European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2977

23.5.2025

Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le pobal daoine óga san Eoraip bunaithe ar luachanna Eorpacha chun go mbeidh Eoraip chomhchoiteann shábháilte ann

(C/2025/2977)

DÉANANN AN CHOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE, AN MÉID SEO A LEANAS,

Á MHEABHRÚ DÓIBH:

1.

Tá an tAontas fothaithe ar luachanna comhchoiteanna (1) an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, ar bunphrionsabail iad a chumhdaítear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Is luachanna uilíocha iad na luachanna Eorpacha sin agus is bunchloch chun sochaí chomhchoiteann shábháilte Eorpach a thógáil iad.

2.

Le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena ndearbhaítear cearta agus saoirsí gach duine aonair, lena n-áirítear daoine óga, soláthraítear creat láidir don dínit, don chomhionannas, don rannpháirtíocht agus don chosaint. Leis na hionstraimí sin, treoraítear iarrachtaí chun timpeallacht shábháilte chuimsitheach a chruthú do gach duine óg san Eoraip, rud a chothaíonn a bhforbairt agus a rannpháirtíocht sa tsochaí. (2)

3.

Aithnítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta na cearta atá ag daoine óga rochtain a fháil ar oideachas agus ar oiliúint, ar chomhionannas deiseanna agus ar chosaint ar idirdhealú, lena dtacaítear le pobail chuimsitheacha athléimneacha a chruthú ina bhfuil daoine óga rannpháirteach go gníomhach agus sábháilte ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de. (3) Ar an gcaoi sin, sna conclúidí ón gComhairle maidir leis an méid a chuireann an t-oideachas agus an oiliúint le comhluachanna Eorpacha agus leis an tsaoránacht dhaonlathach a neartú (4), iarradh ar na Ballstáit aird leanúnach a bheith acu ar an gcomhionannas agus ar an éagsúlacht mar chuid de chomhthéacs sonrach mhúineadh na gcomhluachanna Eorpacha agus na saoránachta daonlathaí.

4.

I Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (5), áiríodh 11 sprioc Eorpacha don óige lena leagtar béim ar an ról lárnach atá ag daoine óga maidir le hEoraip chomhchoiteann shábháilte a thógáil. Trína trí phríomhcholún – rannpháirtíocht, nascadh agus cumhachtú, leagtar béim sa straitéis ar a thábhachtaí atá an rannpháirtíocht fhóinteach, lena gcothaítear comhthuiscint, agus lena dtugtar na hinniúlachtaí agus na deiseanna is gá do dhaoine óga san Eoraip chun rannchuidiú go gníomhach le sochaí athléimneach chuimsitheach. (6) Le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, cuirtear creat ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht ghníomhach, neamhspleáchas agus cuimsiú daoine óga, rud a chothaíonn braistint freagrachta comhroinnte agus sinn ag obair i dtreo féiniúlacht chomhchoiteann Eorpach.

5.

Tá rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga i bpróisis chinnteoireachta ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal Eorpach ríthábhachtach chun braistint úinéireachta agus freagrachta a chothú don Aontas Eorpach mar atá faoi láthair agus mar a bheidh ann amach anseo. Le sásraí struchtúraithe rannpháirtíochta na hóige, ar nós Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg, cuirtear ardán ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht fhóinteach, rud a chuireann ar chumas daoine óga a ndearcthaí a chur in iúl, tionchar a imirt ar fhorbairt beartais agus rannchuidiú le hEoraip chomhchoiteann shábháilte a mhúnlú. (7)

6.

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht agus de chumas do dhaoine óga, ó aois óg, mar ghníomhaithe don athrú agus mar phríomhpháirtithe leasmhara i múnlú thodhchaí na hEorpa, le go mbeidh siad in ann prionsabail, luachanna agus feidhmiú an Aontais a thuiscint, i gcomhréir le Sprioc Uimh. 1 don Óige (8) agus rannchuidiú ar bhealach gníomhach le próisis dhaonlathacha, leis an tsochaí shibhialta agus le cuimsiú sóisialta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Sprioc Uimh. 9 don Óige (9).

7.

Tá sé ríthábhachtach an bhréagaisnéis agus an mhífhaisnéis a chomhrac agus faisnéis iontaofa a chur ar fáil chun próisis dhaonlathacha a chosaint agus chun daoine óga a chosaint ar chúbláil. Trí fheasacht ar an gcibearshlándáil a fheabhsú agus litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin agus cultúr forairdill a chothú i measc daoine óga, tugtar de chumhacht dóibh bagairtí digiteacha a aithint agus a mhaolú, agus ar an gcaoi sin timpeallacht dhigiteach shábháilte athléimneach a chur chun cinn. (10)

8.

