|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3217 |
12.6.2025 |
Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)
(C/2025/3217)
FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL
(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)
‘Rueda’
PDO-ES-A0889-AM05 — 13.5.2025
1. Ainm an táirge
‘Rueda’
2. Cineál an táisc gheografaigh
☒ Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (ATFC)
☐ Tásc Geografach faoi Chosaint (TGFC)
☐ Tásc geografach (TG)
3. Earnáil
☐ Táirgí talmhaíochta
☒ Fíonta
☐ Deochanna biotáilleacha
4. An tír ar léi an limistéar geografach
an Spáinn
5. Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl
An Aireacht Talmhaíochta, Iascaigh agus Bhia Ard-Stiúrthóireacht an Bhia Fo-Ard-Stiúrthóireacht um Rialú Cáilíochta Bia agus um Shaotharlanna Agraibhia.
6. Incháilitheacht mar leasú caighdeánach
Ní thagann na leasuithe faoi aon cheann de na catagóirí dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha.
7. Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta
1. ATHRÚ AR AN TUAIRISC ORGÁNAILEIPTEACH AR AN bhFÍON GEAL
Tuairisc:
Athraíodh dath an fhíona ghil ó ‘idir buí éadrom agus buí ar dhath na tuí’ go ‘idir buí agus buí éadrom agus ómra’. I gcás fíonta geala a choiptear i mbairillí nó a aosaítear, cuireadh na focail ‘I dtéarmaí bolaidh, beidh dea-bholaithe ann a léiríonn an t-am a caitheadh sa bhairille agus/nó i dtéarmaí blais, beidh sé dian’ in ionad na bhfocal ‘Ó thaobh bolaidh de, beidh dea-bholaithe a léiríonn an t-am a caitheadh sa bhairille le brath. Ó thaobh blais de, beidh sé dian’.
Déanann an leasú seo difear do phointe 2.2 den tsonraíocht táirge agus do phointe 4 den doiciméad aonair.
Ní thiocfadh an leasú seo faoi aon cheann de na catagóirí dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha.
Cúis:
Is oiriúnú é an leasú seo ar na fíonta atá á dtáirgeadh sa réigiún maidir le hacmhainneacht agus solúbthacht fhíonchaora Verdejo, gan fabht san fhíon a bheith ina chúis leis sin ar aon slí.
2. ATHRÚ AR NA SRIANTA MAIDIR LEIS AN bhFÍON GEAL A DHÉANAMH
Tuairisc:
Roimhe seo, b’éigean a mheas gur príomhchineálacha iad 50 % ar a laghad de na fíonchaora geala a úsáidtear chun an fíon geal a dhéanamh, agus anois ní mór 75 % ar a laghad de na fíonchaora sin a bheith ina bpríomhchineálacha.
Baineann an leasú seo le pointe 3.c den tsonraíocht táirge agus le pointe 5 den doiciméad aonair.
Is leasú caighdeánach é sin toisc nach bhfuil aon athrú ar phríomh-shaintréithe an táirge agus nach ndéantar difear don nasc. Le fírinne, feabhsaíonn sé saintréithe sonracha na gcineálacha dúchasacha lena sainítear próifíl na bhfíonta a chumhdaítear leis an ATFC. Ní thiocfadh an leasú sin faoi réim aon cheann de na catagóirí dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha.
Cúis:
Ós rud é gur leathnaíodh liosta na gcineálacha ceadaithe chun gur féidir na fíonta atá á ndéanamh ag na fíonlanna sa réigiún le tamall a chur san áireamh, meastar gur gá íosmhéid na bpríomhchineálacha is gá a mhéadú chun saintréithe sonracha na bhfíonta ATFC a chaomhnú.
3. ATHRUITHE AR CHINEÁLACHA
Tuairisc:
Cineálacha nua a thabhairt isteach. Cineálacha geala a tugadh isteach: Riesling, Garnacha Blanca, Moscatel de grano menudo, Moscatel de Alejandría agus Gewürztraminer. Cineálacha dearga a tugadh isteach: Cenicienta agus Bruñal.
Meastar anois freisin gur príomhchineálacha iad Chardonnay, Viognier agus Cenicienta.
Déanann an leasú seo difear do phointe 6 den tsonraíocht táirge agus do phointe 7 den doiciméad aonair.
