European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2987

26.5.2025

Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cur chuige comhtháite i dtaca le spórt agus gníomhaíocht coirp i gcomhthéacs an oideachais

(C/2025/2987)

RÉAMHRÁ

A bhuí leis an rannchuidiú mór a dhéanann sé leis an bhforbairt fhisiciúil, mheabhrach agus shóisialta, bíonn ról lárnach ag an spórt agus ag an ngníomhaíocht coirp maidir le sochaí shláintiúil chuimsitheach agus comhtháthú idirghlúine a thógáil, agus ba cheart dó a bheith soiléir gur i dtimpeallacht na scoile is fearr iad a chleachtadh, go háirithe i gcás leanaí agus déagóirí. Cé go ndírítear sna conclúidí ar leanaí agus déagóirí atá in aois scoile agus ar an suíomh scoile, ba cheart a chur i dtábhacht gur gnéithe lárnacha den oideachas iad an spórt agus an ghníomhaíocht coirp, ón aois is luaithe go dtí an t-oideachas treasach agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil, agus gur féidir iad a chleachtadh aon uair is áisiúil. Le cur chuige comhtháite sa chomhthéacs sin, neartaítear an comhar trasearnálach idir na hearnálacha ábhartha uile.

DÉANANN AN CHOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE,

Á MHEABHRÚ DI:

1.

Airteagal 6 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena dtugtar inniúlacht don Aontas Eorpach gníomhaíochtaí a chur i gcrích i réimse an spóirt chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus chun iad a chomhordú nó a fhorlíonadh, mar aon le hAirteagal 165, ar dá réir atá an tAontas le rannchuidiú leis an spórt Eorpach a chur chun cinn, ag féachaint do shain-nádúr an spóirt, dá struchtúir atá bunaithe ar an ngníomhaíocht shaorálach agus d'fheidhm shóisialta agus oideachasúil an spóirt.

2.

Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2024-2027 agus an réimse tosaíochta ‘An t-ionracas agus luachanna sa spórt’ a léirítear ann, chomh maith leis an bpríomhábhar ‘spórt agus oideachas’ (1).

3.

An cúlra polaitíochta a bhaineann leis an tsaincheist thuasluaite mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn.

AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á THABHAIRT DÁ hAIRE:

4.

Le leibhéal na gníomhaíochta coirp sa tsochaí agus táscairí comhghaolaithe eile, mar shampla folláine mheabhrach agus leibhéil rómheáchain nó murtaill, léirítear treocht dhiúltach agus is chun leasa Bhallstáit an Aontais agus an Aontais Eorpaigh ina iomláine araon é an treocht sin a aisiompú. Tá fianaise ann a léiríonn go bhfuil na hábhair imní sin ábhartha go háirithe i gcás leanaí agus déagóirí (2).

5.

Is iad na príomhchúiseanna arna dtuairisciú nach gcleachtar spórt agus gníomhaíocht coirp ar bhonn níos rialta ná easpa ama, easpa spreagtha agus easpa spéise (3). Trí ghníomhaíochtaí spóirt a dhéanamh níos tarraingtí, iad a thaispeáint ina bhfoirmeacha éagsúla uile, spórt agus gníomhaíocht coirp a chur chun cinn mar chaitheamh aimsire seachas oibleagáid, oideachas a chur ar leanaí agus déagóirí maidir leis na tairbhí sláinte-ghaolmhara, meabhracha agus mothúchánacha a bhaineann le bheith gníomhach go fisiciúil agus atmaisféar tacúil a chruthú i dtimpeallacht na scoile, is féidir rannchuidiú go dearfach leis na treochtaí diúltacha sa réimse sin a aisiompú.

6.

Le linn phaindéim COVID-19, tháinig laghdú ar shláinte fhisiciúil agus mheabhrach leanaí agus déagóirí agus tháinig laghdú ar mhéid na gníomhaíochta coirp a bhí á déanamh acu (4). Thairis sin, leis na hiarmhairtí diúltacha gaolmhara, mar shampla sóisialú níos boichte, leibhéil mhéadaithe struis agus imní agus an méadú ar an neamhghníomhaíocht coirp, léirítear gur gá tacaíocht iomchuí a thabhairt chun scileanna luaile, scileanna sóisialta, gníomhaíocht spóirt agus meabhairshláinte a fhorbairt.

7.

Is próiseas casta é forbairt leanaí agus déagóirí agus d’fhéadfadh tosca éagsúla, mar shampla nósanna itheacháin, am scáileáin agus tuiscint ar chorp an duine, tionchar a imirt ar leibhéal na gníomhaíochta coirp agus ar iompraíocht neamhghníomhach. Léiríonn na táscairí do leanaí agus déagóirí sna gnéithe sin gur gá bearta cuimsitheacha a chur chun feidhme (5).

