|
(12) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Threoir (AE) 2022/2555, ba cheart do EU-CyCLONe, arna iarraidh sin do Bhallstát lena mbaineann, faisnéis a mhalartú i dtaca leis na codanna ábhartha de phleananna náisiúnta maidir le teagmhais chibearshlándála mhórscála agus freagairt ar ghéarchéimeanna, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na forálacha chun rannpháirtíocht éifeachtach i mbainistiú comhordaithe teagmhas cibearshlándála mórscála agus cibirghéarchéimeanna ar leibhéal an Aontais a áirithiú agus chun tacú leis an mbainistiú sin, ionas gur féidir dea-chleachtais a mhalartú agus a léiriú an chaoi a n-oibreodh an creat foriomlán go praiticiúil. |
|
(13) |
Iarrtar ar EU-CyCLONe agus ar an mBord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (‘IICB’) faisnéis a mhalartú, i gcás inarb iomchuí, maidir le comhleanúnachas an phlean bainistithe géarchéime, arna bhunú ag IICB i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841, le pleananna náisiúnta maidir le teagmhais chibearshlándála mhórscála agus freagairt ar ghéarchéimeanna. |
|
(14) |
Ba cheart do EU-CyCLONe, le tacaíocht ó ENISA mar rúnaíocht dó, liosta cothrom le dáta a choinneáil d’údaráis náisiúnta bainistithe cibirghéarchéime ina mbeadh sonraí teagmhála oifigigh agus fheidhmeannaigh EU-CyCLONe, agus é a chur ar fáil do chomhaltaí EU-CyCLONe. |
IV: Na príomhlíonraí agus na príomhghníomhaithe in Éiceachóras an Aontais um Bainistiú Cibirghéarchéime
|
(15) |
Is é líonra CSIRTanna an príomhlíonra teicniúil chun faisnéis ábhartha faoi theagmhais a mhalartú, go háirithe faoi raon feidhme an Mholta seo, i gcomhréir leis na cúraimí ábhartha a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 15(3) de Threoir (AE) 2022/2555. Rannchuidíonn sé le muinín agus iontaoibh a fhorbairt agus cuireann sé comhar oibríochtúil tapa éifeachtach chun cinn i measc na mBallstát. Féadfaidh Cathaoirleach líonra CSIRTanna a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir in IICB. |
|
(16) |
Is é CERT-EU an tseirbhís cibearshlándála d’eintitis uile an Aontais. Is é CERT-EU an mol comhordúcháin um malartú faisnéise cibearshlándála agus um fhreagairt ar theagmhais le haghaidh eintitis an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2023/2841. Tá CERT-EU ina chomhalta de líonra CSIRTanna agus tacaíonn sé leis an gCoimisiún in EU-CyCLONe. Oibríonn CERT-EU ar an leibhéal teicniúil agus tá sé freagrach as bainistiú mórtheagmhas a dhéanann difear d’eintitis an Aontais a chomhordú. |
|
(17) |
Oibríonn EU-CyCLONe mar idirghabhálaí idir an leibhéal teicniúil agus polaitiúil, go háirithe le linn teagmhais chibearshlándála mhórscála agus cibirghéarchéimeanna. Tacaíonn sé le bainistiú comhordaithe teagmhas mórscála cibearshlándála agus cibear-ghéarchéimeanna ar an leibhéal oibríochtúil agus áirithíonn sé malartú tráthrialta faisnéise ábhartha idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir (AE) 2022/2555. Féadfaidh Cathaoirleach EU-CyCLONe páirt a ghlacadh mar bhreathnóir in IICB. |
|
(18) |
Is é ENISA an ghníomhaireacht de chuid an Aontais a dhéanann na cúraimí a shanntar faoi Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) chun ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a bhaint amach ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí thacú go gníomhach leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Soláthraíonn ENISA, i measc nithe eile, an rúnaíocht do líonra CSIRTanna agus do EU-CyCLONe, seirbhísí feasachta staide, agus cuidíonn sé leis na Ballstáit trí chleachtaí cibearshlándála a eagrú go rialta ar leibhéal an Aontais. I gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555 agus Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), faigheann ENISA faisnéis faoi theagmhais trasteorann nach beag agus faoi leochaileachtaí agus teagmhais a shaothraítear go gníomhach agus a dhéanann difear do tháirgí digiteacha. |
|
(19) |
Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh (‘an Chomhairle’) an institiúid a bhfuil feidhmeanna ceaptha beartas agus comhordaithe aici de bhun Airteagal 16 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’) agus cuirtear an IPCR de chúram uirthi a bhaineann le comhordú agus freagairt ar leibhéal polaitiúil an Aontais. Feidhmíonn an Chomhairle trí fhoirmíochtaí na Comhairle, trí Choiste na mBuanionadaithe, agus trí chomhlachtaí ullmhúcháin ábhartha na Comhairle, go háirithe an Mheitheal Chothrománach um Chibircheisteanna (‘HWPCI’), agus, i gcás inarb ábhartha, trí shocruithe IPCR. |
|
(20) |
Is é an Coimisiún an institiúid a chuireann leas ginearálta an Aontais chun cinn agus a dhéanann tionscnaimh iomchuí chun na críche sin chomh maith le cur i bhfeidhm na gConarthaí agus na mbeart arna nglacadh ag na hinstitiúidí faoi Airteagal 17 CAE a áirithiú, is eisean atá freagrach as gníomhaíochtaí áirithe ullmhachta ginearálta ar leibhéal an Aontais agus as gníomhaíochtaí áirithe feasachta staide, lena n-áirítear ERCC agus an Comhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála (‘CECIS’) a bhainistiú, i gcomhréir le Cinneadh UCPM. Éascaíonn sé comhleanúnachas agus comhordú idir gníomhaíochtaí gaolmhara freagartha ar ghéarchéimeanna ar leibhéal an Aontais ar an leibhéal oibríochtúil. Téitear i gcomhairle leis maidir le cinntí chun IPCR a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú. Is iad seirbhísí an Choimisiúin, in éineacht le SEGS, a ullmhaíonn thuarascálacha ISAA. Is comhalta de EU-CyCLONe é i gcásanna ina bhfuil, nó ar dócha go mbeidh, tionchar suntasach ag teagmhas cibearshlándála mórscála féideartha nó leanúnach, ar sheirbhísí agus ar ghníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2022/2555, agus is breathnóir é i gcásanna eile. Is é an pointe teagmhála in IICB le EU-CyCLONe é. Is breathnóir i Líonra CSIRTanna é. |
|
(21) |
Déanann an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí), le cúnamh ó SEGS, Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais (‘CBES’) a sheoladh, agus rannchuidíonn sé lena gcuid tograí le forbairt an bheartais sin, lena n-áirítear an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (‘CBSC’). Áiríonn sé sin struchtúir agus sásraí taidhleoireachta, faisnéise agus míleata, go háirithe an Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise (‘SIAC’) mar phointe iontrála aonair d’fhaisnéis na mBallstát, Foireann Mhíleata an Aontais (‘EUMS’) mar fhoinse saineolais mhíleata, Bosca Uirlisí Cibearthaidhleoireachta an Aontais, chomh maith le líonra Thoscaireachtaí an Aontais, a d’fhéadfadh rannchuidiú le bainistiú géarchéimeanna ó thaobh gné sheachtrach de. Ina theannta sin, is é SEGS, i gcomhar leis an gCoimisiún, a ullmhaíonn tuarascálacha ISAA. |
|
(22) |
Tugtar tuairisc in Iarscríbhinn II ar róil agus inniúlachtaí na ngníomhaithe ábhartha ar leibhéal an Aontais i ndáil le bainistiú cibirghéarchéimeanna, lena n-áirítear na príomhlíonraí agus na príomhghníomhaithe. |
V: Ullmhúchán a dhéanamh do theagmhais chibearshlándála mhórscála agus do chibirghéarchéim
Timpeallacht na bagartha
|
(23) |
Ba cheart do na Ballstáit agus d’eintitis ábhartha an Aontais na bearta is gá a dhéanamh chun feasacht staide a fheabhsú, agus é á aithint acu go n-éilíonn timpeallacht na bagartha agus feasacht staide theagmhas-sonrach modhanna oibríochta ar leith. Ba cheart do na Ballstáit agus d’eintitis ábhartha an Aontais oibriú le chéile ar bhonn sonraí fíoraithe iontaofa, lena n-áirítear treochtaí i dteagmhais, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta, agus leochaileachtaí a shaothraítear go gníomhach. |
|
(24) |
Agus faisnéis á comhroinnt acu ar leibhéal an Aontais, ba cheart do Bhallstáit leas iomlán a bhaint as na hardáin atá ann cheana le haghaidh comhar teicniúil agus oibríochtúil, ar nós na n-ardán sin a úsáideann an líonra CSIRTanna agus EU-CyCLONe. |
|
(25) |
Chun feasacht staide chomhroinnte a fheabhsú agus chun measúnú ar thionchar an Aontais a éascú, ba cheart do EU-CyCLONe agus do líonra CSIRTanna, le tacaíocht ó ENISA, úsáid a bhaint as sásra tuairiscithe arna chomhaontú go hinmheánach chun forléargas an Aontais a sholáthar ar ghníomhaíochtaí teicniúla agus oibríochtúla bunaithe ar an bhfaisnéis a bhailítear ar an leibhéal náisiúnta. |
|
(26) |
Ba cheart do EU-CyCLONe agus don líonra CSIRTanna an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
(27) |
Ba cheart do EU-CyCLONe, don líonra CSIRTanna agus do IICB oibriú i gcomhar le chéile chun malartú éifeachtach faisnéise ábhartha a áirithiú. |
|
(28) |
Tá ról lárnach ag ENISA, mar rúnaíocht do líonra CSIRTanna agus EU-CyCLONe, maidir le tacú leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais feasacht choiteann staide de chuid an Aontais a bhaint amach ar an leibhéal teicniúil agus oibríochtúil chun tacú le hullmhú do theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála. |
|
(29) |
I gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555 agus Rialachán (AE) 2019/881, ba cheart do na Ballstáit agus d’eintitis ábhartha an Aontais comhordú a dhéanamh leis an earnáil phríobháideach, lena n-áirítear pobail agus monaróirí foinse oscailte, chun feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise. Ba cheart do ENISA, go háirithe, leas a bhaint as a chlár comhpháirtíochta i ndáil leis sin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na Ballstáit agus eintitis ábhartha de chuid an Aontais cur freisin leis na Lárionaid um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise (‘ISACanna’) atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, chun feabhas a chur ar an gcibear-acmhainneacht agus chun freagairt ar theagmhais chibearshlándála, lena n-áirítear trí chruinnithe comhpháirteacha na hearnála príobháidí le EU-CyCLONe nó le líonra CSIRTanna. |
|
(30) |
Chun feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise laistigh de na líonraí agus eatarthu, agus chun ionchais fhrithpháirteacha maidir le comhroinnt mar sin a shoiléiriú, ba cheart do EU-CyCLONe, le tacaíocht ó ENISA mar rúnaíocht, agus tar éis dó dul i gcomhairle le líonra CSIRTanna agus leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, laistigh de 24 mhí ó ghlacadh an Mholta seo, teacht ar chomhaontú maidir le tacsanomaíocht choiteann ailínithe ar leibhéil déine teagmhas. Leis an tacsanomaíocht sin, ba cheart a bheith in ann comparáid a dhéanamh idir déine na dteagmhas ar fud na mBallstát trí bhreithniú a dhéanamh ar an tionchar ar sholáthar seirbhísí, ar líon na n-eintiteas a ndéantar difear dóibh agus ar a n-ábharthacht faoi seach, ar an tionchar ar sheirbhísí agus ar bhonneagar eile, chomh maith leis an damáiste airgeadaíochta, polaitiúil agus an damáiste do chlú a rinneadh. Ba cheart dó tógáil ar scálaí nó tacsanomaíochtaí ábhartha atá ann cheana, mar shampla, Reference Incident Classification Taxonomy [Tacsanomaíocht Tagartha chun Teagmhais a Aicmiú]. |
An leibhéal teicniúil
|
(31) |
Is é líonra CSIRTanna an t-ardán le haghaidh comhar teicniúil agus comhroinnt faisnéise idir na Ballstáit uile agus trí CERT-EU le heintitis an Aontais. |
|
(32) |
I gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555, tá sé de chúram ar gach CSIRT faireachán agus anailís a dhéanamh ar chibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart do CSIRTanna, laistigh de líonra CSIRTanna agus go déthaobhach araon, faisnéis ábhartha faoi theagmhais, neasteagmhais, cibearbhagairtí, rioscaí agus leochaileachtaí a mhalartú chun feasacht staide chomhroinnte a bhaint amach. |
|
(33) |
Chun feabhas a chur ar an gcomhar oibríochtúil ar leibhéal an Aontais, ba cheart do ghréasán CSIRTanna smaoineamh ar iarraidh ar na comhlachtaí agus ar na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá rannpháirteach sa bheartas cibearshlándála, ar nós Europol, páirt a ghlacadh ina chuid oibre. |
|
(34) |
I gcomhréir le Rialachán 2023/2841, ba cheart do CERT-EU faisnéis maidir le cibearbhagairtí, cibirleochaileachtaí agus cibirtheagmhais i mbonneagar TFC neamh-rúnaicmithe a bhailiú, a bhainistiú, a anailísiú agus a chomhroinnt le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus, nuair is gá, tograí sonracha a eisiúint chuig IICB le haghaidh treoirlínte agus moltaí i leith institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Ba cheart do CERT-EU comhoibriú le contrapháirtithe na mBallstát agus faisnéis a mhalartú leo, lena n-áirítear trí bhíthin líonra CSIRTanna. |
An leibhéal oibríochtúil
|
(35) |
I gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555, ba cheart EU-CyCLONe a bheith ina ardán le haghaidh comhar idir údaráis bainistíochta cibirghéarchéime na mBallstát agus tríd an gCoimisiún le heintitis ábhartha an Aontais, agus é mar chuspóir aige an leibhéal ullmhachta a mhéadú maidir le bainistiú teagmhas mórscála cibearshlándála agus géarchéimeanna agus feasacht staide chomhroinnte a fhorbairt le haghaidh teagmhais mhórscála chibearshlándála agus cibirghéarchéimeanna. |
|
(36) |
I gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555 agus Rialachán (AE) 2024/2847, faigheann ENISA faisnéis faoi theagmhais trasteorann nach beag agus faoi leochaileachtaí agus teagmhais a shaothraítear go gníomhach agus a dhéanann difear do tháirgí digiteacha. Ba cheart do ENISA, ag gníomhú dó mar rúnaíocht, comhairle a chur ar líonra CSIRTanna agus ar EU-CyCLONe agus é mar chuspóir aige tacú leis na líonraí chun a chinneadh ar cheart gníomhaíochtaí breise a dhéanamh agus chun rannchuidiú leis an bhfeasacht staide chomhroinnte. |
An leibhéal polaitiúil
|
(37) |
Ba cheart do na Ballstáit agus d’eintitis ábhartha an Aontais faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí idirnáisiúnta a dhéanann difear don chibearshlándáil (lena n-áirítear cibearbhagairtí, bagairtí hibrideacha agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (‘FIMI’) lena n-áirítear bréagaisnéis i gcás inarb ábhartha). Ba cheart tionscnaimh ar nós na Tuarascálacha um Chibearmheasúnú Comhpháirteach (‘JCAR’), anailísí arna soláthar ag SIAC agus táirgí ábhartha eile a sholáthraíonn léargais speisialaithe a chur san áireamh. |
|
(38) |
Ba cheart don Ardionadaí leanúint de na Ballstáit a chur ar an eolas agus páirt a thabhairt dóibh in iarrachtaí taidhleoireachta an Aontais a bhaineann le cibearbhagairtí, go háirithe iad siúd a bhfuil baint ag gníomhaithe stáit leo, ina rannpháirtíocht le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear ECAT agus cur chun feidhme beart taidhleoireachta, lena n-áirítear bearta sriantacha. |
|
(39) |
Féadfaidh Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh leathanach faireacháin ar ardán gréasáin IPCR a chruthú ar ar féidir leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais faisnéis a mhalartú maidir le géarchéim a d’fhéadfadh a bheith ag teacht chun cinn. |
Cleachtaí coiteanna
|
(40) |
Tar éis dó dul i gcomhairle le EU-CyCLONe agus le líonra CSIRTanna, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an Ardionadaí, agus le tacaíocht ó ENISA, clár rollach bliantúil éifeachtúil de chibearchleachtaí a thiomsú chun ullmhú do chibirghéarchéimeanna agus chun éifeachtúlacht eagraíochtúil a fheabhsú. Le clár rollach na gcibirchleachtaí, ba cheart cleachtaí SACS agus cleachtaí de chuid sásraí freagartha eile ar ghéarchéimeanna ar leibhéal an Aontais a chur san áireamh, lena n-áirítear an cleachtadh a leagtar amach i dTreoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil. Ba cheart an chéad chlár rollach a fhorbairt laistigh de 12 mhí tar éis ghlacadh an Treoirphlean Cibearshlándála, agus cláir ina dhiaidh sin le cur i gcrích faoin 31 Márta gach bliain. Ba cheart an clár rollach a chur faoi bhráid na Comhairle mar eolas. |
|
(41) |
Ba cheart go gcumhdófaí leis an gclár rollach freisin cleachtaí a fhorbraítear trí úsáid a bhaint as cásanna measúnaithe riosca comhordaithe an Aontais. Ba cheart go gcumhdódh sé cleachtaí a bhfuil na gníomhaithe ábhartha uile rannpháirteach iontu, go háirithe an earnáil phríobháideach agus ECAT. |
|
(42) |
Ba cheart do ENISA, ina ról mar rúnaíocht do líonra CSIRTanna agus EU-CyCLONe, a áirithiú go mbaileofar go córasach na ceachtanna a foghlaimíodh ó chleachtaí, agus go sainaithneofar agus go molfar bealaí cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a eascraíonn astu sin, chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach iad agus go mbeidh tionchar dearfach acu ar athléimneacht choiteann an Aontais, lena n-áirítear na nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha faoi seach. |
|
(43) |
Ba cheart do na gníomhaithe agus na líonraí uile feabhas a chur ar an gcomhordú i gcás teagmhas cibearshlándála mórscála nó cibirghéarchéime ar bhonn na gceachtanna a foghlaimíodh ó na cleachtaí. Go háirithe, ba cheart do EU-CyCLONe agus do líonra CSIRTanna aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a sainaithníodh le linn na gcleachtaí chun feabhas a chur ar an gcomhordú, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an gcomhar i measc na líonraí agus, más gá, nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha a oiriúnú go tapa. |
|
(44) |
Ba cheart don Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise cuireadh a thabhairt do líonra CSIRTanna, EU-CyCLONe agus ENISA cur i láthair a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó na cleachtaí, chomh maith le bealaí cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a eascraíonn astu sin a shainaithint agus a mholadh. |
|
(45) |
Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar chathaoirligh líonra CSIRTanna, EU-CyCLONe, an Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise agus ENISA, an chaoi ar cuireadh chun feidhme na ceachtanna a foghlaimíodh ó na cleachtaí a chur i láthair. |
|
(46) |