Is leasú caighdeánach é seo, toisc nach n-athraíonn sé saintréithe sonracha agus idirdhealaitheacha fhíon ATFC Rueda a thuairiscítear sa nasc. Ní thiocfadh an leasú seo faoi aon cheann de na catagóirí dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha.
Cúis:
Sheol painéal blastóirí ATFC Rueda blaiseadh caoch ar na príomhchineálacha geala a bhí ann agus blaiseadh comparáideach ar fhíonta arna dtáirgeadh i réigiúin eile táirgthe fíonta den chéad scoth. Bhí na conclúidí an-sásúil ó thaobh na cáilíochta de. Mar gheall ar chultúr an réigiúin cineálacha geala a tháirgeadh agus speisialtóireacht a dhéanamh iontu agus ós rud é go bhfuil na cineálacha sin á bhfás in Rueda le blianta fada cheana, tá táirgeoirí in ann fíonta den scoth a fhorbairt leis na cineálacha atá beartaithe.
Is fíonchaor dearg é an cineál Cenicienta a cuireadh le liosta na gcineálacha fíniúna údaraithe le déanaí le haghaidh na Caistíle agus León (Rún an 5 Márta 2024 agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil na Caistíle agus León an 10 Bealtaine 2024), ar toradh é ar thionscadal taighde ar chineálacha dúchasacha arna dhéanamh ag Institiúid Teicneolaíochta Talmhaíochta na na Caistíle agus León (Instituto Tecnológico Agrario de Castilla y León - ITACyL). Tá na táirgí turgnamhacha a d’fhorbair an comhlacht sin, ar táirgí iad a cuireadh i láthair mór-shaineolaithe den chéad scoth le linn blaistí éagsúla, tar éis cineál agus carachtar uathúil fíonchaoire, a aimsíodh i réigiún Rueda agus ar fíonchaor dhúchasach de chuid an réigiúin sin í, a léiriú.
Tá na cineálacha tánaisteacha nua a tugadh isteach ina bhfíonchaora atá á bhfás sa limistéar a chumhdaítear leis an ATFC cheana féin le blianta fada agus torthaí iontacha bainte amach acu agus ar baineadh úsáid astu i bhfíonta a tháirgeann fíonlanna nach gcumhdaítear leis an ATFC. Mar is amhlaidh i gcás fíonta a dhéantar as na cineálacha a bhí aicmithe mar chineálacha tánaisteacha roimhe seo agus a bhfuil sé molta againn iad a aicmiú mar phríomhchineálacha anois, tá fíonta a dhéantar leis na cineálacha tánaisteacha nua atá beartaithe curtha faoi bhráid phainéal blaiste an ainmhiúcháin tionscnaimh atá comhdhéanta de bhlastóirí, a roghnaíodh go randamach as measc a chuid ball, chun bhlaiseadh caoch a dhéanamh orthu. Rinneadh an blaiseadh trí úsáid a bhaint as na tuairisceoirí orgánaileipteacha a leagtar síos sa tsonraíocht reatha le haghaidh ATFC Rueda agus bhí na torthaí an-sásúil. Dá réir sin, is féidir teacht ar an gconclúid gur féidir na cineálacha sin a úsáid chun fíonta a dhéanamh a choinníonn próifíl saintréithe fhíonta ATFC Rueda.
4. ATHRUITHE AR NA HUASTÁIRGEACHTAÍ
Tuairisc:
Rinneadh na huastáirgeachtaí maidir le fíonchaora agus fíon a tháirgtear in aghaidh an heicteáir a shonrú le haghaidh gach ceann de na cineálacha geala nua a tugadh isteach.
Déanann an leasú seo difear do phointe 5 den tsonraíocht táirge agus do phointe 5 den doiciméad aonair.
Is leasú caighdeánach é seo, toisc nach n-athraíonn sé saintréithe sonracha agus idirdhealaitheacha fhíon ATFC Rueda a thuairiscítear sa nasc. Ní thiocfadh an leasú sin faoi réim aon cheann de na catagóirí dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha.
Cúis:
Ní mór leasú a dhéanamh ar an roinn a bhaineann le táirgeachtaí chun na cineálacha nua atá san áireamh a chur isteach agus, ag an am céanna, na huasteorainneacha a leagtar síos le haghaidh cineálacha sa limistéar a choinneáil i gcomhréir leis an acmhainneacht áitiúil chun fíonta a tháirgeadh lena ngabhann na saintréithe agus na ceanglais a leagtar síos sa tsonraíocht le haghaidh ATFC Rueda.