8.

Is gné thábhachtach den spórt agus den ghníomhaíocht choirp ar scoil é coincheap na litearthachta fisiciúla, lena bhfaigheann leanaí agus déagóirí eolas, lena bhforbraíonn siad scileanna luaile agus lena spreagtar iad chun féinmhuinín a chothú. Léirítear leis gur gá aghaidh a thabhairt, i gcomhthráth, ar dheitéarmanaint mhothachtálacha, chognaíocha, fhisiceacha agus iompraíochta na gníomhaíochta coirp chun tacú leis an tsláinte agus chun rannpháirtíocht ar feadh an tsaoil a chumasú trí spreagadh pearsanta agus trí shult an spóirt agus na gníomhaíochta coirp (6).

AGUS BÉIM Á LEAGAN AICI AR AN MÉID SEO A LEANAS:

9.

Tá acmhainneacht mhór oideachais ag an spórt agus ag an ngníomhaíocht coirp agus tá ról suntasach acu maidir le luachanna coiteanna an Aontais a chothú (7), rud a mbíonn tionchar dearfach aige ar an tsochaí shibhialta, ar an gcomhtháthú sóisialta agus ar an tsláinte phoiblí. Is féidir leo rannchuidiú freisin le hathléimneacht Bhallstáit an Aontais agus na nglúnta atá le teacht a threisiú.

10.

Chun an spórt agus an ghníomhaíocht coirp a chur chun cinn go héifeachtach i measc leanaí agus déagóirí, tá gá le cur chuige comhtháite lena neartófar an comhar trasearnálach, go háirithe idir réimsí an spóirt, an oideachais, na hóige agus na sláinte, chomh maith leis an deis a thabhairt d’údaráis agus do pháirtithe leasmhara ar gach leibhéal a bheith rannpháirteach.

11.

Tá an spórt agus an ghníomhaíocht coirp thar a bheith tábhachtach d’fhorbairt iomlánaíoch daoine aonair, d’uasghrádú príomhinniúlachtaí agus scileanna idirdhisciplíneacha, ar nós scileanna infhostaitheachta (8), atá inaistrithe lasmuigh de shuíomh na scoile. Is féidir leo próisis chognaíocha a spreagadh freisin, foghlaim a éascú agus torthaí oideachais foriomlána a fheabhsú (9). Is infheistíocht i nglúnta dea-oilte, sláintiúla, tairbheacha agus sona í foghlaim conas a bheith gníomhach go fisiciúil ó aois óg.

12.

Is féidir le scoileanna a bheith ina spásanna chun spórt agus gníomhaíocht coirp a chleachtadh agus d’fhéadfadh siad a bheith ina moil áitiúla gníomhaíochta coirp. Is féidir leanaí agus déagóirí a spreagadh le bheith níos gníomhaí trí ghníomhaíochtaí éagsúla chun leibhéal na gníomhaíochta coirp a mhéadú agus chun iompraíocht neamhghníomhach ar scoil a laghdú, lena n-áirítear an úsáid is fearr is féidir a bhaint as bonneagar na scoile agus a thimpeallacht, go háirithe lasmuigh agus, i gcás inar féidir, i dtimpeallachtaí glasa nádúrtha, ranganna ardcháilíochta corpoideachais, gníomhaíochtaí spóirt seach-churaclaim, gníomhaíocht coirp le linn sosanna, roimh ranganna, lena linn agus ina ndiaidh agus, nuair is féidir, ag an deireadh seachtaine agus le linn laethanta saoire scoile, agus comaitéireacht ghníomhach chuig an scoil agus uaithi á héascú ag an am céanna.

13.

D’fhéadfadh comhar idir scoileanna agus an ghluaiseacht spóirt, go háirithe clubanna spóirt, feabhas a chur ar ghníomhaíocht coirp agus rannpháirtíocht sa spórt, rud a chruthaíonn níos mó deiseanna chun bheith gníomhach. Chomh maith leis sin, is féidir leis a bheith ina bhealach isteach do leanaí agus do dhéagóirí i réimse an spóirt eagraithe agus cothaítear leis cur chuige an phobail mar cheann de phríomhghnéithe na Samhla Eorpaí Spóirt (10).

14.

Ba cheart riachtanais leanaí agus déagóirí a chur san áireamh sna straitéisí agus sna cláir atá beartaithe ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar thorthaí taighde lena soláthraítear fianaise eimpíreach. Ba cheart faireachán rialta a dhéanamh ar a gcur chun feidhme le modheolaíochtaí caighdeánaithe chun a n-éifeachtacht agus a n-ábharthacht a mheas.

15.

