European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2913

2.6.2025

Caingean arna tabhairt an 9 Aibreán 2025 – Deva/EUIPO – Novartis (Devatis)

(Cás T-231/25)

(C/2025/2913)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Deva Holding Anonim Λirketi (Istanbul, an Tuirc) (ionadaithe: C. Tenkhoff agus T. Herzog, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Novartis AG (Basel, an Eilvéis)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an marc fíortha Devatis – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1513523

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 29 Eanáir 2025 i gCás R 2189/2022-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún i gcomhar le hAirteagal 95(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 196 i gcomhar le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2913/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)