|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2850 |
2.6.2025 |
Achomharc arna thabhairt an 8 Aibreán 2025 ag Andrey Melnichenko i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a fógraíodh an 22 Eanáir 2025 i gCás T-271/22, Melnichenko v an Chomhairle
(Cás C-270/25 P)
(C/2025/2850)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Andrey Melnichenko (ionadaithe: A. Miron, D. Müller, H. Bajer Pellet, C. Zatschler SC, A. Beauchemin, avocats)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:
|
— |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Eanáir 2025, Melnichenko v an Chomhairle, T-271/22 a chur ar ceal ina iomláine; agus |
|
— |
substaint an cháis a chinneadh agus na gníomhartha atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann siad leis an achomharcóir; agus |
|
— |
a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí sa dá chéim a íoc; nó |
|
— |
mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
|
1. |
Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid agus í a mheas go gceadaítear le hAirteagal 215 CFAE bearta sriantacha a fhorchur ar pháirtithe nach bhfuil baint acu leis an bpríomhsprioc ná leis an staid atá á comhrac. |
Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí maidir le bunús dlí na mbeart sriantach a shainaithint.
Trí neamhaird a thabhairt ar na ceanglais a leagtar amach leis an mbunús dlí, rinne an Chúirt Ghinearálta critéar (g) a léiriú go mícheart, sa chaoi nach gceanglaítear leis go bhfuil nasc le rialtas Chónaidhm na Rúise ná leis an staid atá á comhrac.
|
2. |
Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid ina measúnú ar oiriúnacht agus chomhréireacht na ngníomhartha atá faoi chonspóid. |
Mhainnigh an Chúirt Ghinearálta ‘athbhreithniú iomlán’ a dhéanamh ar na gníomhartha atá faoi chonspóid, agus, mar sin, sháraigh sí dlí an Aontais agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais. Mhainnigh sí measúnú ceart a dhéanamh ar an bhfuil na bearta sriantacha riachtanach agus an gcomhlíonann siad na cuspóirí atá á saothrú ag an gComhairle i ndáiríre.
Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid ina measúnú ar chomhréireacht na gníomhartha atá faoi chonspóid i gcás sonrach an achomharcóra, trí mhainneachtain aon scrúdú a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann na gníomhartha atá faoi chonspóid an cuspóir sonraithe i ndáiríre, nó an mbaineann nasc leordhóthanach leo leis na gcuspóir sonraithe, nó ar a mhéid a rannchuideodh ainmniú an achomharcóra le haidhmeanna na Comhairle.
|
3. |
Rinne an Chúirt Ghinearálta critéar (g) a léiriú agus a chur i bhfeidhm go mícheart i leith an achomharcóra. |
Sháraigh an Chúirt Ghinearálta dlí an Aontais trí chritéar (g) a léiriú sa chaoi nach gceanglaítear leis ach ‘leasanna eacnamaíocha’ a chruthú chun duine a cháiliú mar ‘príomhphearsa ghnó’. Ní cheadaíonn téacs agus comhthéacs an chritéar (g) léiriú den sórt sin.
Thug an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar na teorainneacha bunúsacha san athbhreithniú breithiúnach faoi Airteagal 263 CFAE trína measúnú féin a chur in ionad mheasúnú na Comhairle, mar atá sna gníomhartha atá faoi chonspóid.
Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí leas a bhaint as an bhfíorais gurbh é an t-achomharcóir tairbhí lánroghnach Firstline Trust an chonclúid dhlíthiúil nach ndearna an Chomhairle earráid mheasúnaithe nuair a chinn sí gurbh é ‘úinéir’ EuroChem agus SUEK chun críche chritéar (g).
Rinne an Chúirt Ghinearálta an fhianaise a shaobhadh nuair a chinn sí gurbh é an t-achomharcóir ‘socraitheoir’ Firstline Trust.
|
4. |
Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a mheas sí nár athrú ar a staid é scor an achomharcóra agus trí mhainneachtain banchéile an achomharcóra a aithint mar dhuine ar leith. |
|
5. |
Le ceanglas na Cúirte Ginearálta maidir le haistriú chuig tríú páirtí, forchuirtear coinníoll neamhdhleathach, díréireach agus do-mharthanach le díliostú, agus déantar cearta bunúsacha a shárú agus teorainneacha dlíthiúla na mbeart sriantach a shárú. |
Sháraigh an Chúirt Ghinearálta dlí an Aontais trína cheangal ar an achomharcóir EuroChem nó SUEK a aistriú chuig tríú páirtí. Ós rud é nach bhfuil sé de cheart ná d’acmhainn aige aistriú den sórt sin a chur i gcrích, déanann an Chúirt Ghinearálta a chás a chalcadh agus tugann sí neamhaird ar bhunchineál coisctheach, sealadach agus inchúlaithe na mbeart sriantach.
Thairis sin, sháraigh an Chúirt Ghinearálta dlí an Aontais, ós rud é gurb ionann aistriú cinntitheach chuig tríú páirtí agus cur isteach díréireach dofhulaingthe ar an gceart chun maoine, lena ndéantar dochar do shubstaint na gceart sin. Ní dhéantar foráil sa dlí maidir le teorannú den sórt sin agus níl sé sealadach ná inchúlaithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2850/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)