|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3216 |
16.6.2025 |
Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)
(C/2025/3216)
FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE LE hAGHAIDH AINMNIÚCHÁN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT DE THIONSCNAMH BALLSTÁIT A CHUR IN IÚL
‘Queso Manchego’
Uimh. AE: PDO-ES-0087-AM04 21.3.2025
ATFC (X) TGFC ( )
1. Ainm an táirge
‘Queso Manchego’
2. Ballstát ar léi an limistéar geografach
an Spáinn
3. Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl
Aireacht Talmhaíochta, Uisce agus Forbartha Tuaithe na Caistíle-La Mancha
—
4. Tuairisc ar an leasú (nó ar na leasuithe) formheasta
Míniú go dtagann an leasú (nó na leasuithe) faoi réim sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1143
Maidir leis na leasuithe a thuairiscítear agus a mhínítear thíos, níl i gceist leo athrú ar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná ar úsáid an ainm sin. Níl baol ann go gcuirfear an nasc leis an limistéar geografach dá dtagraítear sa doiciméad aonair ar neamhní leo nó níl srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leo. Dá bhrí sin, is ‘leasuithe caighdeánacha’ iad de réir bhrí Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta.
1. Iontráil sna cláir
Sainíodh na cláir nach mór na hoibreoirí éagsúla a shainaithnítear sa tsonraíocht táirge a iontráil iontu.
Baineann an leasú le pointe (b), ‘Seiceálacha agus deimhniúchán’, de Roinn D, ‘Cruthúnas gur de thionscnamh an limistéir an táirge’, Roinn E, ‘Modh táirgthe’, agus Roinn H, ‘Lipéadú’, den tsonraíocht táirge agus pointí 3.5, ‘Rialacha speisialta maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc.’, agus 3.6, ‘Rialacha sonracha maidir le lipéadú’, den doiciméad aonair.
Cúiseanna
Ní shainítear go soiléir sa tsonraíocht táirge na cláir nach mór oibreoirí a bhfuil baint acu leis an bpróiseas táirgthe a iontráil iontu. I gcomhréir le reachtanna Fhondúireacht an Bhoird Rialála um Ainmniúchán Tionscnaimh Queso Manchego, iontráladh oibreoirí i gcláir na fondúireachta ón tráth a bunaíodh í. Meastar, dá bhrí sin, gur gá na cláir a shainiú i gcomhréir leis na reachtanna sin.
Déanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
2. Leasú ar an bhfoclaíocht a bhaineann le deimhniúchán agus le córais rialúcháin na n-oibreoirí féin
Baineann an leasú le pointe (b), ‘Seiceálacha agus deimhniúchán’, de Roinn D, ‘Cruthúnas gur de thionscnamh an limistéir an táirge’, den tsonraíocht táirge
An téacs seo a leanas:
‘Chun é a dhéanamh níos éasca ceadúnas a fháil chun an marc comhréireachta a úsáid le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh Queso Manchego agus deimhniúchán ábhartha Queso Manchego ó roinn deimhniúcháin Fhondúireacht an Bhoird Rialála um Ainmniúchán Tionscnaimh Queso Manchego, ní mór do tháirgeoirí córais rialúcháin a bheith acu lena n-áirithítear go gcomhlíonann an cháis na sonraíochtaí teicniúla sin.’
cuireadh an méid seo a leanas ina hionad:
‘Ní mór córais rialúcháin dá gcuid féin a bheith ag táirgeoirí lena n-áirithítear go gcomhlíonann an táirge na sonraíochtaí teicniúla sin chun an deimhniúchán ábhartha a fháil ó chomhlacht cigireachta arna fhormheas ag an údarás inniúil.’