Iarrtar ar ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an Ardionadaí, cleachtadh a eagrú chun an Treoirphlean Cibearshlándála a thástáil le linn an chéad chleachtaidh eile um Chibear-Eoraip. Ba cheart na gníomhaithe ábhartha uile, na gníomhaithe ar an leibhéal polaitiúil san áireamh, a bheith rannpháirteach sa chleachtadh. Iarrtar ar ENISA rannpháirtíocht an leibhéil pholaitiúil a chomhordú le hUachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfadh an earnáil phríobháideach agus ECAT a bheith san áireamh sa chleachtadh freisin. |
VI: Teagmhas a bhrath a d’fhéadfadh éirí ina theagmhas cibearshlándála mórscála nó ina chibirghéarchéim
|
(47) |
I gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus bunaithe ar an gcur chuige uile-ghuaise, ba cheart do na gníomhaithe uile faisnéis lena léirítear teagmhas cibearshlándála mórscála nó cibirghéarchéim a d’fhéadfadh a bheith ann a chomhroinnt le líonraí ábhartha. |
|
(48) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2025/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), i gcás ina bhfaigheann na Cibearmhoil Trasteorann faisnéis a bhaineann le teagmhas cibearshlándála mórscála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá fós ar siúl, ba cheart dóibh a áirithiú, chun críche feasachta coitinne staide, go soláthrófar faisnéis ábhartha d’údaráis na mBallstát agus don Choimisiún trí EU-CyCLONe agus líonra CSIRTanna gan moill mhíchuí. |
|
(49) |
Nuair a thugtar teagmhas suntasach faoi deara, go háirithe teagmhas a bhfuil a thionchar le brath láithreach, d’fhéadfadh CSIRT, chomh maith le húdaráis bainistíochta cibirghéarchéime na mBallstát nó údaráis earnála eile fógra a fháil faoi nó é a bhrath. Moltar do na Ballstáit faisnéis a bhaineann le teagmhas mar sin a roinnt laistigh de na líonraí, agus ba cheart dóibh machnamh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh. Is féidir le gníomhachtú líonra CSIRTanna agus EU-CyCLONe a bheith neamhspleách ar a chéile ag brath ar chineál an teagmhais agus ar an bhfreagairt is gá. Moltar don dá líonra, áfach, leanúint den chomhar le chéile ar bhonn socruithe nós imeachta comhaontaithe. Is ar gach líonra faoi seach, agus air sin amháin, atá an cinneadh gníomhachtú a dhéanamh. |
|
(50) |
Ba cheart don líonra CSIRTanna comhairle a chur ar EU-CyCLONe maidir le cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí a mheas gur teagmhas mórscála féideartha nó leanúnach é teagmhas cibearshlándála breathnaithe. |
|
(51) |
Mar a léirítear i dTreoir (AE) 2022/2555, ba cheart do líonra CSIRTanna agus EU-CyCLONe teacht ar chomhaontú gan mhoill maidir le socruithe nós imeachta i gcás teagmhas cibearshlándála mórscála féideartha nó leanúnach, chun comhordú teicniúil-oibríochtúil agus faisnéis thráthúil ábhartha ar an leibhéal polaitiúil a áirithiú. |
VII: Freagairt ar theagmhas cibearshlándála mórscála nó ar chibirghéarchéim ar leibhéal an Aontais
Freagairt ar theagmhas cibearshlándála mórscála nó ar chibirghéarchéim nach gcuirtear IPCR i ngníomh go hiomlán ina leith
|
(52) |
Braitheann freagairt éifeachtach ar theagmhais chibearshlándála mhórscála nó ar chibirghéarchéimeanna ar leibhéal an Aontais ar chomhar éifeachtach teicniúil, oibríochtúil agus polaitiúil i gcur chuige uile-rialtais, lena n-áirítear forfheidhmiú an dlí, i gcás inar féidir. |
|
(53) |
Ar gach leibhéal, ba cheart do na gníomhaithe lena mbaineann gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh chun feasacht staide chomhroinnte agus freagairt chomhordaithe a bhaint amach. Áiritheofar le bearta mar sin go ndéanfar faisnéis a scaipeadh go hordúil agus go héifeachtach. |
|
(54) |
Ba cheart an fhreagairt a bheith iomchuí do thionchar an teagmhais cibearshlándála mhórscála nó na cibirghéarchéime. I gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555, ba cheart d’údaráis bainistíochta cibirghéarchéime na mBallstát comhleanúnachas agus comhordú náisiúnta a áirithiú idir na freagairtí earnála ar an gcibirghéarchéim. |
|
(55) |
I gcás teagmhas cibearshlándála mórscála nó cibirghéarchéime, ba cheart do na gníomhaithe agus na líonraí uile freagairt i ndlúthchomhar le chéile mar a leanas:
|
Freagairt ar theagmhas cibearshlándála mórscála nó ar chibirghéarchéim a ndéantar IPCR a ghníomhachtú ina leith sa mhód lánghníomhach
|
(56) |
Ba cheart na céimeanna a liostaítear sa roinn thuas ‘Freagairt ar theagmhas cibearshlándála mórscála nó ar chibirghéarchéim nach ngníomhachtaítear IPCR ina leith sa mhód lánghníomhach’ a chur chun feidhme. |
|
(57) |
Nuair a ghníomhachtaítear IPCR sa mhód lánghníomhach, cinntítear le tuarascálacha ISAA feasacht staide choiteann ar an leibhéal polaitiúil. Ba cheart na tuarascálacha staide ó EU-CyCLONe agus ó líonra CSIRTanna a bheith fós ar na príomhionstraimí lena gcuirtear an fheasacht staide choiteann i láthair ar an leibhéal oibríochtúil agus teicniúil faoi seach. Féadfaidh na tuarascálacha sin a bheith mar bhonn eolais do thuarascálacha ISAA. |
|
(58) |
I gcás teagmhas cibearshlándála mórscála nó cibirghéarchéim a mbíonn gníomhachtú IPCR sa mhód lánghníomhach mar thoradh uirthi, ba cheart do na gníomhaithe uile freagairt i ndlúthchomhar le cur chuige uile-rialtais mar a leanas:
|
VIII: Iarrachtaí cumarsáide poiblí
|
(59) |
Cé gur inniúlacht náisiúnta é cumarsáid a dhéanamh le pobal Ballstáit aonair maidir le teagmhas cibearshlándála mórscála nó cibirghéarchéim leanúnach, lena n-áirítear mar chuid de mhúscailt feasachta, ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún agus ag an Ardionadaí a gcumarsáid phoiblí a chomhordú a mhéid is féidir. Féadfaidh líonra neamhfhoirmiúil IPCR de chumarsáidithe géarchéime a bheith rannpháirteach, de réir mar is iomchuí. |
|
(60) |
Chun ullmhú do theagmhais chibearshlándála mórscála agus cibirghéarchéimeanna, iarrtar ar na Ballstáit agus, de réir mar is iomchuí, ar an gCoimisiún agus ar CERT-EU, a dtuairimí a phlé maidir lena n-iarrachtaí cumarsáide laistigh de EU-CyCLONe agus de líonra CSIRTanna, lena n-áirítear dea-chleachtais, ar nós comhairleoirí nó feachtais múscailte feasachta. Ba cheart do ENISA uirlisí a sholáthar chun tacú leis an bplé sin agus chun rochtain éasca air a áirithiú. |
|
(61) |
I gcás teagmhas cibearshlándála mórscála nó cibirghéarchéime, iarrtar ar na Ballstáit faisnéis a roinnt laistigh de EU-CyCLONe maidir lena n-iarrachtaí cumarsáide poiblí chun feasacht choiteann a chothú agus na gníomhaíochtaí a chomhordú. Féadfaidh EU-CyCLONe ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Chomhairle forléargas a roinnt leis an gComhairle ar na cineálacha cur chuige sin. |
IX: Freagairt taidhleoireachta agus comhar le comhpháirtithe straitéiseacha
|
(62) |
Ba cheart don Ardionadaí, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le heintitis ábhartha eile de chuid an Aontais, an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
(63) |
Ba cheart do na Ballstáit, don Ardionadaí, don Choimisiún agus d’eintitis ábhartha eile de chuid an Aontais comhoibriú le comhpháirtithe straitéiseacha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun dea-chleachtais agus iompar fhreagrach stáit a chur chun cinn sa chibearspás agus chun freagairt thapa chomhordaithe a áirithiú i gcás teagmhais chibearshlándála fhéideartha nó mhórscála. |
|
(64) |
Ba cheart an comhar idir an tAontas Eorpach agus ECAT a dhéanamh i gcomhréir le treoirphrionsabail chomhaontaithe na cuimsitheachta, na cómhalartachta agus na trédhearcachta, agus lánurraim á tabhairt do chinnteoireacht uathrialach an Aontais. |
|
(65) |
Ba cheart don Choimisiún agus don Ardionadaithe, agus comhaontuithe atá ann cheana ar nós chomhaontú teicniúil CERT-EU/ECAT 2016 á gcur san áireamh, ba cheart dóibh pointí teagmhála a bhunú le haghaidh comhordú le ECAT i gcás cibirghéarchéime chun an fhaisnéis is gá a mhalartú maidir leis an gcás agus maidir le húsáid a bhaint as sásraí freagartha ar ghéarchéimeanna chun comhar freagartha agus éifeachta na freagartha a mhéadú. Chuige sin, ba cheart don Aontas féachaint ar bhealaí chun feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise le ECAT, ar bhealach cuimsitheach cómhalartach neamh-idirdhealaitheach, go háirithe trí uirlisí chun cumarsáid shlán a áirithiú agus caighdeáin comhroinnte faisnéise na mBallstát éagsúil á gcur san áireamh ag an am céanna. |
|
(66) |
Mar chuid de chlár rollach cibirchleachtaí an Aontais dá dtagraítear i gCaibidil V thuas, ba cheart do sheirbhísí an Choimisiúin agus do SEGS breithniú a dhéanamh ar chleachtadh a eagrú ar leibhéal na foirne le ECAT, chun comhar idir eintitis shibhialtacha agus mhíleata a thástáil i gcás teagmhas cibearshlándála mórscála nó cibirghéarchéime ina lorgaíonn na Ballstáit nó Comhghuaillithe ECAT freagairtí ar chibirionsaí a dhéanann difear dá slándáil. Ba cheart an cleachtadh a dhéanamh ar bhealach cuimsitheach agus neamh-idirdhealaitheach, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail chomhaontaithe pharaiméadair an chomhair idir an tAontas agus ECAT. Ba cheart an cleachtadh a dhéanamh faoi chuimsiú chleachtadh Réitigh Chomhtháite an Aontais (Freachnamh Comhthreomhar agus Comhordaithe, ‘PACE’). Ba cheart na bearta uile is gá a dhéanamh chun rannpháirtíocht na ngníomhaithe uile dá dtagraítear sa Treoirphlean Cibearshlándála a áirithiú. |