Ní mór tús áite a thabhairt ar gach leibhéal do na dúshláin mhéadaitheacha sláinte atá roimh dhaoine óga, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an meabhairshláinte agus leis an bhfolláine intinne, ar measa iad mar gheall ar iarmhairtí phaindéim COVID-19 agus athruithe agus brúnna sochaíocha eile, as líne agus ar líne araon. Tá sé ríthábhachtach tacú le hathléimneacht mheabhrach daoine óga ní hamháin dá bhforbairt phearsanta, ach freisin chun sochaí Eorpach atá sábháilte agus cuimsitheach a chothú inar féidir leo a bheith rathúil mar rannpháirtithe gníomhacha i bpróisis dhaonlathacha agus shóisialta agus ina saol gairmiúil. (11)

9.

Tá dúshláin roimh dhaoine óga ar fud na hEorpa a bhaineann go dlúth le luachanna na hEorpa, lena n-áirítear ábhair imní faoin smacht reachta, laghdú ar spásanna sibhialta agus bagairtí méadaitheacha ar an rannpháirtíocht dhaonlathach. Cé go gcuireann na saincheisteanna sin, mar aon le dúshláin phráinneacha dhomhanda mar shampla an t-athrú aeráide, an claochlú déimeagrafach, an claochlú digiteach agus an claochlú glas, an bhréagaisnéis, teannas polaitiúil idirnáisiúnta, agus coinbhleachtaí armtha, leis an neamhionannas agus go gcruthaíonn siad bacainní a chuireann cosc ar roinnt daoine óga páirt a ghlacadh i bpróisis shochaíocha agus dhaonlathacha, tugann siad spreagadh do dhaoine eile chun páirt ghníomhach a ghlacadh i ndíospóireachtaí daonlathacha agus i ngníomhaíochtaí daonlathacha i réimsí ar nós mar shampla cearta an duine, an mheabhairshláinte, ceartas idirghlún, ceartas aeráide agus athrú sochaíoch. (12)

10.

D’éirigh le cláir agus tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais, i gcás inarb ábhartha, rannpháirtíocht na hóige, forbairt inniúlachtaí, soghluaisteacht shóisialta agus cur chun cinn luachanna Eorpacha thar theorainneacha a fheabhsú, ina measc tá Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an tionscnamh ‘Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh’ (ALMA), DiscoverEU, an Ráthaíocht don Aos Óg, Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg agus Bliain Eorpach na hÓige 2022.

AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á AITHINT ACU:

11.

Tá sé ríthábhachtach pobal láidir daoine óga a thógáil san Eoraip chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh dhaoine óga, lena n-áirítear braistintí dícheangail agus díomá faoi institiúidí an Aontais. Chuir dúshláin ar nós fadhbanna meabhairshláinte, méadú an neamhionannais, agus braistint nach n-áirítear go leordhóthanach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais iad leis an mímhuinín atá ag roinnt daoine óga as institiúidí. (13)

12.

Cé gur spreagúil an rud é go leanfaidh daoine óga de bhraistint láidir ar fhéiniúlacht Eorpach a bheith acu, tá laghdú ag teacht ar an muinín atá ann as institiúidí Eorpacha, chomh maith leis an rún atá ag daoine óga páirt a ghlacadh i dtoghcháin Eorpacha. Chun an mhuinín sin a atógáil, ba cheart béim níos mó a leagan ar bheartais chuimsitheacha, lena n-áiritheofar go bhfreagróidh na beartais sin do riachtanais shonracha agus d’ábhair imní shonracha daoine óga, oideachas saoránachta, comhar idirghlún, luachanna comhchoiteanna a chur chun cinn agus rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga sa daonlathas agus sa tsochaí shibhialta a chothú agus rochtain ar fhoinsí iontaofa faisnéise a áirithiú. (14)

13.

Mar gheall ar dhúshláin dhomhanda an 21ú haois, mar shampla fadhbanna meabhairshláinte, an claochlú digiteach agus claochlú glas, an ghéarchéim aeráide, neamhionannas sóisialta, polarú, bagairtí ar an smacht reachta agus sáruithe ar chearta bunúsacha, teannas polaitiúil idirnáisiúnta agus coinbhleachtaí armtha, tá gá le freagairt aontaithe Eorpach. Ach daoine óga a bheith rannpháirteach san Eoraip chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí rannpháirtíocht fhóinteach i bpróisis chinnteoireachta, áiritheofar go leanfaidh an Eoraip de bheith ina réigiún sábháilte agus inbhuanaithe do na glúnta atá le teacht.