Ba cheart spórt agus gníomhaíocht coirp a eagraítear laistigh nó lasmuigh de ranganna corpoideachais a bheith éagsúil, curtha in oiriúint do chumais daoine aonair agus iad a dhéanamh ar bhealach sábháilte eiticiúil. Más féidir taitneamh a bhaint as an spórt agus an ngníomhaíocht coirp agus más féidir meon dearfach a bheith ann ina leith ar scoil, d’fhéadfaí cur le nósanna ar feadh an tsaoil agus le stíleanna maireachtála sláintiúla (11).

16.

Bíonn tionchar dearfach ag an spórt agus ag an ngníomhaíocht coirp ar an meabhairshláinte. Is féidir leo cuidiú le strus, imní agus dúlagar a laghdú, agus cáilíocht saoil a fheabhsú ag an am céanna. Ina theannta sin, is féidir leo a bheith ina n-uirlis nádúrtha agus éifeachtach chun cosc agus cóireáil a dhéanamh sa réimse sin trí fhéinmheas, féinghlacadh, féinmhuinín agus féinluacháil a thógáil. Cuireann rannpháirtíocht rialta i ngníomhaíocht coirp le giúmar, rud a chuidíonn le siomptóim de neamhoird mheabhairshláinte a mhaolú.

17.

Is féidir leis an spórt agus leis an ngníomhaíocht coirp a bheith ina n-uirlisí éifeachtacha chun lánpháirtiú a chur chun cinn agus eisiamh sóisialta a chosc i measc leanaí agus déagóirí gan beann ar a mbunadh, inscne, gnéaschlaonadh, reiligiún, teanga, cúlra socheacnamaíoch, míchumas agus cumais fhisiceacha, trí idirghníomhaíocht shóisialta, obair bhuíne, comhar, muinín, teacht aniar agus muintearas a chothú. D’fhéadfadh cur chuige comhtháite rannchuidiú lena gcuimsiú i ngníomhaíochtaí spóirt a áirithiú agus inrochtaineacht a chur chun cinn, chomh maith le luachanna spóirt a chothú.

18.

Is féidir le cláir, imeachtaí agus tionscadail a eagraítear i scoileanna idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn agus breisluach a chur leis, rud a chuireann ar chumas rannpháirtithe eolas a fháil faoin éagsúlacht chultúrtha trí chomhghníomhaíochtaí spóirt agus trí spórt agus cluichí traidisiúnta. Trí leanaí agus déagóirí a chumhachtú chun gníomhaíochtaí agus cluichí a chomhdhearadh agus a stiúradh, cruthaítear deiseanna chun bearnaí cultúrtha a líonadh agus cuimsitheacht agus tuiscint níos fearr ar fhreagracht a chothú.

19.

Ní hamháin go bhfeabhsaítear an tsláinte leis an spórt agus leis an ngníomhaíocht coirp i gcomhthéacs comaitéireacht ghníomhach chuig scoileanna agus gníomhaíocht coirp lasmuigh, mar shampla siúl, rith nó rothaíocht, a chur chun cinn, ach cuidíonn sé freisin leis an lorg carbóin a laghdú agus le feasacht ar an gcomhshaol a fhorbairt. Le rochtain ar bhonneagar iomchuí le haghaidh cineálacha gníomhacha taistil chuig ranganna agus oideachas comhshaoil tríd an spórt, tacaítear leis an tsláinte coirp agus leis an meabhairshláinte araon agus cuirtear an fhreagracht shóisialta agus an inbhuanaitheacht chun cinn.

IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT, AR AN LEIBHÉAL IOMCHUÍ, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

20.

Na tairbhí a bhaineann le gníomhaíocht coirp rialta a chur chun cinn agus feasacht a mhéadú maidir le cur chuige comhtháite le linn oideachas leanaí agus déagóirí, lena n-áirítear na gnéithe fisiciúla, sóisialta, eiticiúla agus meabhracha, agus a thionchar dearfach ar chleachtadh an spóirt agus na gníomhaíochta coirp, agus ar an gcaoi sin scileanna idirdhisciplíneacha a fhorbairt agus foghlaim a éascú.

21.

