|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2900 |
2.6.2025 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 6 Márta 2025 – RDI Reit v an Coimisiún
(Cás T-778/19) (1)
(Státchabhair - Córas cánach na Ríochta Aontaithe a bhaineann le maoiniú grúpaí - Neamhniú an ghnímh atá faoi chonspóid ag an gCúirt Bhreithiúnais - Dul in éag chuspóir na caingne - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
(C/2025/2900)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: RDI Reit plc (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: B. Goren, Solicitor)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, S. Noë agus B. Stromsky, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh (AE) 2019/1352 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2019 maidir le Státchabhair SA.44896 arna chur chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an Díolúine ar Mhaoiniú Grúpaí CFC (IO 2019 L 216, lch. 1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh. |
|
2. |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag RDI Reit plc. a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2900/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)