|
(67) |
Ba cheart cibearchleachtaí comhpháirteacha ar leibhéal an Aontais le tíortha na mBalcán Thiar, le Poblacht na Moldóive, leis an Úcráin, chomh maith le comhpháirtithe straitéiseacha eile agus tríú tíortha atá ar aon intinn leo a mheas freisin, i gcomhairle leis an gComhairle, leis an gCoimisiún agus leis an Ardionadaí. |
X: Bainistiú cibirghéarchéime a chomhordú le gníomhaithe míleata ar leibhéal an Aontais
|
(68) |
Ba cheart do na Ballstáit leanúint den chomhar idir cibearghníomhaithe sibhialtacha agus míleata a neartú ar an leibhéal náisiúnta. |
|
(69) |
Ba cheart do EU-CyCLONe agus do líonra CSIRTanna bealaí agus nósanna imeachta féideartha a shainaithint chun comhoibriú le gníomhaithe míleata ábhartha an Aontais, ar nós Chomhdháil Chibircheannasaithe an Aontais agus Líonra Oibríochtúil d’Fhoirne Míleata Práinnfhreagartha Ríomhaire (‘MICNET’) chun tairbhe a bhaint as dearcadh comhpháirteach míleata agus sibhialtach, go háirithe trí chruinnithe comhpháirteacha. Ba cheart do EU-CyCLONe agus do líonra CSIRT an Chomhairle a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcomhar sin. |
|
(70) |
Iarrtar ar an mBallstát dá ndéantar difear EU-CyCLONe, chomh maith le SEGS, a chur ar an eolas, má úsáidtear cumais freagartha míleata náisiúnta nó ilnáisiúnta ábhartha i gcomhthéacs teagmhas cibearshlándála mórscála nó cibirghéarchéime, agus má chomhaontaítear soláthar na faisnéise sin go frithpháirteach idir an t-úsáideoir agus soláthraí an chumais freagartha sin. |
|
(71) |
Mar chuid de chlár rollach cibirchleachtaí an Aontais dá dtagraítear i gCaibidil V thuas, ba cheart don Choimisiún agus don Ardionadaí breithniú a dhéanamh ar chleachtadh comhpháirteach a eagrú chun comhar idir cibirghníomhaithe sibhialta agus míleata araon a thástáil i gcás teagmhas cibearshlándála mórscála a dhéanann difear do na Ballstáit. |
XI: Téarnamh agus ceachtanna a foghlaimíodh ó chibirghéarchéim
|
(72) |
Ba cheart do na Ballstáit, eintitis ábhartha de chuid an Aontais, agus líonraí comhoibriú le linn na céime téarnaimh tar éis cibirghéarchéime chun a áirithiú go ndéanfar príomhfheidhmiúlachtaí a athbhunú go tapa. Ba cheart do lucht forfheidhmithe dlí, i gcás inarb ábhartha, a bheith rannpháirteach sa chomhar sin freisin. Sa chéim sin, tá comhar leis an earnáil phríobháideach ríthábhachtach, go háirithe chun aisghabháil sonraí agus athbhunú córas a éascú. Le comhordú éifeachtach i measc geallsealbhóirí, ba cheart tús áite a thabhairt do shuaitheadh a íoslaghdú agus leanúnachas gnó a áirithiú. |
|
(73) |
Ba cheart do na Ballstáit agus d’eintitis agus líonraí ábhartha an Aontais oibriú le chéile le linn chéim an téarnaimh agus iad ag cur leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó chibirghéarchéimeanna nó ó theagmhais cibearshlándála a bainistíodh san am atá caite, chomh maith le tuarascálacha ar theagmhais, go háirithe i gcomhthéacs an tSásra Eorpaigh um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála arna bhunú le Rialachán (AE) 2025/38. |
|
(74) |
Ba cheart do EU-CyCLONe liosta cuimsitheach de na ceachtanna a foghlaimíodh ó chibirghéarchéimeanna nó ó theagmhais chibearshlándála a bainistíodh san am atá caite agus dea-chleachtais a sholáthar do líonra CSIRTanna, don Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, agus don Chomhairle. Ba cheart do ENISA a áirithiú go ndéanfar na ceachtanna a foghlaimíodh a léiriú go cuí i ngníomhaíochtaí ullmhachta a dhéanfar amach anseo agus nuair a bheidh pleanáil cleachtaí amach anseo á meas. |
XII: Cumarsáid shlán
|
(75) |
Bunaithe ar mhapáil na n-uirlisí cumarsáide slána atá ann cheana (15), ba cheart don Choimisiún tacar idir-inoibritheach de réitigh chumarsáide shlána a mholadh faoi dheireadh 2026. Ba cheart don Chomhairle, don Choimisiún, don Ardionadaí, do EU-CyCLONe agus do líonra CSIRTanna teacht ar chomhaontú maidir leis an tacar sin faoi dheireadh 2027. Ba cheart go mbainfeadh na réitigh sin tairbhe as na gníomhaíochtaí i réimse na cumarsáide sláine a d’fhéadfadh institiúidí an Aontais a dhéanamh faoi Straitéis an Aontais Eorpaigh um Aontas na hUllmhachta agus ba cheart a chumhdach leo raon iomlán na modhanna cumarsáide is gá (cumarsáid ghutha, sonraí, físchomhdháil, teachtaireachtaí, comhoibriú agus comhroinnt agus comhairliúchán doiciméad). Ba cheart na réitigh a bheith ag comhlíonadh ceanglais a shainítear go coitianta chun faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint. Ba cheart úsáid a bhaint as réitigh atá bunaithe ar phrótacal oscailte le cur chun feidhme foinse oscailte atá oiriúnach do chumarsáid fíor-ama, agus iad á mbainistiú ag eintiteas atá bunaithe san Aontas. |
|
(76) |
Chun faisnéis a aicmítear mar fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a mhalartú, más gá, ba cheart do EU-CyCLONe agus do líonra CSIRTanna a bheith in ann úsáid a bhaint as bealaí cumarsáide slána arna n-áirithiú d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais chun faisnéis rúnaicmithe a mhalartú eatarthu féin agus leis na Ballstáit. |
|
(77) |
Gan dochar don chreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo, ba cheart don Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), breithniú a dhéanamh ar chistiú tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit uirlisí cumarsáide slána a chur in úsáid. Ba cheart aon dúbailt infheistíochtaí i gcórais shlána idir-inoibritheacha a sheachaint |
|
(78) |
Go háirithe, ba cheart d’eintitis an Aontais agus do na Ballstáit teagmhais a fhorbairt le haghaidh géarchéimeanna tromchúiseacha i gcás ina gcuirtear isteach ar ghnáthbhealaí cumarsáide a bhíonn ag brath ar an Idirlíon nó ar líonraí teileachumarsáide nó i gcás nach bhfuil na gnáthbhealaí cumarsáide sin ar fáil. |
|
(79) |
Ba cheart sásraí cumarsáide agus comhroinnte faisnéise a bhunú idir líonraí forfheidhmithe dlí agus líonraí cibearshlándála, go háirithe ar an leibhéal teicniúil, chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar chibirghéarchéimeanna. Leis na sásraí sin, ba cheart ról gach páirtí a urramú agus ba cheart cur isteach ar oibríochtaí leanúnacha a sheachaint agus iomarcaíocht chumarsáide a ráthú. Is féidir le Córas Cumarsáide Criticiúla an Aontais (‘EUCCS’) atá á fhorbairt faoi láthair dul chun tairbhe na freagartha comhpháirtí le cibearphobail ábhartha. |
XIII: Forálacha críochnaitheacha
|
(80) |
Ba cheart do EU-CyCLONe, i gcomhar le líonra CSIRT agus le príomhghníomhaithe eile in Éiceachóras Bainistithe Cibirghéarchéime an Aontais, le tacaíocht ó ENISA, léaráidí mionsonraithe den sreabhadh próisis a cheapadh, laistigh de bhliain amháin tar éis fhoilsiú an Mholta, ina leagfar amach na sreafaí faisnéise idir gníomhaithe ábhartha, próisis chinnteoireachta agus tuarascálacha a forbraíodh le linn bainistiú teagmhas cibearshlándála mórscála nó cibirghéarchéime mar a thuairiscítear sa Mholadh seo. Ba cheart modhanna agus sraitheanna comhair éagsúla a chumhdach sna léaráidí sreafa. Ba cheart iad a nuashonrú nuair is gá. |
|
(81) |
Chun tacú le cur i bhfeidhm éifeachtach an Treoirphlean Cibearshlándála athbhreithnithe, agus ag tógáil ar an taithí a fuarthas trí na cibirchleachtaí comhpháirteacha a rinneadh faoi, féadfaidh an Chomhairle sraith treoirlínte cur chun feidhme a fhorbairt, más gá. Leis na treoirlínte sin, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin phraiticiúla a sainaithníodh le linn cleachtaí agus bearnaí sainaitheanta agus naisc atá in easnamh sa chomhordú, sa chumarsáid agus san idirghníomhaíocht oibríochtúil a dhúnadh. |
|
(82) |
Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Moladh seo i gcomhar leis na Ballstáit, gach 4 bliana tar éis a fhoilsithe ar a laghad. Tar éis gach athbhreithnithe, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú agus í a chur faoi bhráid na Comhairle. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a chur san áireamh, go háirithe, tionchar thimpeallacht athraitheach na bagartha, torthaí na gcleachtaí comhpháirteacha agus athruithe reachtacha – go háirithe aon athrú a d’fhéadfadh teacht as an athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2019/881. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meitheamh 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. KLIMCZAK
(1) Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, IO L, 2023/2841, 18.12.2023, lgh. 1- 27.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais Eorpaigh maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna, IO L 320, 17.12.2018, lgh. 28.