14.

Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag earnáil na hóige i gcur chuige comhtháite trasearnálach chun radacú foréigneach daoine óga i gcoinne luachanna Eorpacha a shainaithint, a chosc agus chun gníomhú ina leith.

15.

Léirítear leis an idirphlé le leanaí agus le daoine óga trí shásraí rannpháirtíochta, mar shampla, Ardán an Aontais um Rannpháirtíocht Leanaí agus Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg, faoi seach, a thábhachtaí atá sé spásanna cuimsitheacha sábháilte a chruthú inar féidir leo a dtuairimí a chur in iúl agus páirt fhóinteach a ghlacadh i múnlú an lae inniu agus thodhchaí na hEorpa. (15) Ag an am céanna, tá sé chomh tábhachtach céanna tuairimí daoine óga a chur san áireamh agus beartais á gceapadh.

AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á CHUR SAN ÁIREAMH:

16.

Tá bagairtí nua ag teacht chun cinn i saol an lae inniu ar an daonlathas agus ar an smacht reachta, an ghéarchéim dhomhanda chomhshaoil agus aeráide, bagairtí ar an tsláinte phoiblí, feachtais bhréagaisnéise, cogadh foghach míleata gan údar na Rúise ar an Úcráin, an choinbhleacht leanúnach sa Mheánoirthear agus coinbhleachtaí domhanda eile. Mar thoradh ar na géarchéimeanna sin, tá ganntanas fuinnimh, boilsciú, éagobhsaíocht eacnamaíoch agus shóisialta, neamhionannas agus ollimirce ann, agus ag an am céanna tá borradh á chur faoin gcuardach ar réitigh nuálacha chun a dtionchar a mhaolú. Tá castachtaí breise tugtha isteach ag na dúshláin, ach ag an am céanna, chruthaigh siad deiseanna chun nuálaíocht a chothú agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha sochaíocha agus comhshaoil.

17.

Ag an am céanna, tá dúshláin agus deiseanna araon ag baint le dlús a chur leis an gclaochlú digiteach agus leis an aistriú glas san Eoraip. Cé go bhféadfadh na feiniméin sin a bheith ag cur leis an neamhionannas agus leis an deighilt shochaíoch agus go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an tsláinte, lena n-áirítear an mheabhairshláinte, a dhéanann difear go háirithe do dhaoine óga, tá siad tar éis an nuálaíocht a spreagadh freisin, deiseanna nua oideachais, oiliúna agus fostaíochta a chruthú, agus nascacht neartaithe. Chun aghaidh a thabhairt ar na deiseanna agus ar na dúshláin sin, tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun cuimsitheacht a chothú, cothroime idirghlún a chur chun cinn, agus leas a bhaint as acmhainneacht daoine óga san Eoraip chun rannchuidiú leis an Eoraip a bheith níos sábháilte, níos cothroime agus níos inbhuanaithe. (16)

18.

Tá gá le comhar i measc na mBallstát chun dearcthaí na hóige a neartú agus a phríomhshruthú i mbeartais chun a áirithiú go mbeidh siad freagrúil do chásanna éagsúla dhaoine óga na hEorpa, lena n-áirítear iad siúd ar lú na deiseanna atá acu agus iad siúd atá i mbaol eisiaimh.

19.

Tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar na gníomhaíochtaí atá ann cheana chun tacú le rannpháirtíocht, cumhachtú agus athléimneacht ghníomhach na hóige chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ilghnéitheacha atá roimh dhaoine óga san Eoraip sa lá atá inniu ann. D’fhéadfaí a áireamh leis sin forbairt inniúlachtaí pearsanta agus sóisialta a chur chun cinn i ngach timpeallacht agus ar feadh an tsaoil (17), feabhas a chur ar rochtain ar oideachas agus oiliúint ardcháilíochta chuimsitheach atá curtha in oiriúint d’éilimh mhargadh an tsaothair amach anseo agus aghaidh a thabhairt ar an mbearna scileanna agus ar ghanntanais scileanna, foghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta, feabhas a chur ar an litearthacht dhigiteach agus ar an litearthacht sna meáin, deiseanna cuimsitheacha a fhorbairt le haghaidh rannpháirtíocht shibhialta agus dhaonlathach, lena n-áirítear obair óige agus deiseanna saorálaíochta a sholáthar (18), agus córais tacaíochta meabhairshláinte a fhorbairt a thuilleadh (19). Trí na gníomhaíochtaí sin a neartú, cuideofar le pobal Eorpach comhchoiteann, sábháilte agus rannpháirteach a fhorbairt, ina mbeidh daoine óga in ann a n-acmhainneacht iomlán a fhorbairt agus inar féidir leo rannchuidiú go gníomhach le todhchaí inbhuanaithe chomhtháite.