5. RIALACHA A NUASHONRÚ
Tuairisc:
Tugadh an tagairt do na rialacha maidir le rialáil ATFC Rueda agus maidir lena bhord rialála cothrom le dáta.
Baineann an leasú sin le Roinn 8.a den tsonraíocht táirge. Ní dhéantar difear don doiciméad aonair.
Ní thiocfadh an leasú seo faoi aon cheann de na catagóirí dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha.
Cúis:
Leis an leasú ar an tsonraíocht táirge, tugtar deis é sin a thabhairt cothrom le dáta.
6. ATHRUITHE AR NA TÉARMAÍ LIPÉADAITHE
Tuairisc:
Cuireadh an téarma traidisiúnta ‘Vino Generoso’ agus an téarma ‘Gran Vino de Rueda’ leis na téarmaí is féidir a úsáid ar na lipéid, mar aon lena gcoinníollacha úsáide faoi seach. Athraíodh an tagairt atá le déanamh do na haonaid gheografacha níos lú (bardais) ó ‘Vino de Pueblo’ go ‘Vino de’.
Leasaíodh pointe 3 den tsonraíocht agus pointe 9 den doiciméad aonair.
Ní thiocfadh an leasú seo faoi aon cheann de na catagóirí dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha.
Cúis:
Cé go raibh úsáid an téarma thraidisiúnta ‘Vino Generoso’ ceadaithe cheana féin le haghaidh fíonta licéir de chineál ‘Pálido’ agus ‘Dorado’ leis an tsonraíocht táirge, glacadh le formheas an leasaithe a rinneadh le déanaí ar an téarma traidisiúnta sin (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/217 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2024) mar dheis chun tagairt don téarma traidisiúnta sin agus dá choinníollacha nua úsáide a thabhairt isteach sa roinn lena gcumhdaítear na téarmaí is féidir a úsáid ar an lipéad.
Áiríonn an lipéadú cineál nua táirge, is é sin ‘Gran Vino de Rueda’, atá curtha in oiriúint d’acmhainneacht fhíonchaora Verdejo a aithníonn ceannairí agus tionchairí an domhain fíona, agus do na treochtaí gastranómacha nua domhanda a éilíonn an cineál sin táirge lena ngabhann breisluach níos mó, ar éileamh é atá ag méadú i gcónaí.
Ar deireadh, is gá an focal ‘Pueblo’ a scriosadh ón téarma ‘Vino de Pueblo’, ionas gur féidir leis an t-aonad geografach níos lú dá dtagraíonn sé a chur in iúl gan an focal ‘pueblo’ ós rud é go bhfuil sé iomarcach.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm (nó ainmneacha)
Rueda
2. Cineál an táisc gheografaigh
ATFC — Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
|
3. |
Fíon licéir |
|
5. |
Fíon súilíneach ar ardchaighdeán |
3.1. Cód Ainmníochta Comhcheangailte
|
— |
22 — DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR 2204 — Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009 |
4. Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)
1. FÍON GEAL
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Cuma: Bíonn dath idir buí éadrom agus ómra orthu agus toin órga nó scothghlasa. Gléigeal.
Dea-bholadh: Léiritheach. De dhéine mheasartha, lena ngabhann dea-bholaithe príomha torthaíocha agus/nó bláthacha agus/nó dea-bholaithe príomha luibheanna den chuid is mó.
Blas: Tathag maothlach, úr ag a bhfuil déine idir meánach agus ard.
I gcás fíonta geala a choiptear i mbairillí nó a aosaítear, beidh na hairíonna orgánaileipteacha ag brath ar an bpróiseas fíonóireachta. Ó thaobh cuma de, d’fhéadfadh na dathanna a bheith níos déine (déine idir meánach agus ard). Ó thaobh bolaidh de, tiocfaidh dea-bholaithe chun cinn lena gcuirfear in iúl an t-am a chaitear sa bhairille agus/nó ó thaobh blais de, beidh sé dian, agus beidh tainniní léiritheacha ann agus beidh iarbhlas orthu a chuirfidh na dea-bholaithe treasacha i gcuimhne.
|
* |
I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh. |
|
* |
Aigéadacht luaineach uasta. I gcás fíonta geala a choiptear agus/nó a aosaítear i mbairille, ní ceadmhach aigéadacht luaineach a bheith níos mó ná 1 g/l arna sloinneadh mar aigéad aicéiteach. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): — |
|
— |
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 11 |
|
— |
Aigéadacht iomlán íosta: 4,7 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach |
|
— |
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 10,83 |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 180 |
2. FÍON DEARG SUAS LE BLIAIN D’AOIS
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Cuma: Bíonn idir dath dearg an rúibín agus caordhearg orthu agus toin chorcairghorma. Gléigeal.