(3) Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála IO L 239, 19.9.2017, lgh. 36.
(4) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS), IO L 333, 27.12.2022, lgh. 80.
(5) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, IO L 347, 20.12.2013, lgh. 924.
(6) Conclúidí ón gComhairle maidir le creat le haghaidh freagairt chomhpháirteach taidhleoireachta ón Aontas ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha (9916/17)
(7) Conclúidí ón gComhairle maidir le Creat le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha, an 22 Meitheamh 2022
(8) Doiciméad Inmheánach Oibre Comhpháirteach – EU Protocol for countering hybrid threats [Prótacal an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac] (SWD(2023) 116 final).
(9) IO C, C/2024/4371, 5.7.2024
(10) Le Treoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil, tugtar mionsonraí breise ar an gcomhordú sna cásanna sin i Roinn 4 de Chuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis.
(11) Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) IO L 151, 7.6.2019, lgh. 15.
(12) Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) IO L, 2024/2847, 20.11.2024, lgh.1.
(13) Rialachán (AE) 2025/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath agus chun ullmhú dóibh agus freagairt orthu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (An Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht), IO L, 2025/38, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/38/oj.
(14) Is creat é an Bosca Uirlisí Hibrideach chun freagairt chomhordaithe a thabhairt ar fheachtais hibrideacha a dhéanann difear don Aontas agus dá Bhallstáit, ina gcuimsítear, mar shampla, bearta coisctheacha, comhair, cobhsaíochta, sriantacha agus téarnaimh agus lena dtacaítear leis an dlúthpháirtíocht agus leis an gcúnamh frithpháirteach.
(15) WK 862/2023.
(16) Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin (IO L 202, 8.6.2021, lgh. 1).
IARSCRÍBHINN I
TREOIRPHLEAN AN AONTAIS CHUN FREAGAIRT A THABHAIRT AR GHÉARCHÉIM CIBEARSHLÁNDÁLA
IARSCRÍBHINN II
GNÍOMHAITHE ÁBHARTHA AR LEIBHÉAL AN AONTAIS (EINTITIS AGUS LÍONRAÍ) AGUS SÁSRAÍ BAINISTITHE GÉARCHÉIME
(1) Rannpháirtíocht na bpríomhghníomhaithe ar feadh shaolré an bhainistithe cibirghéarchéime (teagmhais chibearshlándála mhórscála agus cibirghéarchéimeanna)
|
|
Ullmhacht |
Brath |
Freagairt ar theagmhas cibearshlándála mórscála nó ar chibirghéarchéim |
Cumarsáid phoiblí |
Téarnamh agus ceachtanna a foghlaimíodh |
||
|
ar an leibhéal teicniúil |
ar an leibhéal oibríochtúil |
ar an leibhéal polaitiúil |
|||||
|
Na Ballstáit |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
|
An Coimisiún |
X |
|
|
X |
X |
X |
|
|
An tArdionadaí le cúnamh ó SEGS |
X |
|
|
X |
X |
X |
|
|
An Chomhairle |
X |
|
|
|
X |
X |
X |
|
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) |
X |
|
X |
X |
|
|
|
|
CERT-EU |
X |
X |
X |
X |
|
X |
X |
|
Líonra CSIRTanna |
X |
X |
X |
|
|
|
X |
|
EU-CyCLONe |
X |
|
|
X |
X |
|
X |
(2) Róil agus inniúlachtaí na ngníomhaithe agus na sásraí ábhartha ar leibhéal an Aontais (in ord aibítre) i ndáil le bainistiú cibirghéarchéime
|
Gníomhaí |
Leibhéal |
Ról agus inniúlacht |
Tagairt |
||||||||||||
|
CERT-EU |
Teicniúil/ Oibríochtúil |
Déanann sé comhordú ar an bhfreagairt ghéarchéime ar an leibhéal teicniúil agus ar bhainistiú mórtheagmhas a dhéanann difear d’eintitis an Aontais. Déanann sé fardal a choinneáil den saineolas teicniúil atá ar fáil agus a bheadh ag teastáil chun freagairt ar theagmhais i gcás mórtheagmhas agus cuidíonn sé le IICB comhordú a dhéanamh ar phleananna bainistithe cibirghéarchéime eintiteas an Aontais i gcás mórtheagmhas. Ball de Líonra CSIRTanna. Tacaíonn sé leis an gCoimisiún in EU-CyCLONe maidir le bainistiú comhordaithe a dhéanamh ar theagmhais agus ar ghéarchéimeanna cibearshlándála mórscála. Feidhmíonn sé mar an mol comhordúcháin um malartú faisnéise agus um fhreagairt ar theagmhais, chun malartú faisnéise a éascú maidir le teagmhais, cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus neasteagmhais i measc eintitis an Aontais agus a gcontrapháirtithe. Is é a iarrann Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur in úsáid thar ceann eintitis an Aontais. Bíonn sé ag comhoibriú le Lárionad Cibearshlándála ECAT ar bhonn a Chomhaontaithe Theicniúil. |
Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 Rialachán (AE) 2025/38 |
||||||||||||
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
Polaitiúil |
Feidhmeanna maidir le sainiú beartais agus comhordú. Cuirtear IPCR de chúram air, lena mbaineann comhordú agus freagairt ar leibhéal polaitiúil an Aontais. |
Airteagal 16 den Chonradh ar an Aontas Eorpach |
||||||||||||
|
An Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh |
Polaitiúil |
Is í a dhéanann an cinneadh (seachas i gcás ina ndéantar an clásal dlúthpháirtíochta a ghníomhachtú faoi Airteagal 222 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) ar cheart IPCR a ghníomhachtú, i gcomhairle leis na Ballstáit de réir mar is iomchuí, chomh maith leis an gCoimisiún agus leis an Ardionadaí. |
Airteagal 16 den Chonradh ar an Aontas Eorpach Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle |
||||||||||||
|
Cibearmhoil Trasteorann |
Teicniúil |
Is ardán iltíre é an Cibearmhol Trasteorann, arna bhunú le comhaontú cuibhreannais i scríbhinn lena dtugtar le chéile i struchtúr gréasáin comhordaithe Cibearmhoil Náisiúnta ó thrí Bhallstát ar a laghad, agus atá ceaptha chun faireachán, brath agus anailís ar chibearbhagairtí a fheabhsú chun teagmhais a chosc agus chun tacú le táirgeadh faisnéise maidir le cibearbhagairtí, go háirithe trí shonraí agus faisnéis ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, anaithnidithe a mhalartú, chomh maith le huirlisí úrscothacha a chomhroinnt agus cibearbhrath, anailís agus cumais choisc agus chosanta a fhorbairt go comhpháirteach i dtimpeallacht iontaofa; Téann siad i ndlúthchomhar leis an Líonra CSIRTanna chun faisnéis a mhalartú. Soláthraíonn siad faisnéis a bhaineann le teagmhas cibearshlándála mórscála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ar siúl faoi láthair d’údaráis na mBallstát agus don Choimisiún trí EU-CyCLONe agus an Líonra CSIRTanna. |
Rialachán (AE) 2025/38 |
||||||||||||
|
Líonra CSIRTanna |
Teicniúil |
Rannchuidíonn sé le muinín agus iontaoibh a fhorbairt agus cuireann sé comhar oibríochtúil tapa chun cinn i measc na mBallstát. Is é an príomhlíonra é chun faisnéis ábhartha a mhalartú faoi theagmhais, neasteagmhais, cibearbhagairtí, rioscaí agus leochaileachtaí. Arna iarraidh sin do chomhalta a bhféadfadh teagmhas difear a dhéanamh dó, déanann sé faisnéis a mhalartú agus a phlé a bhaineann leis an teagmhas sin agus le cibearbhagairtí gaolmhara. Féadfaidh an Líonra freagairt chomhordaithe a éascú freisin ar theagmhas a sainaithníodh laistigh de dhlínse an chomhalta sin a rinne an iarraidh. Cuireann sé cúnamh ar fáil do na Ballstáit chun teagmhais trasteorann a bhainistiú agus fiosraíonn sé cineálacha breise comhair, lena n-áirítear cúnamh frithpháirteach. Faigheann sé faisnéis ó na Ballstáit i ndáil lena n-iarrataí ar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais. |
Treoir (AE) 2022/2555 Rialachán (AE) 2025/38 |
||||||||||||
|
Comhdháil na gCibircheannasaithe |
|
Fóram do chibircheannasaithe ar an leibhéal náisiúnta laistigh de na Ballstáit chun comhoibriú agus faisnéis ríthábhachtach a mhalartú maidir le hoibríochtaí leanúnacha cibearspáis agus straitéisí chun teagmhais chibearshlándála mhórscála a mhaolú. Is é an Uachtaránacht rothlach ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a dhéanann é a eagrú, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC), an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), lena n-áirítear Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh (EUMS). |
Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Beartas an Aontais maidir leis an gCibearchosaint (2022) |
||||||||||||
|
An Coimisiún |
Oibríochtúil/Polaitiúil |
Comhlacht feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh. Feidhmiú rianúil an Mhargaidh Inmheánaigh a áirithiú. Éascaíonn sé comhleanúnachas agus comhordú idir gníomhaíochtaí gaolmhara freagartha ar ghéarchéimeanna ar leibhéal an Aontais. Gníomhaíochtaí ginearálta ullmhachta ar leibhéal an Aontais faoi Chinneadh SACS, lena n-áirítear an Lárionad Comhordaithe Práinnfhreagartha agus an Comhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála a bhainistiú. Breathnóir in EU-CyCLONe agus Comhalta i gcás teagmhas mórscála féideartha nó leanúnach a bhfuil tionchar suntasach aige, nó ar dócha go mbeidh tionchar suntasach aige, ar sheirbhísí agus ar ghníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2022/2555. Breathnóir sa Líonra CSIRTanna. Freagracht fhoriomlán as Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur chun feidhme. Pointe teagmhála sa Bhord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil chun faisnéis ábhartha maidir le mórtheagmhais a chomhroinnt le EU-CyCLONe. Téann Uachtaránacht na Comhairle i gcomhairle leis maidir le cinntí chun IPCR a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú (ach amháin i gcás ina ndéantar an clásal dlúthpháirtíochta a agairt faoi Airteagal 222 CFAE). Is iad seirbhísí an Choimisiúin, in éineacht le SEGS, a ullmhaíonn thuarascálacha ISAA. |
Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE Treoir (AE) 2022/2555 Rialachán (AE) 2025/38 Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 |
||||||||||||
|
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) |
Teicniúil/ Oibríochtúil |
Déanann sé cúraimí chun ardleibhéal cibearshlándála a bhaint amach ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí thacú go gníomhach leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí an Aontais Is í a sholáthraíonn an rúnaíocht don líonra CSIRTanna agus do EU-CyCLONe. Ullmhaíonn sí Tuarascáil tráthrialta ar Staid Theicniúil Chibearshlándála an Aontais maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí (le EC3 agus CERT-EU agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit). Rannchuidíonn sí chun freagairt choiteann a fhorbairt ar theagmhais nó ar ghéarchéimeanna mórscála trasteorann tríd an méid seo a leanas a dhéanamh go príomha:
Gníomhaíonn sé mar údarás conarthach i gcás inar cuireadh de chúram air Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a oibriú agus a riar, go páirteach nó go hiomlán. Eagraíonn sé cleachtadh cibearshlándála cuimsitheach débhliantúil ar mhórscála ar leibhéal an Aontais lena mbaineann gnéithe teicniúla, oibríochtúla nó straitéiseacha. Ullmhaíonn sé tuarascáil athbhreithnithe teagmhais i gcomhar leis an mBallstát lena mbaineann agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, chun measúnú a dhéanamh ar chúiseanna, tionchar agus maolú teagmhais (arna iarraidh sin don Choimisiún nó do EU-CyCLONe agus le formheas an Bhallstáit lena mbaineann). Cuireann sé EU-CyCLONe ar an eolas má tá an fhaisnéis a sholáthraítear faoi oibleagáidí tuairiscithe an Ghnímh um Chibear-Athléimneacht ábhartha chun teagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála a bhainistiú ar bhealach comhordaithe ar an leibhéal oibríochtúil. |
Treoir (AE) 2022/2555 Rialachán (AE) 2019/881 Rialachán (AE) 2025/38 Rialachán (AE) 2024/2847 |
||||||||||||
|
An Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) |
Oibríochtúil |
Tacaíonn sé le bainistiú comhordaithe teagmhas mórscála agus géarchéimeanna cibearshlándála ar an leibhéal oibríochtúil Áirithíonn sé go ndéanfar faisnéis ábhartha a mhalartú go rialta i measc na mBallstát agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Déanann sé bainistiú teagmhas cibearshlándála mórscála agus géarchéimeanna cibearshlándála a chomhordú agus tacaíonn sé leis an gcinnteoireacht ar an leibhéal polaitiúil i ndáil le teagmhais agus géarchéimeanna den sórt sin. Déanann sé measúnú ar iarmhairtí agus tionchar teagmhas cibearshlándála mórscála agus géarchéimeanna cibearshlándála ábhartha agus molann sé bearta maolaithe féideartha. Pléann sé pleananna náisiúnta maidir le freagairt ar theagmhais chibearshlándála mhórscála agus géarchéimeanna cibearshlándála. Forbraíonn sé, i gcomhar le ENISA agus leis an gCoimisiún, an teimpléad chun tíolacadh iarrataí ar thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a éascú. Faigheann sé faisnéis ó na Ballstáit i ndáil lena n-iarrataí ar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais. Faigheann sé faisnéis a bhaineann le teagmhas cibearshlándála mórscála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ar siúl ó na cibearmhoil trasteorann nó ón Líonra CSIRTanna. |
Treoir (AE) 2022/2555 Rialachán (AE) 2025/38 |
||||||||||||
|
Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála le cúnamh ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí |
Polaitiúil |
Tugann sé ceannaireacht agus comhordaíonn sé iarrachtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála seachtracha i réimsí na mbagairtí hibrideacha agus cibearshlándála Tá sé freagrach as cibearthaidhleoireacht agus ionstraimí cibearchosanta an Aontais chun bagairtí seachtracha a dhíspreagadh agus chun freagairt orthu, agus, ina theannta sin, trí Bhoscaí Uirlisí Hibrideacha agus Cibearthaidhleoireachta an Aontais a úsáid. Bíonn sé rannpháirteach le comhpháirtithe seachtracha, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht CBSC freisin. Soláthraíonn sé ullmhacht an Aontais agus na mBallstát maidir le feasacht staide ar bhagairtí hibrideacha agus ar chibearbhagairtí agus an cumas freagairt a thabhairt orthu, mar shampla trí chleachtaí praiticiúla, oiliúint agus líonraí. Láimhseálann sé na himpleachtaí slándála agus cosanta atá ag sócmhainní spáis an Aontais, go háirithe faoi Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) an Aontais. Tacaíonn sé le Comhdháil Chibearcheannasaithe an Aontais. Tacaíonn sé le Líonra Oibríochtúil an Aontais d’Fhoirne Míleata Práinnfhreagartha Ríomhaire (MICNET). Téann Uachtaránacht na Comhairle i gcomhairle leis maidir le cinntí chun IPCR a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú (ach amháin i gcás ina ndéantar an clásal dlúthpháirtíochta a agairt faoi Airteagal 222 CFAE). Is é SEGS, i gcomhar le seirbhísí an Choimisiúin, a ullmhaíonn tuarascálacha ISAA. |
Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle |
||||||||||||
|
Lárionad Comhordaithe Cibearchosanta de chuid an Aontais |
Cothrománach |
Is é an cuspóir tosaigh atá aige feabhas a chur go príomha ar fheasacht choiteann staide an Aontais agus a Bhallstát maidir le gníomhaíochtaí mailíseacha sa chibearspás, go háirithe cinn a bhaineann le misin agus oibríochtaí míleata CBSC. |
Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Beartas an Aontais maidir leis an gCibearchosaint (2022) |
||||||||||||
|
Europol |
Oibríochtúil |
Soláthraíonn sé tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil d’údaráis inniúla na mBallstát chun an chibearchoireacht a chosc agus a dhíspreagadh. Tugann sé cúnamh d’údaráis inniúla na mBallstát, arna iarraidh sin dóibh, freagairt do chibir-ionsaithe de bhunús coiriúil amhrasta. |
Rialachán (AE) 2016/794, lena n-áirítear na leasuithe uile |
||||||||||||
|
An Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil |
|
Bunaíonn sé plean bainistithe cibirghéarcheime a bhunú d’fhonn tacú, ar an leibhéal oibríochtúil, le bainistiú comhordaithe a dhéanamh ar mhórtheagmhais lena ndéantar difear d’eintitis an Aontais. Déanann sé comhordú ar ghlacadh phleananna bainistithe cibirghéarchéime eintitis aonair an Aontais Glacann sé treoirlínte nó moltaí, ar bhonn togra ó CERT-EU, maidir le comhordú agus comhar maidir le freagairt ar theagmhais shuntasacha a bhaineann le heintitis an Aontais. |
Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 |
||||||||||||
|
An Líonra Oibríochtúil d’Fhoirne Míleata Práinnfhreagartha Ríomhaire (MICNET) |
Teicniúil |
Freagairt níos láidre agus níos comhordaithe ar chibearbhagairtí a chothú a dhéanann difear do chórais chosanta san Aontas, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear i misin agus oibríochtaí míleata CBSC; is é an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint a thacaíonn leis. |
Teachtaireacht Chomhpháirteach um Chibearchosaint 2022 |
||||||||||||
|
An Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise (SIAC) |
|
Comhdhéanta de (1) Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN) agus (2) Stiúrthóireacht Faisnéise Fhoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh (EUMS INT) SIAC. Cuireann sé faisnéis straitéiseach ar fáil maidir leis an mbeartas eachtrach, an sceimhlitheoireacht, agus cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha, agus Láimhseálann sé faisnéis mhíleata do mhisin CBSC agus tacaíonn sé le hoibríochtaí cosanta agus bainistithe géarchéime an Aontais. Faoi údarás an Ardionadaí. |
Airteagal 38 agus Airteagal 42 go hAirteagal 46 den Chonradh ar an Aontas Eorpach |
(3) Sásraí agus ardáin ábhartha bainistithe géarchéime ar leibhéal an Aontais
|
Sásra |
Cothrománach/earnála/cibearshonrach |
Tuairisc |
Tagairt |
|
ARGUS |
Cothrománach |
Próiseas comhordúcháin agus córas ginearálta foláirimh an Choimisiúin le haghaidh freagairt chomhleanúnach i gcás mór-ghéarchéim trasteorann a éilíonn gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Tugtar le chéile ann na seirbhísí agus na Comh-Aireachtaí ábhartha uile chun bearta a chinneadh agus a chomhordú. Cuireann sé ar chumas an Choimisiún faisnéis ábhartha a mhalartú maidir le géarchéimeanna ilearnála atá ag teacht chun cinn nó bagairtí intuartha nó garbhagairtí a éilíonn gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. |