Dálaí a chruthú do leanaí agus do dhéagóirí chun páirt a ghlacadh sa spórt agus sa ghníomhaíocht coirp, agus solúbthacht iomchuí a bheith ann maidir lena gcur chun feidhme. Go hidéalach, ba cheart é sin a bheith cothrom le huair an chloig ar a laghad in aghaidh an lae agus ba cheart é a chur chun cinn mar chuid lárnach de chomhthéacs an oideachais, trí níos mó gluaiseachta a ionchorprú agus díriú ar iompraíocht neamhghníomhach a laghdú b’fhéidir (12). D’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí bhonneagar scoile agus a thimpeallacht a dhéanamh níos inrochtana, go háirithe lasmuigh agus i gcás inar féidir i dtimpeallachtaí glasa nádúrtha, mar shampla, trí úsáid a bhaint as comhdhearadh gníomhach, ranganna corpoideachais ardcháilíochta, gníomhaíochtaí spóirt seach-churaclaim, gníomhaíochtaí fisiciúla le linn sosanna, roimh ranganna, lena linn agus ina ndiaidh, lena n-áirítear, nuair is féidir, ag an deireadh seachtaine agus le linn laethanta saoire scoile, agus comaitéireacht ghníomhach chuig an scoil agus uaithi a chur chun cinn agus a éascú.

22.

Beartais agus cláir fhianaisebhunaithe a chur ar fáil i réimse an spóirt agus na gníomhaíochta coirp do leanaí agus do dhéagóirí i gcomhréir leis an eolas eolaíoch agus leis na sonraí staidrimh a fhaightear i gcomhar le hollscoileanna agus le hinstitiúidí taighde. Ba cheart na héachtaí sin a roinnt agus a chur chun cinn go forleathan.

23.

Féachaint an bhféadfaí faireachán a dhéanamh ar leibhéil ghníomhaíochta coirp, aclaíochta agus litearthachta coirp leanaí agus déagóirí, lena n-áirítear bacainní ar bheith gníomhach go fisiciúil. Agus an méid sin á dhéanamh, féachaint an bhféadfaí uirlisí diagnóiseacha caighdeánaithe a fhorbairt sa réimse sin, lena bhféadfaí sonraí a chur i gcomparáid lena chéile agus faisnéis a bhailiú i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. D’fhéadfadh torthaí an fhaireacháin sin fónamh, i gcás inar féidir, chun tacaíocht thiomnaithe agus rochtain ar ghníomhaíochtaí spóirt agus fisiciúla oiriúnaithe a chur ar fáil do leanaí agus do dhéagóirí.

24.

Dálaí a chruthú lena gcumasófar gach leanbh agus ógánach, lena n-áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas agus a bhfuil riachtanais shonracha eile acu, chomh maith leo siúd is lú atá gníomhach go fisiciúil, mar shampla, trí fhéachaint ar shineirgí agus comhlántachtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh le páirtithe leasmhara eile in earnáil an spóirt. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí bhonneagar, trealamh spóirt, gníomhaíochtaí agus inniúlachtaí maoirseoirí a oiriúnú (13).

25.

Comhar trasearnálach a neartú agus comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir earnáil an spóirt, údaráis áitiúla, scoileanna agus codanna eile den tsochaí shibhialta chun beartais agus cláir rathúla a chruthú lena gcomhtháthófar an spórt agus an ghníomhaíocht coirp i gcomhthéacs an oideachais. Féadfar tacú leis sin trí dhea-chleachtais a mhalartú (14).

26.

I gcás inarb iomchuí, tacaíocht a chur ar fáil do thionscnaimh atá dírithe ar bhonneagar spóirt a thógáil agus a nuachóiriú, go háirithe i scoileanna agus ina dtimpeallacht, agus trealamh spóirt a cheannach chun rochtain ar ionaid aclaíochta atá sábháilte agus nua-aimseartha a mhéadú do gach leanbh agus ógánach. An rochtain sin a éascú trí fhorbairt lánaí slána a phleanáil chun soghluaisteacht bhog éasca shábháilte a chumasú. I ndáil leis an méid sin, ba cheart machnamh a dhéanamh ar leanaí agus déagóirí ó limistéir atá faoi mhíbhuntáiste agus atá eisiata go sóisialta nó atá i mbaol bochtaineachta ar bhealach eile agus a bhfuil eisiamh sóisialta ag bagairt orthu, agus ar bhorradh a chur faoi bhearta a dhéantar sna réimsí sin.

27.

Aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le hinniúlachtaí múinteoirí, cóitseálaithe agus daoine eile a chuimsíonn gnéithe an spóirt agus na gníomhaíochta coirp agus iad ag obair le leanaí agus le déagóirí agus a neartaíonn a ngníomhaíochtaí tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

ag formhuiniú an ghá atá le tacú leo trí oiliúint leanúnach agus na huirlisí a theastaíonn uathu a chur ar fáil dóibh chun gníomhaíochtaí a dhéanamh bunaithe ar an eolas eolaíoch is déanaí agus trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha;

oiliúint shonrach a chothú dóibh chun luachanna an spóirt a threisiú agus feasacht a mhúscailt ar an ról lárnach atá acu maidir le lánpháirtiú sóisialta, saoránacht ghníomhach agus luachanna coiteanna an Aontais a threisiú;