20.

Ag Comhdháil Óige an Aontais in Lublin, an 2-5 Márta 2025, rinne daoine óga na moltaí seo a leanas:

1.

Chuir daoine óga i bhfios go láidir gur gá dóchas daoine óga a mhéadú i dtodhchaí dhaonlathach shábháilte trína muinín in institiúidí daonlathacha ar gach leibhéal, athléimneacht agus rannchuidiú le cothú na síochána a mhéadú, chun díspreagadh, díscor agus coimhthiú polaitiúil a chosc. Is féidir é sin a bhaint amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

Bliain Eorpach athléimneachta a dhearbhú agus cistiú fadtéarmach ón Aontas a bhfuil rochtain éasca air a mhéadú le haghaidh tionscadail athléimneachta óige agus ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna;

b)

Rannpháirtíocht na hóige sa chinnteoireacht a neartú trí bhearta áirithe, mar shampla, tionscnaimh ar Shaoránacht Eorpach faoi stiúir na hóige, seiceáil óige ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach agus Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg. Ba cheart a chuimsiú leo sin próisis leantacha thrédhearcacha lena rianaítear cur chun feidhme tograí beartais, chomh maith le comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí óige maidir le cumarsáid agus for-rochtain chun raon éagsúil daoine óga a shroicheadh agus lena chur ar chumas ceannairí óga an bhearna idir daoine óga agus lucht ceaptha beartas an Aontais a dhúnadh ar bhealach níos fearr;

c)

Iarrthóirí óga a spreagadh i dtoghcháin trí bhearta ar nós cuótaí, tréimhsí oiliúna polaitiúla lena laghdaítear aois na hincháilitheachta, agus fíordheis a thabhairt do dhaoine óga a bheith tofa;

d)

Oideachas sibhialta a thabhairt isteach mar ábhar éigeantach san oideachas foirmiúil, le curaclam cuimsitheach, arna sholáthar agus arna chruthú i gcomhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha. Ba cheart dó sin freagracht shibhialta a chothú, luachanna Eorpacha, an tsochaí shibhialta, smaointeoireacht chriticiúil, rannpháirtíocht dhaonlathach agus ról na n-institiúidí daonlathacha a chur chun cinn.

2.

Cuireann an bhréagaisnéis agus an mhífhaisnéis luachanna daonlathacha i mbaol, laghdaíonn siad muinín in institiúidí agus cothaíonn siad polarú. Mar thoradh air sin, bíonn amhras, díscor agus fadhbanna meabhairshláinte ann i measc daoine óga, chomh maith le neamhábaltacht roghanna eolacha a dhéanamh. Is féidir athléimneacht daoine óga laistigh den tírdhreach digiteach a neartú agus na luachanna daonlathacha ar a bhfuil an tAontas bunaithe a chosaint a thuilleadh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

creataí foghlama digití a chomhdhearadh i gcomhar le daoine óga (foirmiúil, seachfhoirmiúil, neamhfhoirmiúil) i réimsí ar nós algartaim a thuiscint, litearthacht sna meáin, cibearshlándáil, seiceáil fíricí, loirg dhigiteacha, bainistiú faisnéise, smaointeoireacht chriticiúil, meáin eiticiúla agus úsáid IS;

b)

próisis thrédhearcacha fíorúcháin agus chuntasachta a chur chun feidhme le haghaidh na meán sóisialta, chomh maith le lipéadú ar cháilíocht na meán chun iompar digiteach freagrach a spreagadh;

c)

tacú le gnólachtaí faoi stiúir na hóige agus gnólachtaí nuathionscanta i réimse na meán sóisialta agus na hintleachta saorga.

DÁ RÉIR SIN, IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT, AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

21.

Oideachas agus oiliúint saoránachta daonlathaí, litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin a neartú, i gcás inarb infheidhme, tríd an bhfoghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil lena dtugtar an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí a theastaíonn ó dhaoine óga chun bheith rannpháirteach go héifeachtach agus go freagrach sa tsochaí agus chun teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí nua a úsáid. Ba cheart riachtanais éagsúla daoine óga a chur san áireamh sna tionscnaimh sin, lena n-áirítear iad siúd ar lú na deiseanna atá acu agus atá i staideanna leochaileacha, agus tuiscint ar luachanna agus próisis dhaonlathacha, rannpháirtíocht ghníomhach sa phobal sibhialta agus Eorpach agus forbairt na smaointeoireachta criticiúla a chur chun cinn, mar aon le litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha agus chun pobail chuimsitheacha athléimneacha a chothú.