Dea-bholadh: Bíonn déine mheánach orthu, lena ngabhann dea-bholaithe príomha torthaí dubha agus/nó torthaí dearga den chuid is mó.
Blas: Maothlach, ag a bhfuil déine idir éadrom agus ard.
|
* |
I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): — |
|
— |
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 12 |
|
— |
Aigéadacht iomlán íosta: 4 ghram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach |
|
— |
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 11,67 |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 150 |
3. FÍONTA DEARGA ATÁ OS CIONN BLIAIN D’AOIS (AOSAITHE I mBAIRILLE)
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Cuma: Bíonn dath idir dath dearg an rúibín agus caordhearg orthu. Gléigeal.
Dea-bholadh: Déine idir measartha agus ard. Is féidir dea-bholaithe príomha, dea-bholaithe tánaisteacha (amhail giosta agus/nó arán) agus dea-bholaithe treasacha a bheith ar na fíonta sin tar éis iad a bheith aosaithe i mbairille darach.
Blas: Maothlach, iarbhlas a chuireann aosú i mbairille darach i gcuimhne.
|
* |
Aigéadacht luaineach uasta. (meq/l).13,33 suas le 10 o Alc + 0.06 g/l in aghaidh gach céime de neart alcóil os cionn 10. |
|
* |
I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): — |
|
— |
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 12 |
|
— |
Aigéadacht iomlán íosta: 4 ghram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach |
|
— |
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 13,33 |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 150 |
4. FÍON LICÉIR - Dorado
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Cuma: Bíonn dath buí órga nó dath órga orthu. Gléigeal.
Dea-bholadh: Déine ard. Coinnítear na dea-bholaithe tánaisteacha (amhail arán, giosta) mar aon le dea-bholaithe treasacha a sholáthraíonn an t-adhmad, amhail dea-bholaithe tóstáilte agus/nó deataithe agus/nó spíosracha nó dea-bholaithe cnónna.
Blas: Cothromaithe sa bhéal, olartha (déine idir meánach agus ard) agus iarbhlas a chuireann na dea-bholaithe treasacha i gcuimhne (torthaí triomaithe agus/nó blasanna tóstáilte agus/nó blasanna foluiteacha spíosracha).
|
* |
I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): — |
|
— |
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 15 |
|
— |
Aigéadacht iomlán íosta: 4 ghram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach |
|
— |
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): — |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 150 |
5. FÍON LICÉIR - Pálido
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Cuma: Bíonn dath idir dath buí na tuí agus dath órga éadrom orthu. Gléigeal.
Dea-bholadh: Déine ard. Coinnítear na dea-bholaithe tánaisteacha agus treasacha a sholáthraíonn céim an aosaithe bhitheolaíoch (almóinní agus/nó blasanna giosta aráin agus/nó spíosracha).
Blas: Cothromaithe sa bhéal, olartha agus ar a bhfuil iarbhlas a chuireann na dea-bholaithe a fhaightear ó aosú bitheolaíoch i gcuimhne.
|
* |
I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): — |
|
— |
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 15 |
|
— |
Aigéadacht iomlán íosta: 4 ghram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach |
|
— |
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): — |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 150 |
6. FÍON SÚILÍNEACH AR ARDCHAIGHDEÁIN, bán agus rosé
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Cuma: Gléigeal. Bíonn boilgeoga míne iontu agus iarbhlas idir meánach agus fada orthu.
Dea-bholadh: Is iad na dea-bholaithe príomhúla (bláthach agus/nó torthaíoch) agus tánaisteacha (amhail arán agus/nó giosta) den chuid is mó. Léiritheach agus lena mbaineann déine idir meánach agus ard.
Blas: Cothromaithe sa bhéal. Úr, ina bhfuil dé-ocsaíd charbóin atá comhtháite go maith (boilgeoga), rud a chuireann, go feadh méid áirithe, dea-bholaithe tánaisteacha i gcuimhne (amhail arán agus tósta). Léiritheach agus lena mbaineann déine idir éadrom agus ard.
|
* |
I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): — |
|
— |
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 9,5 |
|
— |
Aigéadacht iomlán íosta: 4,7 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach |
|
— |
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 0,65 |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 180 |
5. Cleachtais fhíoneolaíocha
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1.