úsáid gnéithe spóirt agus gníomhaíochta coirp a chur chun cinn in ábhair teagaisc seachas ranganna corpoideachais chun tacú le scileanna fisiciúla agus idirdhisciplíneacha leanaí agus déagóirí;

tacú le hoiliúint leordhóthanach ar na gnéithe mothúchánacha agus eiticiúla chun meabhairshláinte agus folláine mheabhrach leanaí agus déagóirí a chosaint agus a chothabháil, lena n-áirítear foréigean i réimsí spóirt agus iompraíochtaí suaiteacha eile sa spórt a chosc;

dearadh spásanna atá slán sábháilte, inrochtana, agus cuimsitheach a chur chun cinn agus prótacail a fhorbairt chun sláine fhisiciúil, mheabhrach, mhothúchánach agus shóisialta mionaoiseach a áirithiú agus chun daoine i gcásanna leochaileacha a choinneáil sábháilte le linn cleachtadh spóirt;

na scileanna agus an t-eolas a fuair siad san oideachas foirmiúil agus lasmuigh de a aithint, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le treoirlínte an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí.

28.

Aitheantas a thabhairt do rannpháirtíocht shonrach scoileanna i gcur chun cinn an spóirt agus na gníomhaíochta coirp ar bhealaí iomchuí, mar shampla, trí mhachnamh a dhéanamh ar lipéad nó cineálacha eile tuisceana a chruthú. D’fhéadfadh sé sin na naisc idir scoileanna agus an ghluaiseacht spóirt chomh maith le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a éascú agus a neartú, ach níor cheart iomaíocht idir scoileanna a bheith mar thoradh air.

29.

Na scileanna a shealbhaíonn leanaí agus déagóirí trína rannpháirtíocht i ngnéithe eagraíochtúla an spóirt agus na gníomhaíochta coirp a aithint agus a chur chun cinn agus a iarraidh orthu páirt a ghlacadh i bpróisis chinnteoireachta agus a ngníomhaíochtaí spóirt á bpleanáil acu.

30.

Gnéithe den tsábháilteacht, dóibh féin agus do dhaoine eile, a chomhtháthú i scileanna agus in inniúlachtaí a bhaineann leis an spórt agus leis an ngníomhaíocht coirp chun feasacht a mhúscailt ar an bhfreagracht shóisialta agus ar ghníomhaíochtaí tarrthála.

IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, I gCOMHRÉIR LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA AGUS LAISTIGH DÁ RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

31.

Comhoibriú, agus ualach riaracháin á sheachaint, maidir le córais a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar an spórt agus ar ghníomhaíocht coirp, lena n-áirítear sonraí faoi ranganna corpoideachais agus gníomhaíochtaí spóirt seach-churaclaim agus faisnéis a scaipeadh maidir le modhanna chun spórt agus gníomhaíocht coirp a chomhtháthú i gcomhthéacs an oideachais.

32.

Agus an t-ualach riaracháin á sheachaint agus leas á bhaint as sineirgí ó na hiarrachtaí atá á ndéanamh cheana, machnamh a dhéanamh ar ábhair, modheolaíochtaí agus cás-staidéir ábhartha a bhailiú sa réimse a bhaineann le leibhéil spóirt agus gníomhaíochta coirp leanaí agus déagóirí a mhéadú i dtimpeallacht na scoile, i measc ionadaithe ó údaráis an Aontais, ó údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le múinteoirí, cóitseálaithe agus daoine eile atá rannpháirteach sa phróiseas sin, trí chomhar, comhpháirtíochtaí agus piarfhoghlaim, mar shampla, agus machnamh a dhéanamh ar scaipeadh poiblí na n-ábhar sin ar líne. Ba cheart é sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

33.

Féachaint conas is féidir cuir chuige agus sineirgí trasearnálacha a chur chun cinn go héifeachtach idir réimsí an spóirt, an oideachais, na hóige, na sláinte (15) agus na pleanála uirbí, go háirithe iad siúd atá dírithe ar ghníomhaíocht coirp a mhéadú agus iompraíocht neamhghníomhach i measc leanaí agus déagóirí a laghdú agus straitéisí solúbtha a fhorbairt chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair sa réimse sin, mar shampla faoi athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Moladh maidir le gníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte (16).

IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

34.

Saincheisteanna an spóirt agus na gníomhaíochta coirp i gcomhthéacs an oideachais a chur san áireamh i gcreataí beartais ábhartha an Aontais agus faoi raon feidhme an phlé ullmhúcháin ar dhoiciméad straitéiseach an Aontais maidir leis an spórt, atá beartaithe a tharraingt suas faoi 2026.

35.