Cúiseanna
Is é is cuspóir don leasú seo a áirithiú go gcomhlíontar an reachtaíocht atá ann faoi láthair, ar fúithi, le linn seiceálacha a dhéanamh sula margaítear táirge arna ainmniú le tásc geografach, ar táirge é de thionscnamh an Aontais, nach mór dóibh seo a leanas comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú:
|
— |
ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 3, pointe 3, de Rialachán (AE) 2017/625; |
|
— |
comhlacht tarmligthe amháin nó níos mó nó duine nádúrtha amháin nó níos mó ar tarmligeadh cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil chucu, dá dtagraítear i dTeideal II, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2017/625. |
Ní chuireann an fhoclaíocht sin srian ar an gcomhlacht cigireachta tarmligthe sa tsonraíocht táirge.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
3. Leasú ar an bhfoclaíocht i ndáil leis an marc comhréireachta a ghreamú
Athraíodh an briathar a bhaineann le greamú na lipéad cáiséine ó ‘cuir’ go ‘greamaigh’.
Baineann an leasú le pointe (f), ‘Fáscadh’, de Roinn E, ‘Modh táirgthe’, den tsonraíocht táirge.
An téacs seo a leanas:
‘Maidir leis an lipéad cáiséine ar a bhfuil an tsraithuimhir lenar féidir gach píosa ar leith a shainaithint, ní mór é a chur (in áit lárnach) ag an gcéim seo.’
cuireadh an méid seo a leanas ina hionad:
‘Maidir leis an lipéad cáiséine ar a bhfuil an tsraithuimhir lenar féidir píosa ar leith a shainaithint, ní mór é a ghreamú (in áit lárnach) ag an gcéim seo.’
Cúiseanna
Is é is cuspóir don leasú sin cruinneas teanga a áirithiú, ós rud é go ngreamaítear lipéid cháiséine de dhromchla na cáise, in áit lárnach.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
4. Leasú ar an bhfoclaíocht maidir leis an téarma roghnach ‘queso de granja’ (cáis feirme)
Leasaíodh an fhoclaíocht a bhaineann leis an téarma roghnach ‘queso de granja’ sa tsonraíocht táirge.
Baineann an leasú le Roinn H, ‘Lipéadú’, den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.6, ‘Rialacha sonracha maidir le lipéadú’, den doiciméad aonair.
Eascraíonn an téarma roghnach ‘queso de granja’ as mian an ghrúpa an táirge ar mionscála a dhéanann déirithe cáise, ar déirithe iad a fhoinsíonn a mbainne féin, a dhealú ó tháirgí cáise eile. D’fhéadfaí an fhoclaíocht a moladh ar dtús a léiriú mar fhoclaíocht a chiallaíonn go bhféadfaí an téarma ‘queso de granja’ a úsáid le haghaidh táirgí paistéartha. Cuirtear in iúl go soiléir leis an leasú seo nach bhfuil feidhm ag an téarma roghnach ach amháin maidir le cáiseanna ‘ar mionscála’ neamhphaistéartha.
Déanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
5. Feabhas a chur ar an bhfoclaíocht, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an gcomhlacht atá freagrach as lipéid cháiséine a eisiúint mar mharc comhréireachta
Sonraíodh an comhlacht atá freagrach as marcanna comhréireachta a eisiúint lena sainaithnítear an táirge.
Baineann an leasú le Roinn H, ‘Lipéadú’, den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.6, ‘Rialacha sonracha maidir le lipéadú’, den doiciméad aonair.
Cúiseanna
Áiríodh an comhlacht atá freagrach as lipéid cháiséine a eisiúint mar mharc comhréireachta lena sainaithnítear an táirge. Níor luadh aon chomhlacht den sórt sin sa tsonraíocht táirge. Amhail na lipéid thánaisteacha, is é Fondúireacht an Bhoird Rialála um Ainmniúchán Tionscnaimh Queso Manchego, ina cáil mar an comhlacht bainistíochta, a sholáthraíonn na lipéid cáiséine.
Déanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Queso Manchego’
Uimh. AE: PDO-ES-0087-AM04 21.3.2025
ATFC (X) TGFC ( )
1. Ainm nó ainmneacha (ATFC nó TGFC)
‘Queso Manchego’
2. Ballstát nó tríú tír
an Spáinn
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia
3.1. Cód Ainmníochta Comhcheangailte
|
— |
04 – TÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA; UIBHEACHA ÉAN; MIL NÁDÚRTHA TÁIRGÍ INITE DE BHUNADH AINMHÍOCH, NACH SONRAÍTEAR NÁ NACH nÁIRÍTEAR IN ÁIT EILE 0406 – Cáis agus gruth |
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Cáis fháiscthe a dhéantar as bainne ó chaoirigh den phór Manchega, atá aosaithe ar feadh 30 lá ar a laghad i gcás cáiseanna suas le 1,5 kg agus ó 60 lá suas le 2 bhliain ar a mhéad i gcás cáiseanna níos mó.
Is féidir ‘Queso Manchego’ a dhéanamh as bainne paistéartha nó as bainne amh. Sa chás deiridh sin, féadfaidh an focal ‘Artesano’ [ar mionscála] a bheith ar an lipéad.
Is cáis fháiscthe é ‘Queso Manchego’ a bhfuil na hairíonna fisiceacha seo a leanas aige i ndiaidh aosú:
|
— |
cruth: sorcóireach a bhfuil taobhanna réidh aige |
|
— |
uasairde: 12 cm, |
|
— |
uastrastomhas: 22 cm, |
|
— |
cóimheas trastomhas/airde: idir 1,5 agus 2,2 |
|
— |
íosmeáchan:0.4 kg |
|
— |
uasmeáchan: 4,0 kg. |
Is iad airíonna fisiciceimiceacha na cáise:
|
— |
pH: 4,8 go 5,8 |
|
— |
ábhar tirim: 55 % ar a laghad |
|
— |
cion saille: 50 % ar a laghad d’ábhar tirim |
|
— |
iomlán próitéine in ábhar tirim: 30 % ar a laghad |
|
— |
clóiríd sóidiam: 2,3 % ar a mhéid, |
|
— |
gan bainne ó speicis ainmhithe eile. |
Tréithe an taois:
|
— |
comhsheasmhacht: daingean agus dlúth, |
|
— |
dath: ó bhán go buí ar dhath an eabhair; |
|
— |
dea-bholadh: lachtach, fíoraigéadach agus leanúnach, tagann bolaithe spíosracha agus marthanacht fhoriomlán fhada chun cinn i gcáiseanna a mbíonn aosú maith déanta orthu; |
|
— |
blas: beagán aigéadach, láidir agus blasta, ag éirí spíosrach i gcáiseanna a mbíonn aosú maith déanta orthu. Iarbhlas taitneamhach sainiúil de thoradh an bhainne ó chaoirigh den phór Manchega; |
|
— |
cuma: súile beaga atá scaipthe go míchothrom, bíodh is nach mbíonn siad i láthair uaireanta; |
|
— |
uigeacht: beagán leaisteachais, ar nós ime, beagán plúrach; d’fhéadfadh sí a bheith gráinneach i gcáiseanna a mbíonn aosú maith déanta orthu. |
Is iad seo a leanas na teorainneacha micribhitheolaíocha:
|
— |
Escherichia coli béite-glúcúróiníodáis-deimhneach: 1 000 CFU/g ar a mhéid |
|
— |
Staphylococcus aureus téachtáis-deimhneach: 100 CFU/g ar a mhéid |
|
— |
Salmonella: in easnamh in 25 ghram |
|
— |
Listeria monocytogenes: in easnamh in 25 ghram. |
Beagán aigéadach, láidir agus blasta, an blas ag éirí spíosrach i gcáiseanna a mbíonn aosú maith déanta orthu. Iarbhlas taitneamhach sainiúil de thoradh an bhainne ó chaoirigh den phór Manchega.
