|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2998 |
26.5.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Bealtaine 2025
maidir le ceathrar comhaltaí lánaimseartha de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta a cheapadh
(C/2025/2998)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 291(2) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (1), agus go háirithe Airteagal 63 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Bealtaine 2024, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/1620 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (‘an tÚdarás’). |
|
(2) |
Déantar foráil in Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2024/1620 maidir le Bord Feidhmiúcháin an Údaráis, atá comhdhéanta de Chathaoirleach an Údaráis agus de chúigear comhaltaí lánaimseartha, lena n-áirítear an Leas-Chathaoirleach. Tá an cúigear comhaltaí lánaimseartha sin le ceapadh ag an gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis do Bhord Ginearálta an Údaráis togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, bunaithe ar an ngearrliosta d’iarrthóirí cáilithe arna tharraingt suas ag an gCoimisiún, agus tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra sin a fhormheas. Déantar foráil san Airteagal sin freisin go mbeidh téarma oifige 4 bliana ag an gcúigear comhaltaí lánaimseartha den Bhord Feidhmiúcháin. |
|
(3) |
An 29 Eanáir 2025, d’ullmhaigh an Coimisiún gearrliosta iarrthóirí chun an cúigear comhaltaí lánaimseartha de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis a cheapadh agus chuir sé ar fáil do Pharlaimint na hEorpa é. Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoin ngearrliosta an lá céanna. |
|
(4) |
An 11 Márta 2025, ghlac Bord Ginearálta an Údaráis togra chun Simonas KRĖPŠTA, Rikke-Louise PETERSEN, Marcus PLEYER, Derville ROWLAND agus Juan Manuel VEGA SERRANO a cheapadh mar an cúigear comhaltaí lánaimseartha de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis agus chuir sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa é lena fhormheas. An 3 Aibreán 2025, d’fhormheas Parlaimint na hEorpa an togra maidir le comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis a cheapadh. |
|
(5) |
An 8 Bealtaine 2025, tharraing Marcus PLEYER a iarrthóireacht siar ar chúiseanna pearsanta. |
|
(6) |
De bhun Airteagal 107 de Rialachán (AE) 2024/1620, tá an Coimisiún freagrach as an Údarás a bhunú agus a oibriú i dtosach go dtí an 31 Nollaig 2025. I bhfianaise na gcúraimí agus na gcumhachtaí a thugtar dó, is iomchuí Bord Feidhmiúcháin an Údaráis a chur i bhfeidhm go pras chun aistriú rianúil gasta a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, ceathrar comhaltaí lánaimseartha de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis a cheapadh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí lánaimseartha de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta le haghaidh téarma oifige 4 bliana ón 1 Meitheamh 2025:
|
— |
Simonas KRĖPŠTA |
|
— |
Rikke-Louise PETERSEN |
|
— |
Derville ROWLAND |
|
— |
Juan Manuel VEGA SERRANO. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BARANOWSKI
(1) IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2998/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)