Béim a leagan ar a thábhachtaí atá clár Erasmus+ i réimse an spóirt maidir le gníomhaíocht spóirt a chur chun cinn i measc leanaí agus déagóirí, inniúlachtaí foirne spóirt a fhorbairt, eolas agus dea-chleachtais a mhalartú, agus a thorthaí a chuíchóiriú.

36.

Deiseanna a chur chun cinn chun tionscadail spóirt agus gníomhaíochta coirp a chistiú i gcláir an Aontais agus in ionstraimí airgeadais an Aontais don bheartas comhtháthaithe agus don fhorbairt réigiúnach chomh maith le tionscnaimh ábhartha eile i réimsí an spóirt agus na gníomhaíochta coirp i measc leanaí agus déagóirí, i bhfianaise a ghné trasearnálaí.

37.

Machnamh a dhéanamh ar threoirlínte a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den ghníomhaíocht coirp i measc leanaí agus déagóirí, lena n-áirítear a indéanta atá sé modheolaíocht chaighdeánaithe chruinn, iontaofa, oibiachtúil a bheith ann lenar féidir sonraí idir Ballstáit an Aontais a chur i gcomparáid le chéile agus uirlisí iontaofa a úsáid chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe na gníomhaíochta coirp, agus taighde ar inniúlachtaí fisiciúla leanaí agus déagóirí a chur chun cinn, gan beann ar a leibhéal aclaíochta, ar féidir lena torthaí bonn a sholáthar chun straitéis faireacháin agus córas comhchuibhithe a fhorbairt don Aontas sa réimse sin, ar cheart iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

38.

Saincheist an spóirt agus na gníomhaíochta coirp a chur san áireamh i gcomhthéacs an oideachais d’fhonn athbhreithniú féideartha a dhéanamh ar an Moladh maidir le gníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte ar fud earnálacha.

39.

Mar chuid den obair ar an Straitéis um Chothroime Idirghlúine, a áirithiú go dtabharfar aird ar leith freisin ar an spórt agus ar an ngníomhaíocht coirp i gcomhthéacs an oideachais trí naisc idir na glúine a neartú d’fhonn gníomhaíocht coirp ar feadh an tsaoil a éascú freisin.

40.

Leanúint den spórt agus den ghníomhaíocht coirp a chur chun cinn i gcomhthéacs an oideachais tríd an bhfeachtas #BeActive agus trí ghníomhaíochtaí Sheachtain Eorpach an Spóirt ar fud na hEorpa chun úsáid an spóirt agus na gníomhaíochta coirp a chur chun cinn mar uirlis oideachais ar an leibhéal áitiúil.

IARRANN SIAD AR AN nGLUAISEACHT SPÓIRT AGUS AR PHÁIRTITHE LEASMHARA ÁBHARTHA EILE, AGUS URRAIM Á TABHAIRT DÁ NEAMHSPLEÁCHAS FÉIN, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

41.

Comhoibriú le scoileanna trí thionscnaimh speisialta spóirt a fhorbairt agus trí thacaíocht shubstainteach a chur ar fáil chun cur ar chumas leanaí agus déagóirí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá dírithe ar fhóillíocht, i gcás inarb iomchuí, arna stiúradh ag cóitseálaithe spóirt atá cáilithe go cuí. Ba cheart go gcuideodh na gníomhaíochtaí sin le leanaí agus le déagóirí suim a chur i gcineálacha éagsúla gníomhaíochta coirp atá curtha in oiriúint dá scileanna luaile, rud lena dtacófaí lena sláinte agus a bhforbairt phearsanta i dtimpeallacht shábháilte, shlán, inrochtana agus chuimsitheach.

42.

Imeachtaí spóirt agus cineálacha eile gníomhaíochtaí coirp a eagrú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí amuigh faoin aer agus, i gcás inar féidir, i dtimpeallachtaí glasa nádúrtha, ina mbíonn leanaí, déagóirí, cúramóirí, pobail scoile agus lúthchleasaithe gairmiúla rannpháirteach d’fhonn gníomhaíocht coirp a chur chun cinn i measc leanaí agus déagóirí, forbairt na sochaí sibhialta agus obair dheonach i réimse an spóirt a spreagadh, agus daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gclubanna spóirt áitiúla.

43.

Machnamh a dhéanamh ar mhórlúthchleasaithe a mhealladh chun a n-íomhá dhearfach a úsáid chun spórt, gníomhaíocht coirp agus luachanna an spóirt a chur chun cinn i measc leanaí agus déagóirí, trína rannpháirtíocht in imeachtaí spóirt, ceardlanna, léachtaí, campaí agus feachtais faisnéise i gcomhthéacs an oideachais. Is féidir le cuir i láthair poiblí na ndaoine aonair sin, ina roinnfí a scéalta pearsanta agus a dtaithí maidir le spórt agus oideachas a chomhcheangal, leanaí a spreagadh chun iad a fheiceáil mar eiseamláirí.