22.

Béim a leagan ar ról na hoibre óige mar spreagadh do luachanna Eorpacha, d’fhorbairt inniúlachtaí agus do rannpháirtíocht fhóinteach daoine óga. Baintear úsáid as modhanna éagsúla chun cur le sochaí níos comhtháite san obair óige agus san éagsúlacht a bhaineann léi.

23.

Rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga i bpróisis dhaonlathacha a chur chun cinn a thuilleadh, rud a chuidíonn le daonlathas níos cuimsithí a chruthú lena léirítear riachtanais éagsúla a mhuintire, trí rannpháirtíocht shibhialta daoine óga a neartú agus trí thacú leo a bheith rannpháirteach i dtoghcháin.

24.

A áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ag daoine óga ar thimpeallachtaí sábháilte cuimsitheacha lena spreagtar forbairt a scileanna síceasóisialta agus rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí forbartha pobail. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin cláir saorálaíochta, tionscadail idirghlún, agus tionscnaimh áitiúla lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin shóisialta agus chomhshaoil, ar nithe iad uile a rannchuidíonn le muintearas a fhorbairt agus a fheabhsú laistigh de phobail áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha.

25.

Idirphlé idirchultúrtha agus idirghlún agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn agus gach cineál idirdhealaithe, ciníochais, frithsheimíteachais agus seineafóibe agus cineálacha eile éadulaingthe a chomhrac (20), mar shampla, trí bheartais phoiblí ábhartha a chur chun feidhme trí chláir scileanna, feachtais múscailte feasachta agus gníomhaíochtaí foghlama, idir neamhfhoirmiúil agus seachfhoirmiúil, lena léirítear éagsúlacht na bpobal Eorpach agus lena ndírítear ar an éagsúlacht sin a chosaint agus a fheabhsú.

26.

Tacú le heagraíochtaí don óige, le hoibrithe óige agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile, go háirithe iad siúd a chuireann an tAontas Eorpach agus luachanna daonlathacha chun cinn, a fhorbraíonn inniúlachtaí pearsanta agus sóisialta an aosa óig chun cur ar a gcumas dul i mbun plé le pobail agus aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúshláin shochaíocha.

27.

Forbairt scileanna smaointeoireachta criticiúla ag daoine óga a chur chun cinn, lena gcuirfí ar a gcumas anailís a dhéanamh ar fhaisnéis, measúnú a dhéanamh ar thoimhdí, agus dul i ngleic le saincheisteanna sochaíocha casta de mheon criticiúil neamhspleách. Trí na scileanna sin a chothú, is féidir le daoine óga a bheith ina saoránaigh ghníomhacha eolasacha a chuireann go mór le hathruithe dearfacha ina bpobail agus níos faide i gcéin.

28.

Tacú le measúnú a dhéanamh ar bheartais óige agus ar chláir oibre óige chun a áirithiú go mbeidh siad uilechuimsitheach, go mbeidh tionchar acu agus go léireoidh siad riachtanais éagsúla athraitheacha daoine óga ar fud an Aontais, lena n-áirítear daoine óga ar lú na deiseanna atá acu agus iad siúd atá i mbaol eisiaimh.

29.

Comhar idir institiúidí oideachais, eagraíochtaí óige, institiúidí cultúrtha agus an pobal i gcoitinne a chur chun cinn agus a éascú chun sineirgí a chruthú lena spreagfaí daoine óga chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa saol cultúrtha, sóisialta, sibhialta agus spóirt. Dá ndéanfaí deiseanna foghlama comhroinnte a chothú agus comhthuiscint a fheabhsú, d’fhéadfadh sin cuidiú chun an daonlathas a bhunú, pobail chuimsitheacha athléimneacha a chur chun cinn, agus daoine óga a chumhachtú le bheith ina saoránaigh ghníomhacha rannpháirteacha (21).

30.

Leas iomlán a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil, i gcás inar féidir, le cláir Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun daoine óga a chumhachtú agus pobail chuimsitheacha athléimneacha a chothú. Le huirlisí ar nós malartuithe óige agus cúrsaí oiliúna Erasmus+, is féidir oideachas saoránachta agus smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn, agus tacaíonn tionscadail saorálaíochta agus gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh le rannpháirtíocht daoine óga i ndúshláin shochaíocha a ghleic. Ina theannta sin, éascaíonn Comhpháirtíochtaí Comhair Erasmus+ agus tionscadail Fothaithe Acmhainneachta comhar idir institiúidí oideachais, eagraíochtaí óige agus institiúidí cultúrtha agus spóirt chun luachanna daonlathacha, idirphlé idirchultúrtha agus rannpháirtíocht ghníomhach a chur chun cinn.