Is féidir ‘Queso Manchego’ a phacáistiú le haghaidh margaíochta sna foirmeacha seo a leanas:
|
— |
ina gcodanna |
|
— |
grátáilte |
|
— |
slisnithe. |
Nuair a bheartaítear é a dhíol i bhformáid slisnithe nó grátáilte, féadfar ‘Queso Manchego’ a tháirgeadh mar phíobán comhthreomhar 20-25 cm ar fad agus 8-12 cm ar leithead, ag a bhfuil taobhanna 8-12 cm ar airde, ar choinníoll nach mó meáchan an bhloic ná 4 kg.
3.3. Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)
Bíonn caoirigh Manchega ag innilt i rith na bliana ar acmhainní nádúrtha an limistéir. Nuair a bhíonn siad sa loca, déantar a n-aiste bia a fhorlíonadh le beatha thiubhaithe, féar tirim agus seachtháirgí.
Maidir le feirmeoireacht caorach, ba cheart tagairt a dhéanamh don féarach atá ar na réitigh sa scrobarnach. Medicago minima, Scorpiurus subvillosus, Astrafalus stella, Astrafalus sesamus, etc atá san fhéarach bliantúil sin.
Is féidir le hithreacha doimhne níos fuaire ‘fenelares’ a tháirgeadh, féarach dlúth ina bhfásann tromlach plandaí ilbhliantúla agus débhliantúla, ar léir ón gcuma atá air go bhfuil an lámh in uachtar ag an bhféar Brachypodium phoenicoides.
Déantar an cháis ‘Queso Manchego’ as bainne a fhaightear ó chaoirigh den phór Manchega, as binid nádúrtha nó einsímí téachta údaraithe eile, agus as clóiríd sóidiam. Níor cheart aon táirge míochaine a bheith sa bhainne a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar tháirgeadh, ar aibiú agus ar chaomhnú na cáise. Is féidir ‘Queso Manchego’ a dhéanamh as bainne paistéartha nó as bainne amh. Sa chás deiridh sin, féadfaidh an focal ‘Artesano’ [ar mionscála] a bheith ar an lipéad.
Is iad seo a leanas saintréithe anailíseacha an bhainne:
|
— |
cion saille: 6,5 % ar a laghad |
|
— |
próitéiní: 4,5 % ar a laghad |
|
— |
ábhar tirim inúsáidte: 11 % ar a laghad |
|
— |
pH: 6.5-7 |
|
— |
reophointe: ≤ – 0,550 °C. |
3.4. Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Tógtar na hainmhithe, déantar an bainne a úscadh agus déantar an cháis ATFC sa limistéar táirgeachta.
3.5. Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Maidir le cáiseanna atá cosanta ag an ainmniúchán tionscnaimh ‘Queso Manchego’, ní fhéadfaidh déirithe agus gnóthais arna n-iontráil i gcláir ábhartha Fhondúireacht an Bhoird Rialála um Ainmniúchán Tionscnaimh Queso Manchego iad a sheoladh agus a chur i gcúrsaíocht ach amháin i bpacáistíocht de chineál nach ndéanann difear dá gcáilíocht.
Déantar ‘Queso Manchego’ a mhargú i gcónaí leis an gcraiceann, a d’fhéadfadh a bheith nite.
Féadfar ‘Queso Manchego’ a bhratú le pairifín freisin, a chlúdach le substaintí trédhearcacha atá údaraithe go dlíthiúil nó a bhradú le hola olóige, ar choinníoll go gcoimeádann an craiceann a dhath agus a chuma nádúrtha agus gur féidir an lipéad cáiséine a léamh.
Ní ceadmhach in imthosca ar bith substaintí a iompaíonn an craiceann dubh a úsáid.
Féadfar ‘Queso Manchego’ a mhargú i gcodanna, slisnithe nó grátáilte, ar choinníoll go bhfuil sé pacáistithe agus gur féidir a thionscnamh a shainaithint. Féadfaidh gnóthais a ghlac leis an bprótacal comhaontaithe agus a chloíonn leis an oibríocht sin a chur i gcrích lasmuigh den limistéar tionscnaimh chun na hoibríochtaí a rinneadh ar ‘Queso Manchego’ a ráthú agus a inrianaitheacht a áirithiú.