44.

Machnamh a dhéanamh ar chomhpháirtíochtaí a fhorbairt le scoileanna, údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus leis an earnáil phríobháideach chun spórt agus gníomhaíocht coirp a neartú i gcomhthéacs an oideachais trí fheachtais faisnéise agus imeachtaí spóirt a chur ar bun agus trí thacaíocht a thabhairt do bhonneagar spóirt atá cuimsitheach, inrochtana, sábháilte agus slán.

45.

Cineálacha leordhóthanacha oiliúna do shaorálaithe spóirt a éascú trí dheiseanna a chruthú do leanaí, déagóirí agus teaghlaigh iomlána páirt a ghlacadh i bhforbairt an spóirt agus na gníomhaíochta coirp i dtimpeallacht scoile atá sábháilte, slán, inrochtana agus cuimsitheach, agus trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí clubanna spóirt áitiúla freisin.

46.

Dlús a chur le malartú dea-chleachtas, agus leibhéil spóirt agus gníomhaíochta coirp leanaí agus déagóirí a mhéadú trí imeachtaí agus gníomhaíochtaí éagsúla a eagrú agus tacú le cuairteanna staidéir a eagrú ar áiteanna inar éirigh go geal le bearta chun gníomhaíocht spóirt leanaí agus déagóirí a mhéadú.

(1)  Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt (an 1 Iúil 2024 - an 31 Nollaig 2027), IO C, C/2024/3527, 3.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3527/oj?locale=ga.

(2)  Cosma A., Abdrakhmanova S., Taut D., Schrijvers K., Catunda C., Schnohr C.: A focus on adolescent mental health and wellbeing in Europe, central Asia and Canada. [Fócas ar mheabhairshláinte agus folláine mheabhrach na n-ógánach san Eoraip, san Áise Láir agus i gCeanada]. Health Behaviour in School-Aged Children. [Suirbhé ar Iompar Sláinte Leanaí Aoise Scoile]. Tuarascáil idirnáisiúnta ó shuirbhé 2021/2022. Imleabhar 1. Cóbanhávan, Oifig Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip (2023).

(3)  Suirbhé a rinne Kantar ar iarratas ón gCoimisiún Eorpach, Eorabharaiméadar Speisialta 525, Spórt agus Gníomhaíocht Choirp. Tuarascáil iomlán ar an obair allamuigh: Aibreán-Bealtaine 2022.

(4)  OECD/an tAontas Eorpach (2022), Health at a Glance: Europe 2022: State of Health in the EU Cycle, [Eoraip 2022: Sracfhéachaint ar an tsláinte: An Eoraip 2022: Staid na Sláinte i dTimthriall an Aontais Eorpaigh] Foilsitheoireacht ECFE, Páras. Le linn phaindéim COVID-19, bhí sciar na ndaoine óga idir 15-24 bliana d’aois a thuairiscigh siomptóim an dúlagair 50 % ar a laghad níos airde ná an meán don daonra i mbeagnach gach tír Eorpach. WHO guidelines on physical activity and sedentary behaviour:

(5)   WHO guidelines on physical activity and sedentary behaviour: overview [Treoirlínte EDS maidir le gníomhaíocht coirp agus iompraíocht neamhghníomhach: forléargas]. Cóbanhávan, Oifig Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip (2021); Tuarascáil ar an gcúigiú babhta de bhailiú sonraí, 2018-2020: Tionscnamh EDS um Fhaireachas ar Murtall i measc Leanaí (COSI). Cóbanhávan, Oifig Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip (2022).

(6)  Cornish, K., Fox, G., Fyfe, T. et al. Understanding physical literacy in the context of health: a rapid scoping review [Tuiscint a fháil ar litearthacht fhisiciúil i gcomhthéacs na sláinte: creat-athbhreithniú mear]. Sláinte Phoiblí BMC 20, 1569 (2020).

(7)  Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le luachanna coiteanna an Aontais a chur chun cinn tríd an spórt, IO C 196, 8.6.2018, lgh. 23–26.

(8)  Di Cola, G. Developing skills and competences in sporting value chains [Scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt i slabhraí luacha spóirt]. an Ghinéiv: EIS

Doiciméad Toraidh ó MINEPS VII Baki. Baki: UNESCO, 2023.

(9)  Barbosa A, Whiting S, Simmonds P, Scotini Moreno R, Mendes R, Breda J. Physical Activity and Academic Achievement: An Umbrella Review. [Gníomhaíocht Coirp agus Rath Acadúil: Athbhreithniú Scáthrialach]. Iris Idirnáisiúnta an Taighde Comhshaoil agus na Sláinte Poiblí. 2020; 17(16):5972.