DÁ RÉIR SIN, IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN EORPACH, AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

31.

Rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga i bpróisis dhaonlathacha a chur chun cinn a thuilleadh trína áirithiú go gcloisfear a nguthanna agus go ngníomhófar dá réir i bhforbairt beartas ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

32.

Tacú le tionscnaimh fothaithe acmhainneachta, idir thionscnaimh fhisiceacha agus thionscnaimh ar líne, agus le hinniúlachtaí a fhorbairt lena gcuirtear ar a gcumas do dhaoine óga páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí forbartha pobail agus i bpróisis chinnteoireachta. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na hiarrachtaí sin feabhas a chur ar a muinín agus ar a n-eolas agus ar a n-athléimneacht agus ar a dtiomantas rannchuidiú go fóinteach le próisis chinnteoireachta ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Leis na tionscnaimh sin, ba cheart tús áite a thabhairt do ghrúpaí daoine óga atá faoi ghannionadaíocht a rannpháirtiú, go háirithe daoine óga ar lú na deiseanna atá acu agus iad siúd atá i mbaol eisiaimh, trí chláir for-rochtana spriocdhírithe agus comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí pobail.

33.

Tacú le heagraíochtaí óige, go háirithe iad siúd a thacaíonn le luachanna agus daonlathas na hEorpa, agus le Comhairlí Náisiúnta Óige i gcás inarb infheidhme, lena gcuid oibre chun rannchuidiú go gníomhach le beartais a mhúnlú a mbeidh tionchar acu ar shaol daoine óga.

34.

Córais faisnéise don óige, timpeallachtaí agus infhaighteacht agus inrochtaineacht faisnéise a fhorbairt go comhsheasmhach toisc go bhfuil ról tábhachtach ag faisnéis don óige chun cabhrú le daoine óga a bheith ina saoránaigh Eorpacha atá eolach agus rannpháirteach.

35.

Iarrachtaí trasearnálacha a neartú chun folláine intinne daoine óga a chur chun cinn agus fadhbanna meabhairshláinte a chosc, chomh maith le rochtain ar oideachas agus oiliúint chuimsitheach ardcháilíochta, uas-sciliú, athsciliú agus deiseanna fostaíochta do dhaoine óga a chur chun cinn, go háirithe dóibh siúd ar lú na deiseanna atá acu agus dóibh siúd atá i mbaol a n-eisiata agus atá ag obair chun an teacht aniar atá iontu agus a scileanna síceasóisialta a fheabhsú, lena áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach amach anseo i gcreat sochaíoch na hEorpa agus míbhuntáistí socheacnamaíocha a mhaolú.

36.

Iarrachtaí a neartú chun timpeallacht shlán shábháilte ar líne do dhaoine óga a chothú trína gcosaint ar ábhar mí-oiriúnach, ar dhearaí andúile a bhfuil tionchar diúltach acu ar an meabhairshláinte agus ar an tsláinte choirp, agus ar bhagairtí ar líne ar nós bréagaisnéise agus mífhaisnéise, fuathchainte agus ciaptha, agus comhrac na bréagaisnéise á neartú ag an am céanna agus feasacht ar an gcibearshlándáil agus litearthacht dhigiteach á gcur chun cinn. Cuirfidh sin leis an gcumas atá i ndaoine óga cibearbhagairtí a aithint agus a mhaolú, agus beidh sin ina chuidiú chun pobail níos sábháilte agus níos athléimní a chruthú.

37.

Aithníonn siad a thábhachtaí atá sé an óige a phríomhshruthú i mbeartais maidir le slándáil, imirce agus comhtháthú sóisialta, sláinte, oideachas agus oiliúint, cultúr, tithíocht, gníomhaíocht aeráide agus chomhshaoil agus an claochlú digiteach chun todhchaí shábháilte chomhchoiteann don Eoraip a mhúnlú, agus straitéisí trasearnálacha a fhorbairt, i gcás inarb ábhartha.

38.

Comhar a chothú leis an tsochaí shibhialta agus leis an earnáil phríobháideach chun deiseanna a chruthú do dhaoine óga aghaidh a thabhairt ar dhúshláin phráinneacha, an claochlú digiteach, an t-athrú aeráide, agus cuimsiú sóisialta. D’fhéadfaí a áireamh ar na deiseanna sin printíseachtaí, intéirneachtaí, cláir fiontraíochta, agus tionscadail chomhoibríocha.

39.