An modh saothraithe
Ní mór dlús plandaithe íosta 1 100 fíniúin in aghaidh an heicteáir a bheith ag fíonghoirt ina dtáirgtear fíonchaora atá le húsáid chun fíon a chumhdaítear leis an ATFC ‘Rueda’ agus ar fíonghoirt iad a plandaíodh ón mbliain 2019 ar aghaidh.
2.
Cleachtas fíoneolaíoch sonrach
Is é 12 % de réir toirte an neart alcóil féideartha íosta de réir toirte i gcás cineálacha dearga agus 10,5 % de réir toirte atá ann i gcás cineálacha geala.
I gcás fíonchaora as a bhfuil beartaithe fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a dhéanamh, ceadófar neart íosta alcóil féideartha 9,5 % de réir toirte. Ní ceadmhach na fíonchaora sin a úsáid chun cineálacha eile fíona a dhéanamh.
3.
Cleachtas fíoneolaíoch sonrach
Is é 72 lítear in aghaidh an 100 kg fíonchaor an uastáirgeacht úsctha fhoriomlán.
4.
Cleachtas fíoneolaíoch sonrach
|
1 - |
I gcás fíonta ar a bhfuil an téarma ‘FERMENTADO EN BARRICA’ (a choiptear i mbairillí), ní mór bairillí darach a úsáid le haghaidh an choipthe agus an aosaithe ar an moirt araon. |
|
2 - |
Ní mór ‘Vino Dorado’ (fíon órga) a chur faoi phróiseas aibithe agus aosaithe ocsaídiúcháin a mhaireann 4 bliana ar a laghad agus ní mór an fíon a choimeád i gcoimeádáin darach ar feadh an 2 bhliain, ar a laghad, sula gcuirtear ar an margadh é. |
|
3 - |
Ní mór ‘Vino Pálido’ (fíon éadrom) a fháil trí aosú bitheolaíoch agus ní mór an fíon a choimeád i mbairillí darach ar feadh na 3 bliana, ar a laghad, sula gcuirtear ar an margadh é. |
5.
Fíon geal, a dhéantar as fíonchaora geala agus a meastar gur príomhchineálacha iad 75 % díobh ar a laghad.
Fíon súilíneach ar ardchaighdeán, a dhéantar as fíonchaora a meastar gur príomhchineálacha iad 75 % díobh ar a laghad.
‘Vino Dorado’, fíon licéir tirim a dhéantar as na cineálacha Palomino Fino agus/nó Verdejo atá údaraithe.
Fíon éadrom, fíon licéir tirim a dhéantar as na cineálacha Palomino Fino agus/nó Verdejo atá údaraithe.
Ní mór fíon rosé a dhéanamh as fíonchaora ar cineálacha dearga atá údaraithe 50 % díobh ar a laghad.
Ní mór fíon dearg a dhéanamh go heisiach as na cineálacha dearga atá údaraithe.