(10)  Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le príomhghnéithe na Samhla Eorpaí Spóirt IO C 501, 13.12.2021, lgh. 1–7.

(11)  An Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr, Eurydice: Physical education and sport at school in Europe [Corpoideachas agus spórt ar scoil san Eoraip], Oifig na bhFoilseachán (2013). De ghnáth, is ionann líon na n-uaireanta corpoideachais agus níos lú ná 10 % de líon iomlán uaireanta an chloig de na ranganna; Tuarascáil EDS na hEorpa: Health-enhancing physical activity in the European Union, 2024 [Gníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte san Aontas Eorpach, 2024].

(12)   WHO guidelines on physical activity and sedentary behaviour: at a glance [Treoirlínte EDS maidir le gníomhaíocht coirp agus iompraíocht neamhghníomhach: spléachadh]. an Ghinéiv: An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, 2020; An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Wellbeing and mental health at school – Guidelines for education policymakers [Folláine agus meabhairshláinte ar scoil – Treoirlínte do lucht ceaptha beartas oideachais], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024.

(13)  an Coimisiún Eorpach: Directorate-General for Education, Youth, Sport and Culture, Mapping on access to sport for people with disabilities – A report to the European Commission [An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Mapáil ar rochtain ar spórt do dhaoine faoi mhíchumas – Tuarascáil chuig an gCoimisiún Eorpach], Oifig na bhFoilseachán, 2018, https://data.europa.eu/doi/10.2766/061635

(14)  Ar nós The European dimension of the 2024 Olympic and Paralympic Games - European initiatives for the development of sport in schools [An ghné Eorpach de Chluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha 2024 – tionscnaimh Eorpacha chun spórt a fhorbairt sna scoileanna], tuarascáil a d’ullmhaigh Aireacht Oideachais agus Óige na Fraince.

(15)  Mar shampla an Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Wellbeing and mental health at school – Guidelines for education policymakers [Folláine agus meabhairshláinte ar scoil – Treoirlínte do lucht ceaptha beartas oideachais], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024.

(16)  Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2013 maidir le gníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn ar fud earnálacha, IO C 354, 4.12.2013, lgh. 1–5.


IARSCRÍBHINN

An cúlra polaitiúil

Treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Gníomhaíocht Coirp: Gníomhaíochtaí Beartais Molta chun Tacú leis an nGníomhaíocht Coirp ar mhaithe le Feabhsú Sláinte, arna bhformhuiniú ag Airí Spóirt an Aontais i mí na Samhna 2008.

Conclúidí ón gComhairle maidir le ról na ngníomhaíochtaí deonacha sa spórt lena gcuirtear saoránacht ghníomhach chun cinn, IO C 372, 20.12.2011, lgh. 24–26.

Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2013 maidir le gníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn ar fud earnálacha, IO C 354, 4.12.2013, lgh. 1–5.

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an ról atá ag spórt an phobail i scileanna idirdhisciplíneacha a fhorbairt, go háirithe i measc daoine óga – IO C 172, 27.5.2015, lgh 8-12.

Conclúidí ón gComhairle maidir le scileanna luaile, gníomhaíochtaí coirp agus spóirt do leanaí a chur chun cinn, IO C 417, 15.12.2015, lch. 46–51.

Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le luachanna coiteanna an Aontais a chur chun cinn tríd an spórt, IO C 196, 8.6.2018, lgh. 23–26.

Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le leanaí a chosaint sa spórt, IO C 419, 12.12.2019, lgh. 1–5.

Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an gcomhar trasearnálach a chur chun cinn ar mhaithe leis an spórt agus leis an ngníomhaíocht coirp sa tsochaí, IO C 419, 4.12.2020, lgh. 18–22.

Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát maidir le ‘Spórt agus gníomhaíocht coirp, réimsí a bhfuil gealladh fúthu chun iompraíocht a athrú ó bhonn ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe’, IO C 170, 25.4.2022, lgh. 1–6.

Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le príomhghnéithe na Samhla Eorpaí Spóirt IO C 501, 13.12.2021, lgh. 1–7.

Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an ngníomhaíocht coirp ar feadh an tsaoil, IO C 5011, 13.12.2021, lgh.1–6.

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 maidir le Beartas Spóirt AE: measúnú agus na bealaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann (2021/2058(INI)), IO C 224, 8.6.2022, lgh 2-10.

Moladh ón gComhairle an 28 Samhain 2022 maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile agus lena n-ionadaítear an Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a laghdú, IO C 469, 9.12.2022, lgh. 1–15.

Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le hoidhreacht bhuan mórimeachtaí spóirt a chothú, IO C, C/2024/7401, 9.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7401/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2987/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)