Teachtaireacht (2005)662 ón gCoimisiún |
|
Lárionad Práinnfhreagartha (CRC) SEGS |
Cothrománach |
An pointe teagmhála aonair le haghaidh gach saincheist a bhaineann le géarchéim in SEGS agus an acmhainneacht bhuan 24/7 chun freagairt ar ghéarchéimeanna a chuireann sábháilteacht na mball foirne i dToscaireachtaí an Aontais i mbaol, agus/nó mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna a mbíonn tionchar acu ar shaoránaigh an Aontais thar lear. Tugtar le chéile ann saineolaithe slándála, consalachta agus feasachta staide, agus é ag brath ar ghairmithe tiomanta ar an láthair i dtoscaireachtaí an Aontais san am céanna. |
Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint - Le haghaidh Aontas Eorpach a chosnaíonn a Shaoránaigh, a Luachanna agus a Leasanna agus a chuireann leis an tSíocháin agus leis an tSlándáil Idirnáisiúnta (21 Márta 2022) |
|
An Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil |
Cothrománach |
Déanann sé comhordú ar fhreagairt ar leibhéal an Aontais ar aon chur isteach ar an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis. |
Moladh C/2024/4371 ón gComhairle |
|
An Córas Foláirimh Cibearshlándála |
Cibearshonrach |
Áirithíonn sé go mbeidh ardchumas ag an Aontas chun feabhas a chur ar chumais bhraite, anailíse agus próiseála sonraí i ndáil le cibearbhagairtí agus chun teagmhais san Aontas a chosc. |
Rialachán (AE) 2025/38 |
|
Bosca Uirlisí na Cibearthaidhleoireachta (Creat le haghaidh Freagairt Chomhpháirteach Taidhleoireachta ón Aontas ar Chibirghníomhaíochtaí Mailíseacha) |
Cibearshonrach |
Ceadaítear, mar thoradh air, freagairt chomhpháirteach taidhleoireachta ón Aontas ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha, a rannchuidíonn le coinbhleachtaí a chosc, bagairtí cibearshlándála a mhaolú, agus cobhsaíocht níos fearr sa chaidreamh idirnáisiúnta. |
Conclúidí ón gComhairle an 19 Meitheamh 2017 Treoirlínte cur chun feidhme athbhreithnithe 10289/23, 8 Meitheamh 2023 |
|
Cúltaca Cibearshlándála an Aontais |
Cibearshonrach |
Slógann sé saineolaithe agus acmhainní cibearshlándála le linn géarchéimeanna chun tacú le hiarrachtaí freagartha sna Ballstáit agus in institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí an Aontais |
Rialachán (AE) 2025/38 |
|
Cód gréasáin a bhunú i ndáil le rialacha earnáilsonracha maidir le gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann |
Earnálach |
Bunaítear leis próiseas athfhillteach measúnuithe riosca cibearshlándála in earnáil an leictreachais, ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal na mBallstát, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an eintitis. Tá forálacha ann a bhaineann go sonrach le bainistiú géarchéime agus comhar leis na CSIRTanna agus le EU-CyCLONe i gcásanna ina mbíonn tionchar ag teagmhas cibearshlándála mórscála ar earnálacha eile a bhraitheann ar shlándáil an tsoláthair leictreachais. |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1366 ón gCoimisiún |
|
Bosca Uirlisí Hibrideach an Aontais |
Cothrománach |
Tá tacar forálacha ann chun forléargas a áirithiú ar a bhfuil ar fáil ar leibhéal an Aontais chun freagairt a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha den uile chineál agus an chaoi chun úsáid chomhordaithe a bhaint astu, chun comhleanúnachas ár ngníomhaíochtaí i réimsí éagsúla a áirithiú. Cabhraíonn an Bosca Uirlisí Hibrideach chun a áirithiú go mbeidh an chinnteoireacht bunaithe ar fheasacht staide chuimsitheach agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh |
Conclúidí ón gComhairle maidir le Creat le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha, an 22 Meitheamh 2022 Treoirlínte cur chun feidhme don Chreat le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha, 14 Nollaig 2022 |
|
Foirne Mearfhreagartha Hibrideacha de chuid an Aontais |
Cothrománach |
Mar chuid de Bhosca Uirlisí Hibrideach an Aontais, bíonn Foirne Mearfhreagartha Hibrideacha de chuid an Aontais ag tarraingt ar an saineolas ábhartha earnála sibhialta agus míleata ábhartha náisiúnta agus de chuid an Aontais chun cúnamh gearrthéarmach saincheaptha agus spriocdhírithe a sholáthar do na Ballstáit, do mhisin agus oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta agus do thíortha comhpháirtíochta chun bagairtí agus feachtais hibrideacha a chomhrac. |
Creat treorach chun Foirne Mearfhreagartha Hibrideacha an Aontais a bhunú go praiticiúil (an 21 Bealtaine 2024) Treoraíocht Oibríochtúil maidir le Foirne Mearfhreagartha Hibrideacha a Imscaradh, arna formheas ag Coreper an 4 Nollaig 2024 |
|
IPCR |
Cothrománach |
Tacaíonn sé le cinnteoireacht thapa chomhordaithe ar leibhéal polaitiúil an Aontais i gcás géarchéimeanna móra casta. Is í Uachtaránacht na Comhairle a dhéanann cinneadh é a ghníomhachtú agus a dhíghníomhachtú agus téann sí i gcomhairle leis na Ballstáit a ndéantar difear dóibh, leis an gCoimisiún agus leis an Ardionadaí (ach amháin i gcás inar agraíodh an clásal dlúthpháirtíochta). Féadfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle, seirbhísí an Choimisiúin agus SEGS a chomhaontú freisin, i gcomhairle leis an Uachtaránacht, IPCR a ghníomhachtú sa mhód comhroinnte faisnéise. Is iad na tuarascálacha ISAA arna n-ullmhú ag seirbhísí an Choimisiúin agus ag SEGS a bhíonn mar bhonn eolais leis an obair a dhéanann IPCR. Bíonn na tuarascálacha sin bunaithe ar fhaisnéis agus anailísí ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit (e.g. ó lárionaid ghéarchéime náisiúnta ábhartha), agus ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha an Aontais. |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle |
|
Prótacal Práinnfhreagartha Forfheidhmithe Dlí an Aontais |
Cothrománach |
Uirlis chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí an Aontais freagairt láithreach a thabhairt ar chibirionsaithe móra trasteorann trí mheasúnú tapa, trí fhaisnéis chriticiúil a chomhroinnt go slán agus go tráthúil agus trí chomhordú éifeachtach a dhéanamh ar ghnéithe idirnáisiúnta a n-imscrúduithe. |
Conclúidí ón gComhairle (26 Meitheamh 2018) maidir le freagairt chomhordaithe ón Aontas ar Theagmhais agus Géarchéimeanna Chibearshlándála Mórscála. |
|
Foirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas PESCO |
Cibearshonrach |
Is cumas cibearchosanta sibhialtach-míleata de chuid Bhallstáit an Aontais é CRRTanna PESCO chun freagairt go tapa ar chibirtheagmhais agus ar chibirghéarchéimeanna agus chun gníomhaíochtaí coisctheacha a dhéanamh, ar nós measúnuithe leochaileachta agus faireachán ar thoghcháin. Is é misean CRRTanna PESCO cibearthacaíocht a chur ar fáil, arna iarraidh sin, do Bhallstáit an Aontais, d’institiúidí, do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais, do mhisin agus d’oibríochtaí míleata CBSC de chuid an Aontais, agus do thíortha comhpháirtíochta freisin. |
Airteagal 42(6), Airteagal 46 agus Prótacal 10 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
|
Struchtúr Freagartha do Bhagairtí Spáis (SFBS) |
Earnálach (Bagairtí Spáis, lena n-áirítear cinn a bhaineann leis an gcibearshlándáil) |
An Struchtúr Freagartha do Bhagairtí Spáis (SFBS) maidir le freagrachtaí atá le feidhmiú ag an gComhairle agus ag an Ardionadaí chun bagairt a eascraíonn as cur in úsáid, oibriú nó úsáid na gcóras arna gcur ar bun, agus seirbhísí arna sholáthar, faoi Chlár Spáis an Aontais a sheachaint |
Cinneadh (CBES) 2021/698 ón gComhairle |
|
Creat Comhordaithe maidir le Cibirtheagmhais Shistéamacha (EU-SCICF) |
Earnálach |
Creat atá á fhorbairt le haghaidh cumarsáide agus comhordaithe lena dtugtar aghaidh ar chibirtheagmhais shistéamacha san earnáil airgeadais agus lena ndéantar iad a bhainistiú. Beidh sé ag tógáil ar na róil atá beartaithe ag na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) faoi Rialachán (AE) 2022/2554, is é sin freagairt chomhordaithe éifeachtach ar leibhéal an Aontais a chumasú de réir a chéile sa chás go mbeidh teagmhas nó bagairt mhór trasteorann ann a bhaineann le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáid (TFC) a bhfuil tionchar sistéamach aige ar earnáil airgeadais an Aontais ina hiomláine. |
Moladh ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 2 Nollaig 2021 maidir le creat comhordaithe uile-Eorpach um chibirtheagmhais le haghaidh údaráis ábhartha (BERS/2021/17) |
|
Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta |
Cothrománach |
Áirithíonn sé go mbeidh comhar ann i dtaca leis an gcosaint shibhialta chun cosc, ullmhacht agus freagairt maidir le tubaistí a fheabhsú. |
Cinneadh 1313/2013. |
|