Ní mór don pacáistíocht cloí leis an reachtaíocht reatha.
3.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ní mór an fhoclaíocht seo a leanas a bheith ar lipéid: ‘Denominación de Origen Protegida “Queso Manchego” ’ [Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint ‘Queso Manchego’].
Nuair a dhéantar an cáis as bainne amh, is féidir é seo a léiriú ar an lipéad leis an bhfocal ‘Artesano’ [ar mionscála]. Ar an dóigh chéanna, má dhéantar an cháis i ndéirí cáise atá faoi úinéireacht an oibreora chéanna leis an bhfeirm bheostoic a tháirgeann an t-amhábhar, agus má phróiseálann an déirí cáise bainne ón bhfeirm bheostoic sin go heisiach, féadfaidh na focail ‘queso de granja’ (cáise feirme) a bheith ar an lipéad.
Ní mór lipéad tánaisteach uimhrithe arna eisiúint ag Fondúireacht an Bhoird Rialála um Ainmniúchán Tionscnaimh Queso Manchego a bheith ar an táirge margaithe. Ní mór an lipéad a ghreamú sa ghnóthas arna iontráil i gcláir ábhartha na fondúireachta ar bhealach nach féidir é a athúsáid. De bhreis air sin, ní mór lipéad cáiséine a bheith ar cheann dá aghaidheanna ar gach píosa Queso Manchego mar aon le cáiséin sraithuimhreach. Déantar an lipéad, a sholáthraíonn an fhondúireacht, a ghreamú ag céim an mhúnlaithe agus an fháiscthe.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Tá na limistéir údaráis áitiúil seo a leanas clúdaithe ag an ainmniúchán tionscnaimh ‘Queso Manchego’: 45 i gCúige Albacete, 84 i gCúige Ciudad Real, 156 i gCúige Cuenca agus 122 i gCúige Toledo.
Ionchorpraíodh na réimsí seo a leanas: Alcoba de los Montes agus El Robledo i gCúige Ciudad Real, Albadalejo del Cuende, Villarejo de la Peñuela, Villarejo-Sobrehuerta agus Villar del Horno i gCúige Cuenca.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá limistéar geografach La Mancha suite sa chuid theas d’ardchlár láir an leithinis agus tá rilíf íseal a thagann anuas chuig an Atlantach mar shaintréith de.
Is machaire ard é La Mancha ar a bhfuil ithreacha cré aoil agus tá foshraitheanna atá lán le haol agus le dúrabhán ar a fhéarach.
Tá aeráid foircneach sa limistéar agus bíonn éagsúlachtaí leathana ann ar saintréith de chuid aeráid ilchríochach iad, lena mbaineann geimhreadh an-fhuar agus samhradh te. Sroicheann an teocht 40 C uaireanta, athraíonn an teocht 20 C i gcaitheamh an lae agus 50 C i gcaitheamh na bliana uaireanta. Is tearc an fheasacht, rud a fhágann go bhfuil an réigiún ar cheann de na limistéir is tuire sa Spáinn, tá taiseachas coibhneasta de thart ar 65 % ag a timpeallacht thar a bheith tirim.
Bhí tionchar mór ag ithir agus coinníollacha aeráide an limistéir ar na próisis roghnaithe nádúrtha a fhágann gurb é a pór caorach Manchega an pór is oiriúnaí don limistéar agus a tháirgeann bainne a thugann a dhath, a dhea-bholadh, a bhlas agus a uigeacht shainiúil do ‘Queso Manchego’.
Tá cáis á déanamh as bainne a fhaightear ó chaoirigh den phór Manchega ó shin i leith agus le himeacht na gcéadta blianta tá sé mar aidhm ag teicnící déantúsaíochta cáilíochtaí na cáise traidisiúnta La Mancha sin a bharrfheabhsú.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
https://rec.castillalamancha.es/rec/public/documentacion/listadoDocs.faces#no-back-button
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3216/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)