5.2. Uastáirgeachtaí
|
1. |
Verdejo, Sauvignon Blanc, Chardonnay, Viognier, Riesling, Garnacha Blanca, Moscatel de grano menudo, Moscatel de Alejandría agus Gewürztraminer, treilísithe; agus Viura agus Palomino fino (fíniúnacha ísle - cuachthreoraithe) 10 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir 72 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
2. |
Viura (treilísithe) 12 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir 86,40 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
3. |
Verdejo, Sauvignon Blanc, Chardonnay, Viognier, Riesling, Garnacha Blanca, Moscatel de grano menudo, Moscatel de Alejandría agus Gewürztraminer, (fíniúnacha ísle — cuachthreoraithe) 8 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir 57,60 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
4. |
Cineálacha fíonchaor dearg 7 000 cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir 50,40 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
1.- Tá an limistéar táirgeachta le haghaidh an ATFC ‘Rueda’ suite i ndeisceart chúige Valladolid. Téann cuid de isteach in iarthar chúige Segovia agus ó thuaidh ó Ávila. Is iad seo a leanas na bardais atá ann sa limistéar táirgeachta: Cúige Valladolid: Aguasal, Alaejos, Alcazarén, Almenara de Adaja, Ataquines, Bobadilla del Campo, Bocigas, Brahojos de Medina, Carpio del Campo, Castrejón, Castronuño, Cervillego de la Cruz, El Campillo, Fresno el Viejo, Fuente el Sol, Fuente Olmedo, Gomeznarro, Hornillos, La Seca, La Zarza, Lomoviejo, Llano de Olmedo, Matapozuelos, Medina del Campo, Mojados, Moraleja de las Panaderas, Muriel, Nava del Rey, Nueva Villa de las Torres, Olmedo, Pollos, Pozal de Gallinas, Pozaldez, Puras, Ramiro, Rodilana, Rubí de Bracamonte, Rueda, Salvador de Zapardiel, San Pablo de la Moraleja, San Vicente del Palacio, Serrada, Sieteiglesias de Trabancos, Tordesillas, Torrecilla de la Abadesa, Torrecilla de la Orden, Torrecilla del Valle, Valdestillas, Velascálvaro, Ventosa de la Cuesta, Villafranca del Duero, Villanueva del Duero agus Villaverde de Medina. Cúige Ávila: Blasconuño de Matacabras, Madrigal de las Altas Torres, Órbita (polagáin chadastracha 1, 2, 4 agus 5) agus Palacios de Goda (polagáin chaidstracha 14, 17, 18, 19 agus 20). Cúige Segovia: Aldeanueva del Codonal, Aldehuela del Codonal, Bernuy de Coca, Codorniz, Coca (polagán 7, a bhaineann le ceantar Villagonzalo de Coca) Donhierro, Fuentes de Santa Cruz, Juarros de Voltoya, Montejo de Arévalo, Montuenga, Moraleja de Coca, Nava de la Asunción, Nieva, Rapariegos, San Cristóbal de la Vega, Santiuste de San Juan Bautista agus Tolocirio. 2 - Tá an limistéar aosaithe le haghaidh fíonta a chumhdaítear leis an ATFC ‘Rueda’ díreach mar an gcéanna leis an limistéar táirgeachta.
7. Cineál (nó cineálacha) fíonchaor
BRUÑAL — ALBARÍN TINTO
CABERNET SAUVIGNON
CENICIENTA
CHARDONNAY
GARNACHA BLANCA
GARNACHA TINTA
GEWÜRZTRAMINER
MACABEO — VIURA
MERLOT
MOSCATEL DE ALEJANDRÍA
MOSCATEL DE GRANO MENUDO
PALOMINO FINO — LISTÁN BLANCO
RIESLING
SAUVIGNON BLANC
SYRAH
TEMPRANILLO
VERDEJO
VIOGNIER
8. Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)
8.1. FÍON
Is príomhthosca iad, maidir le pearsantacht shaintréitheach na bhfíonta sin a bhaint amach, an aeráid ilchríochach/Mheánmhuirí (mórchodarsnachtaí sa teocht ós rud é go mbíonn na geimhrí fada fuar, go mbíonn sioc déanach ann agus go mbíonn na samhraí te tirim), ithir (ithreacha gairbhéalacha nó clochacha de ghnáth a chuireann cosc ar imghalú agus a chumasaíonn ionradaíocht ghréine uasta) agus an cineál dúchasach (Verdejo): tugann an cineál Verdejo a n-aigéadacht shainiúil, a mbraistint sa bhéal agus a bpróifíl aramatach d’fhíonta geala an limistéir sin. I bhfianaise shár-aibíocht na bhfíonchaor, bíonn na fíonta dearga aramatach, cothromaithe agus dea-struchtúrtha.
8.2. FÍON LICÉIR
Rinneadh na fíonta sin sa limistéar ón aimsir anallód: ‘vino generoso’ aosaithe a dhéantar i siléir fíona faoi thalamh agus a aosaítear i mbairillí móra agus i gcoimeádáin mhóra d’fhonn an dath agus an dea-bholadh a bhaint amach arb iad saintréithe an aosaithe ocsaídiúcháin iad. Is iad na fíonta sin a théann faoi aosú ocsaídiúcháin an rian deireanach de na modhanna fíonóireachta traidisiúnta sa limistéar agus ní mór iad a chaomhnú mar gheall ar a n-uathúlacht agus a gcáilíocht.
