European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3035

10.6.2025

Iarraidh ar réamhrialú ó Bayerisches Verwaltungsgericht Ansbach (an Ghearmáin) a taisceadh an 17 Márta 2025 – Joachim Lindenberg v Bayerisches Landesamt für Datenschutzaufsicht

(Cás C-205/25, Bayerisches Landesamt für Datenschutzaufsicht)

(C/2025/3035)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bayerisches Verwaltungsgericht Ansbach

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Joachim Lindenberg

Cosantóir: Bayerisches Landesamt für Datenschutzaufsicht

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An bhfuil Airteagal 15, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 (1), le léiriú sa chaoi go bhfuil údarás maoirseachta de réir bhrí Airteagal 4(21) den Rialachán sin, atá gníomhach maidir le nós imeachta gearáin i gcomhréir le hAirteagal 77 den Rialachán sin arna thionscnamh ag ábhar sonraí, ina ‘rialaitheoir’ freisin de réir bhrí Airteagal 15 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(7) den Rialachán sin agus an gceanglaítear air rochtain a thabhairt don ábhar sonraí ar na sonraí a bhaineann leis agus ar fhaisnéis de bhun Airteagal 15 den Rialachán sin?

2.

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1, an bhfuil dlí an Aontais go sonrach Airteagal 23 de Rialachán (AE)2016/679 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar fhoráil den reachtaíocht náisiúnta amhail Airteagal 20(2) den Bayerisches Datenschutzgesetz (BayDSG) (Dlí cosanta sonraí na Baváire), ar dá réir nach bhfuil cearta rochtana agus ceadaithe i ndáil le doiciméid agus sonraí na n-údarás maoirseachta de réir Airteagal 4(21) de Rialachán 2016/679 ar chor ar bith?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016, L 119, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3035/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)