CISE – Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise |
Baineann sé go sonrach le cúrsaí muirí agus cumhdaítear seacht n-earnáil leis. |
Is líonra é CISE a nascann na córais atá ag údaráis AE/LEE atá freagrach as faireachas muirí. Déanann CISE malartú faisnéise ábhartha thar theorainneacha agus in earnálacha éagsúla a chumasú ar bhealach rianúil uathoibrithe. |
Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint – Le haghaidh Aontas Eorpach a chosnaíonn a Shaoránaigh, a Luachanna agus a Leasanna agus a chuireann leis an tSíocháin agus leis an tSlándáil Idirnáisiúnta (21 Márta 2022). |
(4) Earnálacha ardchriticiúlachta agus earnálacha criticiúla eile faoi Threoir (AE) 2022/2555 agus sásraí géarchéime earnála ar leibhéal an Aontais (i gcás inarb infheidhme)
|
Earnálacha |
Fo-earnáil |
Sásraí géarchéime earnála is infheidhme |
|
Fuinneamh |
Leictreachas |
An Grúpa Comhordaithe Leictreachais |
|
Téamh agus fuarú ceantair |
neamhbhainteach |
|
|
Ola |
An Grúpa Comhordaithe Ola Grúpa an Aontais Eorpaigh um Údaráis Ola agus Gáis Amach ón gCósta (EUOAG) |
|
|
Gás |
An Grúpa Comhordaithe Gáis |
|
|
Hidrigin |
neamhbhainteach |
|
|
Iompar |
Aer |
An tAonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime (EACCC) |
|
Iarnród |
neamhbhainteach |
|
|
Uisce |
An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) SafeSeaNet (SSN) Seirbhísí Muirí Comhtháite (IMS) An Lárionad Sonraí maidir le Sainaithint agus Rianú Fadraoin (LRIT) Seirbhísí Tacaíochta Muirí EMSA |
|
|
Bóthar |
neamhbhainteach |
|
|
Cothrománach |
An Líonra um Pointí Teagmhála Iompair arna bhunú faoin bPlean Teagmhasach Iompair (COM(2022) 211) |
|
|
Baincéireacht |
|
EU-SCICF |
|
Bonneagar an mhargaidh airgeadais |
|
EU-SCICF An Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach |
|
Sláinte |
|
An Córas Luathrabhaidh agus Freagartha (EWRS) An Córas Mear-Rabhaidh maidir le Fíocháin agus Cealla agus maidir le Comhábhair Fola (RATC/RAB) de chuid na Saoráide Oibríochtaí Éigeandála Sláinte (HEOF) An Creat um Éigeandáil Sláinte Poiblí An Córas Mear-Rabhaidh um Theagmhais Cheimiceacha (RASCHEM) An tairseach faireachais Eorpach do ghalair ionfhabhtaíocha An tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) An Córas Faisnéise maidir le Sláinte Leighis (MediSys) An Grúpa Stiúrtha Feidhmiúcháin maidir le Ganntanais Feistí Leighis (MDSSG) An Córas Mearfhreagartha um Fhaireachas Cógas Tascfhórsa Sláinte an Aontais Eorpaigh (EUHTF) An Coiste Slándála Sláinte |
|
Uisce óil |
|
neamhbhainteach |
|
Fuíolluisce |
|
neamhbhainteach |
|
Bonneagar digiteach |
|
neamhbhainteach |
|
Bainistíocht seirbhísí TFC |
|
neamhbhainteach |
|
Riarachán poiblí |
|
neamhbhainteach |
|
An spás |
|
Struchtúr Freagartha do Bhagairtí Spáis (SFBS) |
|
Seirbhísí poist agus cúiréireachta |
|
neamhbhainteach |
|
Bainistíocht dramhaíola |
|
neamhbhainteach |
|
Monarú, táirgeadh agus dáileadh ceimiceán |
|
An Córas Mear-Rabhaidh um Theagmhais Cheimiceacha (RASCHEM) |
|
Táirgeadh, próiseáil agus dáileadh bia |
|
Córas Eorpach faireacháin barr, Córas braite domhanda teophointí aimhrialtachta i dtáirgeadh talmhaíochta (ASAP), an Líonra Eorpach um Fhaisnéis Sláinte Plandaí (EUROPHYT), Foireann Éigeandála Tréidliachta an Aontais (EUVET) An Córas Mear-Rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe (RASFF) An Sásra Eorpach um Ullmhacht agus um Fhreagairt i leith Géarchéimeanna Slándála Bia (EFSCM) An Gníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht sa Mhargadh Inmheánach (IMERA) |
|
Monaraíocht |
Feistí leighis |
neamhbhainteach |
|
Táirgí ríomhaireachta, leictreonacha agus optúla |
neamhbhainteach |
|
|
Innealra agus trealamh |
neamhbhainteach |
|
|
Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí |
neamhbhainteach |
|
|
Monarú trealaimh eile iompair |
neamhbhainteach |
|
|
Soláthraithe digiteacha |
|
neamhbhainteach |
|
Taighde |
|
neamhbhainteach |
IARSCRÍBHINN III
CREAT AN AONTAIS MAIDIR LE BAINISTIÚ GÉARCHÉIME CIBEARSHLÁNDÁLA AGUS IONSTRAIMÍ GAOLMHARA
Ó bhí 2017 ann, tá a chreat cibearshlándála forbartha ag an Aontas trí roinnt ionstraimí ina bhfuil forálacha atá ábhartha maidir le bainistiú géarchéime cibearshlándála:
|
— |
Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), |
|
— |
Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
|
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme 2024/2690 ón gCoimisiún (3), Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), |
|
— |
Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), |
|
— |
Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus |
|
— |
Rialachán (AE) 2025/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht’) (7). |
Áirítear le bearta sonracha earnála um ghéarchéim chibearshlándála Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1366 ón gCoimisiún (8) agus an creat comhordaithe maidir le cibirtheagmhais shistéamacha (EU-SCICF) atá ar na bacáin i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).
Le Treoir 2013/40 (10), soláthraítear an tagairt don sainmhíniú ar ghníomhaíochtaí coiriúla a bhaineann le cibirionsaithe agus rialacha an Aontais maidir le rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach, go háirithe Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), lena n-éascófar gníomhaíocht forfheidhmithe dlí go mór sa réimse sin a luaithe a chuirfear chun feidhme é.
I mBeartas Cibearchosanta an Aontais (12), leagtar amach na róil atá ag Líonra Oibríochtúil an Aontais d’Fhoirne Míleata Práinnfhreagartha Ríomhaire (MICNET) agus na róil atá ag Comhdháil Chibircheannasaithe an Aontais agus beartaítear go mbunófar Lárionad Comhordaithe Cibearchosanta de chuid an Aontais.
Is ann do shásraí eile feasachta staide agus freagartha ar ghéarchéimeanna nach mbaineann leis an gcibearshlándáil i roinnt de na hearnálacha criticiúla a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555.
Leis an ‘Moladh ón gComhairle maidir le Treoirphlean chun comhordú a dhéanamh ar fhreagairt ar leibhéal an Aontais do shuaitheadh ar an mbonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann shuntasach ag baint leis’ (13), déantar foráil maidir le comhar idir gníomhaithe ábhartha i gcás ina ndéanann teagmhas difear do ghnéithe fisiciúla agus do chibearshlándáil an bhonneagair chriticiúil.
(1) Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/881/oj).
(2) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2690 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2022/2555 a mhéid a bhaineann le ceanglais theicniúla agus mhodheolaíochta maidir le bearta bainistíochta riosca cibearshlándála agus sonrú breise ar na cásanna ina meastar teagmhas a bheith suntasach a mhéid a bhaineann le soláthraithe seirbhísí DNS, clárlanna ainmneacha TLD, soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta, soláthraithe seirbhísí lárionad sonraí, soláthraithe gréasán soláthair ábhair, soláthraithe seirbhísí bainistithe, soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe, soláthraithe margaí ar líne, soláthraithe inneall cuardaigh ar líne agus soláthraithe ardán seirbhísí líonraithe shóisialta, agus soláthraithe seirbhísí iontaoibhe, (IO L, 2024/2690, 18.10.2024).
(4) Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (IO L, 2023/2841, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj).
(5) Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin (IO L 202, 8.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/887/oj).
(6) Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 2024/2847, 20.11. 2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj).
(7) Rialachán (AE) 2025/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath agus chun ullmhú dóibh agus freagairt orthu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (An Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht) (IO L, 2025/38, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/38/oj).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1366 ón gCoimisiún an 11 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chód gréasáin a bhunú i ndáil le rialacha earnáilsonracha maidir le gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann (IO L, 2024/1366, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1366/oj).
(9) Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj).
(10) Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, 14.8.2013, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/40/oj).
(11) Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla agus Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 118, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1543/oj).
(12) JOIN(2022) 49 final.
(13) IO C, C/2024/4371, 5.7.2024.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3445/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)