|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3007 |
28.5.2025 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Bealtaine 2025
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) thar ceann na Danmhairge
(C/2025/3007)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027. |
|
(2) |
Tá suíochán comhalta i gcatagóir ionadaithe eagraíochtaí na bhfostóirí tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Elisabeth LUND NYBORG a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag eagraíocht na bhfostóirí BusinessEurope don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar JUUL SVARTÁ ina chomhalta de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna in ionad Elisabeth LUND NYBORG ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 31 Márta 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BARANOWSKI
(1) IO L 30, 31.1.2019, lch. 90.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 15).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3007/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)