A áirithiú go ndéanfar guthanna daoine óga a chomhtháthú go gníomhach trí pháirt a thabhairt dóibh i bpróisis chinnteoireachta agus trí thionscnaimh a chomhdhearadh lena spreagtar fás eacnamaíoch, slándáil agus nuálaíocht na hEorpa.

40.

Comhar a éascú idir lucht ceaptha beartas, eagraíochtaí óige, eagraíochtaí agus comhlachais na sochaí sibhialta, taighdeoirí agus páirtithe leasmhara eile chun a áirithiú go leanfaidh beartais óige de bheith ábhartha agus freagrúil do riachtanais athraitheacha dhaoine óga na hEorpa.

41.

Dlúthchomhar a fhorbairt a thuilleadh idir daoine óga ó na Ballstáit agus daoine óga ó gach cearn den Eoraip, go háirithe ó thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, agus ó thíortha nach tíortha Eorpacha iad, agus leas á bhaint as na deiseanna atá ar fáil faoi Erasmus+ agus faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

42.

Tuilleadh comhair a dhéanamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Comhairle na hEorpa agus na Náisiúin Aontaithe, d’fhonn rannpháirtíocht shibhialta daoine óga agus a n-eagraíochtaí a fheabhsú, agus béim á leagan ar an ngá atá le tacaíocht leanúnach do Chomhpháirtíocht na hÓige idir an tAontas agus Comhairle na hEorpa.

43.

Feabhas a chur ar na tionscnaimh chun daoine óga a rannpháirtiú i bpobal na hEorpa, tuiscint ar shaoránacht agus luachanna Eorpacha a chothú, agus an nasc atá acu leis an gcomhphobal Eorpach agus lena institiúidí a neartú.

DÁ RÉIR SIN, IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN EORPACH, I gCOMHRÉIR LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

44.

Tionscnaimh, mar shampla cláir Eorpacha, a chothaíonn eolas ar an Aontas agus a rannchuidíonn le pobal Eorpach comhpháirteach a fhorbairt a bheidh bunaithe ar luachanna comhchoiteanna, lena n-áirítear meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta, agus meas ar chearta an duine, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, a neartú agus leanúint de thacaíocht a thabhairt dóibh ar bhealach trédhearcach.

45.

Leanúint de thacaíocht a thabhairt do chláir agus do thionscnaimh óige an Aontais, mar shampla Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg, agus sineirgí a áirithiú le tionscnaimh bheartais eile lena gcuirtear malartú smaointe chun cinn, lena gcothaítear dlúthpháirtíocht agus lena neartaítear an fhéiniúlacht Eorpach atá ag daoine óga agus lena n-áirithítear go mbeidh gné láidir ag a gcomharbaí atá tiomnaithe d’fheabhas a chur ar dhlúthpháirtíocht agus ar rannpháirtíocht daoine óga.

46.

Sineirgí a áirithiú idir Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg agus sásraí rannpháirtíochta nua de chuid an Aontais, mar shampla Idirphlé Beartais idir an tAos Óg agus Coimisinéirí, Grúpa an Aontais um Páirtithe Leasmhara na hÓige agus Bord na nÓg um Chomhairliú an Choimisiúin i gcomhar leis na Ballstáit, ionas go gcomhlánóidh siad a chéile agus go mbainfidh siad leas iomlán as a gcumas daoine óga a rannpháirtiú sa phróiseas cinnteoireachta ar leibhéal an Aontais.

47.

Uilechuimsitheacht agus inrochtaineacht na sásraí rannpháirtíochta a luaitear i mír 46 a neartú trí mhachnamh a dhéanamh ar réimsí le haghaidh feabhais agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh chun ionadaíocht níos fearr do ghuthanna éagsúla a bhaint amach, lena n-áirítear guthanna daoine óga ar lú na deiseanna atá acu.

48.

A áirithiú go gcuirfear guthanna daoine óga san áireamh ar gach leibhéal, le tabhairt isteach na seiceála óige ar an leibhéal Eorpach, measúnú tionchair ar an óige nó ionstraimí comhchosúla eile maidir le príomhshruthú na hóige (22).

49.

Na conclúidí sin a chur san áireamh agus an chéad Straitéis Óige eile de chuid an Aontais agus Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg tar éis 2027 á n-ullmhú, lena n-áiritheofar go léireofar an raon feidhme agus na cuspóirí i gcreataí beartais a bheidh ann amach anseo. Áiritheofar leis sin go mbeidh an straitéis ag teacht le riachtanais an aosa óig agus go neartófar an ról atá acu maidir le hEoraip chomhchoiteann shábháilte a chruthú.

(1)  Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(2)  Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (2012/C 326/02) IO C 326, 26.10.2012, lgh. 391–407.