8.3. FÍON SÚILÍNEACH AR ARDCHAIGHDEÁN
Mar thoradh ar shaintréithe uathúla an chineáil dhúchasaigh Verdejo (aigéadacht shármhaith, próifíl aramatach agus braistint mhaith sa bhéal), spreagadh déantóirí fíona sa limistéar chun fíonta súilíneacha a dhéanamh. Is é an toradh atá air sin fíonta ar sárchaighdeán ina bhfeabhsaítear saintréithe na gcineálacha go foirfe leis na hairíonna a fhaightear ar an modh traidisiúnta.
9. Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Ceanglais maidir le pacáistiú
Creat dlíthiúil:
Sa reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise:
Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Áiríonn an próiseas fíonóireachta buidéalú agus aosú i mbuidéal agus, dá bhrí sin, ní féidir na tréithe orgánaileipteacha a thuairiscítear sa tsonraíocht táirge sin a ráthú ach amháin má dhéantar na hoibríochtaí láimhseála fíona uile sa limistéar táirgeachta. Dá bhrí sin, d’fhonn cáilíocht a chosaint, bunáitíocht a ráthú agus rialaithe a áirithiú, agus ag cur san áireamh go bhfuil buidéalú na bhfíonta a chumhdaítear leis an ATFC ‘Rueda’ ar cheann de na pointí criticiúla chun na saintréithe a shainítear sa tsonraíocht táirge sin a fháil, ní mór an t-oibriú sin a dhéanamh ag fíonghoirt atá lonnaithe ag na plandaí buidéalaithe laistigh den limistéar táirgeachta.
Sonraí éigeantacha
Creat dlíthiúil:
Dlí an Aontais
Cineál an choinníll breise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Ní mór an t-ainm geografach ‘Rueda’ agus an téarma ‘Denominación de Origen Protegida’ (Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint) agus/nó na hinisealacha ‘DOP’ (ATFC) nó an téarma traidisiúnta ‘Denominación de Origen’ (Ainmniúchán Tionscnaimh) a chuirtear in ionad ‘DOP (Denominación de Origen Protegida)’ (ATFC (Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint) a chur san áireamh agus a bheith le feiceáil go feiceálach ar an lipéadú.
Ní mór bliain na buainte a léiriú, ach amháin i gcás na gcineálacha fíonta seo a leanas: Dorado, Pálido agus súilíneach ar ardchaighdeán (geal agus rosé).
I gcás fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán, ní mór an modh fíonóireachta a chur in iúl.
Sonraí roghnacha
Creat dlíthiúil:
Sa reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
|
— |
Na téarmaí traidisiúnta ‘CRIANZA’, ‘RESERVA’ agus ‘GRAN RESERVA’, de réir na gcoinníollacha a leagtar amach sna caighdeáin shonracha agus sna rialacha sonracha, agus sa reachtaíocht is infheidhme chomh maith. |
|
— |
An tagairt don mhodh fíonóireachta: ‘ROBLE’ (DAIR) agus ‘FERMENTADO EN BARRICA’ (AOSAITHE I mBARAILE), de réir na gcoinníollacha a leagtar amach sna caighdeáin shonracha agus sna rialacha sonracha, agus sa chuid eile den reachtaíocht is infheidhme chomh maith. |
|
— |
Na téarmaí traidisiúnta ‘DORADO’ (ÓRGA) agus ‘PÁLIDO’ (ÉADROM) amháin i gcás na gcineálacha fíona a shainítear amhlaidh, agus de réir na gcoinníollacha a leagtar amach sna caighdeáin shonracha agus sna rialacha sonracha, agus sa chuid eile den reachtaíocht is infheidhme chomh maith. |
|
— |
An téarma traidisiúnta ‘VINO GENEROSO’ i gcomhréir leis na coinníollacha maidir lena úsáid. |
|
— |
An téarma ‘GRAN VINO DE RUEDA’ i gcás fíonta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos maidir lena úsáid. |
Sonraí éigeantacha (aonaid gheografacha níos lú)
Creat dlíthiúil:
Le haghaidh eagraíocht a bhainistíonn ATFCanna/TGFCanna, nuair a dhéanann na Ballstáit foráil maidir leis sin.
Cineál an choinníll breise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfar ainm aonaid gheografaigh atá níos lú ná na cinn a liostaítear i roinn 4 den tsonraíocht táirge sin (bardais) a úsáid in éineacht leis an téarma ‘Vino de’ (fíon as), ar choinníoll go bhfuarthas 85 % de na fíonchaora a úsáideadh chun an fíon cosanta a dhéanamh ó dháileachtaí talún atá suite laistigh den bhardas ábhartha.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3217/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)