European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3392

30.6.2025

Iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel Constanţa (an Rómáin) a taisceadh an 27 Feabhra 2025 – CP, Personal Sea Management SRL v Sulina Logistics SRL

(Cás C-172/25, Personal Sea Management)

(C/2025/3392)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Constanţa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: CP, Personal Sea Management SRL

Cosantóirí: Sulina Logistics SRL

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 5(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 de Threoir 2008/104 (1), a bhaineann le ‘prionsabal na córa comhionainne’, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, mar fhoras chun conradh fostaíochta aonair oibrí atá fostaithe ag gníomhaireacht shealadach a fhoirceannadh, go n-éiríonn an t-úsáideoir as seirbhísí an oibrí, i gcás nach gá údar a thabhairt leis an éirí as sin ar bhealach ar bith agus nach bhfuil sé faoi réir aon choinníoll foirmiúil agus gur foras leordhóthanach ann féin é tarscaoileadh den sórt sin le dífhostú don ghníomhaireacht shealadach, cé go mbeadh, dá bhfostódh an t-úsáideoir féin an t-oibrí sin, an t-úsáideoir sin faoi réir ceanglais dhlíthiúla a bhaineann le húdar a thabhairt leis an gcúis atá leis an dífhostú agus le coinníollacha foirmiúla an ghnímh dífhostaithe?


(1)  Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO 2008 L 327, lch. 9).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3392/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)