(3)  Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, Caibidil I: Comhdheiseanna agus rochtain choiteann ar an margadh saothair, a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 17 Samhain 2017 (2017/C 428/09), IO C 428, 13.12.2017, lgh. 10–15.

(4)  Conclúidí ón gComhairle maidir leis an méid a chuireann an t-oideachas agus an oiliúint le comhluachanna Eorpacha agus leis an tsaoránacht dhaonlathach a neartú, IO C, C/2023/1419, 1.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1419/oj.

(5)  Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh do 2019-2027, IO C 456, 18.12.2018, lgh. 1–22.

(6)  Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027.

(7)  Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an ngné shóisialta d’Eoraip inbhuanaithe don óige (2023/C 185/06), IO C 185, 26.5.2023, lgh. 21–28.

(8)  Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019–2027, Sprioc don Óige Uimh. 1, An tAontas Eorpach a nascadh leis an óige.

(9)  Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019–2027, Sprioc don Óige Uimh. 9, Spás agus Rannpháirtíocht do Chách.

(10)  Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach; An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021–2027, COM(2020) 624 final, SWD(2020) 209 final; Council conclusions on media literacy in an ever-changing world [Conclúidí ón gComhairle maidir le litearthacht sna meáin i ndomhan atá ag síorathrú] IO C 193, 9.6.2020, lgh. 23–28.

(11)  An Coimisiún Eorpach / EACEA / Vicí don Óige, 2022. The impact of the COVID - 19 pandemic on the mental health of young people: Policy responses in European countries. [Tionchar phaindéim COVID-19 ar mheabhairshláinte daoine óga: Freagairtí beartais i dtíortha na hEorpa]. Tuarascáil Vicí don Óige. Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh; Flais-Eorabharaiméadar 545 – An Óige agus an Daonlathas, Bealtaine 2024.

(12)  Flais-Eorabharaiméadar 545 – An Óige agus an Daonlathas, Bealtaine 2024.

(13)  Flais-Eorabharaiméadar 545 – An Óige agus an Daonlathas, Bealtaine 2024.

(14)   ‘Young Citizens’ Views and Engagement in a Changing Europe [Tuairimí agus Rannpháirtíocht na Saoránach Óg san Eoraip atá ag Athrú], Staidéar Idirnáisiúnta ar Oideachas Sibhialta agus Saoránachta IEA 2022 Tuarascáil Eorpach, Springer, 2022.

(15)  Lundy, L. (2007). ‘Voice’ is not enough: conceptualising Article 12 of the United Nations Convention on the Rights of the Child. British Educational Research Journal, 33(6), 927-942. De réir Shamhail Lundy, a formhuiníodh i dtionscnaimh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, leagtar béim ar cheithre ghné – spás, guth, lucht féachana agus tionchar – atá ríthábhachtach do rannpháirtíocht fhóinteach na hóige maidir le beartais agus cinntí a dhéanann difear dá saol a mhúnlú.

(16)  Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach: An tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI), 2022.

(17)  Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis na cláir oibre beartais Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le leanaí, an óige agus cearta an linbh, IO C, C/2024/3528, 4.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3528/oj.

(18)  Moladh ón gComhairle an 20 Samhain 2008 maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga ar fud an Aontais Eorpaigh, IO C 319, 13.12.2008, lgh. 8–10.

(19)  Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le cur chuige cuimsitheach i ndáil le meabhairshláinte daoine óga san Aontas Eorpach, IO C, C/2023/1337, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1337/oj.

(20)   EU Anti-Racism Action Plan [Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Frithchiníochas], (2020–2025), COM(2020) 565 final; Gender equality strategy 2020-2025 [Straitéis maidir le comhionannas inscne 2020-2025], COM/2020/152 final, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A52020DC0152; LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025 [An Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025], COM/2020/698 final, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52020DC0698; agus EU Strategy on Combating Antisemitism and Fostering Jewish Life [Straitéis an Aontais maidir leis an bhFrithsheimíteachas a Chomhrac agus Saol na nGiúdach a Chothú] (2021-2030), COM/2021/615 final, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex:52021DC0615.

(21)  Conclúidí ón gComhairle maidir leis an méid a chuireann an t-oideachas agus an oiliúint le comhluachanna Eorpacha agus leis an tsaoránacht dhaonlathach a neartú, (C/2023/1419), IO C, 1.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1419/oj

(22)  An Coimisiún Eorpach: An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr, Youth mainstreaming, youth impact assessment and youth checks – A comparative overview [Príomhshruthú na hóige, measúnú tionchair ar an óige agus seiceálacha óige – Forléargas comparáideach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024, https://data.europa.eu/doi/10.2797/038401


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2977/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)